Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Chríochnaigh ré Trumpach le héirí amach ag an gCaipeatól á ngríosú ag Trump féin, agus é ag maíomh nár chaill sé an toghchán uachtaránachta ar chor ar bith.  I lomcogarsnacht le Trump, thosaigh ré Joe Biden go ciúin béasach, gan na giolcanna seafóideacha agus na slite eile ar úsáid Trump iad chun aird a tharraingt air féin an t-am go léir.

Rinne Joe Biden tús maith gan dabht ar bith, agusgnaoi na ndaoine air thar mar a bhí ag Trump riamh. I mo thuairim, tá sé ag comhlíonadh a ghealltanais chomh sciobtha agus ab fhéidir. In ainneoin sin, tá dúshláin mhóra amach roimhe nach acmhainn dó neamhaird a thabhairt orthu.

Gealltanais

Seo trí ghealltanas ar chomhlíon Biden iad cheana féin, agus é i gcumhacht ach breis is cúpla mhí.

1.Gheall sé go gcuirfeadh sé dlús leis an gclár vacsaínithe COVID-19. Dúirt sé go ndáilfí 100 milliún dáileog vacsaín faoin gcéadú a théarma oifige. Bhí an gealltanas comhlíonta faoin 58ú lá! Anois, tá sé geallta ag Biden 200 milliún dáileog faoin gcéadú lá a théarma!
2.Gheall sé go gcuirfeadh sé beartas mór spreagtha i bhfeidhm don eacnamaíocht, atá thíos le drochthionchar na paindéime.  or aontaigh na Poblachtaigh sa Seanad leis an mbeartas mór sin ($1.9 billiún), agus bhí ar na Daonlathaithe s imeachta speisialta a úsáid ( réiteach buiséad ), agus ansin ritheadh an pacáiste tarrthála.
3.Gheall sé go ndéanfadh sé athchinneadh ar pholasaithe a réamhtheachtaí. Stad sé obair ar an uafás sin an bhalla idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Rinne sé cinneadh tacú arís le Comhaontú Pháras; ní haon ionadh é sin, mar tá Biden tiomanta go huile agus go hiomlán do chosaint na timpeallachta domhanda.  

Is é an chéad ghealltanas eile atá idir lámha aigepacáiste infreastruchtúr chun dul i mbun nuachóirithe maidir le córas iompair na Stáit Aontaithe. Beidh arduithe cháin chorparáide ag teastáil, chun bheith in acmhainn íoc as an bpacáiste.

Dúshláin

Tá go leor dúshláin roimh an Uachtarán agus an rialtas, ach cuirfidh mé béim ar an gceann is tábhachtaí, i mo thuairim ar aon nós. Tá bille an-tábhachtach ag baint le cearta vótála sa Seanad anois. Rith Teach na nIonadaithe an bille seo, agus anois caithfidh an Seanad vótáil air.  Acht ar son na ndaoine nó HR1 is é ainm an bhille agus cuireann sé cosaintí in áit ar son cearta vótála na ndaoine sna Stáit Aontaithe. Tá sé fíorthábhachtach an reachtaíocht seo a achtú, mar tá go leor Stáit ag tabhairt isteach reachtaíocht nua chun é a dhéanamh níos deacra do mhionlaigh atá faoi leatrom cheana féin a chearta vótála a fheidhmiú. In ionad a pholasaithe a athrú agus cur chuige níos ionchuimsithí a bheith acu, b’fhearr leis na Poblachtaigh a gcuid prionsabail daonlathais a thabhairt suas, agus rialtas forlámhach a bheith acu, agus iad i gceannas i gcónaí.

Mar a sheasann cúrsaí anois, beidh na Poblachtaigh sa Seanad in ann bac a chur ar HR1. Gan dabht, dá dtarlódh sin, bheadh daonlathas i Meiriceá i ngéarchéim.  Caithfidh Biden agus an rialtas cothrom na Féinne a chinntiú do gach saoránach sa tír, is cuma cén dath craicinn atá orthu. Agus sin an dúshlán is mó atá rompu. Ach cad is féidir leo a dhéanamh?

Caithfidh siad an chumhacht speisialta atá ag na Poblachtaigh sa Seanad a laghdú nó deireadh a chur leis. Eascraíonn an chumhacht sin ón mbac fadchainte (Béarla: filibuster) atá mar phróiseas sa Seanad le fada. Faoin bpróiseas sin, seachas cúpla eisceacht, ní féidir leis an Seanad acht a rith gan ar a laghad 60 seanadóir a bheith ar a shon (as 100 seanadóir in iomlán 50 Poblachtach, 50 Daonlathaí agus vóta réitigh ag Leasuachtarán Kamala Harris.)  Ach tá ceannaire tromlaigh an tSeanaid, an Daonlathaí Chuck Schumer, in ann an próiseas sin a athrú, nó deireadh a chur leis. Ní bheadh céim mar sin gan bhaol, áfach, mar dá dtiocfadh an lá nuair a bheadh tromlach ag na Poblachtaigh sa Seanad, bheadh siadsan in ann aon acht is mian leo a rith freisin. Sin an dúshlán!

Ceapaim féin go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an mbac fadchainte. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agat, ach bhí an próiseas céanna i dTeach na nIonadaithe uair amháin, agus chur Spéicéir Theach na Comhdhála, Thomas Reid, deireadh leis. l aon duine ag iarraidh an bac fadchainte sin a thabhairt ar ais, 130 bliain ina dhiaidh sin! Gan dabht, tá sé thar am fáil réidh leis an leaid seo sa Seanad freisin!

.

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Ceacht Daor!

Bhí fadhb agam le déanaí le caidéal uisce agus chuaigh mé isteach sa gharáiste chun é a thástáil. Phlugáilisteach é agus díreach ansin stad an soicéad cumhachta ag obair! Díphlugáil mé an caidéal, agus phlugáil mé isteach lampa ach níor oibrigh sé sin ach an oiread.

Tharraing mé anáil dhomhain agus dhírigh mé m’aird ar an bhfadhb seo. Ar dtús, chinntigh mé go raibh gach soicéad cumhachta eile sa teach ag obair. Ansin, chuaigh mé go dtí an painéal a raibh na scoradáin chiorcaid ann, ach ní raibh aon cheann dóibh truipeáilte. Chuir mé as an scoradán ag baint leis an ngaráiste agus ansin chuir mé ar siúl arís é. Ach níor thosaigh an soicéad ag obair arís. Ní raibh aon rud eile le déanamh anois ach leictreoir a fháil.  

Chuir mé glaoch ar leictreoir áitiúil, agus chuir sé cúpla ceist orm.  Cén seoladh atá agam? Cén aois an teach? Conas a tharla an fhadhb? Cén áit ar tharla an fhadhb? An raibh a lán rudaí á stóráil sa gharáiste agam? An ndearna mé iarracht an fhadhb a shocrú? Cad a rinne mé? D’fhreagair mé a chuid ceisteanna agus ansin dúirt sé go mbeadh sé in ann teacht an lá dár gcionn chun é a shocrú.  Chuir mé ceist amháin ar Laurence an leictreoir – an raibh aon smaoineamh aige faoin bhfadhb seo? Dúirt sé dá roinnfeadh sé a rún, ní bheadh aon obair aige. Cheap mé ag an am go raibh a theanga ina phluc aige á rá.

Ansin, lean sé ar aghaidh agus mhínigh sé dom téarmaí a chonartha. Chosnódh sé €150 ar a laghad, a chuimseodh suas go dtí uair amháin, agus chosnódh sé €120 eile san uair nó aon sciar de tar éis sin. D’aontaigh mé leis a choinníollacha.

Tháinig Laurence chuig an gcoinne agus rinneamar dreas cainte ar dtús, scartha óna chéile taobh amuigh agus ag caitheamh ár maisc. Feictear domsa gur fear croíúil, cairdiúil a bhí ann. Bhí an garáiste ar oscailt agus thaispeáin mé an soicéad lochtach dó.

Dhearbhaigh sé nach raibh an soicéad ag obair. Ansin, chuamar go dtí an painéal agus bhain sé na scriúnna as an gcumhdach, agus sheiceáil sé na scoradáin chiorcaid. Bhí siad go léir ag obair i gceart. D’fhilleamar ar ais ar an gharáiste ansin agus chuir sé ceist orm.

“An bhfuil a fhios agat an bhfuil aon soicéid eile anseo sa gharáiste?” ar seisean. Ní raibh am agam fiú focal amháin a sular labhair Laurence arís. “Roimh an cheist sin a fhreagairt”, ar seisean, “bheadh ionadh ort an méid daoine a mhionnaigh agus a mhóidigh nach raibh aon soicéid eile ina ngaráistí, nach raibh an ceart acu!”

“Níl mé cinnte,” arsa mise, faoi bhrú anois, “ach ní cheapaim go bhfuil.”

cófra mór adhmaid ar bhalla an gharáiste, agus d’oscail Laurence é agus thóg sé amach na boscaí a bhí ar an tseilf is ísle. Ansin, chuaigh sé ar ais go dtí an soicéad lochtach agus chroith sé tástálaí voltais gar dó. Thosaigh sé ag bípeáil.

“Tá tú faoi lánseol arís, a chara!” a d’fhógair sé.

Bhí mé trína chéile. “Cad a rinne tú?” arsa mise.

“Bhrúigh mé an cnaipe anseo!” a d’fhreagair sé, agus thaispeáin dom soicéad eile ar an mballa, laistigh den chófra. Soicéad le scoradán ciorcaid srutha iarmharaigh atá i gceist anseo, agus nuair a phlugáil tú an gléas leictreach lochtach isteach sa soicéad eile, thruipeáil an scoradán ar an soicéad sa chófra, mar tá an dá shoicéad ar an líne chéanna.

Thuig mé láithreach cad a bhí á rá aige, agus sin an fáth ar chinntigh mé go raibh gach soicéad eile a bhí ar eolas agam ag obair i gceart. Ach rinne mé dearmad ar an gceann folaithe sa chófra.

Bhí Laurence tar éis an fhadhb a réiteach taoibh istigh de cúig nóiméad. Chuaigh mé amach leis go dtí a charr.

“Anois, cé mhéad atá le híoc?” a d’fhiafraigh mé de, agus mé ag súil nach nglacfadh sé aon táille, nó b’fhéidir táille ainmniúil mar bhí air cúpla ciliméadar a thiomáint agus cúpla nóiméad a chaitheamh.   

€150,” arsa Laurence. Ní raibh an dara rogha agam ach an t-airgead a thabhairt dó.

Caithfidh mé a rá gur chuir an eachtra déistin orm. Nár bualadh bob orm? Ach is é an rud is measa faoi, gur mé féin ba chiontaí! Faigheann foighne fortacht agus ní raibh a dhóthain foighne agam sa chás seo. Bhuel, sin é an ceacht daor a d’fhoghlaim mé le déanaí, agus tá súil agam nach dtarlóidh a leithéid arís – domsa nó duitse!

.

.

.

.

.

.

.

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Pairceanna na Glas!

Nuair a chonaic tú an teideal ‘Pairceanna na Glas’, b’fhéidir gur rith sé leat go raibh an ceann caillte agam ar fad, agus mé ag fánaíocht thart Meiriceá gan aird ar aon rud agam! Nó b’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gurb é sin an t-ainm atá tugtha ar eastát nua tithíochta sa Daingean i gContae Chiarraí. Ach iontas na n-iontas, cé chomh dona is atá an botún sin, tá níos measa fós ag baint leis an scéal seo. Ach fillfimid ar sin níos déanaí.

.

Níl aon dabht, ach is uafás amach is amach é ‘Pairceanna na Glas’ mar ainm, go háirithe i lár ceantar Gaeltachta. Cad is brí leis? Bhuel, sin í an fhadhb! Meascán mearaí de litreacha gan chiall atá ann, i ndáiríre. Rinne mé obair bleachtaireachta agus ceapaim go bhfuil a fhios agam foinse an uafáis seo! B’fhéidir gur chuimhin leat gur tharla rudaí eile cosúil leis sin ó am go ham san am atá caite. Mar shampla, bhí conspóid mhór ann cúpla bhliain ó shin, mar gheall ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chorcaí! Mhaígh siad nach raibh na hacmhainní acu duine a fháil chun aistriúchán a dhéanamh, agus mar sin gur úsáid siad Google Translate chun é a dhéanamh mar ‘réiteach sealadach’ a chur in áit. Níor ghlac an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill leis an leithscéal, agus d’admhaigh an Chomhairle faoi dheireadh gur réiteach inghlactha a bhí ann, agus gur sháraigh siad a ndualgas leis an gcur chuige sin.

.

Ar aon nós, ag smaoineamh siar ar uafáis eile mar sin, rith sé liom go mb’fhéidir go raibh baint éigin ag Google Translate leis an uafás is déanaí! Mar sin, rinne mé cúpla turgnamh mé féin agus, mar a bhainfeá smeach, bhí an freagra agam. Níl mórán dabht ach gur chuir duine isteach ‘pairceanna na glas’ i Google Translate ar thaobh amháin, agus ansin tháinig na focail ‘Green Parks’ amach ar an taobh eile. Bain triail as mura gcreideann tú é sin! Má tá ceacht amháin ann, is é sin ná: Ná bíodh muinín agat i nGoogle Translate mar níl ann ach sop in áit na scuaibe! Tá ceacht eile ann freisin: Mura bhfuil Gaeilge agat, ná déan rud mar sin sa chéad áit!

.

Ar dtús, ní raibh rún ag Comhairle Contae Chiarraí an t-ainm a athrú. Ach bhí an pobal ar an daoraí faoi le fada, agus nuair a mhol na Comhairleoirí Gaeltachta Breandán Fitzgerald (FF) agus Séamus Cosaí Mac Gearailt (FG) rún éigeandála chun an fhadhb a réiteach, ritheadh an rún. Mar sin, anois tá Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle, Moira Murrell agus Clúid (forbróirí an eastáit) ag obair as lámha a chéile chun an t-ainm a athrú. Dúirt Moira Murrell go mbeadh sí ag obair ar phróiseas chun fadhbanna mar sin a sheachaint as seo amach. Tá an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Pa Daly, ar buile faoin eachtra seo, agus i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí faoin ábhar freisin.

.

Ach conas a d’fhéadfadh rud uafásach mar sin a tharla sa chéad áit? Rinne ailtire an eastáit moltaí mar gheall ar ainm an eastáit, agus roghnaigh Comhairle Contae Chiarraí ‘Pairceanna na Glas’. Tá sé soiléir nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag aon duine a bhfaca an moladh sin, ach in ainneoin sin, glacadh leis gan ceist ar bith. Cá raibh an Gaeilgeoir sa phróiseas? Bhuel, maítear nach bhfuil aon Oifigeach Pleanála Teanga i gContae Chiarraí faoi láthair, agus tá an post le líonadh. D’iarr Comhairleoir Cosaí Fitzgerald ar an gComhairle an post a líonadh. Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé beagáinín trína chéile, mar cheap mé gurb é an Rúiseach, Victor Bayda, an t-oifigeach pleanála teanga in Uíbh Ráthach, agus gurb é John Prendergast an t-oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne – an bhfuil an bheirt acu tar éis éirí as a bpoist le déanaí? Ar aon nós, sin scéal eile le lá eile!

.

Agus céard faoin mBrainse Logainmneacha – ceapaim go mbeidís sásta cabhrú i gcás mar seo, agus tá saineolas cuí acu, gan dabht? Tá sé ríshoiléir nach bhfuair Comhairle Contae Chiarraí a chomhairle.

.

Is é bun agus barr an scéil nár chomhlíon Comhairle Contae Chiarraí a ndualgas ar chor ar bith, agus níl ach leithscéalta acu anois. Cé go ndúirt siad nach dtarlódh a leithéid arís, ní shlogfainn é sin gan chogaint!

.

Gheall mé níos luaithe go n-inseoinn duit faoi bhotún níos measa. Maidir le sé cinn den 20 teach san eastát, is gá Gaeilge a bheith ar chumas na gceannaitheoirí. Is i mBéarla a rinneadh an measúnú sin! Nach bhfuil sé sin níos measa fós ná ‘Pairceanna na Glas’? Is cíoradh do lá eile é sin!

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Agallamh Teilifíse!

De ghnáth, níl suim dá laghad agam i dteaghlach ríoga na Breataine. Ach tá cúpla eisceacht an Banphrionsa Diana agus an Bandiúc Sussex Meghan Markle.  Tá a fhios ag madraí an bhaile cad a tharla i gcás Diana, agus an tslí uafásach ar bhásaigh sí. Tá súil agam i gcás Meghan go mbeidh lá eile ag an bPaorach, ach tá rudaí níos casta di, i slite difriúla!

Nuair a d’fhoghlaimíomar go gcuirfeadh Oprah Winfrey agallamh eisiach ar Meghan, rinne mo bhean chéile agus mé féin cinnte de é a fheiceáil. Bhain an clár sin an púicín dínn, mar thug Meghan rudaí uafásacha chun solais.

Meiriceánach is í Meghan a d’fhás aníos i Hollywood i gCalifornia. Tá cúlra cine measctha aici, mar is bean ghorm í a máthair agus is fear geal é a hathair. Tá Meghan bródúil as a cúlra agus sháraigh sí aon deacrachtaí a d’eascair aníos de dheasca ciníochas. Nuair a bhí sí óg, thugadh sí cuairteanna ar stiúideonna Hollywood go minic, agus chuaigh sé sin go mór i gcion uirthi. Níorbh aon ionadh é, mar sin, gur spreag na cuairteanna sin spéis san aisteoireacht inti. Tar éis na meánscoile, d’fhreastail Meghan ar Ollscoil Northwestern in Illinois, agus rinne sí staidéar ar amharclannaíocht agus léann idirnáisiúnta. Tar éis di a céim a bhaint amach, thosaigh sí ag obair mar aisteoir agus fuair sí páirteanna beaga ar chláir theilifíse agus ar an scannán mór freisin. Chomh maith leis sin, fuair sí obair mar mhainicín ó am go ham. Fuair sí a seans mór sa bhliain 2011 leis an ról a fuair sí mar ‘Rachel Zane’ sa tsraith theilifíse ‘Suits’. Bhí an-rath ar an tsraith sin, agus go tobann bhí clú agus cáil ar Meghan. Bhuail Meghan leis an bPrionsa Harry sa bhliain 2016, ar choinne chéadaithne i Londain, a d’eagair cara léi. Bliain ina dhiaidh sin bhí siad geallta agus phós siad ar an 19 Bealtaine 2018. Bliain ina dhiaidh sin, saolaíodh a mac Archie. Meghan agus Harry ag súil le páiste eile i mbliana.  Tar éis iad a bheith pósta, d’éirigh deacrachtaí móra idir an lánúin nuaphósta agus baill eile den teaghlach ríoga. Diaidh ar ndiaidh, tharraing Harry agus Meghan siar ón teaghlach, agus sa deireadh scar siad amach uathu go hiomlán, agus bhog siad go Ceanada agus ansin go dtí na Stáit Aontaithe, an tír ina bhfuil cónaí orthu anois. Chas siad le Oprah chun ‘an scéal a chur ina cheart’.

Rinne Oprah jab iontach mar agallóir, agus de réir a chéile, bhí sí in ann Meghan a chur ar a suaimhneas agus ag an am céanna, ceisteanna géara a chur uirthi. Ní raibh aon leisce ar Meghan nó ar Harry a ceisteanna a fhreagairt go macánta. Tharla an t-agallamh i Montecito, i gCalifornia, an áit ina bhfuil siad go léir ina gcónaí. B’iontach linn a ionraic a bhí Meghan agus Harry, agus baineadh siar asainn a dhírí a bhí siad freisin. Seo iad na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn.  

1.Pósadh Meghan agus Harry roimh a bainis oifigiúil! Ní raibh ann ach Harry, Meghan agus an tArdeaspag Canterbury!
2.Réitíonn siad go maith le Banríon Éilís II na Ríochta Aontaithe. Bíonn siad i dteagmháil go minic, fiú amháin ar Zoom!
3.Uaireanta, bhíodh Meghan ag smaoineamh ar lámh a ghlacadh ina bás féin. Bhraith sí an-scoilte agus mhaígh sí gur chaith an ‘Firm’ (mórgacht an pháláis) agus an daoscarphreas go dona léi. Nuair a d’iarr sí cabhair ar bhaill an teaghlaigh ríoga, bhí dearcadh neamhbháúil acu, agus ní dhearnadar faic.  
4.Dúirt baill den teaghlach ríoga go rabhadar buartha faoin dath a mbeadh ar chraiceann Archie! Nocht Meghan an fhírinne uafásach sin ar dtús, agus dhearbhaigh Harry é níos déanaí san agallamh. Níor nochtadh dúinn cén duine nó daoine a bhí buartha, ach dúirt Oprah an lá ina dhiaidh sin nach raibh an Bhanríon Éilís II nó an Prionsa Philip i gceist.
5.Mhothaigh Harry go raibh sé i sáinn sa teaghlach ríoga, sa chóras sin, i gcónaí. In January 2020, d’fhógair siad nach mbeidís mar bhaill shinsearacha sa teaghlach ríoga níos mó, agus mhínigh Harry nach raibh sé i gceist aige ligean don rud céanna a tharla dá mháthair tarlú an athuair.

Tar éis an tsaoil, nach bhfuil a fhios againn go léir faoin stair fhada atá ag an teaghlach ríoga sin ag déanamh leithcheala ar beagnach gach duine eile ar an domhan. What goes around comes around!

.

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Mo Náire Thú ‘Wall Street Journal’!

Agus muid i lár mí Idirnáisiúnta na mBan, seo scéal a thaispeánann go soiléir nach bhfuil an cultúr frithbhanda marbh fós.

Ní thabharfainn Dochtúir ort, Jill Biden!

Bhí conspóid fhíochmhar i measc an phobail tar éis fhoilsiú ailt sa ‘Wall Street Journal’ scríofa ag a cholúnaí tuairimíochta, Joseph Epstein, le déanaí. Sa cholún uafásach seo, mhol sé do Dr. Jill Biden fáil réidh leis an teideal Dochtúir. Thug sé féin ‘kiddo’ uirthi gan cuireadh ná iarraidh! Lean sé ar aghaidh ag maíomh gur téarma speisialta é dochtúir a bhaineann ach amháin le dochtúir leighis. Ansin, chaith Epstein drochmheas ar an gcéim dochtúra féin. Ní cáilíocht luachmhar é a thuilleadh, a scríobh sé, mar tá sé éasca céim dochtúra a fháil sa lá atá inniu ann. Ní gá staidéar ar chor ar bith uaireanta, mar bíonn na hollscoileanna ag tabhairt amach céimeanna dochtúra do dhaoine cáiliúla go minic. Chríochnaigh Epstein a cholún mar seo:

“Déan dearmad ar an sásamh beag a fhaigheann tú mar Dr. Jill Biden, agus glac leis an sásamh mór a gheobhaidh tú nuair a bheidh tú i do chónaí sa tithíocht phoiblí is fearr ar an domhan, mar Chéadbhean na Stát Aontaithe.”

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mé cinnte go baileach cá dtosóidh mé, mar níl insint ar chomh holc is a bhí an t-alt seo. Ach lig dom triail a bhaint as!

Sula dtosaím i gceart, tá réamhrá beag agam. Chonaic mé a lán daoine ag argóint ar an idirlíon faoin alt seo, ach i mo thuairim níor léir dóibh an chloch ón gcarraig. Bhí siad tógtha go hiomlán ar an mbrí atá ag baint le ‘dochtúir’ agus go háirithe cé acu ar cheart dóibh an teideal ‘dochtúir’ a úsáid ina n-ainm. Cúis bhréige an argóint sin a úsáideann an t-údar chun a theachtaireacht leithchealach a chur in iúl go cáiréiseach. I ndáiríre, níl aon bhaint leis an teideal ‘dochtúir’ agus céard atá á rá ag Joseph Epstein.

Freagraí na mBan!

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an ráiteas a d’eisigh Michelle Obama mar fhreagra don alt, nuair a scríobh sí:

“I láthair na huaire, feicimid cad a tharlaíonn do mhná gairmiúla, is cuma a dteideal: Dochtúir, Bean nó fiú amháin Céadbhean – go rómhinic ceap magaidh atá iontu. Caitheann daoine amhras ar a ngaiscí proifisiúnta, daoine a roghnaíonn magadh in ionad meas. Ach greamaíonn a bhfocal agus, tar éis na mblianta fada ag obair, bíonn orainn ár gcumas a chruthú arís is arís. An é seo an sampla ar mhaith linn a thabhairt do na páistí?”

.

Tugann an Dochtúir Biden dea-shampla iontach dúinn agus beidh sí mar eiseamláir den scoth, ní hamháin do chailíní ach dúinn go léir, ag caitheamh a héachtaí go grástúil, i ndea-ghiúmar agus go bródúil. D’eisigh an Dochtúir Biden a ráiteas féin a bhí lán dínite, nuair a sheol sí an ghiolc seo ar Twitter: “Le chéile, tógfaimid domhan ina gceiliúrfar éachtaí ár n-iníonacha, seachas iad a laghdú.”

Agus cén iarchéim a bhfuil agat féin?

Bhí baint ag Joseph Epstein le hollscoil ‘Northwestern University’, áit ar oibríodh sé mar léachtóir ar cuairt. Níor thacaigh an ollscoil le tuairim Epstein ar chor ar bith, and thóg siad síos aon tagairt dó a bhí ar a suíomh. D’fhoilsigh an ollscoil an ráiteas seo freisin: “Ní aontaímid le tuairim an Uasail Epstein agus creidimid go bhfuil an teideal ‘Dochtúir’ tuillte go maith ag aon duine a bhfuil Ph.D., Ed.D. nó MD aige/aici.”

I mo thuairim, bhí frithfhreagairt fheargach tuillte ag Epstein, agus cé gur athneartaíodh cuid de mo dhóchas as an gcine daonna – ní raibh mé go hiomlán sásta. Cén fáth?

Bhuel, bhí sé soiléir go raibh an ‘Wall Street Journal’ ag seasamh an fhóid, nuair a scríobh a eagarthóir Paul Gigot: “Níl aon rud chomh maith chun srian a chur ar an gcáineadh ná cárta an chine nó cárta na hinscne a imirt.” Bhuel, ní ionadh mór a sheasamh láidir i leith na ceiste seo – ní foláir a chuimhneamh nach nuachtán beannaithe é an ‘WSJ’ níos mó – nuachtán tablóideach na heite deise atá ann ón am ar cheannaigh Rupert Murdoch agus News Corp. é sa bhliain 2007.

Mar fhocal scoir – nach cruálach íorónta mar scéal é nár bhain Joseph Epstein féin iarchéim amach riamh ach gur údarás é ar an ábhar céanna!

.

.

  

.

en_USEnglish