Nollaig in ár dTeach

Nollaig in ár dTeach

For Chloe………

Sorry Chloe I couldn’t get up to give you a hand with your Irish Essay. So here are a few ideas that you might like to try out when putting your Essay together…….You might get some vocabulary in it too!!!!!

All the best

from

Dada…………

.

Nollaig in ár dTeach. or (i mo theach)

Tosaíonn muid ag smaoineamh ar an Nollaig inár dteach-na, ar an ochtú lá de Mhí na Nollag, chuile bhliain. Ar an lá sin, cuireann muid an Crann Nollag ina sheasamh i gcúinne sa Phárlús agus maisíonn muid é. Chomh maith le sin, maisíonn Mam agus Daid an teach ar fad le maisiúcháin Nollag. Bíonn an teach go hálainn, agus cruthaíonn na maisiúcháin atmosféar breá Nollaigiúil dúinn.

Ón lá sin amach, bímse ar chipíní ag fanacht leis an Nollaig, nó dár liomsa, is í an Nollaig an Fhéile is mó, agus is taitneamhaí, sa bhliain. Ní gá a rá, go mbím ag súil freisin leis na laethe saoire on scoil, agus leis na féiríní a bhronntar go fial orm Oíche Nollag. Ní gá dhom a rá, ach oiread, nach gcreidim i nDaidí na Nollag a thuilleadh! Ach mar sin féin, bím ag súil le féiríní ó mo thuismitheoirí. Is dócha go bhfágann siad na féiríní sin faoin gCrann Nollag tar éis dom dul a chodladh Oíche Nollag, agus nuair a dhúisím Maidin Lae Nollag, is é an chéad rud a dhéanaim nó rith síos staighre, le breathnú faoin gCrann Nollag, agus tógtar mo chroí le háthas, i gcónaí, nuair a fheicim an carn féiríní socraithe go deas néata ansin faoin gCrann.

Níorbh aon eisceacht í an Nollaig seo chuaigh tharainn. Rinneadh mar a dhéantar chuile bhliain, ach amháin go bhfuair mé fhéin rothar breá, gleoite, mar bhronntanas, i mbliana. Ach sula raibh am agam spórt agus spraoi a bhaint as mo bhronntanaisí, bhí sé in am dúinn dul ar an Aifreann. Bhain mé taitneamh faoi leith as an Aifreann, an mhaidin sin, nó nárbh é breithlá Íosagán fhéin é, agus ghuigh mé breithlá sona dó.

I ndiaidh an Aifrinn, chaith mé an mhaidin ag súgradh le mo chuid féiríní, agus níor mhothaigh mé an t-am ag sleamhnú gur glaodh isteach chun an dinnéir mé. Bí ag caint ar fhéasta! Bhí chuile shórt níos fearr ná a chéile againn don dinnéar sin, bhí nua gach bídh, agus sean gach dí, ar bord againn, don bhéile speisialta sin.

Lá an Dreoilín a thugtar ar an lá i ndiadh Lae Nollag, agus thugamar cuairt ar an gCom, i gContae Chiarraí, an lá sin, agus nach orm a bhí an t-áthas, nuair a thug Foireann an Dreoilín cuairt ar ár dteach ansin. Sheinn siad ceol, chan siad amhrán, agus rinne siad dreas rince dúinn.

Caithfidh mé a rá, gur bhain mé an-taitneamh as Nollaig 2005, in ár dteach-na, agus ní call dom a rá, go bhfuil mo rothar breá, gleoite, nua, agam fós, agus rothaím chun na scoile air, chuile lá scoile. Sea, is fada liom uaim an chéad Nollaig eile, nó cá bhfios cén bronntanas breá a thabharfaí dom, don chéad Nollaig eile sin!

.

******************

.

Nollaig in ár dTeach

Oileain Inis Geidhe – 2.

O I L E Á I N I N I S G É I D H E 2

Mayo’s Lost Islands –

.

“T h e I n i s h k e a s” byB r i a n D o r n a n         

(Ar leanúint ón tseachtain seo caite)

Naomhóg Inis Géidhe

Chríochnaigh muid an tseachtain seo caite agus tagairt á dhéanamh againn do Naomhóg Inis Gé, agus don chumhacht uilig a tuigeadh a bheith ag an ndeailbhín naofa sin, agus dúisíonn caint dá leithéid an cheist…má bhí an chumhacht sin uilig ag “Naomhóg” sin Inis Géidhe, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd 1927? Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, gur chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an ndealbh, nó go raibh daoine áirithe ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidhe. Féach mar a chuir an        t-údar é…

Some years later the Rev T.A. Armstrong, who was ordained in Ballina in 1846 wrote still more gross superstition in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies. This image was carefully clothed in flannel and when taken out for any special purpose was dressed in a new suit on return to the house in which it had been lodged. It was warmed by the fire and put into the comfortable bed that was alotted for it.

Is dócha gur spreag altanna dá leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é nó gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire.

Ní gá dhom a rá, go bhfuil an leabhar seo, “THE INISHKEAS,” lomlán d’eolas de chuile shaghas, faoi phobail na n-oileán, agus faoin gcineál saoil a chaith siad, le linn dóibh bheith ag cur fúthu ar Inis Géidhe, ach le críoch a chur leis an bpíosa seo faoin leabhar iontach seo, b’fhéidir gur chóir dom tagairt a dhéanamh d’ábhar amháin eile.

Cén t-ábhar é sin, an ea?

Foghail Mhara

Bhuel, an gcreidfeá é, dá ndéarfainn “foghail mhara” leat?

Ach conas a d’fhéadfaidís an cheird sin a chleachtadh agus gan acu ach curacha agus clocha?

Bhuel, féach mar a chuireann an t-údar síos ar na cúrsai céanna sin….

The sea as a provider of less honest earnings through piracy developed in the 1830s and reached a peak in the 1840s. By this time, being becalmed in the waters around Inishkea was dangerous for any boat. The means whereby the currach crews subdued the sailing craft was described as follows. “The boats carried no arms but each carries a quantity of stones which they shower on the deck and that drove the crew below.

Ag an bpointe sin, théadh lucht na gcurach ar bord, agus ghlacaidís seilbh ar an mbád, agus d’ardaídís leo pe last a bhí ar bord. Le linn an Ghorta Mhóir, bhí plúr a ndóthain acu, tar éis dóibh last plúir a ardú leo, ó bhád seoil dá leithéid, féach mar a chuirtear síos ar eachtra dá leithéid.

The efficiency of the plunder can be guaged by the action on the Maris, already mentioned. Two boats came alongside, threw a shower of stones at the crew, men landed and took over the helm, unbattened the hatches and offloaded ten tons of flour. A short time later two more boats came alongside. In all, the captain estimated that fifty men were involved.

Má tá na huimhreacha sin intaofa, nár mhór ar fad an méid daoine a d’fhéadfaidís a bhailiú le chéile in achar gearr? Caithfidh go raibh córas éifeachtach comharthaíochta acu, le go bhféadfaidís glaoch ar a chéile, ar áiméar na faille. Bhuel, caithfidh mé an chuid eile den obair a fhágáil fúibh fhéin. Má thagann sibh trasna ar an leabhar seo. “The Inishkeas” léigh é, nó tá mé cinnte go mbainfidh sibh taitneamh as.

Féach mar a chuir Seán Ó Monacháin críoch lena chaoineadh faoin mbáthadh mór sin 1927….

Bhí Dia ‘ghá sábháil is ag réiteach áit’ dóibh

Ní scathamh gearr é ná lóistín oích’,

Acht do’n anam táraith’ céad míle fáilte

I Ríocht an Áird-Rí aríst a choích’.

.

Nollaig in ár dTeach

Reachtoir no reabthoir.

Reachtóir nó Réabóir?

Peadar Bairéad

(Law-maker or Law-breaker?)

Dualgaisí le coimhlíonadh

Caitheann an-chuid daoine roinnt áirithe ama ag smaoineamh ar obair agus ar dhualgaisí ár dTeachtaí Dála, nó is den tábhacht é go gcoimhlíonfadh na Teachtaí céanna sin na dualgaisí a leagann Bunreacht Éireann orthu. Níl dabht ar domhan ach go bhfuil daoine ann, agus teachtaí áirithe ina measc, a cheapann go mbeifear ag súil go bhfeidhmeodh siad mar thaoisigh freisin. B’fhéidir gur chóir cur ar a súile dóibh siúd, go bhfuil an-difir idir Theachta agus Taoiseach. Anois, munar thaoisigh iad, cén fheidhm atá le coimhlíonadh acu i rialú ár bpoblachta? Ní ceist acadúil amháin í seo, ach ceist a bhfuil tábhacht thar na bearta ag baint leis, más uainn toradh fónta a bhaint as an gcraobh seo dár gcóras rialaithe.

Ghlac an pobal s’againne le Bunreacht Éireann mar bhunchloch dlithiúil dár bPoblacht Daonlathach, sa bhliain 1937, Poblacht a tháinig i gcomharbacht ar Shaorstát Éireann, agus Poblacht a fógraiodh don tsaol mór, roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus sa Bhunreacht sin, leagadh amach dualgaisí agus cúramaí na dTeachtaí.

Ionadaíocht chionmhar

Go bunúsach, toghtar Teachta mar ionadaí ó Dháilcheantar áirithe, agus go bunúsach freisin, tá dhá dhualgas le coimhlíonhadh aige. Ar an gcéad dul síos toghtar é mar ionadaí, le dearcadh agus le deacrachtaí a Dhailcheantair a leagan os comhair na Dála, sa chaoi go dtabharfaí aird orthu, agus ar an dara dul síos, toghtar iad le cúnamh a thabhairt i ndréachtadh dlíthe nua don Phoblacht s’againne, agus le cúnamh a thabhairt, i leasú, agus i gcealú, seandlíthe. Uaireanta freisin, iarrtar ar dhuine acu bheith páirteach i gceann de na Coistí Dála, le ceisteanna tábhachtacha sóisialta, eacnamaíochta, nó dlíthiúla, a scrúdú, a iniúchadh, agus a mheas, thar cheann na Dála. Sin mar a oibríonn ár nDaonlathas, nó ní bheadh sé indéanta ag an bpobal ar fad teacht os comhair na Dála lena mianta agus lena ndearcadh a leagan os a gcomhair. Toghtar ionadaithe, leis an ngnó sin a dhéanamh thar a gceann. Níl dabht ar domnhan, ach go mba dhualgaisí troma, tábhachtacha, iad siúd a leagtar ar ár dTeachtaí, agus ní haon ionadh go mbímid breá sásta tuarastal maith a thabhairt dóibh leis an ngnó sin a dhéanamh thar ár gceann, agus a chonách sin orthu.

Tá sin uilig go breá, ach le roinnt blianta anuas, tugadh faoi deara, go raibh Teachtaí ann, a thuig, cheapfá, go mba chuid dá ngnó é daoine a mhealladh, agus a eagrú, le cur i gcoinne chinneadh daonlathach na Dála. Sea, agus dhealródh sé, go bhfuil siad cinnte gur dhaonlathaí iad fhéin ná na Teachtaí a ghlacann le breith daonlathach mhóramh na Dála, cé go bhfeictear do roinnt mhaith daoine, nach bhfuil ann ach beart frithdhaonlathach, ach dá dtabharfaí cead do chuile Theachta sa Dáil a leithéid céanna a dhéanamh, ní bheadh againn ansin ach cíorthuathail in áit cinnteachta agus tranglam in áit tráchta.?

Cearta an Teachta

Ach, fan ort neomat amháin anois, céard faoi Fhreasúracht dílis choinsiasach? Nár chóir go mbeadh cead ag Teachta cur i gcoinne chinneadh an Rialtais dá bhfeictí dó go raibh dul amú orthu sa chinneadh céanna sin?

Cinnte gealltar an cead sin do chuile Theachta, ach nár chóir dó an fhreasúracht sin a fheidhmiú sula socraítear an cheist trí vóta an mhóraimh sa Dáil. Má shocraíonn Teachta na cosa a chur uaidh, taobh amuigh den Dáil, agus iarracht a dhéanamh ar phobal a iompú i gcoinne an Rialtais, bhuel, nach bhfuil sé soiléir, do dhuine ar bith, gur beart frithdhaonlathach é sin.

Sea, ach céard is féidir a dhéanamh i gcás dá leithéid? D’fhéadfadh an Rialtas dlí a rith le srian a chur le hiompar dá leithéid, ach céard faoi chearta an Teachta, faoi mar atá geallta dó i mBunreacht Éireann?

faitíos orm go bhfuil an cheist seo ag éirí ró-chasta domsa, ag an bpointe seo. Céard fútsa? An bhféadfá teacht i gcabhair orm agus fuascailt na faidhbe sin a mholadh dúinn?

.

.

.

.

Nollaig in ár dTeach

Rúscadh na mblian.

.

Rúscadh na mblian.

                                        

.

Mhair mé i laethe mo ré

Ag baslú mo sheoch mar chách,

I ngleic le coraí an tsaoil,

Gan aird ar an saol úd thall.

.

D’fhás mé ó óg go críon,

Ag bailiú cruinn-eolais go dian,

Ag fás is ag aipiú go tréan

Faoi ghrian gheal órga na mblian.

.

Trí fhás is trí shaothar mo ré,

Mealladh chun suain mo chiall,

Is maolaíodh ar ghéire mo shúil

Ar mhire is ar ghiorra an tsaoil.

.

Ar deireadh, i ngan fhios don lá,

Thit fachailí na súl díom anuas,

Is chonac go dalltach glinn

Mo dhán is mo chríoch gan dua.

.

.

Bhí mé fágtha ansin liom fhéin,

Im Oisín ar Thrá gheal na bhFiann,

Is cúrsaí an tsaoil bun os cionn,

Gan fhios cár chailleas mo shlí.

.

Bhí cluiche na beatha ó rath,

Níor thuig mise rúscadh na mblian,

Gan aithne agam feasta orm fhéin,

Is mo ghéarchúis imithe le gaoith.

.

Ní dheargann daoine níos mó.

Tá náire is aiféala faoin bhfód.

An gcaillfear sinn abhfus agus thall,

Is muid beagnach tagtha chun róid?

.

.

****************************

Nollaig in ár dTeach

Saoire gan stró 1

Saoire gan Stró 1

Peadar Bairéad

.

Coraí Crua an tSaoil

Mhothaigh mé le scathamh anuas, go raibh coraí crua an tsaoil ag luí go trom ar mo ghuaille, agus ó tharla gur mar sin a bhí, tuigeadh dom, go ndéanfadh athrú aeir maitheas an domhain dom. Tar éis tamall a chaitheamh ar mo mharana, shocraigh mé ar Ríocht ársa Chiarraí a thabhairt orm fhéin, ar feadh scathaimh.

‘Leat fhéin a d’imigh tú, mar sin, an ea?’

‘Níorbh ea muis! nó shocraigh ceathrar againn dul i bhfochair a chéile,’ mar sa tslí sin d’fhéadfaimis toit a bhaint as na laethe a chaithimis faoin dtor, thíos i Ríocht úd na gréine.

‘Cén ceathrar, an ea?’

‘Bhí mé fhéin is mo bhean, i dtosach báire, agus in éineacht linn, agus iad i mbun tiomána, bhí ár n-iníon agus a céile siúd. B’in an ceathrar a bhí le scaoileadh saor ar saoire i gCorca Dhuibhne.’

Níor thóg sé i bhfad orm mo chip is mo mheanaithe fhéin a locadh, agus a phacáil, tráthnóna Déardaoine, rud a d’fhág go raibh ar ár gcumas bóthar a bhuaileadh go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ár gcliamhain a bheadh i mbun tiomána, agus shroich sé fhéin is a bhean an teach s’againne go breá luath ar maidin, rud a d’fhág go rabhamar ar ár slí go Ciarraí roimh a deich, maidin Dé hAoine, agus ba ghearr amuigh ar bhóithre na Banban sinn, gur tuigeadh dom, gur fhág an Tíogar Ceilteach bóithre den chéadscoth le huacht againn, bóithre a bhí díreach chomh maith leis na bóithre a gheofá i dtír ar bith eile, na laethe seo.

Amuigh ar na Bóithre Fada Bána

Trí Chalainn an Chlampair linn gan stró ar bith, agus an mhaidin bhreá ag cur sciatháin áthais faoinár gcroí. Trí Chathair ársa Dhún Iascaigh, gona foirgnimh stairiúla, gona dínit, gona blas ársa. Ar ball, thaistil muid thrí shráideanna Bhaile Thiobraid Árainn, agus nach iad a bhí ag breathnú go péacach, bíogúil, an mhaidin bhreá gréine sin. Mhothaíomar go mba bhaile ar dóigh é an baile céanna sin, baile a bhí leata amach go héasca, socair, ar thailte méithe Thiobraid Árann. Chun tosaigh linn ansin ar bhóithre nua-aoiseacha, bóithre a d’iompair sinn ar luas go Ríocht stairiúil Chiarraí, tríd an gCaisleán Nua agus Oileán Chiarraí linn. Sos gearr i mbaile mór Thrá Lí, agus ansin, as go brách linn fan bhóthar an Daingin, chomh fada leis an gCom, nó Camp, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Isteach linn ar chlé ansin, agus muid ag fáil isteach faoi scáth na sléibhte is na gcnoc. Ar chlé, d’éirigh Cathair Chonraí in airde ar a cosa deiridh, le fáilte ó chroí a chur romhainn, nó is seanchairde sinn, faoin am seo. Bhí cuma na háilleachta orthu uilig, agus caipín ceoch á chaitheamh go péacach ag Sliabh Mis na scéalta.

Nár bhreá an faoiseamh é, na sean chnámha a shíneadh ar tholg, tar éis an méid ama a bhí caite againn cuachta suas i seasanna an ghluaisteáin. Tar éis dúinn cupán tae a chaitheamh, ar ár suaimhneas, ní raibh clóic ar bith orainn, ach muid ag teacht chugainn fhéin ar ár sáimhín só. Tamall ag suí, tamall ag caint is ag seanchas, tamall ag miognarach, agus ansin tamall ag cur bail eicínt orainn fhéin sára raghaimis amach ar fud na bhfud. Ansin, tar éis dúinn sinn fhéin a ghléasadh chun ár sástachta, bhuaileamar bóthar arís.

An South Pole Inn

An South Pole Inn an sprioc a chuireamar romhainn an tráthnóna sin, nó bhí beartaithe againn béile an tráthnóna a chaitheamh san Óstán cáiliúil céanna sin. Shroicheamar an “Inn”, in am tráth, tar éis dúinn taitneamh a bhaint as an radharcra a bhí leata os ár gcomhair amach, fan na slí. Ba é an radharc ab aite a chonaiceamar an tráthnóna sin nó tréad bó, den phór ait úd, na “Belted Galloways. Ba chosúla iad le caoirigh ná le ba, ar bhealach eicínt, agus an crios leathan dubh sin thart ar bholg chuile mhac a pheata díobh. An-radharc ar thaobh cnoic tráthnóna gréine. Tar éis dúinn an gluaisteán a pháirceáil, chuamar isteach san Inn. Bhuaileamar fúinn. Fágadh biachlár os ár gcomhair amach, agus fágadh muid ansin lenár rogha bia a phiocadh dár mbéile. Ach, b’fhéidir gur chóir dom stopadh anseo, agus an dara gála den scéal a insint an chéad bhabhta eile.

.

                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                           

en_USEnglish