Tús Maith, Leath na hOibre!

Tús Maith, Leath na hOibre!

D’fhoilsigh Jack Chambers le déanaí go bhfuil ceannteidil 32 leasú ceadaithe ag an Rialtas chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a neartú, agus inniu tarraingeoidh mé bhur n-aird ar na cinn is tábhachtaí, i mo thuairim. Níl aon dabht ach go neartóidh na leasuithe sin ár dteanga agus a stádas sa dlí, agus faoi dheireadh taispeánann sé dúinn go léir an tacaíocht atá ag an rialtas dár dteanga. Bhí ról lárnach ag go leor daoine sna cruinnithe faoi na leasuithe a mholadh, chun an dul chun cinn suntasach seo a dhéanamh maidir leis an gcloch mhíle reachtaíochta a shroicheadar. Is é an Coiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal Labhartha na Gaeilge an dream a rinne an chuid is troime den obair seo. Tá teachtaí agus seanadóirí ina gcomhaltaí den Choiste – Aengus Ó Snodaigh (Cathaoireach), Catherine Connolly, Dara Calleary, Pa Daly, Aindrias Moynihan, Marc Ó Cathasaigh, Lorraine Clifford-Lee agus Seán Kyne san áireamh. Chaith an Coiste agus Jack Chambers go leor ama ag plé na leasuithe a mholtar – bhí níos mó ná 300 dóibh agus bhí díospóireacht faoi gach ceann acu!   Moladh cuid mhaith dóibh le linn céim an Choiste, ag na cruinnithe féin.  Ní haon ionadh gur thóg sé timpeall 25 uair in iomlán na cruinnithe a thabhairt chun críche.

Tá na fístaifeadtaí agus trans-scríbhinní ag baint le cruinnithe an Choiste ar fáil ar líne ar an suíomh www.oireachtas.ie, agus tá sé an-luachmhar breathnú ar shliocht nó dhó atá ann. Ach i ndeireadh an lae, seo iad na ceannlínte móra mar gheall ar thorthaí na hoibre sin.

An tSeirbhís Phoiblí

Beidh dualgas ar an rialtas go mbeidh 20% de na hearcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ag labhairt na Gaeilge, faoin 31 Nollaig 2030.  Léiríonn an leasú seo go bhfuil an rialtas tiomanta do chaomhnú na teanga, mar beidh an dualgas seo orthu féin a líonadh. Is céim sa treo ceart atá ann, agus tá súil agam go neartófar an leasú seo (chomh maith leis na leasuithe eile) le himeacht ama.

Seirbhísí Poiblí sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta

Beidh oibleagáid ar Aire Stáit na Gaeltachta dátaí a shonrú ar fúthu a sholáthrófar gach seirbhís phoiblí i ngach ceann ar leith de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta trí mheán na Gaeilge.  Toisc go mbraitheann Acht na Gaeltachta, 2012 ar sheirbhísí poiblí a sholáthar as Gaeilge, is gá spriocdhátaí a leagan amach don réamhchoinníoll seo i dtús báire.

Fógraíocht

Beidh ar gach comhlacht poiblí 20% dá fhógraíocht a bheith as Gaeilge gach bliain, agus beidh orthu 5% a dhéanamh san meáin Gaeilge.  Is céim thábhachtach í seo, agus beidh ar an gCoimisinéir Teanga monatóireacht a dhéanamh, agus pionós a ghearradh ar aon chomhlacht nach gcloíonn sí leis an reachtaíocht. Caithfidh éifeacht a bheith leis an riail seo!

Oibreoirí tráchtála

Beidh ar aon oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí do chomhlacht poiblí Gaeilge a úsáid mar chuid de na seirbhísí sin.  Céim phraiticiúil atá sa chéim seo, mar seachas sin, bheadh ar an gcomhlacht poiblí aistriúcháin a dhéanamh ón mBéarla. Chomh maith leis sin, leathnaíonn an chéim seo éiceachóras na teanga i mbealach nádúrtha.

Síneadh Fada

Ní bheidh aon leithscéal níos mó ag comhlachtaí poiblí maidir leis an síneadh fada, mar beidh orthu a gcóras TFC (teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide) a uasdátú chun a bheith ábalta síntí fada a úsáid. Gach uair a léim an nuacht, bíonn scéal eile faoi chóras ríomhaireachta nach bhfuil tacaíocht ann leis an síneadh fada. Tá sé thar am an fhadhb seo a shocrú faoi dheireadh is faoi dheoidh!

Coiste Logainmneacha

Beidh coiste nua reachtúil cruthaithe maidir le hOrduithe Logainmneacha. Tabharfaidh an Coiste comhairle don Aire freastal ar aon iarratas le haghaidh logainm nua.  Níl a fhios agam an mbeidh dlínse ag an gcoiste ar logainmneacha áitiúla. Ba cheart go mbeadh, mar ansin ní bheadh orainn a bheith páirteach i gconspóidí fíochmhara cosúil le ‘Pairceanna na Glas’ (an t-ainm seafóideach, náireach a cheadaigh Comhairle Contae Chiarraí mar ainm eastát tithíochta sa Daingean)!

Conclusion

Is ábhar dóchais an scéal seo, agus tá moladh ar leith ag dul don Aire féin, Jack Chambers. Gheall sé a lán agus rinne sé beart de réir a bhriathair go dtí seo. Beidh sé tábhachtach na leasuithe go léir a chur i bhfeidhm roimh a spriocdhátaí, agus dúirt An tAire go soiléir gurb air féin a bhfuil an fhreagracht as sin.

Tús maith, leath na hoibre, mar a déarfá, agus cé gur tús maith é seo gan dabht, ní féidir linn ár n-aird a bhaint den mórphictiúr, is é sin athbheochan ár dteanga luachmhaire!

.

.

Tús Maith, Leath na hOibre!

Cianobair!

Bhuail mé le cara liom cúpla lá ó shin. Bhímis ag obair le chéile ar feadh beagnach fiche bliain mar innealtóirí ag déanamh taighde agus forbartha ar son comhlacht mór ardteicneolaíochta. D’éirigh mé as an obair beagnach sé bliana ó shin, ach bím i dteagmháil fós le cúpla iar-chomhghleacaí, Vijay san áireamh, a bhfuil nasc speisialta agam leo.     

Bhí comhrá deas againn, agus d’fhoghlaim mé go bhfuil athruithe móra tagtha ar an gcaoi a n-oibríonn daoine anois sa chomhlacht sin de bharr na pandéime. Ní raibh Vijay san oifig le breis is bliain anuas, agus é ag obair ó bhaile an t-am sin go léir. Is é an dála céanna é ag go leor daoine ar féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh aon áit ina bhfuil nasc leathanbhanda ardluais ar fáil.  Bhí go leor le rá ag Vijay ar ábhar na cianoibre ach sheas rud amháin amach dom atá réabhlóideach i mo thuairim, mar gheall ar na himpleachtaí suntasacha don saol mór.  Dúirt sé go bhfuil an comhlacht tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le cianobair agus obair san oifig. Beidh an cinneadh seo i bhfeidhm as seo amach. Ní bheidh ar fhormhór na bhfostaithe dul go dtí an oifig a thuilleadh, ach cúpla lá gach seachtain ar a mhéad.

Dúirt Vijay nach mbeidh oifigí traidisiúnta ar fáil níos mó sa chomhlacht ach an oiread, mar úsáidfear iad ar chomhroinnt ama as seo amach. Sa chóras nua seo, déanfaidh tú réamháirithint ar oifig roimh ré, agus ansin úsáidfidh tú an oifig sin ag an am atá leagtha síos. Ag deireadh an ama sin, tógfaidh tú do ríomhaire glúine leat abhaile, agus réiteofar an oifig don chéad duine eile. Córas hibrideach a thugtar ar an gcóras sin, agus tar éis é a bheith i bhfeidhm ar feadh bliana, déanfar cinneadh ar an gcóras a leanúint mar atá sé, nó b’fhéidir an chomhréir idir obair san oifig agus sa bhaile a athrú. I mo thuairim, is é an t-athrú a dhéanfar ná níos lú ama a chaitheamh san oifig, mar ceapaim go bhfuil an comhlacht beagáinín coimeádach go dtí go gcinnteoidh sé go n-oibríonn an córas nua go maith. Dúirt Vijay go bhfuil comhlachtaí eile a bhfuil cead ag a bhfostaithe obair ó bhaile an t-am go léir – Twitter mar shampla. Tá go leor fostaithe sna comhlachtaí sin ag athlonnú, mar ní gá dóibh níos mó a bheith gar don oifig. Tá siad in ann bogadh go dtí an áit is fearr leo, agus mar sin tá go leor dóibh ag bogadh ó na cathracha móra go dtí áiteanna faoin tuath nach bhfuil plódaithe le daoine, ina bhfuil costas tithíochta níos ísle, agus ina bhfuil siad in ann a gcaitheamh aimsire a chleachtadh go héasca.  

Beidh impleachtaí móra don tsochaí ann agus an ceann is mó dóibh i mo thuairim ná an dílárú a tharlóidh mar iarmhairt na n-athruithe sin.  Tá na rialtais i go leor tíortha ag iarraidh dílárú a dhéanamh, ach níor éirigh go maith leo go dtí seo. Ach seachain! Beidh rabharta lonnaitheoirí ag bogadh luath go leor, ag imeacht ó na bruachbhailte go dtí bailte agus sráidbhailte amuigh faoin tuath agus caithfidh a rialtais ullmhú roimh ré chun tacaíocht a thabhairt don imirce sin.  Is é infreastruchtúr an tosaíocht is mó a bheidh ag na rialtais sin anois, ionas go mbeidh daoine in ann a n-obair a dhéanamh ar an idirlíon ó bhaile. Dá bhrí sin, is é an t-infreastruchtúr is tábhachtaí a bheith ann ná clúdach uilíoch leathanbhanda. Beidh sé tábhachtach freisin na seirbhísí atá ar fáil amuigh faoin tuath a mhéadú chun déileáil leis an éileamh mór a bheidh orthu de réir an mhéadaithe a thiocfaidh ar an daonra áitiúil.

Ceapaim go mbeidh na Gaeilgeoirí inár measc in ann lántairbhe a bhaint as na hathruithe sin freisin. Ní bheidh an brú céanna ar mhuintir na nGaeltachtaí imeacht chun obair a fháil, mar beidh roinnt mhaith dóibh in ann cianobair a dhéanamh agus fanacht sa Ghaeltacht. B’fhéidir go dtiocfaidh deireadh le bánú na nGaeltachtaí agus in ionad sin go dtiocfaidh méadú ar dhaonra na nGaeltachtaí, mar beidh Gaeilgeoirí nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht, agus an Ghaeilge a labhairt an t-am go léir. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh dár rialtas infheistíocht mhór a dhéanamh in infreastruchtúr faoin tuath agus go háirithe sna Gaeltachtaí, chun iad a chaomhnú agus a neartú. Is deis í seo nach dtarlaíonn ach uair amháin sa saol!

.

Tús Maith, Leath na hOibre!

Tuairisc ó Mheiriceá: Fiabhras Cábáin!

Chuaigh mo bhean chéile agus mé féin ar thuras bóthair le déanaí, tar éis dúinn an dara dáileog den vacsaín COVID-19 a fháil. De ghnáth, téimid go dtí an Cainneon Mór in Arizona cúpla uair gach bliain. Chuamar ann timpeall trí mhí ó shin, nuair a bhí tairiscint speisialta ar fáil ag an óstán El Tovar ar imeall an taoibh ó dheas den chainneon. Bhí an pandéim dona go leor ag an am sin, ach chuamar ann ar aon nós. Ná lochtaigh tú an rud a fhaigheann tú in aisce, mar a déarfá!

De ghnáth, bíonn go leor daoine ar cuairt go dtí an taobh ó dheas i gcónaí, idir Mheiriceánaigh agus eachtrannaigh. Ach ag an am sin, ní raibh aon eachtrannaigh ann, agus is beag Meiriceánach a bhí ann ach an oiread. Ní raibh sé deacair fanacht glan ó dhaoine, mar ní raibh orainn a bheith gar d’aon duine. Ní raibh gach seirbhís ar fáil, ach níorbh aon chur isteach é sin, i ndáiríre. Bhí an aimsir go breá agus bhí siúlóidí iontacha againn ar imeall an chainneoin.

Ní haon ionadh é, mar sin, gur shocraíomar dul go dtí an Cainneon Mór arís i an Mheithimh. Bhí sé beartaithe againn trí lá a chaitheamh ar an taobh ó thuaidh ar dtús, agus ansin lá amháin ar an taobh ó dheas, chun bualadh lenár gcairde ann.

Difríochtaí idir an dá imeall

Ní thógfá ort dá gcreidfeá nach bhfuil mórán difríocht idir an dá imeall, ach ní bheadh an ceart agat ar chor ar bith! thagann gan ach codán an-íseal de na cuairteoirí go dtí an t-imeall ó thuaidh, mar tá sé i bhfad níos iargúlta ná an t-imeall ó dheas. Níl mórán seirbhísí ar fáil agus níl ach óstán amháin agus ionad campála amháin gar don imeall ó thuaidh. Tá go leor óstáin ar an imeall ó dheas os a choinne sin. Ní hamháin é sin, ach tá baile díreach taobh amuigh den pháirc ar an taobh ó dheas, darb ainm Tusayan. Tá go leor óstáin agus bialanna ar fáil ann do chuairteoirí ar a slí go dtí an t-imeall ó dheas!

Difríocht mhór eile atá idir an dá imeall ná go bhfuil an t-imeall ó thuaidh, 2400m ar airde, timpeall 400m níos airde ná an t-imeall ó dheas. Dá bharr sin, bíonn an aimsir níos fuaire ar an taobh ó thuaidh. Bíonn sneachta domhain ann sa gheimhreadh, agus bíonn an bóthar agus an t-óstán dúnta ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair gach bliain.  Ar an lámh eile, bíonn an pháirc ar an taobh ó thuaidh ar oscailt go hiomlán an t-am go léir.

Ár gcuairt

Bhí ádh na haimsire linn, mar bhí teocht dheas 25ºC againn ag an imeall ó thuaidh, nuair a bhí daoine i Phoenix in Arizona bácáilte le teocht os cionn 40ºC! Ní raibh mórán cuairteoirí le feiceáil agus bhí siúlóidí iontacha againn agus radhairc áille le feiceáil i ngach treo. D’imigh na laethanta thart an-tapa agus i bpreabadh na súl bhí sé in am imeachta dúinn. Thiomáineamar timpeall an chainneoin ón imeall ó thuaidh go dtí an t-imeall ó dheas, turas 5 uaire, chun ár deireanach a chaitheamh ag an imeall ó dheas!  Toisc go rabhamar sa Pháirc Náisiúnta cheana féin, ní raibh orainn dul isteach sa Pháirc arís ar an taobh ó dheas. Rud maith é sin, mar chualamar go raibh tréimhse feithimh fhada chun teacht isteach sa Pháirc. Faoi dheireadh fuaireamar spás páirceála, agus bhuaileamar lenár gcairde. Bhí sé plódaithe le daoine i ngach áit, istigh is amuigh, agus mar sin shocraíomar bualadh le chéile níos déanaí sa bheár le haghaidh an dinir. Idir an dá linn, chúlaíomar go léir siar chuig ár n-óstáin. Ach nuair a bhí sé in am dul go dtí an beár, bhí ár gcairde tugtha tráchta, agus shocraíomar trí theachtaireachtaí téacs bualadh le chéile an mhaidin dár gcionn. Sa tslí sin, bhíomar in ann ar a laghad bricfeasta a fháil le chéile. Teip iomlán (nó ‘Epic Fail’ as Béarla) a bhí sa chuairt go dtí an t-imeall ó dheas, i gcodarsnacht leis ár gcuairt iontach go dtí an t-imeall ó thuaidh!  

Conclusion

Cad a bhí ar siúl ar chor ar bith ar an taobh ó dheas den chainneon? Fiabhras cábáin a bhí i gceist in éineacht le cosc ar thaisteal idirnáisiúnta, agus bhíomar féin chomh ciontach le haon duine eile!  Cúpla lá ina dhiaidh ár dturas bóthair, chonaic mé grianghraif ó cúpla Páirc Náisiúnta eile (Arches, Zion) agus bhí scuainí fada i ngach áit.  Nóta chugam féin seachain páirceanna náisiúnta ach amháin iad atá an-iargúlta!   

.

  

.

.

.

Tús Maith, Leath na hOibre!

Athbheochan na dTeangacha Ceilteacha!

Ní rófhada ó shin, scríobh mé cúpla alt ag déanamh cur síos ar iarrachtaí athbheochan ar siúl i dtíortha éagsúla, Ceanada agus an tSeineagáil san áireamh.  Ach ní gá taisteal chomh fada sin, mar tá iarrachtaí athbheochana ar siúl béal dorais sa Tuaisceart agus sa Bhreatain. Ceapaim go bhfuil deis againn (lucht na dteangacha Ceilteacha) obair as lámha a chéile, ach ar dtús achoimre bheag ar cad atá ar siúl sa Tuaisceart agus sa Bhreatain faoi láthair.

Tuaisceart na hÉireann

Chaith Edwin Poots ach trí seachtaine ina cheannaire ar an DUP tar éis imeacht a réamhtheachtaí Arlene Foster. Cad a tharla? Bhuel, gan dabht is páirtí i dtrioblóid é an DUP, agus cogadh carad ar siúl ann. Ach músclaíodh an chonspóid nuair a d’aontaigh an Státrúnaí Brandon Lewis agus Sinn Féin go rithfí an reachtaíocht teanga i Westminster mura ndéanfaí i Stormont é roimh mhí Deireadh Fómhair. Bhí an reachtaíocht teanga mar chuid dhílis den ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’, agus mínithe go soiléir in Aguisín E: Cearta, teanga agus féiniúlacht.’  Foilsíodh an reachtaíocht i 2020, ach maidir leis an nGaeilge, níl aon rud curtha i bhfeidhm fós. Ní mór don rialtas i Stormont a ndualgais a chomhlíonadh, ach is beag deifir atá ar an DUP. De réir na reachtaíochta, beidh dualgas ar na húdaráis phoiblí a seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, agus beidh Coimisinéir na Teanga ceaptha chun an reachtaíocht a oibriú amach i dtólamh, agus chun forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm agus ansin monatóireacht a dhéanamh. taisme ar bith é go bhfuil struchtúr na reachtaíochta sin cosúil leis an struchtúr atá againn in Éirinn. Caithfidh mé a rá go bhfuil Sinn Féin tiomanta maidir le cearta teanga sa Tuaisceart, agus i mo thuairim is gá brú a chur ar an rialtas i Stormont agus más gá i Westminster freisin na cearta sin a chur i bhfeidhm, mar a gealladh. Bhí a gcearta daonna á séanadh ag go leor daoine sa Tuaisceart le fada an lá, agus thóg sé brú leanúnach ar rialtas na Breataine na hathruithe riachtanacha a dhéanamh. Ach ní bheidh an chaibidil sin críochnaithe i gceart go dtí go mbeidh cearta teanga ag muintir an Tuaiscirt. Tá an scéal seo á scríobh fós.

Gaeilge na hAlban

Dar le Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí aitheanta agus Ollamh in Ollscoil na hAlban (Oilthigh na Gàidhealtachd agus nan Eilean), tá Gaeltacht na hAlban i bhfad níos leochailí ná Gaeltacht na hÉireann. Tá an pobal Gaelach níos lú (meastar go bhfuil timpeall 11,000 cainteoirí dúchais ann), agus níl an tacaíocht oifigiúil chéanna ag Gaeilge na hAlban is atá ag an Ghaeilge. Fuair an SNP (Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba) ollbhua sa toghchán in Albain le déanaí, agus b’fhéidir anois go bhfaighidh an teanga an tacaíocht atá ag teastáil go géar uaithi.  D’fhógair an SNP go bhfuil pleananna acu infheistíocht a dhéanamh in oideachas trí mheán Gaeilge na hAlban, agus staidéar a dhéanamh ar stádas oifigiúil a thabhairt dáiteanna ina bhfuil an teanga dhúchais in úsáid fós – Gaeltachtaí Gaidhealtachdan i nGaeilge na hAlban.feachtasóirí na teanga ag caint faoi fhorbraíochtaí tithíochta do chainteoirí Gaeilge na hAlban – cosúil leis in Éirinn. Is léir go bhfuil na daoine sin ag breathnú ar cad atá ar siúl in Éirinn maidir le tacaíocht na teanga, agus ag iarraidh aithris a dhéanamh ar chúpla beartas atá i bhfeidhm anseo.

Conclusion

Tá scéalta na dteangacha Ceilteacha fite fuaite le chéile, agus is rud maith é pleananna a roinnt le chéile, agus más féidir comhoibriú le chéile. Léigh mé le déanaí gur aontaíodh ag Comhdháil na Breataine go mbunófar ‘Coiste na Breataine’ do Chonradh na Gaeilge. Rud iontach é sin, mar beidh na heagraíochtaí Gaeilge sa Bhreatain agus in Éirinn in ann an comhoibriú eatarthu a neartú.  

Níl a fhios agam an bhfuil aon eagraíocht uilechuimsitheach na dteangacha Ceilteacha ann, ach mura bhfuil ceapaim go bhfuil argóint láidir í a bhunú. an cuspóir céanna againn go léir – is é sin ár dteangacha Ceilteacha a athbheochan. Thabharfadh eagraíocht mar sin ardán dúinn go léir eolas luachmhar a roinnt le chéile agus comhoibriú le chéile chun ár gcuspóir dúshlánach a bhaint amach!  Mar shampla, is dóigh go mbeimis in ann leas a bhaint as taithí na mBreatnach ar athbheochan na Breatnaise, chun dul i bhfeidhm ar an gcur chuige i gcás na dteangacha Ceilteacha eile.  Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!

.

.

.

.

.

.

.

Tús Maith, Leath na hOibre!

Ceachtanna foghlamtha!

Tá údar dóchais againn arís dár dtodhchaí agus an lámh in uachtar againn ar COVID-19, a bhuí leis na vacsaíní a ndéanann ciolar chiot den ghalar uafásach sin.  B’fhéidir anois go mbeimid in ann ár dtír agus ár ngeilleagar a chur ar bhealach a leasa arís. Ach ná déanaimis dearmad ar na ceachtanna tábhachtacha a d’fhoghlaíomar le linn na pandéime. Scríobh mé síos cúig cheacht dom féin a d’fhoghlaim mé le linn na pandéime agus nár mhaith liom dearmad a dhéanamh orthu tar éis na pandéime!

1.Ainmhithe sóisialta sinn!

Nuair nach raibh mé in ann mionchomhrá a dhéanamh le daoine sna siopaí, sna bialanna, sna beáranna, nó in oifig an phoist, mhothaigh mé laghdaithe mar chaill mé an saibhreas a bhaineann leis na mionchomhráite a bhíodh agam i rith an lae. Mhúin an ghéarchéim dom a mhór a dhéanamh de gach caidreamh sóisialta a bhíonn agam, is cuma cé chomh fánach is atá sé. Gheall mé dom féin teagmháil a dhéanamh go rialta le cairde liom a chónaíonn leo féin, mar d’fhéadfadh sé difear ceart a dhéanamh dóibh.

2.Tá tús áite ag an teaghlach.

Cé go raibh ár n-ionad beag teaghlaigh inár gcónaí le chéile, ní rabhamar in ann cuairt a thabhairt ar dhaoine eile sa teaghlach nach gcónaíonn linn. Thuig mé go díreach ansin cé chomh tábhachtach agus atá gach duine den teaghlach. Cé go rabhamar in ann a bheith i dteagmháil leo ar an idirlíon, ní hionann é sin agus a bheith in ann casadh leo aghaidh ar aghaidh – níl ann ach sop in áit na scuaibe!  As seo amach, déanfaidh mé mo seacht ndícheall níos mó cuairteanna a thabhairt do mo bhaill teaghlaigh.

3.Tá an ghluaiseacht ar líne faoi lán seoil.

Bhí níos mó seirbhísí éagsúla ag bogadh go dtí an idirlíon de réir a chéile roimh na pandéime. Ach níl aon dabht gur luathaigh an pandéim céanna an ghluaiseacht seo.  Ní raibh an dara rogha ag daltaí agus mic léinn ach cianfhoghlaim a dhéanamh trí Zoom agus a leithéid. Bhí sé níos fusa agus níos sábháilte do chuid siopadóireacht a dhéanamh ar an idirlíon. Nuair a bhí na diansrianta agus go háirithe an scaradh sóisialta i bhfeidhm, bhíomar in ann coinneáil i dteagmháil ar na meáin sóisialta. Nuair a bhí na hionaid aclaíochta dúnta, bhíomar in ann aclaíocht a dhéanamh sa bhaile, agus fiú freastal ar ranganna aclaíochta ar líne.

De bharr na seirbhísí atá ar fáil ar líne, ní thiomáinim fiú leathoiread anois agus a thiomáininn roimh an ngéarchéim, gan trácht ar an gcur amú ama agus airgid agus fiú an truailliú ag baint leis.

As seo amach, bainfidh mé lántairbhe as an idirlíon chun seirbhísí a fháil, agus ní bheidh mé ag tiomáint ach ar mhaithe le pléisiúr nó nuair is gá!

4.Neamhspleáchas!

Roimh an bpandéim, bhí sé an-éasca brath ar dhaoine eile le hobair a dhéanamh dúinn. Ach ní raibh aon rogha againn le linn na pandéime ach an obair céanna a dhéanamh muid féin. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé i bhfad níos fearr ag an DIY anois mar a bhí mé riamh! Múineann gá seift, ach má theipeann ar sin, is féidir leat comhairle iontach a fháil ar ‘Youtube’! Níl eagla orm níos mó aon saghas deisiúcháin a dhéanamh anois sa bhaile agus is é an rogha dheiridh duine a fháil isteach chun cabhrú.

Ní gá dúinn dul go dtí an bhialann chomh minic anois, mar tá mé in ann béilí blasta a chócaráil dúinn féin sa bhaile. Téimid amach i gcomhair ócáidí speisialta anois agus ithimid sa bhaile an chuid eile den am.

Tugann an obair thuasluaite an-sásamh dom, agus caithimid níos lú ama agus airgid lena chois sin! Coimeádfaidh mé na nósanna sin i bhfad i ndiaidh na pandéime!

5.Tugtar ómós do na daoine ag obair sa líne thosaigh!

Tá go leor daoine ann a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil dúinn. Gach lá le linn na pandéime, níor spáráil na laochra cróga iad féin ar mhaithe linn.  Sábháladh go leor daoine sna hospidéil agus sna tithe altranais, dá bharr na foirne leighis agus na cúramóirí a bhí ag obair de lá is d’oíche! Agus ná déan dearmad ar na daoine eile a chuir bia, breosla agus seirbhísí riachtanacha eile dúinn. I mo thuairim, is laoch gach duine den dream sin.  Tógfaidh mé aitheantas dóibh siúd as seo amach le cúpla focal nó meangadh gáire, agus ní bheidh mé chomh sciobtha leis na gearáin!  

An bhfuil liosta ceachtanna agatsa? Má tá, seol chugam é, agus b’fhéidir go bhfoilseofar sa cholún seo é!

.

.

.

.

.

en_USEnglish