Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

   (Cuid 1)   

 

.

Tá rialtas nua ann agus níl aon dabht ach go mbeidh tasc ollmhór le déanamh ag Catherine Martin agus Dara Calleary ó thaobh na Gaeilge de! Is í Catherine Martin an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta. Tá cúram na Gaeltachta agus an Spóirt leagtha ar an Aire Stáit, an Príomh-Aoire Dara Calleary.

Bhí díomá ar a lán daoine agus eagraíochtaí, mar bhí siad dóchasach go mbeadh freagracht na Gaeltachta faoi Aire Sinsearach amháin, ach beag beann ar sin tá fonn orthu bogadh ar aghaidh go tapa.  Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh na hAirí in ann gníomhú as lámh a chéile láithreach bonn chun cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tríd Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú le spriocdhátaí do na forálacha is tábhachtaí sa bhille agus cinntiú go mbeidh maoiniú sásúil curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne, rud nach raibh déanta ó 2008.”  Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an dá Aire go luath chun ceisteanna móra a phlé leo maidir leis a gclár agus a bpleananna.

Thug Catherine Martin geallúint go mbeidh an tAire sinsearach agus an tAire Stáit sa roinn nua rialtais ag obair as lámha a chéile ar son na teanga. I mo thuairim, tá lán na lámh acu.  

Caithfidh mé a rá mar ghnáthdhuine, go bhfuil sé deacair na hAchtanna agus na Pleananna a bhaineann leis an nGaeilge a thuiscint, maidir leis a n-ábhar agus a staid. Agus mé ag iarraidh tuiscint a fháil, roghnaigh mé Acht amháin agus Plean amháin agus chuir mé achoimrí gairide le chéile a roinnfidh mé leat sa cholún seo.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 / Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019

.

Tá Treoirleabhar ar fáil ar an idirlíon, ina ndeirtear:

Is iad cuspóirí ginearálta an Achta (2003) úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát, dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an stáit a leagan amach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Cé gur fíor é an seanfhocal “Tús maith leath na hoibre”, ní foláir an obair a chríochnú chun na sochair a bheith leat. Ar an drochuair, bhí forálacha an Achta lag go leor. Mar sin, thosaigh obair chun an tAcht a neartú i 2011 agus i 2014, foilsíodh ceannteidil do bhille a dhéanfadh an t-acht a leasú. Ní raibh eagrais teanga agus fiú amháin an Coimisinéir Teanga sásta leis, áfach, agus tar éis a lán obair foilsíodh ceannteidil nua i 2017. Faoi dheireadh, i 2019, foilsíodh an bille féin.

sprioc sa bhille go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus chinnteofaí gur trí Ghaeilge a dhéanfadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó. Deirtear sa reachtaíocht go mbunófar coiste comhairleach nua chun plean a chur le chéile.

Chuirfí deireadh chomh maith le córas na scéimeanna, chun caighdeán amháin a chur in áit do gach comhlacht poiblí. Ach níl eolas beacht ar bith tugtha faoi cad iad na dualgais reachtúla teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí faoin gcóras nua sin seachas liosta ginearálta rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. 

Príomhlaige mór é freisin nach bhfuil dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream a bheadh freagrach as an mbille a chur i bhfeidhm.

Mar sin, is cinnte go mbeidh leasuithe á moladh ar an mbille. Beifear ag iarraidh sprioc-am a chur leis an gcuspóir 20% agus is dócha chomh maith go mbeifear ag iarraidh dualgas reachtúil a leagan ar dhuine nó dream éigin as cur i bhfeidhm an phlean. 

.

Dúirt an tAire nua Martin go mbeidh sí féin agus an tAire Stáit Calleary ag breathnú ar an bhféidearthacht an bille a láidriú roimh é a bheith os comhair an Oireachtais san Fhómhar.

Cén tslí agus cén uair? Ní fios.

.

Mar sin, seo iad mo cheisteanna dóibh. Cad iad na láidreachtaí go sonrach atá i gceist ag Catherine sa bhille? Cé a bheidh freagrach astu? Cén maoiniú a bheidh ag teastáil ón rialtas chun iad a dhéanamh? Cad iad na spriocamanna ag baint leo? Cén seicphointí a bheidh ann chun cinntiú go bhfuil tasc déanta de réir mar a bhí beartaithe, agus mura bhfuil cad é straitéis mhaolaitheach?  

Gan freagraí soiléire, níl ann ach béalghrá!

.

Nuacht is deireanaí – dochreidte!

Bhí mé ar tí an t-alt a sheoladh chuig an bpáipéar, nuair a ceapadh Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta in athrú airí a tharla tar éis Barry Cowen a bhriseadh as a phost mar Aire Talmhaíochta. Ábhar ailt eile atá anseo, ach críochnóidh mé anois le cad a bhí le rá faoin gceapachán sin ag Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Plenála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair.

Cén t-ábhar dóchais atá ina cheapachán do mhuintir na Gaeltachta? Ar leag sé cois ariamh inár measc, nó an ndúirt sé focal riamh ar ár son, an bhfuil fhios aige gurbh ann do phobal labhartha na Gaeilge?

“Tá imní orm nach bhfuil againn anseo arís leis an chinneadh seo ach léiriú eile ar sheasamh na Gaeilge i gclár oibre an rialtais seo. Easpa suime, easpa físe agus mar sin easpa gnímh agus easpa dul chun cinn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Baile Átha Cliath – Ionad Nuálaíochta!

Bhí mé faoi gheasa le déanaí agus alt sa ‘Dublin Inquirer’ á léamh agam. Chláraigh mé lena nuachtlitir sheachtainiúil a fháil, mar is maith liom cos a choinneáil suas le nuacht áitiúil na cathrach. Chaith mé timpeall dhá bhliain déag i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, agus is as Baile Átha Cliath mo bhean chéile freisin.  Mar sin, tá nasc againn leis an gcathair, agus is deas an rud é a bheith in ann nuacht áitiúil na cathrach a léamh gach seachtain.

Tá athruithe móra tagtha ar Bhaile Átha Cliath ó bhíomar inár gcónaí ann. Tá a fhios ag madraí an bhaile faoin fhorbraíocht tráchtála agus tithíochta a tharla sa chathair thar na blianta, agus cé chomh costasach agus atá árasán a fháil ar cíos ann. Tá a fhios againn freisin gur saghas creidimh is ea an pheil Ghaelach i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann, agus tá sé sin an-soiléir tar éis na ‘Dub’s’ an Corn Sam Mhic Uidhir a bhuachan cúig uaire i ndiaidh a chéile.

Ach an bhfuil a fhios agat go bhfuil an Ghaeilge tar éis láidriú i mBaile Átha Cliath le himeacht ama?  Ionad nuálochta atá ann ó thaobh na teanga labhartha de, go háirithe lasmuigh den seomra ranga.  

Lig dom cúpla sampla a lua anseo, agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an t-alt thuasluaite mar chuid den phlé sin.

.

Na Gaeil Óga, CLG

Is cumann lán-Ghaeilge Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010.  Cé gurb as Baile Átha Cliath go leor de bhaill an chumainn, tá roinnt mhaith as gach cuid eile den tír chomh maith, na Gaeltachtaí san áireamh. Bhí imreoirí as tíortha eile ag imirt leo ó am go ham freisin.

Tá físeán iontach ar youtube.com (cuardaigh ar ‘Dub Club Chronicles Na Gaeil Óga’). Maítear ag deireadh an fhíseáin go bhfuil dhá fhoireann is fiche acu agus dhá chéad, tríocha is a haon ball fásta ann anois.

.

PopUpGaeltacht

“Is coincheap foinse-oscailte (open source) í #PopUpGaeltacht ina roghnaítear teach tábhairne uair sa mhí agus bailíonn Gaeil ann. Chun ól, like.” Sin an chéad rud a fheiceann tú nuair a théann tú go dtí https://www.facebook.com/popupgaeltacht/.

Thosaigh PopUpGaeltachtaí den chéad uair ag deireadh 2016 i mBaile Átha Cliath. Ba iad Peadar Ó’Caomhánaigh agus Osgur Ó’Ciardha comhbhunaitheoirí na gluaiseachta seo, nuair a d’aithin siad nach raibh ionad neamhfhoirmeálta acu chun casadh le Gaeilgeoirí eile.

Mar a dúirt Peadar faoin gcoincheap seo: “An aidhm atá againn ná muintir na teanga i mBaile Átha Cliath, ar an gcéad dul síos i mBaile Átha Cliath ar aon nós, a chruinniú le chéile áit éigin traidisiúnta dos na Gaeil oíche amháin…”

D’éirigh siad chomh maith leis an chéad PopUp i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath gur scaip PopUpGaeltachtaí mar a bheadh falscaí ar an gcnoc! Anois bíonn PopUpGaeltachtaí ní amháin i mBaile Átha Cliath, ach ar fud na tíre agus ar fud an domhain féin!

.

Cnocadóirí

Nach smaoineamh iontach é a bheith amuigh faoin spéir ar shiúlóid sna sléibhte le grúpa daoine agus sibh go léir ag caint Gaeilge le chéile!

Sin é cuspóir Na Cnocadóirí, a bunaíodh i 2003 chun gníomhaíochtaí cnocadóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn.   Is í an Ghaeilge teanga labhartha an Chlub. Cuireann siad fáilte roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt.  Tá tú in ann tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh www.cnocadóirí.com.

.

Siúlóid Sheachtainiúil timpeall Baile Átha Cliath, as Gaeilge!

Tharraing an teideal sin sa ‘Dublin Inquirer m’aird chomh luath agus a chonaic mé é.   grúpa ann le blianta fada Let’s Walk and Talk as Gaeilge’ a thugann siad orthu féin, agus gach seachtain siúlann siad ar chuairt go láithreacha suimiúla ar fud na cathrach, ag caint Gaeilge an t-am go léir. Go minic, ag deireadh na siúlóide, bíonn Paidí Mhic Éil ag fanacht agus cóipeanna den iris ‘An Taobh Ó Thuaidh ina mhála aige iris Ghaeilge atá foilsithe aige. Iris iontach is ea é, ach sin scéal eile do lá eile!

Nach bhfuil sé soiléir anois go bhfuil staid na Gaeilge bríomhar agus fuinniúil sa phríomhchathair, agus nach comhartha dóchais é sin go bhfuil todhchaí gheal ag ár dteanga?  

Diúltói:cuir é sin faoi do cheann agus codail air!

  

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Ag Foghlaim Gaeilge – ar an Idirlíon!

An tseachtain seo caite, rinne mé léarscáil de láithreacha tábhachtacha ar an idirlíon ó thaobh na Gaeilge de. Níl ann ach blaiseadh beag de na hacmhainní as Gaeilge atá ar fáil ar líne, ach úsáidim féin iad beagnach gach lá. Cé go bhfuil siad go hiontach ar go leor bealaí, go háirithe nuair atá Gaeilge líofa agat cheana féin, níl siad dírithe go láidir ar an bhfoghlaimeoir nó ar an bhfeabhsaitheoir. Ach ná caill dóchas má tá tú i gceann de na catagóirí sin, mar tá dea-scéal agam duit. Tá acmhainní eile ar fáil ar líne atá spriocdhírithe ort.

.

Ranganna ar líne

.

Tá, ar a laghad, trí shaghas ranganna ar fáil ar an idirlíon, ranganna clasaiceach, ranganna réamhdhéanta agus ranganna idirghníomhacha.

An cuimhin leat ‘Buntús Cainte’ a bhí ar RTÉ sna seascaidí agus a bhain clú amach go náisiúnta. Bhuel, tá tú in ann síntiús a ghlacadh le Buntús Cainte ar an suíomh gréasáin www.buntuscainte.com.  Tá cuid de na ceachtanna ar fáil ar www.youtube.com freisin.  Tá ranganna clasaiceacha eile ar fáil ar an idirlíon freisin, ó Ghael Linn le Linguaphone (ar youtube), Pimsleur (www.pimsleur.com/learn-irish) agus Rosetta Stone (www.rosettastone.com/learn-irish), mar shampla.

Tá go leor ranganna réamhdhéanta ar an idirlíon. Uaireanta, is ranganna réamhthaifeadta atá i gceist agus uaireanta eile is ranganna ilmheán iad.  Is é an ceann is cáiliúla sa chatagóir seo ná ‘Duolingo’ ( www.duolingo.com/enroll/ga/en/Learn-Irish).  Tá beagnach milliún síntiúsóirí atá ag foghlaim agus ag cleachtadh a chuid Gaeilge ar an ardán sin. Tá a lán suímh eile ann freisin, cosúil le www.bitesize.irish, www.ranganna.com, www.futurelearn.com/courses/irish-language agus www.tuairisc.ie/category/foghlaimeoiri.

Tá trí shaghas ranganna idirghníomhaíochta le fáil ar an idirlíon. Tá tú in ann teagascóir príobháideach a fháil ar an idirlíon, agus ansin Skype, WhatsApp nó aip cosúil leo a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le chéile. Tá a lán roghanna ann, agus seo ach cúpla suíomh úsáideach: www.italki.com, www.verbalplanet.com agus www.firsttutors.com.  

Cé nach ranganna atá i gceist , is fiú a lua anseo go bhfuil ciorcail comhrá ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain, agus go minic bíonn siad eagraithe ar an idirlíon. Ansin, tagann daoine le chéile ag an áit agus ag an am pleanáilte agus bíonn an ciorcal acu. Suíomh iontach is ea www.peig.ie/caint mar tá tú in ann imeachtaí a chlárú ann, agus na himeachtaí atá beartaithe a fheiceáil. Tá ciorcail comhrá ann freisin a tharlaíonn go hiomlán ar an idirlíon, mar shampla ag www.bitesize.irish, ach caithfidh tú a bheith i do shíntiúsóir chun páirt a ghlacadh iontu. Tá suímh ann freisin atá dírithe ar chiorcail comhrá, cosúil le www.ga.comhralecheile.net.

Ar deireadh, tá tú in ann freastal ar ranganna beo trí do ríomhaire, ag úsáid do cheamara agus do mhicreafón agus aip cosúil le ‘Zoom’. I mo thuairim, níl slí níos fearr ann do Ghaeilge a fheabhsú.  Is maith liom an liosta atá anseo: www.daltai.com/classes/online-learning/. Tá eolas agam ar chúpla ceann de na roghanna: www.anrinn.com/adult-courses, agus ceann atá ag Seán Lenaghan (irishlanguagelearners@gmail.com, www.facebook.com/irishlanguagelearners). Tá Seán lonnaithe i bPennsylvania, agus bhuail mé leis ag Coláiste na Rinne. Tá rang do thosaitheoirí aige ar líne. D’fhreastal mé féin ar an gcúrsa atá eagraithe ag Coláiste na Rinne ar líne, agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé thar fheabhas ar fad. Tá múinteoir den chéad scoth againn, darb ainm Micheál Ó’Máirtín! B’fhéidir go bhfuil aithne agat air, mar tá cónaí air i gCill Chainnigh le fada anuas. Tá leagan amach iontach ag an rang seo. Bíonn timpeall is deichniúr scoláire sa rang, agus bíonn ocht rang sa tsraith. Ar dtús, chun teacht isteach ar chúrsaí, bíonn comhrá beag againn. Ansin, léann gach duine amach an aiste bheag a bhí air/uirthi a scríobh mar obair bhaile. Tar éis sin, bímid ag staidéar sleamhnáin ar sheoladh chugainn iad roimh ré. Bímid ag léamh amach, ag freagairt ceisteanna, ag foghlaim stór focal, ag foghlaim gramadaí agus mar sin de. Ag deireadh an ranga, bímid ag léamh caibidil as leabhar cosúil le ‘Uisce Faoi Thalamh’, scríofa ag Áine Uí Fhoghlú . Bímid ag foghlaim an t-am go léir sa rang, gan trácht ar an obair bhaile agus an t-ullmhúchán don chéad rang eile.  

Beidh rogha iontach nua ar líne againn nuair a bheidh cúrsa atá á fhorbairt ag Ollscoil Mhá Nuad ar fáil– d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne maoiniú €270,000 dóibh thar thréimhse trí bliana!

Ar aon nós, molaim gach acmhainn thuasluaite, agus molaim go hard cúrsaí eagraithe ag Coláiste na Rinne. Ba chóir duit deiseanna mar seo a thapú!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Ag Foghlaim Gaeilge!

Coláiste na Rinne

Sa bhliain 2017, d’fhreastail mé ar thumchúrsa Gaeilge a bhí eagraithe ag Coláiste na Roinne, chun feabhsú a chur ar mo chuid Gaeilge. Tá an Coláiste suite in áit aoibhinn i lár Gaeltachta na nDéise i gContae Phort Láirge. Is ón nGaeltacht seo atá an radharc is fearr a d’fhéadfá a shamhlú.  Tá tú in ann cósta creagach Poirt Láirge a fheiceáil go soiléir agus Dún Garbháin ag glioscarnach trasna an chuain, le Sléibhte an Chomaraigh sa chúlra, b’fhéidir le clabhtaí dorcha bagracha ag clúdach a mbeann sceirdiúil. Agus ná déan dearmad ar an Choinigéar, an gob gainimh aisteach sin ag gobadh amach trasna Chuan Dhún Garbhán. Agus céard faoi Cheann Heilbhic féin? Tá cuan aoibhinn ann a mbíonn gnóthach le báid iascaireachta ag teacht agus ag imeacht.  Chomh luath agus a chonaic mé é, bhí mé faoi dhraíocht ag an radharc tíre sin. B’aoibhinn liom a bheith i nGaeltacht na nDéise sa samhradh sin, ag foghlaim Gaeilge ar feadh coicíse.  

Thit mé i ngrá ní amháin leis an radharc álainn, ach leis an gColáiste ársa sin agus a fhoireann iontach, agus le Gaeltacht na nDéise agus a mhuintir. Bhí na daoine go léir ar chas mé orthu an-chairdiúil agus an-lách agus bhí siad an-sásta Gaeilge a labhairt liom.

Foinse mhór teanga agus cultúr atá ann gan dabht, atá áisiúil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Chill Chainnigh.

.

Ní aon áibhéil a rá gurb eispéireas é a d’athraigh mo shaol. Thaispeánadh dom cé chomh tábhachtach is atá ár dteanga agus ár gcultúr dúinn mar náisiúin, agus spreag sé dúil mhór sa Ghaeilge ionam. Chonaic mé go bhféadfadh an saol dátheangach a bheith níos fearr, toisc go mbeifeá in ann tairbhe a bhaint as buntáistí an dá theanga.  D’fhreastail mé ar thrí thumchúrsaí go dtí seo, agus níl an paisean caillte agam fós.  Déanta na fírinne, éirím mífhoighneach ó am go ham, mar bíonn fonn orm mo chuid Gaeilge a fheabhsú níos tapúla. Cé go bhfuil coicís sa Ghaeltacht go hiontach, céard faoin gcuid eile den bhliain – cad is féidir liom a dhéanamh chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú i rith an ama?

.

Mar a tharlaíonn sé, tá a lán bealaí chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge i dtearmann do thí féin, ag úsáid do ríomhaire.   Roinnfidh mé samplaí de shuímh ghréasáin úsáideacha leat, agus tá go leor samplaí eile ann nach bhfuil an spás agam iad a lua.

.

Acmhainní Gaeilge ar an idirlíon

Tá foclóirí iontacha ar an idirlíon, cosúil le www.focloir.ie, www.teanglann.ie agus www.potafocal.com. Léiríodh ceartúsáid focail in abairtí, agus tá Draoi Gramadaí ag teanglann atá an-úsáideach nuair a bhíonn tú ag scríobh. Má theastaíonn leabhar Gaeilge uait, tá rogha mhór ag An Siopa Leabhar (www.siopaleabhar.com), agus ag An Ceathrú Póilí (www.anceathrupoili.com). Tá leabhair Gaeilge freisin ar fáil ó Amazon (Leabhair Kindle san áireamh).

Tá méid mór as Gaeilge ar fáil ar na meáin shóisialta ( Facebook, Instagram, Twitter agus eile ). Is é an rud a mholfainn duit ná dul isteach iontu and cuardach a dhéanamh ar ‘Gaeilge’.  Beidh ionadh an domhain ort!  

Dá mb’fhearr leat do nuacht a léamh as Gaeilge, bain triail as www.tuairisc.iewww.peig.ie. Tá clár imeachtaí ar fáil ar peig.ie freisin agus léarscáil na tíre a thaispeánann cá bhfuil na himeachtaí ar siúl.

Bíonn colúin seachtainiúil as Gaeilge san ‘Irish Times’ (Dé Luain), agus forlíonadh Gaeilge sheachtainiúil darb ainm Seachtain san ‘Irish Independent (Dé Céadaoin)’. Tá siad ar fáil ar líne má tá síntiús agat.  

Maidir leis an raidió, tá aip agam ar m’fhón darb ainm ‘Simple Radio’, agus is féidir stáisiúin Gaeilge a fháil ann, mar shampla Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Fáilte. Ansin, tá go leor podchraolta as Gaeilge freisin – déan cuardach ar Google ar an bhfocal ‘podchraoltaí’ agus beidh ionadh ort leis an mhéid atá ann.

Níl aon easpa físeán Gaeilge ar an idirlíon ach an oiread. Mar shampla, tá suíomh gréasáin iontach ag TG4 ( www.tg4.ie ) , agus aip ar fáil freisin. Tá tú in ann féachaint ar TG4 beo, agus tá bailiúchán físeán iontach acu. Tá ailt agus físeáin ag RTE ar fáil ag www.rte.ie/gaeilge.  Agus ná déan dearmad ar www.youtube.com, mar tá a lán físeáin Gaeilge ann, ranganna Gaeilge san áireamh.

Ós ag trácht ar ranganna atáimid, tar ar ais dom an tseachtain seo chugainn, nuair a chaithfidh mé tamaillín ag roinnt leat cad atá ar eolas agam faoi ranganna Gaeilge ar líne. Inseoidh mé leat cén ceann is fearr liomsa, agus cén fáth. Beidh sé rómhaith lena chailleadh!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Ár dTeanga – Tuar!

Nuair atá tú ag iarraidh rud éigin a thuar tá sé úsáideach ar dtús staidéar a dhéanamh ar an am atá caite.  Sin an cur chuige a ghlacaim anseo, ag féachaint ar ais ar staid na Gaeilge timpeall céad bliain ó shin, ansin ag féachaint air anois, agus sa deireadh ag déanamh tuar dána faoi.

Cé go raibh dúchas Éireannach aige, ba Shasanach é Robin Flowers, a rugadh i Yorkshire sa bhliain 1881. Tar éis dó céim sna clasaicí a bhaint amach agus post a fháil i Músaem na Breataine, thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge.  Chuaigh sé go Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1910 ag staidéar na Gaeilge faoi Carl Marstrander, teangeolaí cáiliúil ón Iorua.  Chuaigh Marstrander go dtí an Blascaod Mór i 1907 chun Gaeilge a fhoghlaim, agus bhuail sé le Tomás Ó’Criomhthain. D’fhás dlúthchairdeas eatarthu, agus bhí Tomás mar mhúinteoir do Carl.

Chuaigh Robin féin go dtí an t-oileán i 1910 agus an bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh Robin agus a bhean chéile ann ar mhí na meala, am a thugadh an t-ainm ceana ‘Bláithín’ dó. Chuaigh Robin agus a chlann ar ais beagnach gach samhradh ina dhiaidh sin ar a laethanta saoire. Scríobh Flowers an leabhar ‘The Western Island’ faoi na Blascaodaí agus d’aistrigh sé dírbheathaisnéis Ó’Criomhthain darb ainm ‘An tOileánach faoin teideal ‘The Islandman. Fuair muintir na mBlascaodaí, agus go háirithe na scríbhneoirí, aitheantas forleathan tar éis sin. D’aithin daoine go raibh siad ag féachaint ar mhodh maireachtála tuaithe a bhí ar an dé deiridh, ní amháin in Éirinn, ach in Iarthar na hEorpa. Ach is i mBéarla a scaipeadh an teachtaireacht seo, chun dul i gcion ar phobal níos leithne.  Nach raibh an ceart ag Tomás Ó’Criomhthain mar sin, nuair a scríobh sé nach mbeadh a leithéidí arís ann?

Bhí an ceart aige is dócha, ach measaim go mbeadh beagán iontas air a fheiceáil nach bhfuil an cultúr nó an teanga marbh fós. Tá ár gcultúr faoi bhláth, cé go bhfuil sé athruithe le himeacht ama, cosúil le haon chultúr eile.

Cad faoinár dteanga? De réir UNESCO, tá an Ghaeilge i gcatagóir ‘gan dabht i mbaol’, mar ní fhoghlaimíonn formhór na páistí an teanga mar a theanga dhúchais.

Is fíor é sin, ach cé go bhfuil sé déanach, níl sé ródhéanach an Ghaeilge a shábháil. Rinneadh cúpla rud maith le déanaí, agus tá rudaí maithe eile ag tarlú gach lá.  

Cén rudaí? Bhuel déanfaidh mé tagairt do chúpla ceann anseo, chun blas a thabhairt duit ar na rudaí éagsúla atá ar siúl ó thaobh caomhnú na teanga de.

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.  Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004 chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.

Tá an Ghaeilge fheiceálach go maith ar na meáin agus leathann an tionchar sin ar fud na tíre gach bliain. Chomh maith le Raidió na Gaeltachta, tá Raidió na Life (Baile Átha Cliath) agus Raidió Fáilte (Béal Feirste) ar an aer anois, agus tá Raidió Rí-Rá ar an idirlíon. an cainéal teilifíse TG4 ag éirí go maith, agus tá an-éileamh ar an gclár Ros na Rún.

Tá méadú mór tagtha ar na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí, agus tá liostaí feithimh ag cuid acu, mar tá éileamh láidir ann.

Tá ‘Popup Gaeltachta’ ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is féidir leat freastal ar ranganna Gaeilge nó ar chiorcal comhrá ar an idirlíon, is cuma cén áit ina bhfuil tú. Agus tá a lán acmhainn ar fáil ar an idirlíon, cosúil le foclóirí, irisí, ranganna, fís-sruthú TG4 agus eile.

I mo thuairim, cé go bhfuil fadhbanna móra leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha na tíre, ar an taobh eile den scéal, is ábhar dóchais é na rudaí dearfacha don teanga atá ar siúl faoi láthair.

Mar sin geallaimse duit go mbeidh an teanga beo fós i gceann céad bliain eile!  Daoine fadcheannaigh is muid muintir na hÉireann, atá bródúil as ár bhféiniúlacht náisiúnta agus a thuigeann go maith cé chomh tábhachtach is atá ár dteanga mar chuid den fhéiniúlacht sin! Agus mar a chonaiceamar i gcás Ó’Criomhthain nó Flowers, cúpla duine in ann torthaí iontacha a bhaint amach! Is é an cleas is fearr gan tabhairt isteach go deo!

.

.

  .

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

Googliú na Gaeilge!

Gach bliain, de réir alt 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is gá don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chuir ar fáil don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Tá Tuarascáil Bhliantúil 2018 eagraithe go gairmiúil, agus tá a lán le foghlaim ann faoi shláinte ár dteanga náisiúnta. Ar an drochuair, tá an Ghaeilge i staid náireach ag an am seo.  Faigheann teanga bás gach coicís ar an meán, agus ba mhór an feall é dá dtarlódh sé don Ghaeilge, mar níl aon leithscéal dúinn é sin a ligean. Léiríonn an Tuarascáil seo nach bhfuil cuid den ár gcomhlachtaí poiblí ag comhlíonadh an tAcht, agus is mór an trua é sin, go deimhin.  Tá orainn go léir labhairt amach sula mbeidh sé ródhéanach!

Má tá suim agat, tá an Tuarascáil go léir le fáil ar an suíomh: https://www.coimisineir.ie/userfiles/files/Tuarascail_Bhliantuil_2018.pdf.

San alt seo, roghnaím ach sampla amháin, mar gheall ar an tseafóid atá ag baint leis, go príomha.

Déanfaidh mé turgnamh beag ort ar dtús – léigh an pasáiste beag ábhartha seo as an Tuarascáil, faoi Comhairle Contae Chorcaí (tá brón orm Comhairle Contae Chorcaí!):

Fuair ​​imscrúdú amach gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an oibleagáid teanga reachtúil atá i Fo-alt 18 (1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a mhéid toisc go mbaineann sé le soláthar a scéim teanga reachtúil trí Ghaeilge a sholáthar leagan den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle trí úsáid na seirbhíse aistriúcháin meaisín Google Translate.  Fuair ​​mé gearán ó bhall den phobal a úsáideann a bhí á dhéanamh de chóras aistriúcháin meaisín le soláthar an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí.

Cad a cheapann tú?  Nach bhfuil sé uafásach?

Ach fan nóiméad.  Tá ceann eile agam – anois léigh an pasáiste seo:

Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 fad is a bhaineann sé le cur i bhfeidhm mír de scéim teanga reachtúil tríd an leagan Gaeilge den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a sholáthar tríd an tseirbhís meaisínaistriúcháin Google Translate. Rinne duine den phobal gearán liom go raibh leas á bhaint as córas meaisínaistriúcháin chun an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí a chur ar fáil.

Anois, cad a cheapann tú?  Nach bhfuil tú in ann é a thuiscint?  Nach mór an difríocht idir an dá phasáiste sin?  Céard ‘tá ar siúl?

Don chéad cheann thóg mé an leagan Béarla den phasáiste i gceist agus d’úsáid mé é sin mar ionchar do ‘Google Translate’ chun é a aistriú go Gaeilge.  Scríobh an Coimisinéir an dara ceann díreach as Gaeilge. Is follas nach bhfuil an chéad cheann inúsáidte.

Tá mé trína chéile a fháil amach gur úsáid Comhairle Contae Chorcaí – contae ina bhfuil Gaeltacht Múscráí – ‘Google Translate’ chun buanábhar ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a chur ar fáil i nGaeilge.   Ag iarraidh an cleachtadh seo a chosaint, dúirt an Chomhairle nach raibh an t-airgead nó an t-am acu comhlacht príobháideach aistriúcháin a úsáid, agus go raibh seans mór ar aon nós go ndéanfar athdhearadh ar an suíomh.  Cheap siad freisin nach sháródh an t-aistriúchán Gaeilge a bhí á chur ar fáil trí chóras meaisínaistriúcháin amháin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt siad gur beart sealadach a bhí ann go dtí go mbeidís in ann aistriúchán níos cruinne a chur ar fáil.

Tar éis an t-ábhar a phlé leis an gCoimisinéir, ghlac an Chomhairle Contae leis, áfach, nach raibh aistriúchán ar ábhar statach an tsuímh gréasáin ar an gcaighdeán céanna leis an mbunleagan Béarla agus chuireadh plean in áit aistriú cruinne a dhéanamh in imeacht bliana, agus an dá leagan a choimeád i sionc le chéile as sin amach.

Dúirt an Coimisinéir gur féidir go dtiocfadh an lá fós a mbeidh aistriúcháin á gcur ar fáil ag meaisínaistriúchán as féin ar chaighdeán atá sásúil ó thaobh chruinneas na cumarsáide chun críocha oifigiúla de, ach nach raibh sé léir dó go bhfuil an lá sin tagtha go fóill.

Sin sampla amháin den obair den chéad scoth atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir.  Is trua go bhfuil gá ann le Geatóir Teanga mar seo, ach tá an t-ádh dearg orainn go léir go bhfuil geatóir chomh héifeachtach le Rónán Ó Domhnaill againn ag an am ríthábhachtach seo i saol ár dteanga agus ár gcultúr.

.

.

.

.

.

en_USEnglish