Turf  too !

Agus, céard faoi bhaint na móna? Ba é an scéal diabhalta céanna arís é. Fear an tí fhéin ag baint na móna leis an sleán, agus fear eile, nó tuilleadh fiú, ag teacht ina dhiaidh, agus iad ag scaradh na móna le píce, nó uaireannta bhíodh gá le barra rotha, leis an móin a iompar amach ón bportach fhéin, go dtí an áit ina ndéantaí an mhóin sin a scaradh, agus dár ndóigh, ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí an t-uafás eile oibre le déanamh, sula mbeadh an mhóin chéanna sin sa chruach mhóna a thógtaí, taobh leis an teach, le teas a choinneáil leis an líon tí, go dtí an tráth sin, an bhliain dár gcionn.

Ní raibh os comhair an fheirmeora bhig, agus a chlann, an tráth úd, ach obair chrua, anró, agus cruatan, ó cheann ceann na bliana, seal ag cur, agus seal ag baint, ach ag an am gcéanna, caithfear a rá gur bheag duine a bhíodh ag tarraingt ar theach an dochtúra, ar bhonn rialta, sna laethe úd, agus dár ndóigh, ní bhíodh éinne ag smaoineamh ar dhul chuig síciatraí, síceolaí, nó chuig beithíoch ar bith eile dá leithéid. Ná habair liom anois nach mbeadh a ndóthain gustail acu, le beadaíocht dá leithéid a chur ar fáil dóibh fhéin, nó dá mbeadh gá dáiríreach acu lena leithéid, thiocfaí ar sheift eicínt, lena leithéid a chur ar fáil dóibh. Ach, is dócha, i ndáiríre, gurb é atá á rá agam nó, an tráth úd, nuair nach raibh sparán teann ag éinne, agus Conchúr mór sa chúinne ag a lán, go raibh an chosmhuintir lán sásta lena ndán, agus níos mó ná sin, go raibh siad sona sásta leis an gcineál saoil a bhí acu, nó bhí tuiscint acu ar an gcineál sin saoil, bhí cleachtadh acu ar chruatan agus ar anró, agus ba chairde dóibh iad, agus dá mbeadh ar ghasúr dul ar scoil cosnochtaithe, ní chuirfeadh sé as in aon chor dó, nó bheadh roinnt mhaith cosa nochta eile timpeall air, cuma cá raghadh sé. 

All  Mod Con ……

Ach sa lá atá inniu ann, nuair atá innealra, gléasanna, agus acraí de chuile shaghas nios fearr ná a chéile, ag daoine, le cúl a chur ar an anró agus ar an gcruatan sin, agus chomh maith le sin, tá an sparán teann acu freisin, sa chaoi go bhfuil ar a gcumas, sólás agus sáimhe a sheasamh dóibh fhéin, dá dtogróidís é, sea, agus earraí brandáilte a cheannacht dóibh fhéin freisin, rud a choinneodh suas leis na comharsana iad, ach, ag an am gcéanna, ní dóigh liom, go bhfuil na daoine seo chomh sona, sásta is a bhíodh na daoine a tháinig rompu, bíodh nach mbíodh an gustal céanna acusan. Ach tá sé cinnte, nach bhfuil cleachtadh ar bith ag na daoine a mhaireann anois ar an gcruatan, nó ar an anró, a bhain leis an saol, sna seanlaethe. Nó sa lá atá inniu ann, tá flúirse ag bunús chuile dhuine, a dhóthain le n-ithe agus le n-ól aige, teach compórdach aige, éadaí galánta ar a dhroim, agus carr nua-aoiseach ina sheasamh taobh amuigh dá dhoras tosaigh ag roinnt mhaith den chosmhuintir……

Lessons to learn?

N’fheadar áfach, an bhfuil ceacht eicínt le foghlaim againn ón scéal sin ar fad? Táid ann adéarfadh, nach ionann gustal agus sástacht, nó nach mbronnann flúirse féile, agus gur mór go deo idir chomharsanúlacht agus an sparán teann. D’fhéadfadh sláimín den cheart a bheith acu, faoi mar a deir Séimí bocht an Droichid, ar ócáid dá leithéid.

.

en_USEnglish