Tuar Dóchais?

Tuar Dóchais?

ábhar ceiliúrtha againn agus deireadh curtha le formhór na srianta Covid-19 á fhógairt ag an rialtas! Labhair an Taoiseach Micheál Martin as Gaeilge agus dea-scéala taitneamhach le tabhairt aige dúinn.   an chuid is mó de na srianta scaoilte ó 22 Eanáir, agus ach cúpla ceann fágtha ar feadh tamaillín eile.

“Is iomaí cor agus casadh a bhí inár n-aistear tríd an bpaindéim ach lá maith atá sa lá inniu, a dúirt an Taoiseach. Tá an stoirm Omicron curtha dínn againn,” ar sé, agus is féidir linn “éirí le dóchas arís le breacadh an lae”.

Mhol an Taoiseach an sáriarracht a rinne muintir na hÉireann ó thús na paindéime agus dúirt gur “sábháladh beatha na mílte” dá barr. Dúirt nach bhfuil an pandéim críochnaithe fós agus go gcaithfí a bheith cúramach as seo amach freisin, agus treoirlínte an HSE a leanúint an t-am go léir go háirithe má tholgann tú Covid-19.

Srianta Scaoilte

Níl na srianta seo a leanas i bhfeidhm a thuilleadh, buíochas le Dia!

 An Pas Covid. Ní gá duit an pas a bheith agat chun dul i mbialann nó i dteach ósta nó i gclub oíche. Coinnigh do phas, áfach, chun é a úsáid ar thaistil idirnáisiúnta.
 Gnáthuaireanta. Faoi dheireadh, tá gnáthuaireanta oscailte ceadaithe ag earnáil an fháilteachais.
 Obair. Is féidir le daoine filleadh ar an ionad oibre de réir a chéile as seo go deireadh mhí Feabhra.
 Cuartaíocht. Is féidir le daoine cuartaíocht i dtithe a chéile.
 Imeachtaí. Is féidir leis an lucht féachana ar fad a bhfuil spás dóibh filleadh ar imeachtaí amuigh faoin aer nó taobh istigh.
 Ionaid Siamsaíochta. Is féidir leis an lucht féachana freastal arís ar phictiúrlanna, amharclanna agus ionaid siamsaíochta.

Srianta fós i bhfeidhm

Beidh cúpla srian i bhfeidhm go dtí an 28 Feabhra.

  mascanna riachtanach i siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí.
 Is gá mascanna á gcaitheamh ag daltaí ar scoil.
 Caithfidh tú féinleithlisiú má tholgannCOVID-19.

.

Cén Fáth anois?

Is é an cineál Omicron den víreas an ceann is tógálaí gan dabht. Buaileadh an tír go dona le ráig den ghalar ag deireadh 2021 agus tús 2022.  Cé gur fhás líon na ndaoine a tholg an galar go sciobtha, ar an dea-uair d’fhás an méid daoine a fuair bás ón ngalar ag ráta i bhfad níos lú. I mí Eanáir, thosaigh an ráig ag laghdú chomh tapa agus a mhéadaigh sé! sciar mór den phobal vacsaínithe, agus an teanndáileog faighte ag roinnt mhaith dóibh siúd. Sin an fáth nach bhfuair i bhfad níos mó daoine bás de dheasca an víris. Deirtear freisin nach bhfuil an cineál Omicron den víreas chomh dona agus atá na cineálta eile a tháinig roimh Omicron – Delta, mar shampla. Mar sin, tá gach rud déanta againn anois agus is féidir chun an víreas a shárú agus tá sé in ann béim a chur ar chúrsaí eile an tsaoil, go háirithe cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí oideachais, agus cúrsaí siamsaíochta freisin.

Ceachtanna?

Cad atá foghlamtha againn? Bhuel, tá cleachtadh tábhachtach againn anois conas déileáil le pandéim mar seo. Le linn na pandéime, d’fhoghlaim muid go léir conas is féidir linn dul i ngleic le víreas dainséarach agus cad iad na cleachtaí is tábhachtaí dúinn – scaradh sóisialta, caitheamh na mascanna, ár lámha a ní go maith, tástáil a dhéanamh má tá siomptóim Covid-19 orainn agus féinleithlisiú más gá, agus an rud is tábhachtaí ar fad an vacsaín a fháil agus teanndáileog más féidir. B’fhéidir go bhfanfaidh cúpla cleachtadh linn tar éis na pandéime a bheadh úsáideach dúinn glanaim mo lámha go héigníoch anois agus níos minice freisin, agus tá taisce mascanna N95 agam sa gharáiste!

Gnáthshaol?

Tá athruithe suntasacha tagtha ar shaol gach duine, ceapaim, agus b’fhéidir nach mbeidh an gnáthshaol céanna againn go deo arís agus a bhí roimh na pandéime. Ceapaim go mbeidh an chianobair níos coitianta, mar shampla. I mo thuairim, beidh saol níos fearr againn ná riamh anois, agus roghanna nua againn nach raibh ar fáil roimh na pandéime. Ach an rud is fearr a d’fhoghlaim mise ná gur ainmhithe sóisialta muid, ar gá dúinn teagmháil a bheith againn le daoine eile. Tá an teagmháil sin chomh tábhachtach dár meonta agus a bhfuil ocsaigin dár gcoirp. Agus ná déan dearmad ar cé chomh tábhachtach is atá teagmháil fhisiceach! Ní féidir róbhéim a leagan ar chroitheadh lámh barróg nuair a chasann tú le do chairde!  Nach bhfuil an t-ádh dearg orainn go léir a thángamar slán ón víreas, agus mar sin nach bhfuil sé in am barróg mhór a thabhairt dá chéile mar cheiliúradh bheag roimh dúinn leanúint ar aghaidh go dóchasach!

.

.

.

.

ábhar ceiliúrtha againn agus deireadh curtha le formhór na srianta Covid-19 á fhógairt ag an rialtas! Labhair an Taoiseach Micheál Martin as Gaeilge agus dea-scéala taitneamhach le tabhairt aige dúinn.   an chuid is mó de na srianta scaoilte ó 22 Eanáir, agus ach cúpla ceann fágtha ar feadh tamaillín eile.

“Is iomaí cor agus casadh a bhí inár n-aistear tríd an bpaindéim ach lá maith atá sa lá inniu, a dúirt an Taoiseach. Tá an stoirm Omicron curtha dínn againn,” ar sé, agus is féidir linn “éirí le dóchas arís le breacadh an lae”.

Mhol an Taoiseach an sáriarracht a rinne muintir na hÉireann ó thús na paindéime agus dúirt gur “sábháladh beatha na mílte” dá barr. Dúirt nach bhfuil an pandéim críochnaithe fós agus go gcaithfí a bheith cúramach as seo amach freisin, agus treoirlínte an HSE a leanúint an t-am go léir go háirithe má tholgann tú Covid-19.

Srianta Scaoilte

Níl na srianta seo a leanas i bhfeidhm a thuilleadh, buíochas le Dia!

 An Pas Covid. Ní gá duit an pas a bheith agat chun dul i mbialann nó i dteach ósta nó i gclub oíche. Coinnigh do phas, áfach, chun é a úsáid ar thaistil idirnáisiúnta.
 Gnáthuaireanta. Faoi dheireadh, tá gnáthuaireanta oscailte ceadaithe ag earnáil an fháilteachais.
 Obair. Is féidir le daoine filleadh ar an ionad oibre de réir a chéile as seo go deireadh mhí Feabhra.
 Cuartaíocht. Is féidir le daoine cuartaíocht i dtithe a chéile.
 Imeachtaí. Is féidir leis an lucht féachana ar fad a bhfuil spás dóibh filleadh ar imeachtaí amuigh faoin aer nó taobh istigh.
 Ionaid Siamsaíochta. Is féidir leis an lucht féachana freastal arís ar phictiúrlanna, amharclanna agus ionaid siamsaíochta.

Srianta fós i bhfeidhm

Beidh cúpla srian i bhfeidhm go dtí an 28 Feabhra.

  mascanna riachtanach i siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí.
 Is gá mascanna á gcaitheamh ag daltaí ar scoil.
 Caithfidh tú féinleithlisiú má tholgannCOVID-19.

.

Cén Fáth anois?

Is é an cineál Omicron den víreas an ceann is tógálaí gan dabht. Buaileadh an tír go dona le ráig den ghalar ag deireadh 2021 agus tús 2022.  Cé gur fhás líon na ndaoine a tholg an galar go sciobtha, ar an dea-uair d’fhás an méid daoine a fuair bás ón ngalar ag ráta i bhfad níos lú. I mí Eanáir, thosaigh an ráig ag laghdú chomh tapa agus a mhéadaigh sé! sciar mór den phobal vacsaínithe, agus an teanndáileog faighte ag roinnt mhaith dóibh siúd. Sin an fáth nach bhfuair i bhfad níos mó daoine bás de dheasca an víris. Deirtear freisin nach bhfuil an cineál Omicron den víreas chomh dona agus atá na cineálta eile a tháinig roimh Omicron – Delta, mar shampla. Mar sin, tá gach rud déanta againn anois agus is féidir chun an víreas a shárú agus tá sé in ann béim a chur ar chúrsaí eile an tsaoil, go háirithe cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí oideachais, agus cúrsaí siamsaíochta freisin.

Ceachtanna?

Cad atá foghlamtha againn? Bhuel, tá cleachtadh tábhachtach againn anois conas déileáil le pandéim mar seo. Le linn na pandéime, d’fhoghlaim muid go léir conas is féidir linn dul i ngleic le víreas dainséarach agus cad iad na cleachtaí is tábhachtaí dúinn – scaradh sóisialta, caitheamh na mascanna, ár lámha a ní go maith, tástáil a dhéanamh má tá siomptóim Covid-19 orainn agus féinleithlisiú más gá, agus an rud is tábhachtaí ar fad an vacsaín a fháil agus teanndáileog más féidir. B’fhéidir go bhfanfaidh cúpla cleachtadh linn tar éis na pandéime a bheadh úsáideach dúinn glanaim mo lámha go héigníoch anois agus níos minice freisin, agus tá taisce mascanna N95 agam sa gharáiste!

Gnáthshaol?

Tá athruithe suntasacha tagtha ar shaol gach duine, ceapaim, agus b’fhéidir nach mbeidh an gnáthshaol céanna againn go deo arís agus a bhí roimh na pandéime. Ceapaim go mbeidh an chianobair níos coitianta, mar shampla. I mo thuairim, beidh saol níos fearr againn ná riamh anois, agus roghanna nua againn nach raibh ar fáil roimh na pandéime. Ach an rud is fearr a d’fhoghlaim mise ná gur ainmhithe sóisialta muid, ar gá dúinn teagmháil a bheith againn le daoine eile. Tá an teagmháil sin chomh tábhachtach dár meonta agus a bhfuil ocsaigin dár gcoirp. Agus ná déan dearmad ar cé chomh tábhachtach is atá teagmháil fhisiceach! Ní féidir róbhéim a leagan ar chroitheadh lámh barróg nuair a chasann tú le do chairde!  Nach bhfuil an t-ádh dearg orainn go léir a thángamar slán ón víreas, agus mar sin nach bhfuil sé in am barróg mhór a thabhairt dá chéile mar cheiliúradh bheag roimh dúinn leanúint ar aghaidh go dóchasach!

.

.

.

.

Tuar Dóchais?

Tuairisc ó Mheiriceá: Is Treise beart ná focal!

Lá mór a bhí ann sna Stáit Aontaithe ar an 6 Eanáir, 2022, bliain go díreach tar éis an ruathair ag an gCaipeatól i Washington DC. Ba é Iaruachtarán Trump cúis na trioblóide sin, mar d’eagraigh slógadh ar an lá sin, gar don gCaipeatól, agus spreag sé a lucht leanúna chun éagóra. D’iarr sé orthu máirseáil go dtí an Caipeatól agus: troid go fíochmhar nó ní bheidh aon tír agaibh!”

Chonaiceamar go léir an sorcas a tharla ansin nuair a bhris dream bithiúnach isteach sa Chaipeatól agus iad ag troid go fíochmhar leis na póilíní agus ag lorg Mike Pence, Nancy Pelosi agus daoine tábhachta eile sa Rialtas, chun dochar a dhéanamh dóibh. “Croch Mike Pence, croch Mike Pence” a chan an drong mhallaithe, agus croch shealadach tógtha acu chun an jab sin a dhéanamh. Dar le Trump agus a lucht leanúna, ní raibh Iarleasuachtarán Pence dílis do Thrump, mar níor iarr sé an t-áireamh vótaí a stopadh mar ar iarradh air a dhéanamh. Lá uafásach a bhí ann, nuair a chonaiceamar go soiléir an daonlathas cáiliúil sin ar an dé deiridh, agus é faoi ionsaí ó chuid dá saoránaigh féin.

Chaill Trump an toghchán uachtaránachta gan dabht ar bith, agus cé go ndearna sé a dhícheall a mhalairt a chruthú, theip sé go hiomlán san iarracht sin. In ainneoin sin, 72 faoin gcéad de na Poblachtaigh sa tír nach nglacann leis an fhírinne sin. Agus bliain tar éis an ionsaithe sin agus in ainneoin na méideire fíricí a tháinig chun solais san idirlinn, sin an méid atá fós den tuairim sin!

Ag labhairt ar 6 Eanáir, 2022, cháin Uachtarán Biden Trump go géar, agus chuir sé an locht air go soiléir ar cad a tharla sa Chaipeatól ar 6 Eanáir, 2021, agus ansin dúirt sé go ndéanfaidh sé a seacht ndícheall tacaíocht láidir a thabhairt do dhaonlathas i Meiriceá. Cén fáth sa Diabhal ar fhan sé bliain fhada chun na focail troda sin a rá? Tá an daonlathas i Meiriceá faoi ionsaí i gcónaí, agus ní leor focail fholmha, fiú amháin ón Uachtarán, nuair atá sé thar am beart a dhéanamh.  Ach cad is féidir leis na Daonlathaithe a dhéanamh anois?

Reachtaíocht chun Cearta Vótála a chosaint

Sa bhliain 2013, rinne an Chuairt Uachtarach sna Stáit Aontaithe cinneadh uafásach a rinne damáiste as cuimse do reachtaíocht thábhachtach darb ainm ‘The Voting Rights Act’’, ionas go mbeadh aon Stát in ann dlíthe vótála nua a dhéanamh gan mhaoirseacht an rialtais fheidearálaigh. Thosaigh roinnt mhaith stát ag athrú a dlíthe ansin, chun é a dhéanamh an-deacair go háirithe do dhaoine nach den chine geal é iad a vótaí a chaitheamh.

Sa bhliain 2021, ritheadh 52 dlí sriantach sna Stáit Aontaithe reachtaíocht thoirmeascach claonta go tréan in aghaidh na mionlaigh ar Daonlathaithe iad go traidisiúnta. Tá dhá Acht ar ghá iad a rith i gComhdháil na Stáit Aontaithe gan mhoill chun cearta vótála a chosaint go tréan. Is í príomhaidhm an “Freedom to Vote Act”, ná spiorad bunleagain an ‘Voting Rights Act’ a chur i bhfeidhm arís, agus is í príomhaidhm an ‘Freedom to Vote Act, John Lewis Voting Rights Advancement Act’, ná ceal a chur ar aon riail leithchealach mar gheall ar chine, teanga nó eitneacht.  Ní bheidh sé éasca an dá acht a rith sa Seanad, agus beidh ar na Daonlathaithe an bac fadchainte (filibuster) a athrú, chun na hAchtanna a rith le 51 vóta in ionad na 60 a bheadh ag teastáil seachas sin.  In ainneoin na dúshláin ag baint leis an cur chuige sin, níl an dara rogha ag na Daonlathaithe ach triail a bhaint as.  

Fiosrúchán le hiniúchadh a dhéanamh ar na heachtraí ar 6 Eanáir, 2020

Tá fiosrúchán rialtais ar siúl ag coiste comhdhála faoi cad a tharla sa Chaipeatól ar an 6 Eanáir, 2021, agus tá eolas nua ag teacht chun solas beagnach gach lá. Tá sé soiléir anois go raibh go leor mionphleanála i gceist, agus gan dabht bhí Trump mar sheaimpín na n-iarrachtaí chun é féin a choimeád mar Uachtarán na tíre. Fiosrúchán ríthábhachtach é seo, agus ceisteanna móra le freagairt ann. Cén ról a bhí ag Donald Trump roimh, le linn, agus tar éis an ruathair?  Má tá Trump ciontach as na líomhaintí gur spreag sé a lucht tacaíocht chun gnímh agus éagóra agus ansin nár thug sé tacaíocht do na póilíní smacht a chur ar chúrsaí, is gá go gcuirfear cúiseanna coiriúla ina leith.

Caithfidh na Daonlathaithe an deis a thapú anois, mar ní bheidh seans eile acu an daonlathas sna Stáit Aontaithe a shábháil.

.

.

.

.

.

.

.

Tuar Dóchais?

Dhá Shochaí!

Bhí alt an-suimiúil san ‘Irish Times’ le déanaí, scríofa ag Fintan O’Toole, darb ainm ‘Ní bheadh tír inmharthana againn murach deich gcomhlacht mhóra ó na Stáit Aontaithe.’ San alt sin, rinne Fintan argóint láidir go bhfuil ár dtír ag brath go mór ar chomhlachtaí eachtrannacha; comhlachtaí cosúil le Microsoft, Google, Facebook, Intel, Pfizer, Merck agus Johnson and Johnson. Cé go bhfuil an cháin chorparáide a íocann siad thar a bheith luachmhar don tír, ag an am céanna tá costais eile i gceist agus, dar le Fintan, dhíolamar ár saoirse ar shaibhreas. Maíonn sé go bhfuil dhá shochaí in Éirinn dá bhrí sin – sochaí rachmasach ilnáisiúnta at thaobh amháin agus sochaí bhocht dhúchasach ar an taobh eile.  Ach i ndeireadh an lae níl aon réiteach á moladh ag Fintan, agus cén mhaith é sin in ainm Chroim?  Tá goimh ina cholún amhail is go raibh slí eile, slí níos fearr nár thugamar agus mar sin táimid ag íoc anois as na botúin a rinneadh fadó. Cé gur mór mo mheas ar Fintan, ceapaim go bhfuil sé ag labhairt go díspeagúil linn sa chás seo.

Claonta?

Seo m’fhógra séanta: is dócha go bhfuil mé beagáinín beag claonta! Tar éis dom mo chéim in innealtóireacht leictreach a bhaint amach, fuair mé mo chéad phost ag obair do Chóras Iompair Éireann (CIE) ag dearadh meaisíní díola. Ní post dona a bhí ann, ach ní fhaca mé mórán deiseanna os mo chomhair amach chun conair ghairme iontach a bheith agam ann. Tar éis bliain go leith fuair mé post eile ag obair do chomhlacht ilnáisiúnta darb ainm IBM, agus ansin tháinig athrú suntasach ar mo scéal. Bhí an post nua go hiontach agus i dtimpeallacht spreagúil, le deiseanna iontacha ar fáil. Gan dabht, b’iontach an tosach é sin ar mo shaol gairmiúil agus chuaigh mo ghairmréim ó neart go neart tar éis sin.

Deiseanna

Bhí geilleagar na tíre in ísle brí sna hochtóidí agus mise ag lorg oibre, agus bhí ar go leor daoine dul ar imirce chun obair a fháil. Ach a bhuí le hIBM agus na comhlachtaí ilnáisiúnta eile sa tír, bhí roinnt mhaith dúinn in ann poist iontacha a fháil in Éirinn, mise san áireamh. Bhí an t-ádh dearg orainn. Gan na comhlachtaí céanna, ní bheadh an rogha sin againn ar chor ar bith!

An Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA)

Rinne an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail sárjab ag mealladh comhlachtaí ilnáisiúnta go hÉirinn, ag cabhrú leo a ngnó a lonnú anseo agus ag cinntiú go mbeadh fostaithe ar fáil leo leis na scileanna a bhí ag teastáil uathu. Nuair a thug siad faoi deara go raibh éileamh ar scileanna áirithe, chuir na hollscoileanna béim ar chúrsaí oiriúnacha chun an t-éileamh sin a shásúil. is réiteach é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann, i mo thuairim!

Dhá Shochaí?

Rinne Fintan plé ar choincheap go bhfuil soch amháin againn bunaithe ar chomhlachtaí ilnáisiúnta agus sochaí eile bunaithe ar chomhlachtaí dúchasacha. Ní aontaím leis agus is buntuiscint lochtach é sin. Nuair a bhog mé ó CIE go IBM, níor bhog mé ó shochaí amháin go sochaí eile ar chor ar bith. dhá shochaí ann go deimhin – an Saibhir agus an Daibhir, agus gan post maith agat sa lá atá inniu ann, beidh tú ag streachailt mar bhall an tsochaí dhaibhir, gan dabht. Agus gan na comhlachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn agus poist mhaithe á dtairiscint acu, bheadh cúrsaí in Éirinn i bhfad níos measa anois ná riamh.

Tá rioscaí ann dúinn mar is comhlachtaí Meiriceánacha iad formhór na gcomhlachtaí ilnáisiúnta atá againn, ach níl sé sin a rá nach fiú an tairbhe an trioblóid. Rinne an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail sárjab ag mealladh comhlachtaí Meiriceánacha go hÉirinn, agus b’fhéidir go bhfuil sé in am dóibh anois iarracht mhór a dhéanamh chun níos mó comhlachtaí as tíortha eile a mhealladh anseo freisin.  Dála an scéil, níl sé gan riosca dúinn ár gcomhlachtaí ilnáisiúnta féin a bheith againn, ach an oiread. Féach ar cad a tharla do Nokia san Fhionlainn nuair a tháinig an iPhone ar an bhfód tubaiste amach is amach a bhí ann!   

Conclusions

Tá ár dtír ar cheann de na tíortha is rathúla faoin spéir ó thaobh na heacnamaíochta de. Ba é ceann de na rudaí is fearr a rinneamar ina leith sin na comhlachtaí ilnáisiúnta céanna a ndearna Fintan tagairt dóibh a mhealladh anseo na blianta ó shin.  Comhlachtaí seanbhunaithe atá iontu anois le fréamhacha doimhne in Éirinn, agus ní dóigh liom go bhfágfaidh siad go ceann i bhfad. Nach maith an rud é seo?

.

Tuar Dóchais?

Péacáin Ghlasa 

bliain nua tosaithe againn agus in ainneoin an méid cúiseanna imní atá ann, ag an am céanna tá cúpla péacán glas le feiceáil freisin.  Mar is eol do chách, táimid i bponc ceart mar gheall ar chúrsaí tithíochta agus sláinte sa tír seo agus feictear domsa nach bhfuil tobréiteach gasta le fáil sna cásanna sin. Ní thosóidh mé fiú amháin ag plé faoin mBreatimeacht nach bhfuil deireadh go deo leis!  Agus déan dearmad ar fad faoi thodhchaí an daonlathais sna Stáit Aontaithe! A Thiarcais!  Ach céard faoi na péacáin ghlasa sin? Fiú leo siúd, tá coinníoll ag baint leo! Ach seo cúpla péacán glas ar dtús agus ansin nochtfaidh mé an coinníoll ag baint leo!

COVID-19

Tá maidhm mhór cásanna den Covid-19 ar siúl anois in Éirinn agus ráta an-ard ionfhabhtaithe ann. Tá níos mó othar san ospidéal agus in aonad dianchúraim ná mar a bhí bliain ó shin. Ach níl rudaí mar an gcéanna anois mar gheall ar na huirlisí atá againn chun dul i ngleic leis an víreas, mar vacsaíní againn a n-oibríonn go maith in aghaidh drochráig den víreas – an cineál Delta agus Oimeacróin san áireamh. Agus anois piollairí frithvíreasacha nua forbartha ag Pfizer agus ag Merck, atá éifeachtach ó thaobh daoine a choinneáil ón ospidéal agus ón mbás.

Cé go bhfuil cúrsaí go dona anois, gach seans go mbeidh siad ag éirí níos fearr i rith na bliana!

An Timpeallacht

Socraíodh i bPáras ag COP21 i 2015 gur chóir téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus go ndéanfadh na tíortha forbartha an laghdú is mó ar astaíocht charbóin, agus go gcabhródh siadsan le tíortha eile chun laghdú níos a bhaint amach. Níor comhlíonadh na haidhmeanna sin ar an drochuair. Chonaiceamar go léir cad a tharlaíonn nuair a thugtar neamhaird do ghealltanais thábhachtacha mar sin. Táimid buartha ag léamh na ceannlínte: tuilte agus stoirmeacha marfacha, triomaigh, caidhpeanna oighir ag leá, an fharraige ag ardú, agus mar sin de. Mar sin, bhí níos mó suime ag gach duine go mbeadh comhaontuithe níos láidre idir na tíortha ag glacadh páirte i gCOP26 i nGlaschú. Go deimhin, rinneadh dul chun cinn suntasach ann, agus na comhaontuithe a d’eascair as COP26 níos láidre ná riamh. Beidh sé an-tábhachtach do gach tír a gealltanais a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille! Táim dóchasach go dtarlóidh sé sin ag tosú i 2022, agus go mbeidh muid in ann ár bpláinéad a shábháil sula mbeidh sé ródhéanach!

An Ghaeilge dóchas mór!

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe anois ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.  Treisiú mór é ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a chuirfidh níos mó seirbhísí ar fáil don phobal as Gaeilge.

Mar a dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, an Teachta Dála Jack Chambers:

“Tá ré nua i ndán anois don chaidreamh idir phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an tSeirbhís Phoiblí. Beidh mé ag dul i mbun oibre le teann dúthrachta le hoifigigh mo Roinne anois le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa bhliain úr.”

Ar 1 Eanáir, 2022, fuair ár dteanga lánstádas san Aontas Eorpach mar theanga oifigiúil, agus is rud iontach é sin don tír agus dúinn go léir. Mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D Ó hUigínn:

Cé go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san AE, ní mór dúinn an deis a thapú agus freagracht a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil ciall léi inár saol féin. I gcroílár gnóthaí laethúla na hEorpa; i gcroílár an tsaoil sa Bhaile.

Chomh maith le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a chuir mé faoi mo lámh go gairid roimh an Nollaig, impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú a gcaidreamh féin leis an teanga a athnuachan, teanga ar chuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht í.

Coinníoll?

Céard faoin gcoinníoll a ndearna mé tagairt dó níos luaithe, an ea?

Bhuel, ní chomhlíonfaidh na tairngreachtaí iad féin gan ár gcabhair, ar an drochuair. Is tiománaithe muid go léir i dtreo ár dtodhchaí, agus caithfimid an fhreagracht sin a ghlacadh, agus tá dualgas orainn anois luí isteach ar an obair chun ár naislingí a fhíorú! Tá sé sin fíor i gcás na géarchéime, i gcás na timpeallachta agus go háirithe i gcás na Gaeilge. Mar sin, oibrímis as lámha a chéile i 2022 ar na spriocanna thuasluaite agus go háirithe maidir leis ár dteanga, agus tarlóidh rudaí iontacha – gan dabht ar bith!

.

.

.

.

.

Tuar Dóchais?

Athbhliain faoi mhaise daoibh

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Bhí sé de nós ag m’athair an tús seo a chur le píosa na hathbhliana, bliain i ndiaidh bliana, agus tuigeadh dom nár chóir dom an nós sin a bhriseadh. Molaim do na cloig chéanna sin, cloig Tennyson, bás na bliana 2021 a chaoineadh, agus a chomóradh, agus súil againn nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go brách arís. Anois, níorbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am céanna, níorbh í an bhliain ab fhearr í, ach oiread, nó ba í an bhliain í a thug cruatan, anró, agus céasadh dár muintir í, i bhfoirm an ghalair uafásaigh sin – COVID-19. Cheapamar go léir go mbeadh deireadh curtha leis an sciúirse seo faoin am seo, ach ar an drochuair cé go bhfuil an formhór dúinn vacsaínithe, mar sin féin níl COVID críochnaithe linn fós. Rud eile nach gcríochnaíonn ná an Breatimeacht, agus na hargóintí faoin bPrótacal Thuaisceart Éireann fós ar siúl idir an Riocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach (AE). Sin ach cúpla rud diúltach agus leanúnach atá ar siúl!  

Ach sin uilig ráite, agus admhaithe, caithfear a rá freisin, gurbh í an bhliain í a d’fhorbair, agus a neartaigh, spiorad an chomhaontaithe, agus na comharsanúlachta, i bpobal na tíre seo, bliain a d’aontaigh, agus a dhlúthaigh spiorad an phobail inár measc, an bhliain inar thosaigh Éire mar shuíochán neamhbhuan ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don téarma 2021–2022. Ar nóta eile ar fad, b bliain iontach againn mar gheall ar gach saghas spóirt, na Cluichí Oilimpeacha san áireamh. Bhuamar ceithre bhonn sna cluichí céanna, bonn óir agus bonn cré-umha sa dornálaíocht agus bonn óir agus bonn cré-umha sa rámhaíocht.  Bhí bliain mhaith againn maidir leis ár dteanga freisin deich mbliana ó tosaíodh an plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tháinig deireadh leis an bplé faoi bhille teanga nua sa Seanad agus rithfear é. Bhí go leor rudaí dearfacha eile a tharla i 2021, ach níl go leor spáis anseo gan ach roinnt bheag a lua.

Sea, clingigí libh, a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2021, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú léi i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú, agus ná bímis ródhian uirthi, nó ní bhíonn fiú saoi gan locht, agus breathnaigh mar a chuir an seandream é, fadó, ‘Ná mol, is ná dímhol daoi, nó ní bhíonn saoi gan locht’. Sea, agus féach mar a chuireadh na Rómhánaigh fadó é:-

De mortuis nil nisi bonum…

Mar sin, ná bímis ag sciolladóireacht uirthi feasta, ach chun bóthair linn arís le misneach agus le croí maith mór…..

“Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.”

Nach breá mar a chuireann an file é? Tá deis againn anois slán a fhágáil lenár lochta, agus leis an saol lochtach a chruthaigh muid dár bpobal, agus tá seans againn sibhialtacht úr, Útóipeach, a thógáil ina áit. Seans agaibh anois, a chloga, fáiltiú roimh an saol béasach, uasal, nua, seo. Sea, clingigí libh a chloga, agus comóirigí an t-athrú iontach sin.

“Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

A chloga, déanaigí bhur ndícheall críoch a chur leis na galraí uafásacha úd a chránn agus a chéasann an daonnaí, agus glanaigí as a chroí amach, an t-ampla agus an dúil mhallaithe atá aige in ór agus i saibhreas an tsaoil seo. Sea, agus molaigí dó críoch a chur le cogaí agus le troid, agus ina n-áit, clingigí chugainn ré uasal, beannaithe, na síochána, an ré úd a chonaic Íseáia, fáidh, i bhfís fadó. Féach mar a chuir seisean síos ar an ré neamhaí chéanna sin :-

Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin.

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,

Nó ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

Nach álainn go deo an fhís í sin, fís a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche céasta na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí….

Glóir do Dhia sna hArda,

agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte…..

.

Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir.

Tuar Dóchais?

Ceiliúradh Faichilleach

Nach crua an bhliain a bhí againn agus muid buailte go holc ag ráig i ndiaidh ráig den ghalar uafásach COVID-19. Tháinig an cineál Delta den choróinvíreas in áit an chineáil Alpha, agus anois tá gearrcach nua tagtha leis an gcineál Omicron! Cé go bhfuil an formhór dúinn vacsaínithe, níl imdhíonacht tréada faighte againn fós, agus le gach cineál nua éiríonn sé níos deacra é a fháil! Ina ainneoin sin, tá sé in am dúinn Nollaig a cheiliúradh, cé go gcaithfimid a bheith airdeallach an t-am ar fad faoin ngalar!

B’fhéidir gur smaoineamh maith é dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethanta úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos faide fós, go dtí an chéad Mhainséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa féin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iósaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Oíche Nollag

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstábla na mbeithíoch.

The lights were all lighting in that little hostel,

There were generous servings of victuals and wine,

Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,

But Jesus will lie in this household tonight.

Tá an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneal na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin

Fágaig’ an doras ar leathadh ina coinne,

The Virgin who’ll come with the child on her breast,

Grant that you’ll stop here tonight, Holy Mary,

That Jesus a while in this household may rest.

There is no doubt in the world, but that the poet managed to understand and express the attitude and beliefs of the common people, in the verses of that beautiful poem, "Oíche Nollag".

Cuimhní agus Dán ó m’athair

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Teaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáthshuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí Aifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an dinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! Nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an tine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

Níl dabht ar domhan ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo dáinín don ócáid:

Birth in the Stable

The Christmas season is upon us,

And white flakes coming down

As a bright, holy, shining flag,

Hiding grime and dirt for us.

.

But inside my heart, with enthusiasm,

Ullmhóidh mé mainséar, le dua,

and I will clear away the grime of the years

From the old stable of my hard soul.

.

The Christmas season is upon us,

And the holy, Heavenly Infant, coming down,

Is washing, and saving the Clan of Eve,

And hiding sin and trouble for us.

.

Nollaig Shona daoibh uilig agus bígí sábháilte!

.