An Mactire Mor Allta.

An Mactire Mor Allta.

A n M a c t í r e M ó r A l l t a !

*********************************

Another Bestseller .

The Big Bad Wolf…………………………..céadchló…………..2003.

Le

James Patterson…………………………………………………….€17 .99.

.

The No. 1 International Bestseller.

Bhuel, sin mar a deirtear faoin leabhar seo ar an gclúdach dea-dheartha, atá mar scrín thart ar an scéal seo le James Patterson. Anois, faoi mar is eol dúinn uilig, ní hé seo an chéad scéal a shil ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, nó is liosta le háireamh iad na teidil atá curtha ar fáil aige dúinn, cheana féin. Caithfidh mé a admháil daoibh, gur scríobh mé fhéin píosaí sa cholún seo faoi roinnt áirithe acu. B’fhéidir gur chuimhin libh ar scríobh mé faoi “Pop goes the Weasel”, The Beach House, Four Blind Mice, agus tuilleadh. Dár ndóigh, tá teidil eile dá chuid, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu freisin, leabhair ar nós…Jack and Jill, Along came a Spider, agus The Jester.  Leabhair mhór-ráchairte (bestsellers) iad sin freisin.

I bhFlorida, sna Stáit Aontaithe, a chuireann an t-údar faoi, san am i láthair.

Special Style .

Eachtraí coiriúla an choirpigh chliste, chruálaigh, chiapaigh, “The Wolf”, atá idir chamáin ag Patterson, sa leabhar seo. Is féidir a rá, go bhfuil stíl taitneamhach, tarraingteach, mealltach, aige. Ní bhíonn aon leadrán ag baint lena stíl, ach é ag treabhadh leis go rábach trí eachtraí corraitheacha a scéil, é ar a bhealach i gcónaí go croí an ábhair. Leagann sé an leabhar seo amach i gcéad is naoi chaibidil déag, leata thar 314 leathanach, agus sa chaoi sin, tugann sé le fios duit, an t-am go léir, go bhfuil deifir do-stoptha air, agus sa tslí sin, éiríonn leis an léitheoir a chur faoi gheasa le draíocht a stíle, sa chaoi go réabann tú leat tríd an scéal, i bhfad níos tapúla, ná mar a dhéanfá, dá mbeadh caibidlí móra, fada, leadránacha, le léamh agat, mar i gcás na gcaibidlí gearra seo, cuireann siad cíocras ort dul tríotha sna cosa in airde, agus déanann siad thú a iompar leo, le luas lasrach, ar thaoide an scéil. Sea, agus caithfidh mé admháil dhuit anseo, gur éirigh leis, mé fhéin a chur faoi gheasa, sa chaoi nach raibh fonn orm an leabhar seo a fhágáil uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha siar agam, nó chuir sé rothaí faoi eachtraíocht a scéil le cleasa iomadúla a cheirde.

All not going well .

Is é an príomhcharactar sa scéal seo nó an lorgaire clúiteach, (famous detective) Alex Cross. Fear gorm is ea Cross, a chaith na blianta fada ag obair mar lorgaire le Roinn Phóilíní Washington. Bhí a leannán Jamilla Hughes, cailin inar chuir sé suim amháin, ar a laghad, agus b’fheidir gur chuir se an dara suim freisin inti, dá mbeadh sé sásta an fhírinne ghlan a insint dúinn! Banlorgaire ba ea ise, amuigh i gCalafóirnia, agus gan dabht ar domhan bhí Alex bocht splanctha ina diaidh (madly in love with her), bíodh nach ró-réidh a ritheann cúrsaí a ngrá sa scéal seo, scaití (at times). Agus ó tharla ag caint ar chúrsaí grá muid, tharla sa scéal seo freisin, gur fhill máthair a chlainne, a iarbhean Christine, a thréig an nead, thart ar dhá bhliain roimhe sin, tháinig sí ar ais, agus é de chuspoir aice Alex óg, a mac, a fháil ar ais di fhéin amháin, bíodh gur thréig sí é, tráth thréig sí an nead.

.

Career Change.

Nuair a d’éirigh le Alex coirpigh mhóra, fhíochmhara, dainséaracha a dhúiche a bhriseadh, a cheansú, agus a chur faoi ghlas, shocraigh sé ar dhul isteach san FBI, nó tugadh le fios dó, minic go leor, go mbeadh an-áthas ar an FBI glacadh leis, mar bhall dá bhfórsa-san, tharla go raibh an oireadh sin cáile bainte amach aige le linn a thréimhse ag obair le Póilínteacht DC. Sin mar atá cúrsaí i dtús an scéil seo.

Tá Alex Cross, Lorgaire, á thraenáil anois, le bheith ina bhall éifeachtach den bhfórsa cáiliúil sin, an FBI. Féach mar a chuireann sé é, i dtús an scéil….

New agent training at the FBI Academy in Quantico, sometimes called ‘Club Fed’, was turning our to be a challenging, arduous, and tense program, if a little repetitive. For the most part, I liked it, and I was making an effort to keep any skepticism down. But I had entered the Bureau with a reputation for catching pattern killers, and already I had the nickname ‘Dragonslayer’. So irony and skepticism might soon be a problem.

Retraining.

Fad is a bhí an cúrsa ath-traenála sin ar siúl, ó tharla go raibh clú agus cáil bainte amach ag Cross cheana féin, ba ghearr gur thug sé faoi deara, go raibh roinnt áirithe dá uachtaráin in éad leis, agus chomh maith le sin, agus le cur leis freisin, chuirtí Alex amach chuig bailte, i bhfad ó bhaile, lena chúnamh a thabhairt do Roinn Phóilíní eicínt, a raibh ag teip orthu, coirpeach sleamhain, sliioctha eicínt, a ghabháil, tharla go raibh ainm na scile neamhghnáthaí sin amuigh ar Alex Cross.

Enter the Wolf !

Anois, tharla ag an am áirithe seo, go raibh an coirpeach ba chruálaí, b’fhíochmhaire, agus ba dhainséirí, dá bhfacthas sna Stáit riamh roimhe sin, ag tosú ar ghairm na coiriúlachta a chleachtadh sa tír fhairsing sin. An Mactíre, nó “The Wolf” a baisteadh ar an gcoirpeach dána, cruálach fíochmhar sin. Rúiseach ba ea é, agus is cosúil go raibh meitheal coirpeach, mar amhais (mercenaries). ag cuidiú leis, ina ghníomhartha danartha, do-mhaite. Bhí scéal ag dul timpeall faoina fhíochmhaireacht, a mhaígh gur thug sé cuairt ar ‘gangster’ i bpríosún daingean, do-ghabhála, i gColorado, tar éis dó breab ollmhór a thabhairt do dhuine de na gardaí, agus fad is a bhí sé istigh ag caint leis an ngangster sin, is amhlaidh a mharaigh sé é, trína mhuinéal a bhriseadh, agus a bhlaosc a fháiscadh ina smidiríní.

Trafficking in Humans.

Ansin, chuaigh sé i mbun oibre mar choirpeach. Is amhlaidh a thosaigh sé ag fuadach, agus ansin, ag díol daoine, ar luach an-ard go deo, agus ansin, d’fhéadfadh an té a cheannaigh an duine sin uaidh, a rogha rud a dhéanamh leis, nó lei. Cúrsaí gnéis ba mhó a bhí i gceist sna margaí sin, agus ní gá a rá go mba choirpeach glic, sleamhain, é an Mactíre, nár fhág méarlorg (fingerprint), nó tada dá leithéid ina dhiaidh, mar chabhair do lucht a leanta. Bhí lámh ag Alex sa lorgaireacht seo, agus níor ghnó éasca ar bith é teacht suas leis an Mactíre, ach níl fúmsa an scéal a mhilleadh ortsa, trí leide ar bith a thabhairt dhuit, ag an bpointe seo. Fágfaidh mé fút fhéin é, ach amháin a admháil, go gcaithfidh mé a rá, gur bhain sé mealladh asamsa, leis an gcríoch a chuir sé ar an scéal seo.

Ba dheacair é a bhualadh, ar a chorraíthí, is ar a scannrúla is atá sé. Scéal ag cur thar maoil le teannas (tension), le cruáltacht, agus le mídhaonnacht (inhumanity). Bainfidh tú taitneamh as.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

An Mactire Mor Allta.

An Toghairm

A n T o g h a i r m .

************

.

T h e S u m m o n s ………………………………………………… foilsithe 2002.

l e

John Grisham………………………………………………………………€24.85 Euro.

.

************

.

Cupla seachtain ó shoin scríobh mé píosa anseo faoi leabhar eile le John Grisham. “Skipping Christmas” a bhaist sé ar an leabhar sin, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé an-taitneamh as, bíodh nach raibh ann ach leabhar an-ghearr, i gcomparáid leis na leabhair eile dá chuid, ar dhein mé léirmheas orthu sa cholún seo.

Cé mhéad leabar atá curtha dhe aige, go nuige seo, an ea?

Bhuel, nach deacair é a chreidiúint, ach seo an ceathrú leabhar déag dá chuid atá leagtha aige os ár gcomhair mar léitheoirí. Agus níos do-chreidte fós, deineadh chuile cheann acu sin a léirmheas, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, anseo i mBéal an Phobail!

Is dócha gur cuimhin libh fhéin, roinnt mhaith de na teidil chéanna sin fós? Leabhair ar nós :- The Firm, The Pelican Brief, The Chamber, The Rainmaker, The Street Lawyer, The Brethren, The Painted House, agus dár ndóigh, Skipping Christmas, freisin. Mar is eol daoibh, ba leis an dlí a chuaigh Grisham a chéaduair, agus chaith sé seal i mbun na ceirde sin, ach nuair a glacadh leis an úrscéal brea sin uaidh, The Firm, tuigeadh dó gurbh fhearr leis, agus, dó, freisin, a dhúthracht a chaitheamh feasta, leis an úrscéalaíocht. Níor chaith sé an dlí i dtraipisí, go huile is go hiomlán, áfach, nó bhain sé úsáid as a chuid eolais ar chúrsaí dlí le cúlra a chur ar fáil dá chuid scríbhneoireachta. Tá sin fíor i gcás chuile leabhar dá chuid, ach amháin i gcás “Skipping Christmas”, agus “A Painted House”, nuair a dhein sé iarracht éaló ó laincisí, nó ó ghlais lamh, an dlí, agus bíodh gur éirigh leis go maith sna leabhair chéanna sin, ag an am gcéanna, is dócha gur mhothaigh sé gaol níos gaire a bheith aige leis an dlí ná le haon ábhar eile, mar chúlra dá scéalta, agus dá thoradh sin, tá sé fillte arís, sa leabhar seo is déanaí uaidh, ar chúrsaí dlí agus cúirteanna arís, bíodh go bhfuil snáitheanna eile freisin sníofa aige tríd na habhair chéanna sin.

Ach b’fhéidir go bhfuil se in am dom anois iompú ar an leabhar fhéin, le tamall a chaitheamh á scrúdú, mar scéal, agus mar phíosa litríochta.

Suíonn an t-údar an scéal corraitheach seo i gClanton, Ford County, Mississippi, suíomh a chéad úrscéil, “A Time to Kill”, úsrcéal a tháinig ar an saol, sa bhliain 1989, blianta sular scríobh sé “The Firm”, an t-úrscéal a shaothraigh clú agus cáil domhanda dó, mar úrscéalaí den scoth. Is é Ray Atlee an príomhcharactar sa scéal seo, fear a rugadh agus a tógadh i Ford County, ach fear a thréig an Ford County céanna sin, chomh luath géar is a d’fhéadfadh sé. Faoi am an scéil seo, tá an Ray céanna sin ina Ollamh le Dlí, in Ollscoil Virginia. Tá saol socair sámh á chaitheamh aige, ag an am seo, agus anois is arís, bíonn air dul i ngleic le stró agus le trioblóid a shéideann chuige, aniar as laethe atá thart anois.

  Faigheann sé, anois is arís, corr spléachadh ar an bhean a raibh sé pósta lei, tráth dá raibh, ach thréig an bhean chéanna sin é nuair a d’éirigh lei a duán a chur i mbilliúnaí fánach, a shéid isteach ón iasacht chucu, nó chuici, ba chóra dhom a rá.
 Faigheann sé corr ghlaoch telefóin óna dheartháir, Forrest. Tá Forrest sé bliana is triocha, agus is beag riail, nó dlí, daonna nó diaga, nach bhfuil briste aige, faoin am seo, agus mura bhfuil sé briste aige cheana féin, bí cinnte go bhfuil sé ag smaoineamh ar é a bhriseadh sul má dtí i bhfad. Is andúileach doleigheasta é, agus é de shíor ar thóir leighis, ach chomh luath is a fhaigheann, réabann leis ar a bhealach drabhlásach arís.
 Sa tríú háit, tá a dhaid, an Breitheamh Reuben Atlee, daid nár ghráigh riamh é, dár le Ray, agus daid ar éalaigh sé uaidh, chomh luath is a bhí ar a chumas. Ba é mian a dhaid nó go raghadh sé le dlí, agus ansin go raghadh an bheirt acu i gcomhar, i gcomhlacht dlí, i gClanton, Mississippi. Ní gá a rá nárbh é sin mian a mhic, Ray.

Sin cúlra an scéil, agus isteach i saol Ray seolann litir óna athair chuige isteach trí pholl na litreach ina dhoras tosaigh.

It came by mail, regular postage, the old-fashioned way since the Judge was almost eighty and distrusted modern devices. Forget e-mail and even faxes. He didn’t use the answering machine and had never been fond of the telephone.

Chomh luath is a d’oscail Ray an litir sin, tuigeadh dó gurbh óna athair a tháinig. D’aithin an páipéar, d’aithin an cló, nó ba shoiléir, gur deineadh an litir chéanna sin a clóbhualadh ar sheanchlóscríobhán Underwood an Bhreithimh Reuben Atlee. Níor ghnáthlithir í seo, ach toghairm, nó bhí an t-athair ag iarraidh ar a bheirt mhac, ar Ray agus ar Forrest, bualadh leis, ina theach fhéin, “Maple Run”, i gClanton, Mississippi, ar an nDomhnach a bhí chucu. Féach mar a chuir an Breitheamh é….

Please make arrangements to appear in my study on Sunday, May 7, at 5 P.M., to discuss the administration of my estate.

Sincerely, Reuben V. Atlee.

Sea, mh’anam, “Summons”, nó toghairm, a bhí sa litir, gan aon agó, agus b’as an toghairm sin a baisteadh an leabhar breá seo.

Chuir Ray glaoch ar a dheartháir, Forrest, agus thoiligh seisean freisin aird a thabhairt ar an toghairm chéanna sin, agus aghaidh a thabhairt ar “Maple Run” ar an lá, agus ag an am, spriocáilte. Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta, fadó. Bhuail Ray bóthar, in am tráth, agus ar deireadh thiar, shroich sé “Maple Run”.

There was no sign of life at Maple Run. The front lawn had been cut within the past few days, and the Judge’s old black Lincoln was parked in the rear, but other than those two pieces of evidence there was no sign that anyone had lived there for many years.

B’in ar an dtaobh amuigh, dár ndóigh, agus ansin chuaigh sé isteach. Níor ghá do dhuine ar bith é a ligint isteach, nó ní raibh sé de nós ag an mBreitheamh s’againne glas a chur ar a dhoirse riamh. Bhí an áit an-chiúin istigh. Ghlaoigh sé amach, cupla babhta, féachaint an raibh éinne ag baile, ach freagra níor tugadh air. Ar deireadh, tháinig sé chuig seomra a athar, agus nuair a d’fhéach sé isteach, chonaic sé an breitheamh ina chodladh ar an dtolg. Anois, ó tharla go raibh an breitheamh an-tinn, níor theastaigh ó Ray é a dhúiseacht, agus mar sin, chaith sé tamall sa chistin, le deis a thabhairt dó néall codlata a chur thairis. Ar deireadh, shocraigh sé ar dhul isteach chuige….

At exactly five, Ray decided he was tired of waiting. He had traveled a long way for this moment, and he wanted to take care of business. He walked into the study, noticed his father hadn’t moved, and for a long minute or two was frozen there, not wanting to wake him, but at the same time feeling like a trespasser.

Ba ghearr gur thug sé faoi deara áfach, go raibh a athair caillte.

Fuair sé litir ar chrinlín, a raibh tiomna deiridh Rueben V Atlee, faoi dháta an lae roimhe sin, an 6ú Bealtaine, 2000.

Bhuel, b’shin sin. D’fhág an Breitheamh chuile cheo dá bheirt mhac, le roinnt ina dhá leath eatarthu. Ar ball beag, tháinig Ray ar charn airgid, i mboscaí, folaithe i gcórfa, faoi Leabhragán an Bhreithimh. Ní pingneacha beaga atá i gceist anseo agam, ní hea, mh’anam, ach ba é tuairim Ray, go raibh breis agus thrí mhilliún Dolar i dtaisce sna boscaí sin. Bhí fhios ag Ray, nár shaothraigh a athair tada i ngar don mhéid sin, le linn a ré uilig mar bhreitheamh, agus ní hé sin amháin é, ach bhí de nós aige, a chuid airgid a thabhairt uaidh, go fánach, do dhuine, nó do dhream ar bith a tháinig chuige ar thóir chúnamh airgid, do chúis inmholta ar bith. Conas a tharla mar sin, go raibh breis is trí mhilliún dolar, i mbillí Céad Dolar, folaithe i mboscaí mar seo, sa chófra beag sin faoin leabhragan?

Céard a bhí le déanamh aige leis an airgead céanna sin? Ar chóir dó é a liostáil mar chuid d’oidhreacht an Bhreithimh Reuben V. Atlee? Nó ar chóir dó an t-eolas seo a roinnt lena dheartháir fiáin, Forrest, nó leis na dlíodóirí, a bheadh ag cabhrú leis, le hoidhreacht a athar a roinnt, de réir a thiomna dheiridh? B’in iad na ceisteanna tromchúiseacha a bhí le scaoileadh ag Ray. Agus ar scaoileadh na gceisteanna agus na bhfadhbanna sin a chasann an scéal corraitheach seo. Ní gá dhom a rá, nach bhfuil fúmsa freagraí na gceisteanna sin a thabhairt don léitheoir anseo, nó mhillfeadh sin an scéal ar fad air, ach déarfaidh mé an méid seo, go gcoinníonn an t-údar a léitheoir ar chipíní, fhad is atá seisean i mbun na hoibre sin, agus éiríonn leis freisin, corrchasadh, nach mbeifí ag súil leis, a bhaint as ruball an scéil, sular fhág sé a pheann ar leataobh.

Ina chuardach, agus ina thaighde, agus é ag iarraidh fáil amach, cá bhfuarthas an t-airgead, nó cé chuir i bhfolach sa chófra úd é, tógann an t-údar sinn ar chamchuairt trí áiteacha spéisiúla. Tógann sé sinn isteach sna tithe cearrbhachais, chuig oifigí dlí, chuig áiteacha nach raibh thar mholadh bhreithimh dá chaime. Díríonn sé ár n-aire ar shaol an Deiscirt, go háirithe, ar an gcuid is suaraí de. Sea, agus cuireann sé carachtair neamhghnácha in aithne dúinn, le linn an chuardaigh sin uilig.

Tá mé cinnte, go dtaitneoidh an leabhar seo, “The Summons” leat, má éiríonn leat teacht air, nó caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin an-taitneamh go deo as.

An-léamh, an-scéal, an-leagan amach…….

.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

       .

.

An Mactire Mor Allta.

Ár ndaonlathas i mBaol

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ár nDaonlathas i mBaol?

Ní raibh saol an mhada bháin ag an bpobal s’againne ó d’fhág séathlú an Tíogair Cheiltigh san fhaopach sinn. Roimhe sin, áfach, bhí an lá faoin dtor ag roinnt áirithe dár ndaoine, nó bhí sparán an náisiúin, sparán a bhí teann go leor le roinnt mhaith acu a ardú ar dhroim na muice. I rith na tréimhse sin áfach, ní raibh mórán daoine anseo ag iarraidh fís fhadtéarmach an náisiúin seo a scrúdú, nó an ród seo romhainn a aimsiú, nó a lorg, fiú. Tuige a’ ndéanfadh, nó nach raibh a ndóthain mhór acu le saol sona sásta a chur in áirithe dóibh, fad a mhairfidís? Tá sé fíor nár scrúdaigh siad go ró-chruinn buaine a maoine, nó seasmhacht a saibhris, nó bealach a leasa, fiú. Leor don lá a fhadhbeanna fhéin! Nach raibh ár bPoblacht neamhspleách fhéin againn, sea, ár bpoblacht daonlathach fhéin, a baineadh amach trí chruatan, trí anró, trí fhuil, agus trí dhúthracht díograiseach, diongmhálta, ár ndaoine fhéin.

Democracy undermined

I rith an ama sin go léir áfach, bhí cruimheanna an leithleachais, agus na sainte, ag ídiú shubstaint a bhfíse, agus brí a ndaonlathais, i ngan fhios dóibh, d’fhéadfá a rá. Ní inné nó inniu a thosaigh an claonadh inár measc gan aon ró-aird a thabhairt ar ghlaine, nó ar shainghnéithe, an daonlathais fhéin. Bhí laigí in ár gcóras toghchánaíochta, nó níorbh iad an chosmhuintir fhéin a roghnaigh a n-iarrthóirí do na toghcháin sin, chuile bhabhta. Níorbh iad, nó nárbh iad ceannairí na gcumann, agus na bpáirtithe polaitíochta, a rinne an gnó tábhachtach sin, thar a gceann? Níor chuir sin isteach go ró-mhór ar an gcóras, chomh fada is a bhí Rialtais aon-pháirtí againn, ach ansin, nuair a theip ar aon pháirtí acu Rialtas a chumadh as a n-ionadaíocht fhéin, b’éigean dóibh smaoineamh ar Chomh-Rialtas a ghaibhniú as a bpáirtí fhéin, i gcomhar le páirtí, nó le páirtithe eile, agus chuige sin, b’éigean dóibh dul i mbun na margántaíochta le páirtí, nó le páirtithe eile. Sin, nó b’fhéidir go mbeidís sásta bheith ag braith ar roinnt áirithe Neamhspleách, le móramh a thabhairt dóibh sa Dáil. Go bunúsach, ní bheadh locht ar bith ar shocrú dá leithéid, ach nuair a bhí gá le margántaíoch, le sin a dhéanamh, bhuel, b’in scéal eile ar fad. Anois, ní inné ná inniu a tosaíodh ar an gcéapar céanna sin, nó nach bhfuil cuimhne againn uilig ar ainmneacha ar nós Jim Kemmy, agus a leithéid, ach cuireadh crot nua ar fad ar chúrsaí nuair a rinne Charles Haughey margadh le Tony Gregory, ar choinníoll go dtabharfadh seisean tacaíocht don Rialtas, i vótaí sa Dáil. Sa chás sin, b’éigean do Chathal geallúint a thabhairt do Tony go dtabharfaí buntáistí áirithe do mhuintir a dháilcheantair seisean, mar íocaíocht as an tacaíocht chéanna sin.

Duties of a T.D.

Anois, tá’s ag an saol, gurbh é dualgas an Teachta Dála freastal ar mhuintir an cheantair sin a thoigh é, trína gcás a thabhairt, agus a chur, os comhair na Dála, agus ansin, dá dtuigfí don Dáil go raibh buntáiste ar bith dlite dóibh, thabharfadh siad sin dóibh, ach nár scéal eile ar fad é, nuair a dhéanfadh an Teachta margadh leis an dTaoiseach an buntáiste sin a thabhairt dóibh, beag beann ar thuairimí na Dála, suite i bParlaimint, agus iad ag feidhmiú ar mhaithe leis an dtír uilig. Tugann socrú dá leithéid an iomarca cumhachta ar fad do Theachta aonair amháin, cumhacht nach bhfuil tuillte aige, nó dlite dó, agus cumhacht a thagann salach ar phrionsabail an daonlathais, agus ar Chothrom na Féinne freisin. Nár chóir dúinn glacadh leis mar phrionsabal, nár cheart ligint do pháirtí ar bith nach mbeadh, ar a laghad, seacht dTeachta acu, bheith páirteach i margántaíocht le Rialtas nua a bhunú, agus i gcás na margántaíochta céanna sin, níor cheart go mbeadh acu sa Rialtas sin ach ionadaíocht, agus cumhacht, bunaithe ar a neart. Chomh maith le sin, níor chóir go mbeadh cead ag Teachta Neamhspleách ar bith bheith páirteach i mbunú, nó in eagrú Rialtais ar bith. Go bunúsach, nach dtéann siad os comhair an phobail mar Neamhspleáigh, agus nár chóir go gcrosfadh sin orthu bheith páirteach i Rialtas ar bith. Cead acu vótáil ar son an Rialtais, nó ina choinne, de réir mar a thogródh siad, ach níor chóir go dtoileodh Taoiseach ar bith margadh déthaobhach a dhéanamh leo.

Independent !

Le ciall an leagan amach sin a fheiceáil, níl le déanamh againn ach breathnú ar chúrsaí faoi mar a bhí i Rialtas an lae inniu, nó tá an Rialtas sin ag brath ar thacaíocht roinnt bheag Neamhspleách, Neamhspleáigh a bhfuil margadh maith déanta acu, ar mhaithe lena nDáilcheantar fhéin, nó tá dílseacht vótála na dTeachtaí sin ag brath ar choinníollacha áirithe, coinníollacha a gheallfhadh Ospidéal anseo, Cuarbhóthar ansiúd, Scéim díogaithe san áit úd eile, agus mar sin de. Níl dabht ar bith ann ach go gcreimeann, go loiteann, agus go milleann, socruithe dá leithéid foinsí bunúsacha ár nDaonlathais. Anois an t-am le féachaint chuige, go mbeadh chuile dheis ag ár muintir, súil ghrinn, bhreithiúnach, a chaitheamh ar an gcóras daonlathach, a mbaintear úsáid as i dtoghadh, agus i roghnú, ár Rialtaisí. An bhfuil ceart againn chuige sin? Bí cinnte go bhfuil! nó geallann an Bunreacht chuile cheart don phobal. Nach bhfuil sé thar am againn féachaint chuige, go ndéanann ár gcóras freastal ar ár riachtanais, sa todhchaí.

An Mactire Mor Allta.

Beannachtaí

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Bail na gCúig nArán…

Léitear ag Matha, XIV. (15-21), faoin chaoi ar bheathaigh Íosa an cúig mhíle duine úd, amuigh ar an iargúl, sa bhfásach, agus gan ag na Deisceabail dó, an lá céanna sin, ach cúig bhuilín aráin agus cupla iasc. Caithfidh gur chuir caint an Mháistir an slua faoi dhraíocht an lá sin, nó níor thug siad faoi deara go raibh an t-am ag sleamahnú thart, agus go raibh an déanaí ag teacht i ngan fhios dóibh. Ar deireadh, mhothaigh na Deisceabail go raibh an lá sleamhnaithe uathu, agus go raibh sé ina thráthnóna. Tháinig siad chuig an Máistir, lena bhfadhb a mhíniú dhó. “Fásach é seo”, ar siad, “áit nach bhfuil fáil ar bhia nó ar dheoch ann, agus dá bharr sin, tá sé thar am againn na daoine bochta seo uilig a chur abhaile, sa chaoi gur féidir leo bia a cheannach dóibh fhéin, sna bailte máguaird. Féach, táimid amuigh anseo sa bhFásach, agus gan dóthain againn leis an slua ollmhór seo a bheathú, agus chosnódh sé pingin mhaith, bia a cheannach dóibh.”

“Ní gá iad a chur abhaile” ar Seisean, “tugaigí sibhse bia dóibh anseo.” “Ach” ar siadsan, á fhreagairt, “níl againne ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

Having said the Blessing…

Bhuel, tá an chuid eile den scéal ag chuile ghasúr scoile. D’iarr Íosa orthu iad a thabhairt chuige. Choisric sé iad trí ‘Bhail na gCúig n-Arán agus an Dá Iasc’ a rá os a gcionn. Ansin, tar éis do na Deisceabail na daoine uilig a chur ina suí, ina ngrúpaí, dháil siad orthu, agus bíodh go raibh goile mhaith ag na daoine faoin am sin, bhí dóthain acu do chuile dhuine, agus nuair a bhí chuile dhuine acu sáthach, bhailigh na Deisceabail a raibh fágtha, agus líon siad dhá chiseán déag leis an bhfuíollach sin. Is dócha gur chosúil an bheannacht chéanna sin le…Go méadaí Dia do Stór… mar b’in an toradh a bhí uirthi, amuigh ansin sa bhfásach.

The Blessing of the Five Loaves

Cuireadh ceist orm, tamall de bhlianta ó shoin, ar chuala mé riamh faoi “Bhail na gCúig nArán”, agus bhí orm a admháil nár chuala, ach d’fhan “an Bhail”, nó “an bheannacht” sin liom, agus í neadaithe i gcistin mo chuimhne istigh, agus í á iompar thart agam go ndeachaigh sí i gcionn i gceart orm, agus go dtí go raibh orm í a shníomh isteach sa dáinín beag seo thíos :-

.

Bail na gCúig nArán

Bail na gcúig n-arán

Is an dá iasc in éineacht

Go raibh ortsa is ar do chúram,

Anois, is feasta, le héifeacht.

.

Agus bíodh nach mbeidh ortsa

Ach toradh gan fónamh,

Iarr coisreacan Dé air,

Is méadófar an fómhar.

.

Íosa fhéin a choisric,

Is thug Dia an méadú,

Nuair nach raibh acu sa bhfásach

Ach an beagán gan éifeacht.

.

Nuair a chuirfear do shaolsa

I meá an bhreithiúnais,

Go raibh dhá chiseán déag

Fágtha mar fhuíoll buan air.

.

Bail na gCúig n-Arán

Is an Dá Iasc in éineacht,

Ort fhéin is ar do shaothar,

Go mbreacfaidh Lá an tSléibhe.

.

*************************

.

.

.

An Mactire Mor Allta.

Ca bhfuil ar dtriall feasta…X

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cá bhfuil ár dTriall, feasta?

(This week we take a look at our trendsetters as moulders of behaviour)

Ár seanchara, Séimí a’ Droichid, a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, nuair a casadh ar a chéile sinn, thíos sa Smugairle Róin, an lá cheana. Bhíomar istigh sa Seomra cúil, agus muid ag múchadh tarta ar ár sáimhín só, nuair a bhain Séimí ceann den scéal.

“Bhfuil a fhios agat céard dúirt Mártan a’ Tairbh liom, an lá cheana?

“Níl muis!” arsa mé fhéin, á fhreagairt.

“Bhail, ba é a dúirt sé nó gur tuigeadh dósan, go raibh an tírín bocht seo millte ag lucht na Meán”

“Agus meas tú, tuige ar dhúirt sé a leithéid, nó nach iontach a bhfuil á dhéanamh ag an dream céanna sin, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana. Nach mbeadh an tír millte gan iad?”

“Ní aontódh Mártan s’againne leat sa mhéid sin, nó dár leis, go bhfuil cláracha ar nós Tallifornia, Republic of Telly, agus tuilleadh den chineál céanna sin, ag milleadh agus ag scrios béasa agus caint ghasúr na tíre seo, sea, agus caithfidh mé a rá, go dtagaim cuid mhaith den bhóthar leis, sa mhéid sin.

“Ach, a Shéimí, níor chóir dúinn dul thar fóir ar fad leis an dearcadh diúltach sin, agus chomh maith le sin, níor chóir dúinn an milleán a leagan ar na haisteoirí bochta, nuair nach bhfuil á dhéanamh acusan ach ag saothrú pingneacha dóibh fhéin, le linn an chúlú eacnamaíochta seo?”

Ag dul thar fóir?

“Ní hé amháin nach bhfuil muid ag dul thar fóir in ár ndearcadh sna cúinsí seo, nó táid ann adéarfadh, nach raibh muid ag dul sách fada in aon chor. Gan dabht, ní féidir an milleán ar fad a leagan ar na haisteoirí, nó ní hiadsan a scríobh an script, nó ní hiad a réalaigh fís an scríbhneora ar an ardán. Ag an am gcéanna, níor chóir dúinn a cheapadh, gur áilleagáin gan chonsias iad, a bheadh sásta cibé a n-iarrfaí orthu a dhéanamh, a dhéanamh, gan cheist, gan deacracht, gan chur ina choinne. Nach bhfuil dualgas orainn uilig bheith freagrach as ár ngníomhartha.”

“Ach, a Shéimí, i ndeireadh na feide, ní bhíonn i gceist ach píosa spraoi. Ní mharaítear éinne, ní ghortaítear éinne, agus go bhfios domsa, ní chuireann éinne go láidir i gcoinne chláracha dá leithéid.”

“B’fhéidir nach gcuireann, ach ní hionann sin is a rá, go nglactar go fonnmhar leo, nó gur féidir glacadh leo mar eiseamláir do dhaoine óga na tíre seo.”

“Ach céard tá cearr le cláracha dá leithéid a chur os comhair an phobail, ar scáileáin, ar raidió, nó i gcló, fiú?”

Tá chuile shórt cearr leo, agus dá ndéarfainn é, ní bheinn ag súill le dearcdadh dá leithéid a bheith agatsa, agus nach bhfaca tú gur chuir David Norris fhéin, go tréan, i gcoinne cláracha ar nós, Tallifornia, nuair adúirt sé, go raibh siad ‘compulsive agus repulsive’ ag an am gcéanna.”

“An mbíonn tú fhéin ag breathnú orthu, a Shéimí?”

“Mh’anam nach mbíonn. Ach de thimpiste, tharla go raibh ceann de na cláracha sin ar an scáileán, ag duine de na gasúir, nuair a tháinig mé isteach ón ngarraí, an lá cheana, agus bhí sé chomh do-chreidte sin, gur fhan mé ag breathnú air, tamaillín. Thuigim do David Norris nuair adeir sé, go raibh siad compulsive and repulsive. Pé scéal é, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh éinne sásta cláracha dá leithéid a chumadh, agus díreach chomh deacair céanna a chreidint, go mbeadh na húdaráis sásta cláracha dá leithéid a láithriú.”

“Ach, nach bhfuil roinnt mhaith daoine ann atá sásta, agus fonnmhar, lena leithéid a ghlacadh, agus chuile sheans, nach bhfeiceann siadsan tada mí-cheart leis cláracha sin.”

Foclóir teoranta!

Bíonn a bhfoclóir teoranta, garbh, agus a mbíonn iontu gáirsiúil go leor, agus bí ag caint ar fheisteas, nó a mhalairt, faoi mar adúirt Mártan a’ Tairbh! Agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, nach bhfaca mé fhéin láithreoir áirithe ag urlacan gan náire, os comhair a lucht féachana, agus cheap siadsan go mba ghreannmhar an feic é sin! Sea, agus go gairid ina dhiaidh sin, chonaic muid duine eicínt ag múnadh, bhail ní fhacamar an duine, ach chonaic muid an mún, agus nuair a bhí críochnaithe aige, tugadh bualadh bos dó! An gcreidfeá a leithéid anois?

Ar éigean é, a Shéimí, ach ansin, nach iomaí sórt ceoil a bhíonns ann, faoi mar adúirt an bacach agus e ag baint ceoil as bianna a mhaide croise fhéin.”

“Bhail! chonaic mise an méid sin agus gan mé ach cupla nóiméad ag breathnú ar an gclár sin faoi Phoblacht bhuile eicínt. Ach b’fhéidir gur chóir dúinn cúrsaí a fhágáil faoi mar atá, an babhta seo, ach fillifidh muid ar an ábhar seo arís, amach anseo. Oíche mhaith agat anois, agus tabhair aire duit fhéin amuigh ansin.”

Slán abhaile! agus bí cinnte go bhfanfaidh tú ar an dtaobhchasán.”

Agus le sin, d’imigh Séimí bocht na buile os an taobhchasán faoi mar a bheadh cat scólta ann.

Go dtí an chéadh seachtain eile…………..Slán…………       

.

en_USEnglish