by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Our Latest Trend-setters
“Nuair a labhraíonn muid faoi na Trend-setters nua seo, smaoiníonn muid láithreach ar na láithreoirí, agus ar na hiriseoirí Teilífise agus Raidió úd, a dhéanann chuile iarracht ar a ndearcadh agus ar a dtuairimí fhéin a chur abhaile ar a lucht éisteachta.” B’in mar a chuir Séimí an Droichid tús lena chomhrá, thíos sa Smugairle Róin, an tráthnóna faoi dheireadh.
“In ainm an Rí! céard tá i gceist agat? a Shéimí, a chara” arsa mé fhéin, á fhreagairt, agus mé ag iarraidh scéal nó duan eicínt a mhealladh uaidh, go deas réidh.
“Tá mé ag caint faoi na láithreoirí, agus na hiriseoirí úd, a dhéanann chuile iarracht, ar a lucht éisteachta a mhealladh leo, síos go grinneall an locha, nó tá a fhios acu, go maith, gur thíos ansin, i ndorchadas an doimhnis, a thiocfaidh siad ar na scanaill bhrocacha, agus ar an mbiadán nimhneach, a gcuireann roinnt áirithe dár bphobal suim agus dhá shuim iontu.”
“Anois, a Shéimí, na páirte, b’fhéidir go mbeadh láithreoirí agus iriseoirí dá leithéid le fáil i dtíortha thar lear, ach anseo in Éirinn? Nach deacair a leithéid a chreidiúint?”
“Don té nach mbacann leis na meáin s’againne, bheadh sé éasca go leor dó a chreidiúint, gur dearg áibhéil atá ar siúl agam, ach don té a chaitheann roinnt áirithe ama ag breathnú ar na meáin s’againne, thuigfeadh seisean láithreach, nach raibh ar siúl agam ach lomchlár na fírinne.”
Chapter and Verse!
“Ach an bhféadfá véarsa agus caibidil a lua dúinn, sa chás seo, nó an amhlaidh nach bhfuil i gceist agat, ach gurbh amhlaidh a fheictear dhuit, gur mar sin atá.?”
“Caibidil agus Véarsa! adeir tú. Caibidil agus véarsa, an ea? Bhuel, d’fhéadfainn sin a dhéanamh, go héasca, ach nach cuimhin leat, gur scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin gClár úd a shuítear i mBaile an Aoiligh? An bhféadfadh éinne a rá, go mbeadh sé ar a chompord, ag éisteacht leis an gClár céanna sin i bhfochair a thuismitheoirí agus a chlann? Bhuel, b’fhéidir gur comhartha aoise é, ach caithfidh mé a admháil nach mbeinnse. Níor mhaith liom bheith ag breathnú air i gcomhluadar Naipí agus na rudaí beaga fiú. Bí ag caint ar rás go grinneall! Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, tá daoine measúla sásta dul ar aon fhód leis na harrachtaigh, nó ar chóir dom, abhaic, a thabhairt orthu, agus iad breá sásta páirt a ghlacadh i gcomhrá brocach leo! “
“Ach, a Shéimí! Nach dtuigeann tú nach bhfuil ansin ach píosa spóirt, agus go mbaineann bunús na n-éisteoirí taitneamh agus spraoi as.”
“Nach é sin go díreach atá i gceist agam anseo, mar in áit daoine a mhealladh chun féaraigh, thar bhóthar a leasa, is amhlaidh a mhealltar trí láib, is trí chlábar a n-aimhleasa iad, ag na trend-setters nua seo, a luaigh mé thuas.”
“ Mura bhfeiceann tú ach fáinleog amháin, ná tuig uaidh sin, go bhfuil an Samhradh Sámh linn go fóill.”
“Fáinleog amháin, an ea? fáinleog amháin, adeir tú? Ní fáinleog amháin atá i gceist anseo, ach scaoth fáinleog.”
“An bhféadfá clár eile a ainmniú, a thumann i dtreo an ghrinnill, ar thóir brocamais.”
Candid Camera
“Céard faoin gclár úd ina ghlacann fear an nuachtáin agus na feadaíle páirt ann? Anois tá bunús an chláir chéanna sin greannmhar go maith, ach tá mír amháin de, a théann thar fóir ar fad.”
“Agus cén mhír í fhéin?”
“Mír na caillí, gan amhras, nó bheadh sé deacair an tseanchailleach úd a shárú ar chaint bhrocach, ghnéasach, gháirsiúil, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, deirtear liom nach cailleach atá inti in aon chor, ach seanlead!”
“B’fhéidir go dtéann sí, nó sé, thar fóir anseo is ansiúd, ach táid ann, a cheapann, gur mór an spórt í, nó é.”
“Bhuel, nach beag an tuiscint ar spórt a bhíonn ag daoine áirithe, má cheapann siad gur spórt é sin. “
“Agus céard faoin Raidió? An mbíonn aon rud scanallach ar siúl ar an meán sin, ar na mallaibh?”
“Bí cinnte go mbíonn, agus roinnt mhaith freisin, ach caithfidh tú a bheith sásta le sampla amháin, an babhta seo.”
“Scaoil chugainn é, mar sin.”
“Bhuel, is cuimhin liom bheith amuigh, ag tiomáint liom, ar bhóithre bána na Banban, maidin álainn, roinnt míonna ó shoin anois, agus bhí mé ag eisteacht le clár raidió. Duine de mhór-láithreoirí an raidió a bhí i mbun oibre, agus gasúr, thart ar dhá bhliain déag d’aois, á chur faoi agallamh aige. Tar éis dóibh seal a chaitheamh i mbun an ghnó sin, chuir an láithreoir ceist aisteach, amach is amuigh, ar an ngasúr bocht. ‘Ar chuir tú do bhroim trí thine riamh?’ ar seisean. Baineadh stangadh as an ngasúr, agus ansin lean an láithreoir air gur inis scéal faoin éacht neamhghnách sin, agus faoi chara leis, a raibh an éacht céanna mar “Party Piece” aige. Mhúch mé an raidió ag an bpointe sin, nó chuir an scéal, agus an ócáid, masmas orm, geall leis.
There’s more, but……
Sea, agus d’fhéadfainn ualach asail de scéalta nár chóir riamh iad a scaoileadh chugainn ar thonnta an raidió, nó ar an teilifís, ach oiread, ach, bí cinnte, go bhfillfidh mé ar an ábhar seo, amach anseo, arís. Ach, tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh.”
Chuir mé mo shlán abhaile, amach an doras ina dhiaidh, ach is dócha nár chuala sé puinn de, nó is dócha go raibh a aigne ró-thógtha suas leis an scéal úd, a bhí idir chamáin aige, an tráthnóna álainn úd. Caithfidh mé a admháil, gur chuir mo Shéimí cóir ag smaoineamh mé ar an saol sona, neamhurchóideadh, as ar fáisceadh roinnt mhaith againn. Sea, “mór idir inné agus inniu,” arsa mise liom fhéin, agus an deoir deiridh a dhiúgadh as mo ghloine agam.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Tadhg an dá Thaobh
Breis is mí ó shoin anois, bhí píosaí le léamh ar pháipéar áirithe, faoi ísliú pá agus an Garda Síochána.
Céard a bhí i gceist sna píosaí céanna sin, an ea?
Bhail! Bhí seo. Dúradh go raibh an ísliú pá sin ag cur as go mór do bhaill an Gharda Síochána, go háirithe do na baill óga, a bhí ar phá íseal go maith, cheana féin, agus dá leanfaí leis an bpolasaí míchiallmhar sin, go mbeadh baol ann, go bhféadfadh coirpigh ghairmiúla fábhar na mball sin a cheannacht, trí bhreabaireacht.
Caithfidh mé a admháil gur bheag nár bhain an raiteas céanna sin an anáil díom! agus níos measa fós, ba cheannairí cheardchumainn na ngardaí a dhearbhaigh a leithéid, de réir an nuachtáin chéanna sin.
Céard a bhí i gceist sa dearcadh sin, an ea?
Go dtí na Cluasa!
Bhail! Bhí seo. Ó tharla go raibh cúrsaí eacnamaíochta na tíre seo sáite go dtí na cluasa i dtrioblóid, agus ó tharla go raibh ar an Rialtas chuile iarracht a dhéanamh le sinn a thabhairt i dtír slán sábháilte as an bpuiteach maraitheach sin, ní raibh an dara rogha acu, ach pá agus liúntais a n-oibrithe a ísliú. Agus i ndáiríre, más uainn talamh slán a shroichint go luath, caithfidh chuile dhuine againn a chion fhéin a dhéanamh, ar mhaithe leis an bpobal frí chéile. Arbh é a bhí á rá sa ráiteas úd, nó nach raibh na Gardaí sásta a gcion fhéin a dhéanamh i gcosaint an phobail s’againne? Mar, dá mba ea, cé bhronn an tseamair Mhuire orthusan? Nó cé dúirt leo taobhú le taobh amháin, seachas an taobh eile, sa chogaíocht bhuan idir dhlí agus cheart, ar thaobh amháin, agus coirpeacht agus fealltacht, ar an dtaobh eile.
An i ndáiríre atá siad?
Ag cogaíocht le Coirpigh
Déarfainn nárbh ea, nó an bhfuil aon dream sa tír seo, a chaitheann a laethe agus an n-oícheanta, dá ndéarfainn é, ag cogaíocht le coirpigh, agus iad ag iarraidh Cothrom na Féinne a chur ar fáil do chuile shaoránach. An gceapann tú go bhféadfadh duine dá leithéid, seal a chaitheamh, ag taobhú leis an dtaobh eile?
Ní chreidfinn é, agus chomh fada is a d’fheicfidís go raibh an Stát ag tabhairt Cothrom na Féinne dóibh fhein, agus go raibh an t-ualach céanna á iompar ag chuile shaoránach eile, bhail, ní chreidfinn go bhféadfadh garda ar bith a phost a thréigint sa chogaíocht i gcoinne na gcoirpeach.
Ach céard faoi na cinnlínte ar an nuachtán úd, má sea?
Diabhal a bhí iontu ach, cinnlínte ar nuachtán, agus ní cinnlínte a dhréachtann polasaí an Gharda Síochána, déarfainn.
Sea, agus taobh amuigh de na cinnlínte céanna sin, tá scéal eile a sníomhtar isteach sna nuachtáin, ó am go chéile, freisin, faoi chúrsaí ioncaim.
Agus céard é fhéin, an ea?
Bhail, tá daoine áirithe sa tír seo, a shaothraíonn lab mór airgid, in aghaidh na bliana, agus is é a theastaíonn uathusan, nó greim dúide a choinneáil ar an airgead céanna sin, agus cé go mbíonn ar an gcosmhuintir glacadh le hísliú pá, le fadhb airgid na tíre a leigheas, tuigtear do na daoine saibhre seo, nach bhfuil dualgas ar bith orthusan a gcion fhéin a dhéanamh, leis an ngéirchéim sin a shárú, agus níl a leath fhéin sásta dul i gcomhar leis an bpobal s’againne, leis an bpoll dubh sin in ár mbuiséad a líonadh.
Ag cruinniú na Leithscéal
Agus an bhfuil leithscéal ar bith ag na daoine seo as gan a gcion fhéin a dhéanamh i ré seo ár nganntain?
Tá, mh’anam, agus dhá leithscéal! Ach arís, is leithscéalta iad a bhfuil a dtóin leo! Nó maíonn siad i dtosach, go mbeadh an baol ann, go ndéanfadh tír éigin eile iad a phóitseáil uainn, mura mbeadh an phingin is airde á fháil acu uainne! Sin, nó ar an dara dul síos, dár le roinnt eile de na daoine cumhachtacha seo, go mbeadh an baol ann, go nglacfadh roinnt áirithe dá mbaill breabanna, go háirithe, breabanna ó choirpigh. Is beag uisce a choinneodh ceachtar den dá leithscéal sin, dá mba channaí stáin iad! Má tharlaíonn go bhfuil postanna den scoth acu, agus má íoctar go maith iad as dualgaisí an phoist sin a choimhlíonadh, bhail! nach é is lú is gann dúinn a bheith ag súil uathu, nó go nglacfadh siad go fonnmhar le hísliú pá, chomh maith le duine, agus gan a bheith ag cruinniú na leithscéal roimh ré, ar eagla go n-iarrfaí orthu a ndea-shaorántacht a chruthú in am an ghátair. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, nó ní tráth cainte é, ach tráth dáiríreachta agus gnímh.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cairde caillte.
Denis Philpott
Ar na mallaibh a chuala mé an scéal, drochscéal gan choinne, chomh fada is a bhain sé liom fhéin, nó bíodh go raibh aithne agam ar Denis thar bhlianta fada, ón tráth ar tháinig sé go Cill Chainnigh a chéaduair, i dtús na seachtóidí, mar nach raibh muid beirt i mbun múinteoireachta i gColáiste Chiaráin anseo sa Chathair Álainn feadh cuid mhaith den am sin, ach mar sin fhéin, ba bheag an teangmháil a bhí eadrainn ó d’éirigh mé fhéin as an múinteoireacht, roinnt blianta ó shoin. Ach ní hionann sin is a rá, nár áirigh mé Denis ar dhuine dem chairde, agus dem chomhleacaithe, duine a raibh meas, agus dhá mheas, agam air, mar dhuine agus mar mhúinteoir díograiseach, dúthrachtach, dáiríreach. Ach, céard is féidir liom a rá faoin laoch seo anois, agus mé ag iarraidh cloch a chur ina leacht? Mar tuigtear dom, go bhfuil a leithéid tuillte aige, agus mar sin, seo chuige mé….
Fear breá eile sciobtha uainn ag an mbás bradach. Caithfidh mé a admháil dhuit nach raibh mé ag súil lena bhás, nó b’fhear breá, scafánta, óigeanta ab ea Denis, fear ar chaith mé blianta fada i mbun oibre in éindigh leis, agus fear a d’fhéadfá bheith ag brath ar a chúnamh, agus a chomhoibriú, chuile lá riamh, nó ba dhuine uasal, díograiseach, macánta, é, agus Gael dílis, ionraic, den chéad scoth. Ba mhór é a spéis i gcluichí agus i gcultúr an Ghaeil, agus ba mhúinteoir é a bhí réidh agus sásta, i gcónaí, a dhúthracht a chaitheamh ar mhaithe lena dhaltaí. Sea, ní chuile lá a chasfadh a leithéid ort, nó faoi mar adúirt, an tú adúirt, seans nach mbeidh a leithéid arís ann. Méala mór a bhás dá bhean, Catherine, agus dá chlann, agus is mór linn uilig a mbris.
Solas na Soilse, agus ionad i measc na Naomh Éireannach, go raibh aige anois agus i dtólamh.
Slán le Denis….
.
A Dhonncha gealgháireach mothóimid uainn thú,
Do chomhairle gaoise, is do chúnamh caoin, Do neart, do dhearcadh, is do chluas le héisteacht,
Bheith ’na n-éaghmais feasta, is buille dian.
.
Dáileadh an chré leat i Mí na Marbh,
Is fágadh do mhuintir i mbuairt ‘s i mbrón ,
Ach duitse, a chara, guím solas na soilse
I dTeaghlach an Rí, anois is go deo.
.
Mothóimid uainn thú, anois is feasta,
Agus sinn i sáinn nó i bhfadhb gan bhrí,
Ach beidh do chuimhne mar mhéar an eolais
Dár stiúradh fós trí bhuairt an tsaoil.
.
Codladh sámh dhuit i dteaghlach Chiaráin,
I bhfad ód’ dhúthaigh ar bhruach na Laoi,
Mar tá d’áit in áirithe ag Bord an Tiarna,
Is fáilteofar romhatsa i measc na Naomh.
.
**********************************************************
.
.
Laoch eile ar lár
John Glynn
Dáileadh an chré le laoch eile, anseo sa Chathair Álainn, ar na mallaibh freisin. Deoraí eile atá i gceist agam anseo, agus fear mór spóirt freisin, nó ba Ghaillimheach é, a d’imir ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe, ina lá, agus fear a chaith blianta fada freisin, mar ghalfóir díograiseach, anseo i gClub Ghailf Chill Chainnigh.
Cé tá i gceist agam, an ea?
Cé eile, ach an duine uasal sin, John Glynn. Fear macánta, díograiseach, dúthrachtach, ab ea John, agus bíodh go raibh sé imithe anonn sna blianta, nuair a chuir mé fhéin aithne air, a chéaduair, ag an am gcéanna, bhí ar a chumas cluiche breá gailf a imirt, agus geallaimse dhuit é, nach go héasca a gheofaí an lámh in uachtar air, sa chluiche céanna sin. Thuigfeá láithreach, go raibh tú ag imirt le curadh, a chaith a dhúthracht le linn a óige, ag imirt peile ag an leibhéal ab airde, lena Chontae, i nGaillimh thiar.
Bhí aithne mhaith freisin ag pobal Eaglais Fhiachra ar John, anseo sa Chathair Álainn, agus ba é an scéal céanna é ag John, bíodh sé san Eaglais, nó amuigh ar pháirc na himeartha, ní dhéanadh sé riamh dhá leath dá dhícheall. B’éasca a thuiscint uaidh, go mba fhear creidimh, amach is amuigh é. Mothóimid uainn thú, a Sheáin na gile, ach guímis solas na soilse, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh agat anocht agus i dtólamh.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
Nuair a bhí mé ag iarraidh cloch a chaitheamh ar charn Dháithí Uí Ógáin, cupla seachtain ó shoin, scríobh mé véarsí in onóir don ócáid sin, ach ceal spáis, fágadh ar lár iad an tráth sin, bhuel, shocraigh mé ar iad a chur isteach mar rubaillín le píosa na seachtaine seo. Mar sin, seo chugaibh iad……………… Cloch ar a Charn
Rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach fhéin a chur in iúl. Seo chugaibh anois é………………
.
Laoch eile ar lár
.
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór a chaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ar gcosaint tréan gach aon tráth.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí
In aimsir álainn ár nDaonscoile glé
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh ag a amam uasal, anocht, agus i dtólamh.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Inné agus inniu
.
Saolta athraithe
Is é an rud is mó a théann i gcionn ar dhuine, de reir mar a théann sé anonn sna blianta, nó an chaoi a leanann cúrsaí an tsaoil seo ag síor-athrú, ó bhliain go bliain, agus ó ré go ré. Ní haon ionadh mar sin, go mbíonn an port sin a sheinm agamsa chomh rialta sin, sa cholún seo, nó nach bhfuil lear maith blianta carnaithe ar an gclog ama agamsa, faoin am seo. Mar sin, nuair a théim siar ar bhóithrín na smaointe, siar chuig an gcineál saoil a bhí ann, le linn ré ghlórmhar, draíochta, m’óige, bíonn sé deacair agam a chreidiúint, amannta, nach ag brionglóidigh a bhím, agus nach raibh a leithéid de shaol ann riamh! Ach b’fhéidir gur chóir dom craiceann eicínt a chur ar an scéal atá idir chamáin agam, an babhta seo.
Siaraigí libh liomsa
Leis an difir idir an dá chineál saoil, b’fhéidir go dtiocfá liom, ar chuairt, siar chuig dúthaigh fhiain, scoite, iargúlta, neamhaí, m’óige. Deireadh thriochaidí an ocrais atá ann, agus muid ag gluaiseacht linn siar an bóthar fada, bán, a shíneadh, an t-am sin, idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh. Bóthar bán, a thug mé ar an mbóthar sin, nó ag an am sin, ní raibh fiú braon tearra fhéin, leata ar bhóithre an Mhuirthead. Lá breá atá ann, agus grian gheal ag sméideadh anuas orainn as spéir gan scamall.
Gan mórán tráchta!
Thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach raibh mórán tráchta ag gabháil an bhóthair chéanna sin. Diabhal carr nó leoraí, bus nó tarracóir, a bhí le feiceáil ag an tsúil ba ghéire. Tithe néata, bána, ceann tuí, neadaithe go deas teolai fan na slí. Níl crann nó tor le feiceáil, áit ar bith, ach an taobh tíre sin uilig chomh lom le croí do bhoise. Daoine le feiceáil amuigh sna páirceanna ag obair leo ar a ndícheall, ach tabhair faoi deara, nach bhfuil meaisín ar bith sa timpeall, le cabhair a thabhairt dóibh i saothrú na talún sin. Mura bhfuil meaisíní acu leis an obair sin a dhéanamh, cad iad na gléasanna oibre atá á n-úsáid acu, agus iad i mbun na hoibre sin? Tá, an spáid, an tsluasaid, an speal, sea agus anseo is ansiúd, bheadh capall, faoi úim, le feiceáil agat, agus é ag déanamh cibé gnó a bhí ar a chumas a dhéanamh. Sea, agus níos flúirsí ná na capaill, nó ní bhíodh capall ach ag an gcorrdhuine, bhí na hasail á n-úsáid faoi phárdóga, nó le cairt bheag asail a tharraingt.
Ní bhíodh rainsí nó tréada ann!
Ach céard faoi na beithigh a bhíodh le feiceáil sna páirceanna? Bhuel, ní bhíodh an oiread sin díobh sa timpeall, an tráth úd, nó ní raibh Uachtarlann ar bith sa taobh sin tíre, ag an am, agus mar sin, ní raibh le déanamh leis an mbainne, ach é a mhaistriú, le pingneacha a shaothrú as an im a dhíol sa siopa áitiúil, sea, agus dár ndóigh, d’fhéadfaí an t-im a stóráil i bprócaí, le bheith acu le cur ar a gcuid aráin le linn shéasúr an Gheimhridh. Chomh maith le sin, bhíodh ealtaí éan timpeall ar chuile theach, géanna, cearca, agus lachain, mar nach mbeadh díol ar a n-uibheacha sna siopaí? sea, agus nach mbeadh díol freisin ar na héanacha, iad fhéin, ag margadh Bhéal an Mhuirthead, dá mbeadh pingneacha ag teastáil, le tobac a choinneáil le fear an tí, nó le tae agus siúicre a cheannach, le dúil mhallaithe na cosmhuintire sa chupán tae a shásamh?
Ní bhíodh ann ach an turasóir fánach!
Tá rud eile a raghadh i gcionn ar an taistealaí ar an mbóthar sin, ag an am sin, freisin, agus ba chóir dom a rá, gur bheag rud i bhfoirm turasóir a d’fheicfeá in Iorras, na laethe úd, ach, faoi mar adúirt mé, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt d’fheisteas na ndaoine a chasfaí ort, fan an bhóthair. Is féidir leat a bheith cinnte, nach mbeadh siad gléasta chomh faiseanta leis na daoine a d’fheicfeá sa taobh sin tíre, sa lá atá inniu ann. Sciortaí fada, go talamh, agus seálta deasa, ildaite, scothógacha, á gcaitheamh ag na mná. Báinín, agus bríste baile, á gcaitheamh ag cuid de na fir fhásta. I gcás na ndaoine beaga, bhuel, ní fheicfeá bríste fada ar ghasúr ar bith, nó chaitheadh chuile dhuine acu bríste giortach, agus geansaí olla baile. Gúnaí agus bibeanna ar na cailíní, agus ní call dom a rá, go mbíodh roinnt mhaith de na daoine óga céanna sin cosnochtaithe.
Leor sin don bhabhta seo!
Ach, déarfainn go bhfuil mo sháith den tseansaol nochtaithe agam don turas seo, ach bí cinnte, go bhfillfidh mé ar na cúrsaí seo, am eicínt eile amach anseo, nuair a bhuailfidh an fonn athchuimhnimh arís mé.
.
.
Peadar Bairéad