Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Táimid go léir croíbhriste tar éis bás beirt shléibhteoir láidre Éireannaigh taobh istigh de sheachtain le chéile.  Fuair Seamus Lawless bás agus é ag teacht anuas tar éis mullach Everest a bhaint amach, nuair a thit sé ón sliabh in áit darb ainm an Bhalcóin ag 8,300 méadar in airde. Chas an tÉireannach eile, Kevin Hynes, timpeall sular shroich sé an mullach, nuair a tháinig breoiteacht airde air. Fuair sé bás ina phuball ag 7,000 méadar in airde. Cé go bhfuair an bheirt bás, is iad an saghas duine ba cheart a bheith ag dreapadóireacht ar an sliabh Everest, agus taispeánann a deireadh brónach cé chomh dainséarach is a bhfuil an spórt seo, fiú amháin do shaineolaithe cosúil leosan.

Ní féidir timpistí mar seo a sheachaint, ach is féidir báis daoine eile a sheachaint ar Everest. Seo ceann de na séasúir dhreapadóireachta is measa le déanaí ar Everest, le 11 duine ar a laghad marbh.

I mo thuairim, tá dhá fhadhb mhór i gceist anseo, ar a laghad, go háirithe i Neipeal.

Fadhb a haon: An Iomarca sléibhteoirí

Ar an 22ú de Mheitheamh 2019, thóg dreapadóir grianghraf iontach ag taispeáint líne fada dreapadóirí ag sní suas agus anuas géardhroim lastuas de campa 4 ag 8,000 méadar. Bhí siad go léir greamaithe do rópa amháin agus iad ag súil go spadánta.

“Ní raibh an aimsir chomh maith an séasúr seo, agus nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann, déanann na dreapadóirí an t-aistriú,” a dúirt Danduraj Ghimire, príomhfheidhmeannach Roinn Turasóireachta Neipeal. “Tar éis roinnt laethanta drochaimsire, d’oscail fuinneog bheag dea-aimsire agus dhreapadh níos mó ná dhá chéad sléibhteoirí an chéad lá. Is é an chúis is mó leis an mbás ar Everest ná breoiteacht sléibhe, rud atá fíor don chuid is mó de na sléibhteoirí a chaill a shaol an séasúr seo freisin. “

D’eisigh Rialtas an Neipeal 381 ceadúnais Everest an bhliain seo, agus bíonn treoir amháin ar a laghad in éineacht le gach sléibhteoir, ionas go raibh breis is ocht gcéad daoine ag iarraidh an sliabh Everest a dhreapadh. Cosnaíonn sé $11,000 le ceadúnas a cheannach, a lán airgid i Neipeal.

Níl uasteorann ar cé mhéad ceadanna a eisítear, ach an oiread. Fadhb mhór é sin, mar níl an dóthain spás leis an méid daoine a cheadaíonn siad, go háirithe nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann. An bhliain seo caite bhí aon lá dhéag san fhuinneog sin, ach an bhliain seo ní raibh ach timpeall cúig lá . Ach bhí an méid céanna daoine ag iarraidh dul suas sa dá bhliain, agus mar sin bhí i bhfad níos mó daoine ag dreapadóireacht gach lá an bhliain seo.

An Dara Fhadhb: Córas Ceadúnais beagmhaitheasach

Níl aon chritéir cháilitheachta chun ceadúnas a fháil, seachas deimhniú aclaí ó dhochtúir. Mar sin, tá duine in ann ceadúnas a fháil gan aon taithí dhreapadóireachta a bheith aige nó aici. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, níl aon chritéir cháilitheachta do na cuideachtaí eachtraíochta ceadúnas oibriúcháin a fháil, ach an oiread. Comhcheangal marfach é sin! Tá sé an-tábhachtach moladh maith a thabhairt dona cliaint i ngach cás, ach go háirithe cinntí maith a dhéanamh maidir le cathain an mullach Everest a bhaint amach. Méadaíonn ar an riosca do na daoine eile freisin, mar tá ach líne amháin ag dul suas agus ceann eile ag teacht anuas, le rópa amháin, agus caithfidh gach duine dul chomh mall agus an duine is moille sa líne. Lastuas de 8,000 méadar ar airde, ceist bháis nó beatha atá ann, mar sa ‘zón báis’ sin, tá gach uile nóiméad tábhachtach, go háirithe mar is gá sorcóir ocsaigine a úsáid chun anáil a tharraingt. Faigheann daoine bás chuige sin go díreach, ar an drochuair.

Conclusion

Sa Tibéid, ceadaítear ach aon trian de dhreapadóirí dul suas Everest i gcomparáid le Neipeal, agus tá an próiseas ceadúnais níos fearr . Caithfidh na cuideachtaí eachtraíochta caighdeáin riachtanacha a bhaint amach freisin, go háirithe ó thaobh an tsábháilteacht de. Agus cuireann siad teorann ar cé mhéad ceadúnais a eisítear. Ba cheart teorann a chur ar an méid daoine a cheadaítear dul suas ar aon lá freisin, chun an tranglam tráchta a sheachaint.

Tá sé thar am do rialtas Neipeal seasamh prionsabálta a ghlacadh agus a n-aghaidh a thabhairt ar an mbunfhadhb uafásach seo!

.

.

.

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Aitheantas Aghaidhe!

Is iontaí an fhírinne ná finscéal

.

Seachtó bliain ó shin, foilsíodh an leabhar ‘1984’ le George Orwell.  Nuair a léigh mé an leabhar sin, blianta ó shin, bhí sé an-soiléir dom gur ficsean eolaíochta a bhí ann, agus cheap mé go raibh samhlaíocht an-chumhachtach ag an údar.  Ní raibh a fhios agam ag an am rud aisteach a bhaineann le ficsean eolaíochta – go minic, le himeacht aimsire, athraíonn an ficsean go dtí an fhírinne. Deirtear más féidir rud a shamhlú, gur féidir é a dhéanamh, agus creidim go láidir an prionsabal sin.

Sa sárleabhar sin, samhlaítear domhan ina ndéanfaí faire ar gach duine le córas mór leictreonach.  Ar an dea-uair, níl faireachas mar sin ar siúl ar fud an domhain. Ach ar an droch-uair, tá sé ar siúl i dtíortha áirithe.  Féachfaimid ar dhá áit an-difriúla maidir le láimhseáil an fhairachais sin.  Tig leat do rogha adhmad a dhéanamh cé acu ab fhearr leat féin!

San Francisco, California, Na Stáit Aontaithe

.

Níl aon argóint ann ach go bhfuil a fhios maith ag an áit seo faoi nuálaíocht teicneolaíochta.  Sin an fáth go bhfuil sé aisteach gurb í seo an chéad áit i Meiriceá a chuir cosc ar na gardaí agus ar ghníomhaireachtaí poiblí eile an teicneolaíocht darb ainm ‘aitheantas aghaidhe’ a úsáid.  Úsáideann an teicneolaíocht sin algartaim intleachta saorga chun daoine a aithint ó bhunachar sonraí ghrianghraf bailithe ó theilifís chiorcad iata (TCI) atá lonnaithe in áiteanna poiblí, ó cheadúnais tiománaí, pas, agus mar sin de.  Deir na daoine ar son an pholasaí seo go bhfuil na rioscaí rómhór, agus go mbeadh sé éasca ansin faireachas a dhéanamh ar dhaoine, agus nach bhfuil sé sin oiriúnach i ndaonlathas sláintiúil. Deir na daoine in aghaidh an pholasaí seo go bhfuil an teicneolaíocht éigeantach do shábháilteacht in aerfoirt agus ag teorainneacha, agus gur féidir rialacháin a chur in áit chun mí-úsáid a chosc.

Hotan, Xinjiang, an tSín

.

Tá campaí speisialta athoideachasúla i bproibhinse Xinjiang in iarthar na tíre sin, áit ina bhfuil níos mó ná 10 milliún Moslamach ina gcónaí, an chuid is mó díobh sin as grúpa eithneach darb ainm Uyghur.  Sa tSín ar fad, tá formhór an daonra as grúpa eithneach eile darb ainm Han.

Deir an rialtas go gcaithfidh siad athoideachas a chur ar na Uyghur, mar tá sceimhlitheoirí Moslamacha  i Xinjiang, nach n-aontaíonn le prionsabail na Síne. Deirtear go bhfuil idir 800,000 agus suas le 3 milliún Uyghur i gcampaí.

I Hotan, tá gardaí, seicphointí, agus TCI, i ngach áit, ag bailiú eolais agus ag déanamh faire ar gach éinne.  Nuair a iarrtar eolas orthu, agus tharlaíonn sin go minic, caithfidh daoine a gcártaí aitheantais a thaispeáint le scanadh, agus ansin tógtar grianghraif agus méarlorg agus scan imrisc díobh.  Caithfidh gach duine a fón póca a thabhairt don gharda chun gach rud a íoslódáil, agus tá ar gach duine earraí spiaireachta an rialtais a bheith ar an bhfón.

Tá scrúdú dochtúra éigeantach ag gach duine freisin, ina mbailítear faisnéis pearsanta.

Agus conas a úsáidtear an t-eolas ata ag an rialtas?

Tá córas mór digiteach faireachais darb ainm IJOP acu, a úsáideann gach píosa eolais chun an faire a dhéanamh, agus cinntí a dhéanamh faoi gach duine, ó thaobh na sábháilteachta de.  Cuirtear aon duine atá rangaithe mar bhaol don tír isteach i gcampa athoideachasúil. Tá na campaí go huafásach, mar ní amháin go bhfuil a gcuid dálaí maireachtála go hainnis, ach déantar céasadh coirp agus intinne ar na daoine bochta freisin.  Úsáideann an réimeas ollsmachtach, an teicneolaíocht, agus go háirithe aitheantas aghaidhe chun a saoirse a bhaint de na hUyghur.

Conclusion

.

Is fearr glas ná amhras, gan dabht, agus aontaím go hiomlán le rialtas San Francisco.  Cé go bhfuil buntáistí ag baint leis an aitheantas aghaidhe agus teicneolaíochta faireachais eile, tá contúirtí móra muna n-úsáidtear iad mar is cóir.  Tharlaíonn rudaí dona nuair a théann an teicneolaíocht i gcoinne an dlí – nach léir é sin i gcás Facebook, mar shampla. B’fhéidir go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh tuiscint níos fearr againn chun dlíthe oiriúnacha a chur in áit, ach go dtí an lá sin, bheadh sé níos ciallmhaire feitheamh, agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh dona agus a d’fhéadfadh sé a bheith!

Tá an fhírinne sin chomh huafásach nach mbeadh fiú amháin George Orwell fhéin ábalta é a chreidiúint!

.

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Géarchéim Drugaí Ópóideacha

Tá géarchéim uafásach ar siúl sna Stáit Aontaithe, faoi láthair,  a mharaíonn níos mó ná 70,000 duine gach bliain – níos mó daoine ná a cailleadh go hiomlán i gChogadh Vítneam!  Drugaí atá i gceist anseo agam, agus ’siad na cinn is measa diobh sin ná na drugaí ópóideacha, cinn nádúrtha cosúil le hearóin, ach go háirithe cinn sintéiseacha, cosúil le feantáinil agus a hanalóga.

Conas a tharla an ghéarchéim seo i Meiriceá, agus cén ceachtanna atá le foghlaim againn uaidh in Éirinn?  Chun an ábhair a thuiscint agus a chur ina comhthéacs, bheadh cuntas gairid an-chuidiúil.

.

Céim 1: Purdue Pharmaceutical agus Oxycontin

Thosaigh an ghéarchéim ópóideach i 1995, tar éis do Purdue Pharma faomhadh an Rialtais a fháil chun pianmhúchán láidir darb ainm OxyContin a dhíol.  Mangaire drugaí ba ea Purdue, i ndáiríre, agus chuir siad brú ar a n-ionadaí díolocháin an oiread OxyContin a dhíol agus ab fhéidir leo. Dúirt Purdue gur druga neamh-andúile ba ea OxyContin, cé go raibh a fhios maith acu narbhh fhíor sin.  Chuir a lán daoine andúil in OxyContin, agus bhí sé ródhéanach nuair a d’admhaigh Purdue gur druga andúile é. Faoin am sin, bhí uair na cinniúna buailte leo, agus bhí go leor andúiligh ar fud na tíre. Sa bhliain 2007, gearradh pionós mór ($634 milliúin) ar Purdue as na bréaga a d’inis siad faoi OxyContin.  Sa bhliain 2010, chuir siad amach piollaí nua dobhearnaithe. Ní raibh sé éasca níos mó an druga a fháil chun instealladh a thabhairt. Bhrostaigh sé sin géarchéim nua isteach, mar ansin thosaigh andúiligh ag úsáid hearóin in ionad OxyContin.

.

Céim 2: Hearóin Mheicsiceach

Chun an bhearna a líonadh tar éis 2010, chuir feirmeoirí Meicsiceacha dlús le táirgeacht lus an chodlata, agus rinne na cairtéil Mheicsiceacha hearóin chun smuigleáil isteach sna Stáit Aontaithe.  D’éirigh go geal leis an ngnó céanna seo, agus cé gur iarradh ar Rialtas Mheicsiceo agus ar Rialtas na Stát Aontaithe an cath in éadan drugaí a bhuachan, theip orthu.

.

Céim 3:  Feantáinil Síneach

Ach tháinig athrú mór ar an ngnó le cúpla bliain anuas, nuair a thosaigh na gáinneálaithe drugaí ag úsáid drugaí ópóideacha sintéiseacha, go háirithe an druga feantáinil agus a hanalóga.  Mheasc siad an feantáinil le drugaí eile, agus do dhíol siad é leis féin freisin. Cén fáth ar tharla an t-athrú mór seo? Bhí feantáinil níos saoire mar is i saotharlann a dhéantar é agus bhí sé níos fusa é a smuigleáil mar tá sé níos éadroime ná hearóin.  De ghnáth, déanadh sa tSín í. Úsáideann déileálaithe Síneacha na seirbhísí poist chun drugaí a smuigleáil isteach go dtí na gáinneálaithe drugaí sna Stáit Aontaithe. Ceannaíonn fiú amháin na cairtéil Mheicsiceacha feantáinil ón tSín. Dá bharr sin, agus go híorónta, tá an margadh agus an tionscal hearóin ag laghdú, faoi dheireadh.

Cuireann na gáinneálaithe feantáinil isteach i ngach druga atá á dhíol acu.  Níl a fhios ag na handúiligh cén drugaí atá iontu, agus is cuma leo, fad is a éiríonn go maith leo.  Ach tá feantáinil i bhfad níos contúirtí ná hearóin, agus sa lá atá inniu ann faigheann níos mó daoine bás de bharr a ródháileog ná riamh.  Tá an feantáinil céad uaire níos láidre ná hearóin, agus tá sé éasca an iomarca a meascadh isteach le drugaí eile. Níos measa fós tá druga ópóideach eile ann a úsáidtear darb ainm carfeantáinil, agus tá sé sin céad uaire níos láidre ná feantáinil féin!  Tá sé

sin chomh láidir sin, nach mbeadh uait ach céad gram le gach duine in Éirinn a mharú!

.

Smaointe Deiridh

Is measa anois an ghéarchéim ópóiodeach ná riamh sna Stáit Aontaithe.  Tá a Rialtas ag cur brú ar an tSín stop a chur le táirgeadh na ndrugaí ópóideacha.  Cé gur gheall siad é sin a dhéanamh, níor tharla aon rud fós.

Agus cén fáth nach bhfuil fadhb mhór mar seo in Éirinn agus i dtíortha eile san Eoraip?  Ceapann formhór na saineolaithe gur cúiseanna eacnamaíochta atá freagrach as sin. Tá hearóin ón Afganastáin go flúirseach agus go saor san Eoraip, agus tá sé deacair an saghas seo hearóin a mheascadh le feantáinil.

Ach lá éigin, athróidh cúrsaí agus beidh cúinsí eacnamaíochta níos fábhraí do dhrugaí ópóideacha san Eoraip.  Idir an dá linn, tá orainn scéim nua in éadan géarchéime ópóidí a bhunú san AE, agus in Éirinn freisin, agus brú a chur ar an tSín ag an am céanna.  Ní tráth ar bith faille é!

.

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Vishing agus Smishing!

Cheap mé go raibh seachrán a theacht orm cúpla lá ó shin.  Cén fáth? Fuair mé glao teileafóin ar m’fhón póca, agus nuair a bhreathnaigh mé ar an scáileán chun a fheiceáil cé a bhí ann, cad a chonaic mé ach mo phictiúir agus m’uimhir féin!  Tháinig mearbhall orm, ach níor fhreagair mé. Níor fágadh aon teachtaireacht ghlórphoist ach an oiread.

Ach ní mar sin a bhí sé nuair a d’fhreagair Joseph agus Maggie Baker glao ó fón a mic, Jake, i mí Aibreán i Meiriceá.  Dúirt an glaoiteoir gur fhuadaigh sé a mhac, agus go maródh sé é mura gcuirfidís airgead chuige. Rinne siad mar a dúirt sé, agus ansin chuir ag glaoiteoir síos an fón orthu.  Chuir siad glao ar na gardaí láithreach, agus bhrostaigh na gardaí go dtí teach Jake. Ach bhí sé slán sábháilte sa bhaile. Camscéim a bhí ann, atá ag éirí níos coitianta faoi láthair – ‘fuadach fíorúil’ a thugtar air.

Seo ré nua i saol na n-ealaíontóirí scama.  Tá na caimiléirí in ann uimhir bhréige a úsáid atá an-cosúil le d’uimhir fhéin, sa chaoi is go gcreidfeá go mb’fhéidir gur comharsa nó duine den teaghlach atá ag glaoch ort!  

Má fhreagraíonn tú, téann siad ag obair go díreach le cleas de chineál éigin.  Má dhéanann tú mar a iarrtar duit, gheobhaidh siad eolas pearsanta fút chun d’airgead a fháil, nó airgead díreach cosúil leis an gcás uafásach thuas.  Tá cásanna ann agus cé nach roinntear aon eolas pearsanta, cuireann na caimiléirí ceisteanna ort ag lorg an focal ‘Sea’ agus ansin úsáideann siad taifead de chun pearsanú a dhéanamh ort chun airgid a fháil.

Fiú amháin mura bhfreagraíonn tú, ach má ghlaonn tú ar ais, tá seans go n-atreoraítear go glao ardráta í agus ansin beidh bille mór agat ón gcomhlacht teileafóin.

An bhfuil aon rud is féidir leat a dhéanamh chun a bheith slán ó dhíobháil?

Cé go raibh sé béasach glaonna a fhreagairt sna seanlaethanta, is ré nua cumarsáid atá ann inniu, agus mar sin caithfidh tú d’iompar féin a athrú.  Seo cúpla nod cad is fearr duit a dhéanamh nuair a bhuaileann d’fhón.

Is é an rud is tábhachtaí ach gan an glao a fhreagairt mura n-aithneofá an uimhir a ghlaoigh.  Níl sé deacair liosta teagmhála a choimeád ar d’fhón, leis na huimhreacha agus ainmneacha daoine a bhfuil tú sásta caint leo ar d’fhón.  Nuair a bhuaileann d’fhón, agus má tá an uimhir a ghlaoigh sa liosta, tiocfaidh an uimhir agus an t-ainm suas agus ansin beidh a fhios agat cé atá ann.  Cuirim fainic amháin ort, agus sin déan cinnte más féidir gurb é do theagmháil atá ann. Mar tá seans beag ann gur bréaguimhir í atá mar an gcéanna le ceann de do theagmhálacha.

Mura bhfuil uimhir thábhachtach i do liosta cheana féin, de ghnáth gheobhaidh tú glórphost ón nglaoiteoir, agus ansin beidh tú in ann an uimhir nua a chur i do liosta.  Ní fhágann glaonna bréagacha glórphost go hiondúil.

Tugann sé seo mé go dtí an chéad phointe eile.  Mura bhfuil tú cinnte cé atá ar an taobh eile den líne, ná tabhair amach aon eolas fút fhéin,, fiú amháin d’ainm, uimhir fhóin, seoladh nó, aon eolas pearsanta eile freisin.  Agus is é an rud is sábháilte a dhéanamh nó gan aon eolas airgeadais a thabhairt amach riamh. Má deir an glaoiteoir gurb as institiúid airgeadais é/í, inis dó/di go nglaofaidh tú ar ais, agus úsáid an uimhir ar an ráiteas institiúide atá agat chun an glao a chur ar ais.

Dála an scéil, tá an prionsabal céanna i gceist le téacsanna agus le glaonna fóin.  I mBéarla, úsáidtear na téarmaí ‘vishing’ (glao bréagach) agus ‘smishing’ (téacs bréagach) – tá siad chomh coitianta sin go bhfuil ainmneacha speisialta orthu i mBéarla!

Seo comhairle deiridh agam duit, a bheidh an-bheidh an-úsáideach, má tá an méid glaonna bréagacha ag bualadh ort  gur mór an crá croí é. Bhí sé mar sin domsa, agus chuaigh mé ag lorg réiteach.

Tá go leor aipeanna cliste ar fáil a bhacann turscar fóin.  Tá na cinn seo measartha maith, is dócha: ‘Hiya’, ‘Mr. Number’ agus ‘Truecaller’.  Bain triail astu, go bhfeice tú cén ceann ab fhearr leat. Ní úsáidfinn féin m’fhón gan Hiya a bheith ag rith, agus ag dul i ngleic leis na drochdhaoine agus a róbait atá ag iarraidh mé a robáil!

   

.


.

.

.

.

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Na déanaimis dearmad ar na laochra

Ba mhaith liom plé a dhéanamh ar chur chuige i gcás feiniméan uafásach comhaimseartha atá  forleathan sna Stáit Aontaithe agus a tharlaíonn freisin, ó am go ham, sa chuid eile den domhan.  An oll-lámhach atá i gceist agam anseo.

Tar éis oll-lámhach uafásach i Christchurch inar cailleadh 51 duine, dúirt Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern an rud seo faoin dúnmharfóir srathach:

“D’iarr sé a lán rudaí a bhaint amach lena ghníomh sceimhlitheoireachta, ach nior cheann acu sin an droch-chail a thuill sé do fhéin .  Agus sin é an fáth nach gcloisfidh sibh mé ag rá a ainm, riamh. Is sceimhlitheoir é, is coirpeach é, is antoisceach é. Ach nuair a labhraím, beidh sé gan ainm.”

Chomh maith leis sin, thóg sé níos lú ná mí chun reachtaíocht nua maidir le gunnaí a thabhairt isteach, agus chuir siad cosc ar ghunnaí leath-uathoibríocha.  Gan dabht, rinne siad an rud ceart sa Nua-Shéalainn.

Bhí an marfóir sin ag lorg poiblíocht, mar rinne sé sruthú beo ar a eachtra uafásach, agus scríobh sé forógra lán d’fhuath ciníoch agus inimirceach.  Toisc de ghnáth, bíonn an marfóir ag lorg poiblíocht, is é an chéad rud is cóir dúinn a dhéanamh sna meáin ná ainm an choirpigh a choimeád anaithnid gach uair, an oiread agus is féidir.

Ach ceapaim gur chóir dúinn  rud eile a dhéanamh freisin. Tá laochra nua againn le déanaí, daoine a thug a mbeatha ionas go sábhálfaí daoine eile.  Mar sin, is é an dara rud a mholfainn ná ainmneacha na laochra a cheangail leis na heachtraí sin in áit ainmneacha na ndúnmharfóirí.  Glaofaidh mé amach cúpla ceann anseo maidir le oll-lámhaigh a tharla i mbliana agus fanfaidh na coirpigh gan ainm.

Abdul Aziz – Christchurch i Nua Shéalainn, mí an Mhárta 2019

Ní dheachaigh Abdul Aziz i bhfolach nuair a tháinig lámhachóir go dtí mosc Linwood i  gChristchurch. Dídeanaí Afganastánach is ea é, agus bhí sé agus a ceathrar mhac i láthair ag an mosc ar an lá tubaisteach sin.

Bhí an marfóir tar éis níos mó ná 40 duine a mharú cheana i mosc eile i gChristchurch, Mosc Al Noor.   Bhí sé ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh ag Mosc Linwood. Ach nuair a chonaic Aziz cad a bhí ar siúl, phioc sé suas meaisín cártaí creidmheasa agus chuaigh sé sa tóir ar an marfóir.  Scaoil an marfóir leis, ach níor bhuail sé é. Phioc Abdul suas gunna a chaith an marfóir ar an talamh, agus bhris sé fuinneog a charr leis. Thiomáin an marfóir leis agus ghabh na gardaí é gan mhoill.  Bhí an marfóir in ann seachtar a mharú ag mosc Linwood.

Lori Gilbert Kaye, Jonathan Morales, Oscar Stewart – Poway, California, mí Aibreán 2019

Ar an lá deireanach Cásca na nGiúdach, maraíodh Lori Gilbert Kaye nuair a thosaigh fear ag lámhach ag an tsionagóg.  Fuair Lori bás nuair a chuir sí í féin os comhair an Raibí chun é a chosaint. Ba í an duine amháin a fuair bás. Chuaigh beirt fhear, Jonathan Morales agus Oscar Stewart sa tóir ar an marfóir, nuair a chuala siad pléasc ghunna.  Rith an marfóir go dtí a charr agus thosaigh Oscar Stewart ag scaoileadh leis. Thiomáin sé leis, ach ghabh na póilíní é go tapa.

Riley Howell – Charlotte, North Carolina, mí Aibreán 2019

Nuair a thosaigh fear ag lámhach san Ollscoil, thosaigh daoine ag rith agus ag dul i bhfolach.  Thosaigh Riley Howell ag rith freisin, ach i dtreo an mharfóra. Streachail an lúthchleasaí neamheaglach seo an marfóir go talamh, ach le linn é sin a dhéanamh, fuair sé trí philéir agus maraíodh é.   Ach fágadh ina staic an marfóir go dtí gur ghabh na póilíní é.

Kendrick Castillo, , Joshua Jones, Brendan Bialy – Denver, Colorado, mí na Bealtaine 2019

Nuair a thosaigh ceann de beirt chomhscoláirí ag lámhach ag scoil i Denver, Colorado, thug Kendrick fogha faoin marfóir go díreach.  Maraíodh Kendrick de bharr sin, ach chuir sé stad leis an marfóir fada go leor gur chuir an bheirt Joshua Jones agus Brendan Bialy é faoin smacht.  Díreach ina dhiaidh sin, tháinig na póilíní. Ba é Kendrick an duine amháin a fuair bás.

.

Mura  gcuimhnímis ach amháin ar na laochra sna h-oll-lámhaigh seo, b’fhéidir nach mbeadh an spreagadh céanna ag daoine a d’fhéadfadh bheith ina ndúnmarfóiri srathacha.  

.

en_USEnglish