Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Mar is eol duit, thug Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump, ‘Víreas na Síne’ mar ainm ar an gCoróinvíreas ar dtús. Stad sé an cleachtadh sin tar éis glao gutháin le hUachtarán na Síne, Xi Jinping. Tá cumhacht speisialta ag focail, go háirithe na focail a úsáideann Uachtarán na Stáit Aontaithe i lár géarchéime mar seo. Ba cheart don ár gceannairí sampla a thabhairt dúinn go léir maidir leis an mbealach is fearr déileáil leis. Caithfimid go léir a bheith go dubh i gcoinne an chiníochais an t-am ar fad.  Ach is cúis díomá é go méadaíonn an ciníochas aon uair a tharlaíonn pandéim.

Le déanaí, rinneadh ionsaí danartha i Londain ar Jonathan Mok, mac léinn ó Singeapór. Gabhadh beirt dhéagóirí as an tromionsaí. Dar le Jonathan, bhí fearg ar a ionsaitheoirí agus dúirt ceann acu leis “Ní theastaíonn uaim do Choróinvíreas a bheith inár dtír.”

Meascann an tseineafóibe sin le polaitíocht freisin, agus tá tú in ann é sin a fheiceáil san Eoraip in iompar náireach páirtithe na heite deise. San Iodáil, chuir Matteo Salvini (ceannaire páirtí na heite deise darb ainm ‘Lega Nord’) an milleán ar lucht iarrtha tearmainn ón Afraic, ag rá gur thug siad an Coróinvíreas isteach sa tír, agus ag moladh a dteorainneacha a dhúnadh chun iad a choimeád lasmuigh den tír. Bhí sé mícheart an milleán a chur ar na daoine bochta sin agus níl aon fhianaise ann a thacódh leis an áitiú sin. Anois, tá teorainneacha dúnta ag beagnach gach tír, ach ní dhearnadar an cinneadh sin ar chúis chiníochais, ach chun scaipeadh an víris a mhoilliú.

Is é an príomhrud anseo ná go bhfuil dualgas orainn go léir ní amháin an víreas fisiciúil a troideadh, ach an víreas intinne a thagann leis a troideadh freisin.  Is é an téarma a úsáideann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ar an víreas intinne seo ná ‘Stiogma’, a tharlaíonn nuair a chreidtear nach bhfuil duine nó grúpa daoine chomh maith leat féin.  I gcónaí, eascraíonn leithcheal as an dearcadh sin, nuair a bhíonn deis ann. Ní mór dúinn bheith i gcónaí ar ár n-aire ar mhéadú an leithcheala sin, go háirithe in amanna mar seo nuair atá géarchéim ar siúl.

Dúirt Ardstiúrthóir an EDS é seo faoi: “Déanta na fírinne, tá Stiogma níos contúirtí ná an (Coróin)víreas féin!”  Nach bhfuil an ceart aige agus nach trua mhór é nach bhfuil muid in ann deireadh a chur leis an víreas intinne sin, an Stiogma!

Ba cheart go bhféadaimis mar Éireannaigh, an Stiogma seo agus a iarmhairtí tubaisteacha a thuiscint níos éasca, mar bhíomar féin in áit na leathphingine ní rófhada ó shin. Tá scéal beag ábhartha agam chun é sin a chur i gcuimhne dúinn.

.

Rugadh agus tógadh Máire Ní Mhealláin i gCorr Chríochach, i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1869. Chuaigh sí go Nua Eabhrac i 1883. Fuair sí obair mar chailín aimsire, agus níos déanaí mar chócaire.  Bhí seacht bpost aici mar chócaire thar thréimhse seacht mbliana. Sa phost deireanach, fuair seisear duine bás ó fhiabhras tíofóideach, agus d’fhostaigh an teaghlach imscrúdaitheoir eipidéimeolaíochta chun a dhéanamh amach céard a bhí ar siúl. Nuair a d’fhiosraigh an t-imscrúdaitheoir an scéal, fuair sé amach gur fhág Máire léirscrios tíofóidigh ina diaidh, i ngach áit ar oibrigh sí mar chócaire. B’éigean di tástáil a dhéanamh, agus fuarthas toradh deimhneach le haghaidh tíofóideach.

Coimeádadh ar leithlis í ansin ar feadh dhá bhliain ach tar éis í a bheith ag obair mar chócaire arís, fuair daoine eile an galar uaithi. Cuireadh ar ais ar leithlis í an chuid eile dá saol (23 bliana).

Cé gur aimsíodh na mílte iompróirí sláintiúil tar éis sin, ní bhfuair aon duine eile droch-cháil cosúil le Máire, agus níor choimeádadh ar leithlis aon duine eile in éadan a thola.

Cén fáth nach bhfuair Máire cothrom na Féinne? Stiogma – Bean bhocht Chaitliceach as Éirinn a bhí inti, agus ag an am sin i Meiriceá, sin ceithre stiogma!   Nuair a tháinig sé amach gur scaip sí an tíofóideach, tháinig an leithcheal amach ansin! Chuir an ‘Journal of the American Medical Association’ an tarcaisne i gceann na héagóra, nuair a thug siad an ‘leasainm ‘Typhoid Mary’ uirthi!

Scéal forálach é seo dúinn go léir go gcaithfimid troid in aghaidh galair uafásaigh an leithcheala i gcónaí, go háirithe nuair a bhíonn rudaí bunoscionn.  Táimid ag déanamh go maith in Éirinn óna thaobh sin de agus ag tabhairt sampla maith do thíortha eile. Ba cheart dúinn go léir a bheith bródúil as sin!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Faoi choinneáil sa Bhaile!

Mar shaoránaigh fhreagracha, ag cloí go dílis le comhairle na Roinne Sláinte maidir le COVID-19, tá orainn go léir idirghníomhaíocht shóisialta a laghdú agus achar 2m a choinneáil idir muid féin agus daoine eile. Mar ainmhithe sóisialta, tá sé beagnach dodhéanta é sin a dhéanamh, go háirithe le tréimhse bhreisithe ama. Ach níl an dara rogha againn, mar más olc maoil is measa mullóg, mar a déarfá. Cén fáth na dianshrianta sin? Bhuel, táimid ag iarraidh chuar an víris a chothromú dar leis na saineolaithe atá ag tabhairt comhairle dúinn faoin gCoróinvíreas. Agus cad is brí leis an gcothromú sin, an ea? Is é atá i gceist anseo ná scaipeadh an víreas a mhoilliú, agus sa tslí sin an méid daoine infhabhtaithe leis an víreas a laghdú.  Go hidéalach, bheadh na seirbhísí sláinte phoiblí in ann déileáil le buaicráta daoine ionfhabhtaithe leis an víreas. Mar níl aon vacsaín le fáil i láthair na huaire, is é an t-aon bhealach é sin a dhéanamh ná idirghníomhaíocht shóisialta a laghdú. Caithfimid comhairle na Roinne Sláinte a dhéanamh, ní amháin dúinn féin, ach do gach duine sa tír.  Tá an dualgas poiblí sin orainn, gan dabht.

Athruithe suntasacha atá ann, agus níl sé éasca dul i dtaithí ar na cúinsí nua seo. Bímid gafa taobh istigh i rith an lae, agus tá baol ann go rachaimid as ár meabhair! Má tá tú in ann obair ón mbaile, b’fhéidir nach bhfuil an fhadhb sin agat, ach céard faoin gcuid eile againn – cad is féidir linn a dhéanamh agus muid sáinnithe sa teach ó dhubh go dubh?

Ná caill do mhisneach – tá scata rudaí le déanamh! Mar briseadh beag ón ngruaim ar fad, seo liosta beag a chuir mé le chéile ar mhaithe leis an gcraic, ach déanta na fírinne tá sé níos úsáidí dom ná mar a shamhlaigh mé!

.

10 moladh do gach duine sáinnithe sa bhaile:

1.Scríobh mé cúpla alt le déanaí ag cur i láthair na n-acmhainní flúirseacha atá ar an idirlíon ó thaobh na Gaeilge de.  Seo do sheans chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Bain triail as cúpla smaoineamh ar scríobh mé fúthu cheana agus ná bí faiteach!
2.Freastail ar rang cócaireachta ar an ríomhaire. Tá na bialanna dúnta, agus beidh tú in ann béilí blasta a réiteach duit féin agus do theaghlach!
3.Tá na hionaid aclaíochta go léir dúnta. B’fhéidir go bhfuil trealamh aclaíochta ina luí thart ag bailiú dusta. Níl am níos fearr ná anois lena thriail, nach ea?
4.Is féidir leat coinneáil i dteagmháil le do theaghlach agus cairde ó chian, ag úsáid do ríomhaire nó d’fhón póca. Tá sé éasca go leor cruinniú físchomhdhála a bheith agat le grúpa daoine, agus an chraic a bheith agaibh! Tá go leor aipeanna ar fáil chun é seo a dhéanamh: Skype, Facetime, Hangouts, Marco Polo, Houseparty san áireamh.
5.Cé nach bhfuil na pictiúrlanna oscailte, má tá Netflix nó a mhacasamhail agat, tá rogha mhór scannán agat le feiceáil. Má tá tú mearaithe ar fad leis an méid scannán atá ann, bain úsáid as liosta ar www.imdb.com, mar shampla tá an liosta ‘Na 100 scannán is fearr riamh’ go hiontach.
6.Má bhaineann tú taitneamh as léitheoireacht mar chaitheamh aimsire, is am maith é leabhar a léamh. B’fhéidir go raibh sé ar tí agat leabhar áirithe a léamh – ar aghaidh leat! Agus mura bhfuil sé agat cheana féin, b’fhéidir go bhfuil sé ar fáil ón idirlíon mar ríomhleabhar nó closleabhar! Leabhar Gaeilge atá i gceist anseo – nach ea?
7.B’fhéidir gurb é rún do chroí bheith i do scríbhneoir. Seo do sheans an t-úrscéal, an gearrscéal nó an dán atá ionat a scríobh! Tá a lán tacaíocht agus fiú amháin ranganna ar an idirlíon freisin. Níl aon leithscéal agat!
8.Tá uirlis cheoil i do gharáiste, is dócha, nár sheinm tú air le fada. Faigh é, glan é agus déan tús leis. Géillim duit go bhfuil ranganna iontacha ar www.youtube.com!
9.Le linn an ama dhéin seo, cén fáth nach bhfreastalófá ar chúrsa machnamhach. Faigh aip cosúil le Insight Timer nó Headspace, agus ar aghaidh leat!
10.Mura maith leat ceann ar bith de na moltaí thuasluaite, ná bíodh imní ort, mar choinnigh mé an moladh is fearr go dtí an deireadh. Nach bhfuil sé in am glantachán earraigh a dhéanamh!

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Baile Átha Cliath – Ionad Nuálaíochta!

Bhí mé faoi gheasa le déanaí agus alt sa ‘Dublin Inquirer’ á léamh agam. Chláraigh mé lena nuachtlitir sheachtainiúil a fháil, mar is maith liom cos a choinneáil suas le nuacht áitiúil na cathrach. Chaith mé timpeall dhá bhliain déag i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, agus is as Baile Átha Cliath mo bhean chéile freisin.  Mar sin, tá nasc againn leis an gcathair, agus is deas an rud é a bheith in ann nuacht áitiúil na cathrach a léamh gach seachtain.

Tá athruithe móra tagtha ar Bhaile Átha Cliath ó bhíomar inár gcónaí ann. Tá a fhios ag madraí an bhaile faoin fhorbraíocht tráchtála agus tithíochta a tharla sa chathair thar na blianta, agus cé chomh costasach agus atá árasán a fháil ar cíos ann. Tá a fhios againn freisin gur saghas creidimh is ea an pheil Ghaelach i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann, agus tá sé sin an-soiléir tar éis na ‘Dub’s’ an Corn Sam Mhic Uidhir a bhuachan cúig uaire i ndiaidh a chéile.

Ach an bhfuil a fhios agat go bhfuil an Ghaeilge tar éis láidriú i mBaile Átha Cliath le himeacht ama?  Ionad nuálochta atá ann ó thaobh na teanga labhartha de, go háirithe lasmuigh den seomra ranga.  

Lig dom cúpla sampla a lua anseo, agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an t-alt thuasluaite mar chuid den phlé sin.

.

Na Gaeil Óga, CLG

Is cumann lán-Ghaeilge Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010.  Cé gurb as Baile Átha Cliath go leor de bhaill an chumainn, tá roinnt mhaith as gach cuid eile den tír chomh maith, na Gaeltachtaí san áireamh. Bhí imreoirí as tíortha eile ag imirt leo ó am go ham freisin.

Tá físeán iontach ar youtube.com (cuardaigh ar ‘Dub Club Chronicles Na Gaeil Óga’). Maítear ag deireadh an fhíseáin go bhfuil dhá fhoireann is fiche acu agus dhá chéad, tríocha is a haon ball fásta ann anois.

.

PopUpGaeltacht

“Is coincheap foinse-oscailte (open source) í #PopUpGaeltacht ina roghnaítear teach tábhairne uair sa mhí agus bailíonn Gaeil ann. Chun ól, like.” Sin an chéad rud a fheiceann tú nuair a théann tú go dtí https://www.facebook.com/popupgaeltacht/.

Thosaigh PopUpGaeltachtaí den chéad uair ag deireadh 2016 i mBaile Átha Cliath. Ba iad Peadar Ó’Caomhánaigh agus Osgur Ó’Ciardha comhbhunaitheoirí na gluaiseachta seo, nuair a d’aithin siad nach raibh ionad neamhfhoirmeálta acu chun casadh le Gaeilgeoirí eile.

Mar a dúirt Peadar faoin gcoincheap seo: “An aidhm atá againn ná muintir na teanga i mBaile Átha Cliath, ar an gcéad dul síos i mBaile Átha Cliath ar aon nós, a chruinniú le chéile áit éigin traidisiúnta dos na Gaeil oíche amháin…”

D’éirigh siad chomh maith leis an chéad PopUp i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath gur scaip PopUpGaeltachtaí mar a bheadh falscaí ar an gcnoc! Anois bíonn PopUpGaeltachtaí ní amháin i mBaile Átha Cliath, ach ar fud na tíre agus ar fud an domhain féin!

.

Cnocadóirí

Nach smaoineamh iontach é a bheith amuigh faoin spéir ar shiúlóid sna sléibhte le grúpa daoine agus sibh go léir ag caint Gaeilge le chéile!

Sin é cuspóir Na Cnocadóirí, a bunaíodh i 2003 chun gníomhaíochtaí cnocadóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn.   Is í an Ghaeilge teanga labhartha an Chlub. Cuireann siad fáilte roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt.  Tá tú in ann tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh www.cnocadóirí.com.

.

Siúlóid Sheachtainiúil timpeall Baile Átha Cliath, as Gaeilge!

Tharraing an teideal sin sa ‘Dublin Inquirer m’aird chomh luath agus a chonaic mé é.   grúpa ann le blianta fada Let’s Walk and Talk as Gaeilge’ a thugann siad orthu féin, agus gach seachtain siúlann siad ar chuairt go láithreacha suimiúla ar fud na cathrach, ag caint Gaeilge an t-am go léir. Go minic, ag deireadh na siúlóide, bíonn Paidí Mhic Éil ag fanacht agus cóipeanna den iris ‘An Taobh Ó Thuaidh ina mhála aige iris Ghaeilge atá foilsithe aige. Iris iontach is ea é, ach sin scéal eile do lá eile!

Nach bhfuil sé soiléir anois go bhfuil staid na Gaeilge bríomhar agus fuinniúil sa phríomhchathair, agus nach comhartha dóchais é sin go bhfuil todhchaí gheal ag ár dteanga?  

Diúltói:cuir é sin faoi do cheann agus codail air!

  

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Mo Mháthair!

Ceann de mo chuimhní is glinne ó m’óige ná mise i mo shuí ar ghlúin mo mháthair, agus í ag léamh dom ó stiallchartún i gceann de na hirisí do mhná a bhíodh an-tóir orthu sna seascaidí. Bhí loinnir an áthais orm mar ní raibh aon rud níos fearr ná aird mo mháthair.  Is dócha go bhfuil sé mar sin do beagnach gach naíonán ámharach, agus maireann an grá sin eadraibh go deo!  

Le linn mo shaol go léir, chuir mo mháthair brú orm a bheith uaillmhianach maidir le mo chuid spriocanna. Níor mhaith liom í a ligean síos, agus mar sin d’oibrigh mé go dian chun iad a bhaint amach.  Thug focail mo mháthair misneach dom, agus de ghnáth bhain mé mo mhian amach. Fiú amháin nuair a bhí mé fásta agus ag obair, mheabhraigh mo mháthair dom na héachtaí a bhí le déanamh fós. Ní raibh mé in ann dearmad a dhéanamh orthu nó a bheith leisciúil fúthu!  Bhí sé níos éasca mo spriocanna a bhaint amach, agus sin díreach cad a tharla! Caithfidh mé buíochas a ghabháil do mo mháthair don tacaíocht dhílis a thug sí dom i gcónaí.

Bhí triúr páistí inár dteaghlach, agus bhí cúraimí teaghlaigh ar mo mháthair. Bhí sí gafa le hobair an tí an lá ar fad, bliain i ndiaidh bliana. Obair chrua fhisiciúil a bhí ann ag an am sin, mar ní raibh a lán meaisíní ann chun cabhrú a thabhairt duit.

Ba ghnaíúil an mhaise di an obair sin a dhéanamh, go háirithe nuair a fhaigheann tú amach go raibh a lán fadhbanna sláinte ag mo mháthair i rith a saoil.  Is í an fhadhb shláinte ba thromchúisí ar fad a tharla di ná ailse chíche.  Tháinig an ailse sin uirthi trí huaire, agus ní raibh sí ach ina caogaidí an chéad uair!

Ar an drochuair, tá ailse uirthi anois nach féidir a leigheas, agus tá sí faoi chúram maolaitheach agus ag tógáil cógas, pianmhúcháin láidre san áireamh. Níl lúth na gcos aici agus tá sí ag brath go hiomlán ar na haltraí agus na cúramóirí sa teach altranais ina bhfuil sí ina cónaí anois. B’éigean di a saol a chaitheamh mar sin gan a neamhspleáchas, agus ní rud éasca é cur suas leis sin. Ach léiríonn sí misneach iontach in aghaidh na hanachana agus iompraíonn sí í féin le dínit shéimh. Tá sé sin dochreidte nuair a smaoiníonn tú ar na heachtraí eile a tharla le déanaí.

Fuair a fear céile, Peadar, bás ag deireadh 2019, tar éis iad a bheith pósta le 64 bliain. Thit siad i ngrá le chéile chomh luath agus a leag siad súil ar a chéile, agus ní raibh mo mháthair ach déagóir ag an am. Ní aon ionadh é mar sin go mbraitheann uaithi go mór é, agus bhí sé an-deacair a bheith ina aonar tar éis iad a bheith le chéile chomh fada sin.

Ar shlí éigin, lean mo mháthair Pádraicín ar aghaidh go misniúil. Bhí a páistí in ann cuairteanna rialta a thabhairt di, agus chuidigh na cuairteanna sin go mór.  Thosaigh sí ag cur in oiriúint don réalachas míthaitneamhach nua nuair a tharla drochrud eile fós!

Ansin tháinig géarchéim an choróinvíris, agus bhí ar an teach altranais rialacha dochta a chur i bhfeidhm. Tá baol ard ón víreas do na hothair atá ina gcónaí ann, mar tá an chuid is mó dóibh aosta agus le galar díblithe orthu freisin. Níl cead ag aon duine teacht ar cuairt go dtí an teach altranais fad is atá contúirt mhór ag baint leis an víreas. Bímid i dteagmháil lenár máthair ar an bhfón gach lá, ach níl sé mar an gcéanna.  In ainneoin gach rud, tá dearcadh dearfach fós ag an bhean iontach seo!

Tréimhse aisteach í seo, leis an choróinvíreas, agus srianta dian orainn go léir. Ach cé chomh dona is atá rudaí dúinn, tá siad i bhfad níos measa do mo mháthair agus do dhaoine eile cosúil léi. Nuair a bhímid ag déanamh trua dúinn féin, caithfimid smaoineamh ar na daoine ina gcónaí i dtithe altranais ar fud na tíre, atá i gcontúirt mhór ón gcoróinvíreas, agus iad scartha amach óna dteaghlaigh agus óna gcairde go ceann i bhfad.

Do mo mháthair agus do gach duine i dteach altranais ag an am seo – tá sibh inár smaointe agus ár bpaidreacha ag an am deacair seo!

.

.

.

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Síceolaíocht agus an Choróinvíreas!

Níl aon easpa nuachta le déanaí! Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil an choróinvíreas ar bharr an liosta, i mbeagnach gach tír ar domhan. In Éirinn, tá timpeall daichead cás den víreas aimsithe agus é seo á scríobh. Tuairiscítear, áfach, go mbeidh na céadta cás eile ann istigh de choicís.  Tá srianta ar chuairteoirí i bhfeidhm i sé ospidéal agus tá cuid den champas dúnta ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, mar réamhchúrama agus mar iarracht bac a chur ar leathadh an víris.  Dá rachadh an scéal in olcas bheadh dualgas ar an Rialtas gnóthaí agus scoileanna a ndúnadh, agus ócáidí poiblí a gcur ar ceal.  Níl aon dabht ach go mbeidh ábhar na víris mar bhun agus barr na nuachta agus beidh an dúrud nuachta ar fáil faoi go ceann tamaill. Mar sin, níl mé chun béim a chur ar an víreas féin san alt seo, ach ar an eagla a thagann in éineacht leis.

.

Nuair a léigh tú an t-alt thuas, ar tháinig beagán líonrith ort? Tháinig is dócha, agus ní rud neamhghnách é sin. Ach ar an drochuair, ní chuidíonn sé seo, beag ná mór.  Téimid thar fóir agus nílimid in ann smaoineamh go réasúnta. Ach cén fáth a dtarlaíonn sé seo?

Rinneadh taighde síceolaíochta ceannródaíoch sna seachtóidí, le beirt eolaithe shóisialta, Amos Tversky agus Daniel Kahneman. Fuair siad amach go bhfuil lochtanna nádúrtha orainn nuair a dhéanaimid breithiúnais nó tuar – ‘claonadh cognaíoch’ a bhaist siad ar an bhfeiniméan seo, agus tá go leor saghsanna ann. Bronnadh Duais Nobel na heacnamaíochta sa bhliain 2002 ar Kahneman don obair a rinne an bheirt acu. Scríobh Kahneman leabhar iontach darb ainm ‘Thinking, Fast and Slow’, agus molaim go hard é. Gan dabht, foghlaimeoidh tú rudaí fút féin sa leabhar seo nach raibh ar eolas agat – geallaim duit é!  Ar aon nós, cuirfidh mé béim anseo ar chúpla claonadh cognaíoch a bhfuil baint dhíreach acu le freagairt an phobail don víreas seo.

.

Claonadh 1: An rud atá níos éasca a shamhlú, ceaptar go bhfuil sé níos dóichí a tharlú.

An bhfaca tú an scannán ‘Jaws’ riamh? Cheapfá tar éis é a fheiceáil go mbeadh sé dainséarach dul isteach san fharraige! Ach níl ach seans beag bídeach go maródh siorc thú. Is mó seans go bhfaighfeá bás ó splanc thintrí! Ach bíonn faitíos gan bunús orainn go léir roimh shiorcanna!

Tá sé mar sin le víreas nua freisin – tá sé éasca ár dtinneas uafásach a shamhlú, agus cuireann sé sin scaoil ionainn.

.

Claonadh 2: Ní féidir brath ar iomas i gcónaí – déan na háirimh!

Cabhraíonn ár n-iomas linn breithiúnais a dhéanamh go tapa, ach déantar botúin minic go leor, go háirithe nuair a bhíonn an mhatamaitic i gceist. Seo ceist a bheartaigh Kahneman chun an laige sin a léiriú: Cosnaíonn slacán daorchluiche agus liathróid daorchluiche €1.10 le chéile. Cosnaíonn an slacán €1.00 níos mó ná an liathróid.  Cén méid a chosnaíonn an liathróid?

Má fuair tú an freagra go tapa, seans mór nach bhfuil sé ceart, agus ba chóir duit do chuid freagra a sheiceáil, go háirithe an difríocht idir costas na liathróide agus costas an tslacáin!  

Ag an am seo, níl seans mór go mbeifeá ionfhabhtaithe leis an víreas (1/75,000) agus fiú dá mbeadh, bheadh seans an-mhaith ( timpeall 85/100 (daoine aosta/tinn) – 97/100) agat téarnamh.  Gan dabht, rachaidh na huimhreacha sin in olcas, ach mar sin féin beidh seans an-mhaith agat!

.

Claonadh 3: Seachain ‘Troid nó teitheadh’.

Uair amháin, bhíomar ar ár bhfaichill ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus theithimis ar an chéad chomhartha contúirte. Cé go raibh an claonadh nádúrtha sin an-úsáideach uair amháin, sa lá atá inniu ann, cuireann sé an-imní orainn nuair nach gá é.    

Ansin, ní féidir linn smaoineamh ar aon rud eile ach an víreas, agus tugann sé sin drocham dúinn go léir. Uaireanta bímid chomh buartha sin go ndéanaimid dearmad ar na rudaí is fearr dúinn a dhéanamh chun na rioscaí víris a laghdú.

Seo na cinn is tábhachtaí: Déan iarracht mhór guaim a choinnigh ort féin (tá súil agam go gcabhróidh an t-alt seo leis sin); nigh do lámha i gceart; ná leag do lámha ar d’aghaidh agus ná bí i dteagmháil le daoine eile go fisiciúil nuair nach gá é (mar shampla ag croitheadh lámh le daoine).

.

en_USEnglish