Greta Thunberg !

Greta Thunberg !

Nuair a bhí ár dtír níos boichte i bhfad, roimh ré an fhóin cliste, ní saol gan locht a bhí againn. Ag an am sin, cheapamar dá mbeadh an tír níos saibhre, go réiteofaí ár gcuid fadhbanna. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus i mbun flúirse an Tíogair Cheiltigh agus arís sa lá atá inniu ann, cuireadh an mhíthuiscint sin ina ceart, agus fuaireamar amach nach raibh chomh simplí is a cheaptar.

Is é céard a tharla ná gur mhalartaíomar sraith amháin fadhbanna ar shraith eile! Sa domhan thiar, déanann gach tír iarracht a eacnamaíocht a neartú, mar is tuairim é a bhfuil glacadh forleathan leis. Ach tá fadhb mhór le fás eacnamaíoch gan srian! De ghnáth, is é an rud is tábhachtaí do chomhlachtaí uasmhéadú brabúis. Agus má thagann cuid den bhrabús sin le dochar a dhéanamh do leas an phobaildon phláiad, bíodh sé mar sin!  Nuair nach bhfuil an córas rialála láidir go leor, bíonn borradh eacnamaíoch ar feadh tamaill. Ach chomh cinnte is atá grian sa spéir, bíonn géarchéim eacnamaíochta ina dhiaidh. Ar an lámh eile, má bhíonn an córas rialála róláidir, bhíonn na comhlachtaí náisiúnta in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí i dtíortha eile nach bhfuil faoi shrianta chomh láidir.

Inniu, díreoidh mé an spotsolas ar an dochar millteanach a dhéanann a lán comhlachtaí don timpeallacht. Cuireann an dochar sin go mór isteach ar dhaoine, go minic ar fud an domhain!  Fadhb mhór is ea ár rósplchas ar bhreoslaí iontaise. Aithníodh tamaill ó shin gurbh é ba chúis le go leor den truailliú aeir agus den téamh domhanda freisin.

Sna tíortha saibhre, go háirithe, de chúram morálta orainn an chine dhaonna agus an timpeallacht a chaomhnú, cé gur athchiontóirí go leor againn!

Ní mór dúinn go léir bealach a fháil chun na cleachtaí éillithigh mar sin a laghdú roimh dhíothú an phláinéid agus an chine dhaonna féin. Tá sé an-tábhachtach a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, ionas go mbeimid in ann brú a chur ar gach Rialtas na hathruithe molta a dhéanamh. Tá sé an-tábhachtach, freisin, ár n-airgead a chaitheamh go freagrach chun drochchleachtaí a laghdú agus dea-chleachtaí a mhéadú ó thaobh an mhaitheas de.

Faraor, cuireann tíortha saibhre, Éire san áireamh, leis na fadhbanna sin, in ionad iad a réiteach. B’fhéidir gur thosaigh casadh na taoide mar sin féin, i gcás daoine óige, go háirithe. Féach ar an difríocht atá á dhéanamh ag an Suallanach Greta Thunberg. Níl sí ach sé bliana déag d’aois, ach tá aithne ag beagnach gach duine uirthi, agus tá go leor lucht leanúna aici ar fud an domhain. Tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí polaitíochta domhanda, agus spreagann sí a lán daoine eile agus go háirithe daoine óga, seasamh docht a ghlacadh ar chaomhnú na timpeallachta. Thosaigh sí gluaiseacht gnáthdhaoine óga atá cumhachtach ar an stáitse domhanda. Dá bhrí sin, bíonn daoine óga an-ghnóthach. Mar shampla, eagraíonn siad léirsithe sráide idirnáisiúnta go minic, ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar rialtais ar fud an domhain na fadhbanna timpeallachta a réiteach cé chomh tapa agus is féidir leo, sula mbeidh sé ródhéanach.  Tá an ceart acu, mar níl sé ceart todhchaí an phláinéid a chur i ngeall, chun pócaí daoine saibhre a líonadh le hairgead anois. Is drochmhargadh é sin don phláinéad agus do gach duine a mhaireann air, agus go háirithe do na daoine óga, mar tá an téamh domhanda ag éirí níos measa gach nóiméad!

Íomhá íocónach an ré seo ná Greta Thunberg ag stánadh ar Trump agus an bheirt acu ag freastal ar chruinniú na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac le déanaí. Dúirt sí ag an gcruinniú, ag caint dhíreach go dtí na ceannairí:

“Ghoid sibh ár naislingí agus ár n-óige dúinn leis na focail fholmha atá le rá agaibh! súile na nglún atá ag teacht ag féachaint oraibh anois, agus má roghnaíonn sibh theip orainn, ní mhaithfidh muid go deo é! Ní ligfimid é sin libh! Anois díreach, anseo díreach tá na sceana géaraithe!

Is mór an t-ugach é go bhfuil an-ghean ag daoine óga ar an timpeallacht dhomhanda, agus go bhfuil siad ar iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi!

Is comhartha dóchais é sin, go deimhin!

.

Greta Thunberg !

Bóithrín na Smaointe – Cuid 2

Turf  too !

Agus, céard faoi bhaint na móna? Ba é an scéal diabhalta céanna arís é. Fear an tí fhéin ag baint na móna leis an sleán, agus fear eile, nó tuilleadh fiú, ag teacht ina dhiaidh, agus iad ag scaradh na móna le píce, nó uaireannta bhíodh gá le barra rotha, leis an móin a iompar amach ón bportach fhéin, go dtí an áit ina ndéantaí an mhóin sin a scaradh, agus dár ndóigh, ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí an t-uafás eile oibre le déanamh, sula mbeadh an mhóin chéanna sin sa chruach mhóna a thógtaí, taobh leis an teach, le teas a choinneáil leis an líon tí, go dtí an tráth sin, an bhliain dár gcionn.

Ní raibh os comhair an fheirmeora bhig, agus a chlann, an tráth úd, ach obair chrua, anró, agus cruatan, ó cheann ceann na bliana, seal ag cur, agus seal ag baint, ach ag an am gcéanna, caithfear a rá gur bheag duine a bhíodh ag tarraingt ar theach an dochtúra, ar bhonn rialta, sna laethe úd, agus dár ndóigh, ní bhíodh éinne ag smaoineamh ar dhul chuig síciatraí, síceolaí, nó chuig beithíoch ar bith eile dá leithéid. Ná habair liom anois nach mbeadh a ndóthain gustail acu, le beadaíocht dá leithéid a chur ar fáil dóibh fhéin, nó dá mbeadh gá dáiríreach acu lena leithéid, thiocfaí ar sheift eicínt, lena leithéid a chur ar fáil dóibh. Ach, is dócha, i ndáiríre, gurb é atá á rá agam nó, an tráth úd, nuair nach raibh sparán teann ag éinne, agus Conchúr mór sa chúinne ag a lán, go raibh an chosmhuintir lán sásta lena ndán, agus níos mó ná sin, go raibh siad sona sásta leis an gcineál saoil a bhí acu, nó bhí tuiscint acu ar an gcineál sin saoil, bhí cleachtadh acu ar chruatan agus ar anró, agus ba chairde dóibh iad, agus dá mbeadh ar ghasúr dul ar scoil cosnochtaithe, ní chuirfeadh sé as in aon chor dó, nó bheadh roinnt mhaith cosa nochta eile timpeall air, cuma cá raghadh sé. 

All  Mod Con ……

Ach sa lá atá inniu ann, nuair atá innealra, gléasanna, agus acraí de chuile shaghas nios fearr ná a chéile, ag daoine, le cúl a chur ar an anró agus ar an gcruatan sin, agus chomh maith le sin, tá an sparán teann acu freisin, sa chaoi go bhfuil ar a gcumas, sólás agus sáimhe a sheasamh dóibh fhéin, dá dtogróidís é, sea, agus earraí brandáilte a cheannacht dóibh fhéin freisin, rud a choinneodh suas leis na comharsana iad, ach, ag an am gcéanna, ní dóigh liom, go bhfuil na daoine seo chomh sona, sásta is a bhíodh na daoine a tháinig rompu, bíodh nach mbíodh an gustal céanna acusan. Ach tá sé cinnte, nach bhfuil cleachtadh ar bith ag na daoine a mhaireann anois ar an gcruatan, nó ar an anró, a bhain leis an saol, sna seanlaethe. Nó sa lá atá inniu ann, tá flúirse ag bunús chuile dhuine, a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige, teach compórdach aige, éadaí galánta ar a dhroim, agus carr nua-aoiseach ina sheasamh taobh amuigh dá dhoras tosaigh ag roinnt mhaith den chosmhuintir……

Lessons to learn?

N’fheadar áfach, an bhfuil ceacht eicínt le foghlaim againn ón scéal sin ar fad? Táid ann adéarfadh, nach ionann gustal agus sástacht, nó nach mbronnann flúirse féile, agus gur mór go deo idir chomharsanúlacht agus an sparán teann. D’fhéadfadh sláimín den cheart a bheith acu, faoi mar a deir Séimí bocht an Droichid, ar ócáid dá leithéid.

.

Greta Thunberg !

Bóithrín na Smaointe – Cuid 1

Memories

Is dócha gur dual don tseanduine bheith ag dul siar de shíor ar bhóithrín anacair casta na smaointe, agus ní taise dom fhéin é.  Ach faoi mar adeir an seanfhocal, bíonn dhá thaobh ar chuile scéal, mar is féidir le duine breathnú ar thaobh amháin den scéal, áit a mbeadh chuile cheo chomh glégeal leis an gcriostal, agus d’fhéadfhadh sé breathnú ar an taobh eile, mar a mbeadh chuile shórt chomh dubh dorcha le pic. Nach féidir linn cruatan agus anró an tsaoil fadó a chur i gcomparáid le faoiseach agus le sáimhe an tsaoil faoi mar atá anois. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil saol feicthe againne, seandaoine, nach bhfuil fáil, nó teacht, air a thuilleadh. Nach féidir linn uilig scéal an tsaoil sin a fháil ó na daoine a bhí suas, an tráth úd? Sea, mh’anam, agus déarfainn go raibh an saol as ar fáisceadh mé fhéin, chomh bocht, crua, anróiteach, is a bhí le fáil áit ar bith sa tír seo, ag an am.

Small Farms

Ar mhaith leat blas eigínt den saol céanna sin a fháil?

Go breá ar fad! Déanfaidh mé mo dhícheall ar dheoch as tobar na gcuimhní a chur ar fáil duit i bpíosa na seachtaine seo, agus ó tharla gur ar fheirm a tógadh mé fhéin, déanfaidh mé iarracht ar léiriú eigínt den shaol ar fheirm bheag, i mBarúntacht Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, a leagan os do chomhair amach anois.  Ní rainsí a bhíodh ag an muintir thiar ag an am, níorbh ea muis, nó tada dá leithéid! Thart ar scór acra a bhíodh ag bunús na bhfeirmeoirí beaga thiar, ag an am, agus fiú, ní bhíodh cuid áirithe den bhfeirmín céanna sin thar mholadh beirte, nó b’fhéidir nach mbeadh ann ach bogach, nó portach fhéin, ach ansin, nuair a smaoiníonn tú air, ní bheadh ar a gcumas feirm níos mó ná sin a láimhseáil, nó ní bhíodh innealra ar bith acu, le cabhrú leo an talamh sin a shaothrú, faoi mar a dheintear sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh de ghléasanna nó d’acraí talmhaíochta ag a mbunús, an tráth úd, ach spáid, sluasaid, speal, forc, píce, sleán, corrán, ráca, castóir, agus bráca is céachta ag an gcorrdhuine anseo is ansiúd..  

Horse Power

Ach céard faoi fhuirse is treabhadh, agus tarraingt earraí, ar nós féar, móin, arbhar, plúr agus min, abhaile? Conas a dhéanaidís a leithéid?

Bhuel, bhíodh capall ag corrfheirmeoir anseo is ansiúd, agus thagadh seisean i gcabhair ar an té a bheadh ina ghátar. Ní gá a rá, go mbíodh asal ag bunús chuile fheirmeoir, agus bhaintí an-úsáid as an mbeithíoch bocht céanna sin, ar na feirmeacha beaga, ar dhein mé tagairt dóibh thuas. I gcás tarraingt na móna abhaile áfach, b’in gnó nach bhféadfaí a dhéanamh in aon lá amháin, nó thógfadh sé thart ar scór nó scór go leith de chairteacha móna, le cruach réasúnta mór a dhéanamh, agus ba é a dhéantaí sa chás sin nó leoraí, nó tarracóir, a fháil ar chíos do lá eigínt, agus thagadh meitheal de na comharsanna lena gcúnamh a thabhairt don té a raibh an mhóin á tarlú abhaile aige, agus dár ndóigh, dhéantaí an comhar sin a íoc leo siúd, ar ball, nuair a bheadh an mhóin á tarlú abhaile acu fhéin. 

Bhaintí an féar le speal, agus ba é an feirmeoir fhéin a dhéanadh an gnó sin. Ní gá a rá go mba obair throm, mhaslaitheach, í an spealadóireacht chéanna sin, agus go dtógadh baint an fhéir roinnt mhaith laethe, agus bheadh gá le cúnamh ón gclann, chuige sin, nó fad is a bheadh sé fhéin ag baint an fhéir, bhíodh a bhean is a chlann ag teacht ina dhiaidh á sábháil. Ba é an scéal céanna é i gcás bhaint an arbhair. Thagadh an feirmeoir fhéin i dtosach, leis an speal, agus bhíodh beirt nó triúr ag teacht ina dhiaidh, duine ag tógáil, duine ag ceangal, agus duine eile fós ag stucadh.  Sea, mh’anam, ní gá a rá, go mbíodh droim tinn ar na créatúir bhochta sin i ndeireadh an lae, sea, agus a fhios ag chuile dhuine acu, go mbeadh tuilleadh den obair chéanna sin le déanamh acu an lá dár gcionn, agus an lá ina dhiaidh sin arís. Sea, mh’anam! agus níor dhada é sin taobh leis na laethe nuair a bhaintí gort arbhair leis an gcorrán, geallaimse dhuit é!

(ar leanúint sa chéad cholún eile)

Greta Thunberg !

Draíocht Teicneolaíochta!

Moore’s Law

Níl maolú ar bith ag teacht ar an athrú teicneolaíochta – a mhalairt ar fad, is méadú easpónantúil atá ann!  Tá sé sin spreagúil agus scanrúil ag an am céanna! Sa bhliain 1965, thug innealtóir darb ainm Gordon Moore rud ait faoi deara.  Gach bliain, bhíodar in ann méadú faoi dhó a dhéanamh ar cé mhéad trasnaitheoirí ab fhéidir leo a chur ar shlis. Thuar Moore go mairfeadh an treocht sin ar feadh deich mbliana.  Chuir Ollamh innealtóireachta i gCaltech, Carver Mead, an teideal ‘Moore’s Law’ ar an tuar seo, agus chloígh an t-ainm leis tar éis sin. 

D’athraigh Moore a thuar i 1975 go dhá bhliain don dúbailt.  Anois, níos mó ná caoga bliain níos déanaí, tá an tuar sin cruinne go leor fós. 

Nach Cuma?

I ndáiríre, tá dlúthbhaint ag ‘Moore’s Law’ le beagnach gach gné dár gcuid saolta.  Sa ré dhigiteach ina bhfuil cónaí orainn, úsáideann beagnach gach uirlis, gach fearas, gach feithicil, gach ríomhaire, gach fón póca, agus tuilleadh lena chois sliseanna digiteach.  Mar sin, tá an méadú céanna ag tarlú dóibh agus do na bogearraí a ritheann orthu freisin.

Sa ré thionsclaíoch, tháinig feabhas ar mheaisíní ag déanamh obair fhisiceach.  Ach sa ré dhigiteach, tá feabhas ag teacht ar mheaisíní ag déanamh obair intinne agus ag déanamh cumarsáide idir daoine, idir meaisíní agus daoine, agus idir meaisíní.  Tá níos mó daoine agus níos mó meaisíní ceangailte le chéile gach lá, agus in ann gach sórt eolas agus meáin a roinnt le chéile, obair a dhéanamh le chéile, gnó a dhéanamh le chéile.  Agus tá na meaisíní ag éirí níos cumhachtaí gach lá. 

Draíocht

Tá teicneolaíocht atá forásach go leor agus draíocht do-aitheanta ó chéile.” – Arthur C. Clarke (1973)

Caoga bliain ó shin, ní bheadh daoine in ann creidiúint go mbeadh gaireas póca ag beagnach gach duine ar domhan, agus go mbeifeá in ann glaoch fón a dhéanamh, ceisteanna deacra a fhreagairt, grianghraf a thógáil, ríomhbhaincéireacht a dhéanamh, earraí a cheannach, féachaint ar scannán – gan ach cúpla a lua, leis an ngaireas beag sin.  Bheadh ionadh an domhan orthu freisin leis an idirlíon, líonra domhanda ríomhairí a chuireann a lán seirbhísí ar fáil dúinn, saor in aisce.

An Todhchaí

is é an t-aon fhíric ná go leanfaidh athruithe móra inár saol, cé acu is maith linn é nó ní maith!

Cén sórt athruithe móra atá i ndán dúinn an chéad cúig bliana eile?

Mar is eol do chách, tá sé thar a bheith deacair an todhchaí a thuar, go háirithe nuair atá luas géaraithe na hathruithe ag méadú.  In ainneoin é sin, tá a lán tuartha ann. Seo cúpla ceann suimiúil.

Sláinte:  Tá intleacht shaorga ag éirí níos fearr ag aithint patrún, agus mar sin níos fearr ag diagnóisiú galar.  Uirlis riachtanach a bheidh ann chun cabhrú le dochtúirí. 

Cogaíocht: Beidh meaisíní ag marú níos mó daoine, ní amháin measíní cosúil le dróin agus buamaí cliste ach saighdiúirí róbat freisin.

Déantúsaíocht: Beidh róbait tionsclaíoch in ann táirgí a dhéanamh ag úsáid teicnicí  nanaitheicneolaíochta. Beidh na táirgí sin i bhfad níos lú, níos saoire agus níos iontaofa ná na táirgí atá inniu ann.

Infreastruchtúr: Beidh braiteoirí i ngach rud agus i ngach áit, agus éascóidh sé sin níos mó uathoibriú sa bhaile, ar an mbóthar, sa chathair agus amuigh faoin tuath.  Ó charranna uathrialacha go bainistíocht inbhuanaithe ar uisce, feicfimid go leor feabhsuithe san infreastruchtúr agus na seirbhísí ag baint leis.

Sochaí: Tá an t-athrú teicneolaíochta ag méadú níos tapúla ná mar a bhfuil muid in ann láimhseáil.  Caithfimid a bheith cúramach, mar tá na hathruithe casta maidir leis an tionchar a imríonn siad orainn.  Go minic, bíonn aincheist eitice i gceist. Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh ar an gcarr uathrialach rogha a dhéanamh idir bás an tiománaí nó bás an pháiste os comhair an chairr.

Nó céard faoi shárú príomháide – féach ar cad atá ar siúl do na Moslamaigh Uighur i Xinjiang sa tSín – tá córas digiteach ag faire orthu an t-am ar fad, agus ag déanamh cinntí fúthu maidir le seoladh go campaí ‘oideachais’.

Níl aon teorainn lenar féidir a dhéanamh, idir mhaith agus olc!  Cé go bhfuil cathú an-láidir léim an daill a thabhairt ar rudaí, tá sé i bhfad níos fearr dúinn an t-am a thógáil chun smaoineamh ar na cinntí móra, agus ár sochaí a chosaint ó bhagairt drochúsáid na teicneolaíochta.

 

.

Greta Thunberg !

Cuairteoir gan Choinne!

Bhí an fógra ‘Saor in Aisce’ lámhscríofa ar phíosa páipéir, fáiscthe idir grúpa mórleabhar agus an tseilf ina raibh siad ina suí.  Nuair a chonaic mé iad tréigthe agus gan dídean, bhí mé tromchroíoch. Ach, déanta na fírinne, ní raibh spás agam le bailiúchán leabhar mar seo, agus níos tábhachtaí, ní bheadh aon ghnó agam leo.  Sa lá atá inniu ann, nach bhfuil mé i ngach rud a fháil ar mfhón póca, i bpreabadh na súl!

Is deacair a chreidiúint mar sin, gur comhartha stádais ba ea an chiclipéid sin uair amháin, le foireann mhór ionsaitheach díolocháin ag baint leis. Chuir na leabhair seo i gcuimhne dom an chéad uair a chonaic mé ciclipéid ‘Encyclopedia Brittanica’.

Cuairteoir gan choinne

Lá amháin, nuair a bhí mé timpeall deich mbliana d’aois, buaileadh cnag ar an doras. Nuair a d’oscail mo mháthair é, bhí fear díolacháin teanntásach ann a thosaigh ag caint gan mhoill.

Dia duit, a bhean uasal, tá mé in ann deis iontach a thairiscint duit – deis nach bhfaigheann duine ach uair amháin ina shaol,arsa an strainséir. Shín sé amach a lámh, agus chroith sé lámh le mo mháthair.

Séamas is ainm dom! Agus cad is ainm duitse?a d’fhiafraigh sé go fuinniúil, agus é ag stánadh idir an dá shúil ar mo mháthair.

Céard atá ar díol agat? Níl an t-am agam le mionchaint.” Labhair mo mháthair trína fhiacla, agus ba ríléir nach raibh sí sásta a bheith sáinnithe mar seo.

Gabh mo leithscéal, ach caithfidh sé go bhfuil míthuiscint éigin ann. Níl aon rud ar díol inniu, níl ach deis i gceist. Lig dom a insint duit faoin deis iontach seo!Labhair Séamas go séimh, le meangadh gáire ar a aghaidh.

“A dhiabhail, brostaigh ort, mar sin, tá obair le déanamh agam,” arsa mo mháthair go mífhoighneach.

“Déanfaidh mé mo dhícheall, a bhean uasal,” arsa Séamas. Leis sin, d’oscail sé a mhála cáipéisí agus thóg sé amach imleabhar den chiclipéid ‘Encyclopedia Britannica’. D’oscail sé é agus thaispeáin sé é do mo mháthair.

“Féach ar sin!” a d’fhógair sé, “nach aoibhinn an radharc é seo! Tá tú in ann eolas a fháil faoi beagnach gach rud faoin spéir. Agus tá gach duine sa teaghlach in ann tairbhe a bhaint as an chiclipéid seo. Aon uair atá ceist ag aon duine faoi rud, cinnte go mbeidh an freagra ar fáil sa chiclipéid. Anois, nach n-aontaíonn tú liom gur deis iontach atá ann, a bhean uasal?”

“Dúirt tú nach bhfuil aon rud ar díol inniu! Agus thugann tú an chiclipéid dom saor in aisce, déarfainn gur deis iontach a bhí ann. Achtá tú ag iarraidh íocaíocht uaim, d’inis tú bréag dom, agus tá sé thar am duit imeacht!” arsa mo mháthair, agus í ag iarraidh deireadh a chur leis an méiseáil seo!

Ach ní inniu ná inné a rugadh Séamas, agus ní raibh sé críochnaithe fós.

“A bhean uasal!  Níl mé ag iarraidh airgid inniu! Níl ort ach foirm bheag a líonadh agus a shíniú! Tá sé chomh simplí sin! An leanfaimid ar aghaidh, mar sin?” Thóg Séamas foirm agus peann amach as a mhála, agus shín sé iad chuig mo mháthair.  Léigh mo mháthair an fhoirm go tapa.

“Tuigim anois, níl orm íoc ar an chiclipéid inniu, tá an ceart agat! Ach tar éis míosa, caithfidh mé íoc ansin, nach ea?” arsa mo mháthair, ag éirí feargach anois.

“Fan nóiméad anois, mura dtaitníonn an chiclipéid libh, níl ort íoc as mar is féidir leat é a thabhairt ar ais dom, gan cheist. Nach réiteach é atá sásúil duit?” Bhí súil ag Séamas an margadh a chur i gcrích go luath!

Féach anois, a Shéamais, ní bheidh mé ag ceannach an chiclipéid go deo. Sin é an scéal anois, agus caithfidh mé iarraidh ort imeacht gan a thuilleadh moille.” Thosaigh mo mháthair ag dúnadh an dorais. Ach bhí piléar amháin fágtha ag Séamas, agus choimeád sé an doras ar oscailt, chun é a scaoileadh.

“Lig dom ach ceist amháin a chur ort mar sin. Nach bhfuil suim agat in oideachas do pháistí?” arsa Séamas, ag caochadh a shúil orm.

“Níl suim agam in oideachas mo pháistí, agus níl suim agam i do chleasaíocht, ach an oiread!” arsa mo mháthair go caithréimeach agus dhún sí an doras de thuairt.

Ní bheadh ceachtar againn in ann a shamhlú go dtiocfadh an lá agus bheadh cóip an chiclipéid sin ar thaobh an bhóthair agus é saor in aisce i ndáiríre!

.

.

.

.

en_USEnglish