Armagadan!
Thíos sa Smugairle Róin, a bhí mé fhéin is mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, an oíche cheana, muid ar ár sáimhín só, agus ag iarraidh fadhbanna casta an tsaoil mhóir seo a scaoileadh, nuair a thóg mo Shéimí breá cruacheist doscaoilte, agus chaith idir an dá shúil chugam é.
“Nóiméad amháin”, arsa mé fhéin, “nár chuala tú riamh é ráite i measc daoine, gur túisce deoch ná scéal? Bhuel, fóill ort nóiméad amháin, mar sin, go n-iarrfaidh mé ar ár seanchara ‘Tóin Mhór’ fhéin, braoinín den stuif chrua a leagan os ár gcomhair amach, braoinín a bheidh mar spreagadh againn, agus muid ag dul i mbun na ceiste sin.”
Ba ghearr an mhoill ar ghiolla an leanna na deochanna a leagan ar an mboirdín beag sin a bhí eadrainn, istigh i gCailleach (Snug) an Smugairle Róin. Thóg Séimí cóir a ghloine fhéin, d’ardaigh go hómósach idir é fhein agus an solas é, scrúdaigh go fuarchúiseach, ealaíonta é, agus ansin, chuir chun a bhéil é, agus bhain smeachán as, d’ísligh an gloine ansin, go mall, cúramach, chun an bhoird arís. D’aithneofá ar a aghaidh, go raibh sé thar a bheith sásta lenar bhlais sé.
“Bhuel,” ar seisean “an gceapann tú go bhfuil ‘Lá Philip a’ Chleite’ buailte linn?”
“Go bhfóire Dia na Glóire orainn uilig,” arsa mé fhéin, ach céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin thú, a chara na gcarad?”
“Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá an scéal scanraitheach sin á scríobh thall is abhus dúinn, ag méar Dé fhéin, le tamall de bhlianta anuas anois.”
“Tá faitíos orm, nár léigh mé fhéin tada dá leithéid ar Chlár Dubh na Cruinne, go fóill, ach go háirithe.”
“Cá raibh tusa aimsir na súl? Nach bhfuil sé le léamh agat i scéalta móra an domhain seo, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain, agus ó cheann ceann na bliana.”
“B’fhéidir, a Shéimí, go n-inseofá dom, cad é go díreach, an scéal atá le léamh agat chomh rialta, soiléir sin.”
“Déanfaidh mé sin, cinnte. Nach léann tú na nuachtáin, agus nach mbreathnaíonn tú ar an teilifís, gan trácht in aon chor ar éisteacht leis an raidió, agus nach bhfuil an scéal céanna sin le léamh, agus le clos, ó éirí go dul faoi na gréine, chuile lá, go bhfuil muid ag druidim i dtreo Armagadan. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil Báire na Fola chugainn ar luas.”
“Cogadh atá i gceist agat, mar sin, an ea?
“Cogadh, cinnte, ach cogadh níos measa ná aon chogadh a troideadh ó thús an tsaoil go nuige seo. Breathnaigh ar a bhfuil ar siúl sa díthreabh, thart ar Mhurascaill na Peirse, na laethe seo? Amuigh ansin ar an gcúlráid, folaithe ó shuile fiosracha daonna, tá na Stáit Aontaithe, agus a gComhghuallaithe, ag tionól agus ag tiomsú arm ollmhór, le cogadh díothaitheach a chur ar an Iaráin, mar chuid dá gclár, le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a dhíothú. Ní gnáth-shaighdiúirí, nó gnáth-airm, atá a mbailiú acu, amuigh ansin ar an gcúlráid, sna gainimhligh thart ar Mhurascaill úd na Peirse. Ní hea mh’anam, ach saighdiúirí stóinsithe, seantriailte, righne, agus airm nua-aimseartha, nimhneacha, mallaithe, agus nuair a bheidh an slógadh agus an tiomsú uilig críochnaithe, beidh ansin, fórsa millteanach, do-bhuailte, agus fórsa nach bhfacthas a leithéid ar thalamh an domhain seo, cheana riamh.”
“Ach a Shéimí, nach bhfuil chuile sheans ann anois, nach mbeidh orthu piléar amháin fiú, a scaoileadh i bhfeirg, nó de réir mar a thuigtear do na saineolaithe, tuigfidh Rialtas na hIaráine go bhfuil a chaiscín meilte, agus géillfidh sé, sula mbeidh gá le cogaíocht ar bith.”
“Tá súil agam go bhfuil an ceart agat, ach caithfear a chur san áireamh anois, go bhfuil an t-arm ollmhór sin tógtha ag Meiriceá trasna an domhain, agus slógtha ansin, cóngarach do Mhurascaill na Peirse, agus thuigfeadh duine ar bith, nach ar mhaithe le caisleáin ghainimhe a thógáil, a seoladh chun na háite iargúlta sin, a chéaduair iad, agus dá bharr sin, tá chuile chosúlacht ar an scéal, go mbeidh ina chogadh fuilteach, fíochmhar, ansin, sára fada. Agus má tharlaíonn an cogadh sin, is féidir linn a bheith cinnte, go mbainfidh an dá thaobh leas as chuile bhuntáiste airm atá ar fáil dóibh, ar mhaithe lena namhaid a scrios is a dhíothú. Má tharlaíonn a leithéid, bhuel, ansin beidh Lá Armagadain buailte linn, nó d’fhéadfadh sé, go mbainfeadh an dá thaobh úsáid as airm do-luaite, agus go leathfadh nimh agus fíoch na cogaíochta sin ó cheann ceann na cruinne, nó má bhaintear an claibín den bhuidéal, ní bheidh éinne ábalta srian a chur ar dhiabhail ollscriosacha Armagadain!”