Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Éisteacht 2

Thochail an Roghchoiste January 6 níos doimhne isteach sa dara héisteacht. Léiríodh torthaí a ghrinnfhiosrúchán ar na heachtraí a tharla ón toghchán uachtaránachta suas go dtí January 6, agus go háirithe ar cad a bhí ar bun ag Trump agus a fhoireann san am sin.  Nochtadh go leor eolais nua dúinn ach sheas cúpla rud suntasach amach.

Detached from reality!

Bhí fonn mór ar Trump a fhógairt at January 6 gur bhuaigh an uachtaránacht, go raibh go leor vótaí fós le comhaireamh. Bhí a fhios go maith ag foireann Trump nach raibh cuma mhaith ar chúrsaí, mar bhí méid mór vótáil phoist chun comhaireamh, a mbeadh formhór dóibh ar son Joe Biden. Ach níor éist Trump le haon duine. Is é a dúirt an tIar-Ard-Aighne Bill Barr faoi sin agus é ag tabhairt fianaise don roghchoiste níos túisce i mbliana, : “ chreideann (Trump) an stuif sin, gearrtha amach ón saol (detached from reality’).”  Luaigh Trump comhcheilg i ndiaidh comhcheilge, ag iarraidh an fhírinne lom a shéanadh. Faoi dheireadh, níor éist Trump ach le triúr ar aontaigh siad leis fósRudy Giuliani, Sidney Powell agus Peter Navarro. siad go léir le gealaigh, gan trácht ar Thrump féinach nach n-aithníonn ciaróg ciaróg eile? In ainneoin na fírinne a ghlacadh, lean Trump ar aghaidh leis an bhréag mhór ag gur goideadh an toghchán uaidh.

Lean an t-airgead!

Tháinig aniar aduaidh orm nuair a tharraing an roghchoiste ár n-aird ar an nasc idir an ghníomhaíocht tiomsaithe airgid agus na bréaga a bhí á n-insint ag Trump agus a chomhghleacaithe. Dúirt imscrúdaitheoir an roghchoiste gur bailíodh 250 milliún dollar tar éis an toghcháin, ag go n-úsáidfear an t-airgead chun dul i ngleic leis an gcalaois fhorleathan a ghoid an t-uachtaránacht ó Trump. Bailíodh an t-airgead sin bunaithe ar na bréaga a bhí á scaipeadh ag Trump agus a Pháirtí. hamháin sin ach níor úsáideadh an t-airgead chun íoc as cásanna cúirte agus a leithéid ach in ionad sin, chuaigh formhór an airgid isteach iSave America PAC, ciste chun tacaíocht polaitiúla a thabhairt do Trump féin. D’inis Trump bréaga, agus bhailigh airgead bunaithe ar na bréaga sin! Dochreidte! Mar a dúirt ball den roghchoiste, Zoe Lofgren: “ hamháin Bréag Mhór a bhí i gceist, ach Bradaíl Mhór freisin!” Gan dabht, tarraingíonn an t-eolas nua seo ceist mhór an raibh calaois airgeadais i gceist? gur cúisíodh timpeall 850 duine as a bheith páirteach san éirí amach ar January, is díol suntais nach bhfuil Trump agus a chomhghleacaithe ina measc, gur spreag siad an eachtra fhoréigneach ar dtús báire. Ach breac é go mbíonn ar an bport!  

Éisteacht 3

Chuir Trump brú mór ar Leasuachtarán Pence roimh agus ar January 6, ag iarraidh air stop a chur le comhaireamh na vótaí sa Chaipeatól. Rinne an roghchoiste mionchur síos dínn ar na hargóintí a chur Trump agus go háirithe a dhlíodóir John Eastman le chéile agus iad ag go raibh an chumhacht ag Mike Pence an comhaireamh a stopadh. Ach níor aontaigh Pence leis a n-argóintí, agus níor aontaigh a abhcóide, Greg Jacob, ach an oiread. Nuair a léigh Jacob an meamram a scríobh Eastman ag go mbeadh dlíthiúil do Pence an comhaireamh a stopadh, thug Jacob freagra grod go mbrisfeadh plean Eastman an dlí. D’aontaigh Eastman leis! Nuair a chuir Trump féin brú ar Pence, dúirt Pence leis nach raibh an chumhacht aige an comhaireamh a stopadh. Bhí a fhios go maith ag Trump agus Eastman go raibh a bplean mídhleathach, ach lean Trump ar aghaidh in ainneoin an eolais sin. Agus murar leor é sin, sheol Eastman r-phost chuig Giuliani, inar scríobh : “Rinneadh cinneadh gur ceart a bheith ar anliosta pardúin’, sin ar fáil fós.” Pardún ón uachtarán a bhí i gceist, agus cén fáth a mbeadh pardún á lorg ag Eastman, an gceapfá?  Thóg an t-iar-breitheamh coimeádach mór le J. Michael Luddig teistíocht ag an éisteacht. Bhí ina chomhairleoir do Pence agus Jacob, ag leo nach raibh plean Eastman dlíthiúil ar chor ar bith. Bheadh deacair don pháirtí Poblachtánach teacht salach ar cad a bhí le ag Luddigduine mbaill féin!

Más aon chomhartha iad na chéad éisteachtaí, beidh rún dhó eile i ndán dúinn sna cinn eile amach romhainn!

.

.

.

.

.

.

  

.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteacht 1

As na fadhbanna go leor atá againn sna Stáit Aontaithe, is í an fhadhb is measa an bhagairt ag baint le grúpaí sceimhlitheoireachta Meiriceánacha cosúil leis naProud Boys’ agusOath Keepers’, a bhfuil fealsúnacht urchóideach, forchiníoch acu. Is é an rud is measa a rinne siad an t-éirí amach ar January 6, 2020, sa Chaipeatól, nuair a rinne siad tréaniarracht stop a chur leis an aistriú rialtais a bhí ar siúl ag an am. Bhuaigh Joe Biden toghchán na hUachtaránachta i 2019 gan cheist, ach raibh Donald Trump sásta an toghchán a ghéilleadh . Shéan Trump amach díreach gur chaill an toghchán, ag go raibh calaois toghcháin i gceist, nach raibh aon rud feicthe ag éinne, go leor cúirteanna san áireamh, a thabharfadh le fios go raibh caimiléireacht ar siúl leis na vótaí. Ach ar January 6 2020, i bhfoisceacht scread asail don Chaipeatól, ghríosaigh Trump a lucht leanúna chun feirge agus d’iarr orthu máirseáil i dtreo an gCaipeatól chun stop a chur leis an bpróiseas daonlathais a bhí ar siúl ann. I rith a óráide fuafaire dúirt na focail seo a leanas: “Agus troidimis! Troidimis ar nós an diabhail! Agus mura dtroideann sibh go fíochmhar, bheidh tír agaibh níos !”

Mar is eol do chách, bhris lucht leanúna Trump, na Proud Boys agus Oath Keepers san áireamh isteach sa Chaipeatól go foréigneach. Chuir siad isteach ar na himeachtaí tábhachtacha a bhí ar siúl agus bhí ar na polaiteoirí éalú ó chontúirt.  

Ag an am uafásach sin, is beag duine i Meiriceá a sheas idir an daonlathas agus coup d’état. Ach sheas Leasuachtarán Mike Pence suas agus rinne an rud ceart nuair a dhiúltaigh scun scan drochrún Trump a chur i gcrích.

An Chéad Éisteacht

Faoi dheireadh, beagnach bliain go leith i ndiaidh an éirí amach, ar an 9ú Meitheamh, thosaigh roghchoiste January 6 ag cur mórchinntí a fhiosrúcháin i láthair.  

Ina ráiteas tosaigh, dúirt an Cathaoirleach Benny Thompson: “ bharr na bréaga a chothaigh an t-éirí amach January 6, cuireadh ár ndaonlathas bunreachtúil atá dhá chéad go leith bliana d’aois i mbaol. an domhan mór ag faire orainn anseo. Le fada an , bhí Meiriceá mar chathair lonrach ar chnoc. Léaró dóchais agus saoirse; dea-shampla do dhaoine eile nuair atáimid i mbarr ár réime.”  Ansin, tháinig Liz Cheney, leaschathaoirleach an choiste i gceannas na n-imeachtaí. Rinne achoimre láidir i gcoinne Trump, agus dúirt go mbeadh i bhfad níos ag teacht chun solais sna héisteachtaí atá le teacht. Thug saghas léarscáil dúinn, ag míniú dúinn cad a bheadh sna héisteachtaí eile. Seo ach cúpla rud tábhachtach a dúirt le linn na héisteachta: “Ghair an tUachtarán ar an daoscarshlua, chruinnigh an daoscarshlua, agus las tine an ionsaithe!” “Nuair a theipeann ar an Uachtarán gníomhú chun ár n-aontas a chosaint, tarlaíonn géarchéim bhunreachtúil bharr; mar sin ár bpoblacht i gcontúirt mhór.” Nuair a bhí na círéibeoirí ag canadh Croch Mike Pence’, d’fhreagair Trump: B’fhéidir gur smaoineamh maith atá ag ár lucht leanúna. tuillte aige!  D’eisigh Cheney foláireamh nuair a labhair leis na Poblachtánaigh ag : “Tiocfaidh an nuair a bheidh Donald Trump imithe, ach fanfaidh bhur n-easonóir.

Físeáin Nua le feiceáil

Chonaiceamar físeáin nua a thaispeáin an doirteadh fola grafach a tharla ar January 6.  Ionsaí foréigneach a bhí ann agus raibh seans ag na póilíní stop a chur leis.  

Chonaiceamar blúirí beaga de dhaoine lárnach ag tabhairt teistíochtaIvanka Trump agus Bill Barr (iarArdAighne) san áireamh.  Mar gheall ar líomhaintí Trump agus a fhoireann faoi chalaois mhór toghcháin, dúirt Barr go ndúirt le Trump go leor uaireanta nach raibh aon bhunús leis na líomhaintí sin agus raibh iontu ach cacamas. Agus dúirt Ivanka, iníon Trump, gur chreid Bill Barr ag an am, in ionad a hathair féin.

Agus chualamar ó dhaoine a bhí i láthair ag an gCaipeatól an sin, go háirithe ón scannánóir Nick Quested agus ón bpóilín Caroline Edwards. Gortaíodh Edwards go dona nuair a bhí agus a gcomhghleacaithe sna póilíní ag iarraidh stop a chur leis an ionradh. Dúirt Edwards gur zón cogaidh a bhí ann, agus go raibh ag sleamhnú ar fhuil a bhí ar an talamh.

.

Chonaic an dara héisteacht cheana féin, agus gan aon rún a sceitheadh, taispeántas tinte ealaíne a bhí inti. Beidh níos le agam ar an ábhar luath go leor!

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Tuairisc ó Mheiriceá – Gníomhartha Dochosanta!

 

Is beag aird a Rialtais Fheidearálaigh a dhírítear ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá! Sin an fhírinne shearbh a soiléir gach uair a tharlaíonn mórshléacht eile sa tír. Ar an drochuair, tarlaíonn a leithéid go rómhinic ar fad. Dúnmharaithe tubaisteacha iad go léir a imrítear ar dhaoine neamhurchóideacha, go minic in áiteanna atá in ainm is a bheith sábháilteáiteanna cosúil le scoileanna, ionaid adhartha, bialanna, agus siopaí. Ach nuair a dhúnmharaítear páistí soineanta gan taise mar a tharla go leor uaireantale fíorghairid in Uvalde, i Texas, agus nuair a thuigeann go bhfuil formhór na mbásanna sin inseachanta, caithfidh an cheist a chur: cad é faoin spéir atá cearr le Rialtas na Stáit Aontaithe? na rialacháin a bhaineann le gunnaí ag éirí níos scaoilte an t-am ar fad, nuair atá a mhalairt ag teastáil go géar.  Is í an fhadhb atá i gceist cumhacht thruaillitheach an airgid! an Cumann Náisiúnta Raidhfilí (NRA), in éineacht le Poblachtánaigh sa rialtas feidearálach ag obair le chéile chun fealsúnacht an NRA a scaipeadh, fealsúnacht a chothaíonn cearta úinéireachta gunnaí do chách sa tír. mar sin atá i dtíortha eile, agus bhí roinnt mhaith tíortha in ann foréigean le gunnaí a laghdú go suntasach.

Cad is féidir leo siúd a dhéanamh nach bhfuil ar acmhainn na Stáit Aontaithe a dhéanamh?

.

Freagairt éirimiúil agus thapa!

I gCeanada, sa bhliain 1989, nuair a dhúnmharaíodh ceithre bhean déag go barbartha ag ollscoil École Polytechnique i Montreal, cuireadh dlíthe nua i bhfeidhm maidir le gunnaí. Arís i 2020 tar éis sléacht eile agus trí dhuine dhéag maraithe ag fear gunna, cuireadh dlíthe nua i bhfeidhm chun coisc a chur ar airm ionsaithe agus airm uathoibríocha agus fiú ar na saghsanna piléar a bheadh ceadaithe a úsáid.  I gCeanada, laghdaíodh an ráta dúnmharaithe go suntasach bharr sin go .5 dúnmharú as gach 100,000 duine le gunn gach bliain, i gcomparáid le ráta atá i bhfad níos airde 4 dúnmharú as gach 100,000 duine sna Stáit Aontaithe.  Fiú sna Stáit Aontaithe féin, níl ráta mar an gcéanna i ngach Státbraitheann ar láidreacht na ndlíthe gunnaí atá i bhfeidhm. Tá níos 25 dúnmharú as gach 100,0000 duine i Mississippi, Louisiana agus Wyoming, agus ní taisme ar bith é go bhfuil na dlíthe gunnaí is laige sa tír ag na stáit sin.

Dála an scéil, rinne an Astráil agus an Riocht Aontaithe mar an gcéanna le Ceanada, agus chuir siad dlíthe níos déine i bhfeidhm tar éis mórshléachtanna ina dtíortha féin. D’ísligh siad an ráta dúnmharaithe go suntasach freisin.

an-soiléir go bhfuil nasc idir láidreacht na dlíthe gunnaí agus mar sin an líon gunnaí atá i gcúrsaíocht, agus an ráta dúnmharaithe.  Tharraing an tUachtarán Biden ár n-aird ar shampla amháin. Dúirt : “Cuireadh cosc ar airm ionsaithe sa bhliain 1994, agus thit an ráta dúnmharaithe le gunnaí. Chuaigh an dlí sin as feidhm i 2004, agus ansin mhéadaigh an ráta mórshléachtanna faoi thrí.

Ar an mhórphictiúr sna Stáit Aontaithe, seo iad na staitisticí: 400 milliún gunna ann, agus as an uimhir sin, timpeall 20 milliún gunna ionsaithe, cosúil leis an AR-15 ar úsáid go leor de na gunnadóirí iad chun damáiste as cuimse a dhéanamh.  

Cén fáth?

réiteach cruthaithe ann agus is é sin reachtaíocht gunnaí níos déine a achtú. Cén fáth nár tharla agus nach dtarlaíonn a leithéid sin sna Stáit Aontaithe nuair a chruthaigh tíortha eile go n-oibríonn an straitéis seo go feidhmiúil chun foréigean gunnaí a laghdú? Is é an comhoibriú an cur chuige atá i réim, go háirithe idir an NRA agus an Páirtí Poblachtánaigh. Faigheann na Poblachtánaigh tacaíocht airgeadúil agus faigheann an NRA tacaíocht polaitiúla i gcaidreamh siombóiseach eatarthu.  Ach is drochmhargadh é sin do phobal na tíre a bhfuil orthu cónaí i dtír i bhfad níos dainséaraí dóibh go léir. na Poblachtánaigh sa Seanad in ann bac a chur ar aon dlí gunna a thagann os a gcomhair, agus sin díreach a dhéanann siad. Chomh fada agus is féidir leis an NRA agus na Poblachtánaigh an bob sin a bhualadh ar dhóthain daoine, leanfaidh siad ar aghaidh mar sin. Idir an linn, is faoi gach stát atá a dlíthe gunnaí féin a chur i bhfeidhm chun an sléacht uafásach seo a laghdú.

.

.

.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Beagnach trí bliana ó shin, scríobh alt faoin bhfoireann náisiúnta sacair SAM (USWNT) a bhuaigh Corn Domhanda na mBan in aghaidh na hOllainne i gcluiche d’ardchaighdeán. Tar éis dom cuir síos a dhéanamh ar an gcluiche sin, dúirt nach raibh USWNT chomh rathúil sin ó thaobh comhionannais de.  

Seo mar a scríobhas: an-suimiúil gurb é gártha lucht féachana an tsacair tar éis an chluiche ceannais i mbliana : “ comhionann, comhionann.” Is cinnte go bhfuil argóint láidir ag na mná, go háirithe ina dtír féin. an argóint níos láidre fós dóibh tar éis an Choirn Domhanda a bhuachan gan dua den cheathrú huair.

Bhí cultúr leithcheala ag Cónaidhm Sacair na Stáit Aontaithe (USSF) le fada an , gan trácht ar an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA). Ach níor ghlac USWNT leis an status quo sin agus chuaigh siad go tréan i ngleic leis an leithcheal inscne sin.

Rinne cúigear imreoirí dóibh gearán sa bhliain 2016 leis an gCoimisiún um Dheiseanna Comhionann Fostaíochta (EEOC) sna Stáit Aontaithe in aghaidh an USSF, ag éileamh comhionannais maidir le coinníollacha oibre agus . Sa bhliain 2017, tháinig an USNWT agus USSF ar chomhaontú, go socrófaí na fadhbanna eatarthu féin laistigh de cúig bliana, ag úsáid córais cómhargála.

.

Cás Dlí

Sa bhliain 2019, nuair nach raibh aon dul chun cinn déanta fós chun teacht ar réiteach, thóg na himreoirí USNWT cás caingne aicmí in aghaidh an USSF. Bhí siad ag lorg aisghníomhaigh, damáistí agus bearta pionósacha eile freisin, ag dul ar ais go 2015.  Agus b siad ag éileamh comhionannais iomláin le foireann náisiúnta na bhfear SAM (USWNT) as sin amach.    

Níor thug breitheamh feidearálach breith ina leith, mar gheall ar chomhionannas , áfach. Dúirt nárbh fhiú dul ar aghaidh mar shínigh an USWNT conradh oibre a bhí ina ceangal de réir dlí. Níor ghlac an USWNT leis an rialú sin, agus rinne siad achomharc chuig an 9ú Cúirt Achomhairc ag iarraidh an rialú sin a fhreaschur. Is díol suntais gur chuir an USMNT mionteagasc chuig an chúirt ag tacú go láidir leis an achomharc.  Seo sliocht beag as an mionteagasc sin:

Mar go raibh cúrsaí airgid USSF feabhsaithe go mór ón am a ndearna muid féin idirbheartaíocht ar son i 2011, cheapamar gur cheart dóibh (USWNT) a thrí oiread níos muidne a fháil.

Tháinig siad (USWNT agus USSF) ar shocrú i Feabhra 2022. Faoin socrú sin, thoiligh USSF go n-íocfaidís 24 milliún dollar do USWNT agus gheall siad dóibh go raibh comhionann mar sprioc acu freisin, ag brath ar thorthaí na gcainteanna cómhargála.

Bua Iontach   

Chríochnaigh na cainteanna cómhargála idir USWNT agus USSF le déanaí, le toradh dearfach, cumhachtach agus ceannródaíoch. Dúirt uachtarán USSF Cindy Parlow Cone, iarimreoir USWNT í féin gur ghníomh stairiúil a bhí ann. Dúirt Becky Sauerbrunn, uachtarán (agus imreoir) USWNT gur léirigh an comhaontú dianiarrachtaí na n-imreoirí hamháin ar an bpáirc ach an t-am go léir.

Beidh agus coinníollacha oibre USWNT (foireann náisiúnta na mban) agus USMNT (foireann náisiúnta na bhfear) díreach mar an gcéanna.   deacair comhaontú mar seo a chur i bhfeidhm, nuair mar sin atá cúrsaí i réimse sacair i gcoitinne. Mar shampla, bhuaigh an Fhrainc Corn Domhanda na bhfear sa bhliain 2018, agus bhuaigh na Stáit Aontaithe Corn Domhanda na mban sa bhliain 2019. Fuair an Fhrainc 38 milliún dollar, agus bhfuair na Stáit Aontaithe ach 4 milliún. Agus é sin tar éis duais na mban a mhéadú faoi dhó idir 2015 agus 2019!  Nach bhfuil dodhéanta, mar sin, comhionannas a fháil idir USWNT agus USMNT?

Áit a bhfuil toil bealach!

Ar an dea-uair, níl dodhéanta! Tháinig na trí pháirtí (USSF, USWNT, USMNT) ar réiteach na ceiste, ag úsáid ioncam roinnte’ i gcás duaiseanna. Cuirfear airgead ó dhuaiseanna le chéile, agus roinnfear an ciste ansin idir na trí ghrúpaí ar bhealach a thugann cothrom na Féinne do chách, mná san áireamh!  Mar shampla, tóg Corn Domhanda na bhfear 2022, agus Corn Domhanda na mban 2023! Cuirfear aon airgead a bhuafar i gciste agus ansin gheobhaidh USWNT 45%, USMNT 45%, agus USSF 10% den airgead.  

Is dea-shampla é seo do thíortha eile, do FIFA agus ar ndóigh don réimse spóirt i gcoitinne. Tá súil agam go ndéanfaidh siadsan an rud céanna agus go dtabharfaidh siad cothromaíocht i gcúrsaí agus coinníollacha oibre do gach duine, lánstad!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Tús le Ré Nua sa Tuaisceart!

 

Sinn Féin: ar an bpáirtí is i Stormont agus 29% de na vótaí céad rogha faighte acu i ndiaidh thoghchán an tionóil sa Tuaisceart. I gcomparáid leo, fuair an DUP 21.3%. Is toradh stairiúil é seo, agus páirtí náisiúnach sa chéad áit don chéad uair riamh. cúis ceiliúrtha ag Alliance, Páirtí na Comhghuaillíochta freisin, agus iad sa tríú háit le níos dhá oiread suíochán acu is a bhí in 2017.

Cor sa Scéal

Ar an drochuair, cor sa scéal seo. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, nach nglacfadh a pháirtí páirt san fheidhmeannas go dtí go dtabharfaidh Rialtas na Breataine coimitmint le leasú a dhéanamh ar an bprótacal iarBhreatimeachta. gur ghlac an DUP leis an bprótacal céanna ar dtús, d’athraigh siad a n-intinn agus siad go láidir i gcoinne an phrótacail anois, a chuireann teorainn trádála i muir Éireann idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór.  Mura mbíonn an Céad-Aire agus an LeasChéad-Aire araon san Fheidhmeannas, bheadh in ann feidhmiú i gceart, agus bheadh rialtas láir na Breataine i Westminster i gceannas ar an Tuaisceart. Is mar sin atá faoi láthair, ó d’éirigh Paul Gavin as a phost mar Chéad-Aire i Feabhra mar agóid i gcoinne an phrótacail céanna, agus chuir sin deireadh leis an bhFeidhmeannas ó shin i leith.  

Caithfidh na hIonadaithe a suíocháin a ghlacadh san Fheidhmeannas taobh istigh de sheachtain, agus ansin Spéicéir agus na hAirí a ainmniú, an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire san áireamh.  Muna n-éiríonn leis sin, leanfaidh cúrsaí mar a bhí siad cheana san Fheidhmeannas. Tar éis 24 seachtain mar sin, rithfear toghchán nua.    

.

.

Cur chuige ait atá i gceist anseo ó thaobh an DUP de, agus iad ag déanamh baghcait ar a rialtas féin!  An é seo an tslí cheart chun réiteach a fháil don fhadhb atá acu le rialtas na Breataine?  Seo mar a dúirt Michelle O’Neill ar an ábhar:

l ceart don DUP pionós a chur ar an bpobal de bharr a mbotúin faoin iarBhreatimeacht. chuirfí suas leis an mbruachaireacht seo a dhéanfadh damáiste comhthaobhach don Tuaisceart agus é mar fichillín ar chlár na polaitíochta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. déan dearmad, chuirfear ar fuascailt muid ár lucht gnó anseo sa Tuaisceart.

.

Athruithe Buana

In ainneoin na bhfadhbanna gearrthéarmacha atá le réiteach dóibh sa Tuaisceart, athruithe buana ar siúl anois a mbeidh tionchar mór acu ar a thodhchaí.  Bhí an ceart ag Michelle O’Neill nuair a dúirt gur tús le nua a bhí ann. Labhair ceannaire Sinn Féin:, Mary Lou McDonald go han-díreach ar an ábhar nuair a dúirt sise: Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an Chéad-Aire go deo, agus mar sin is iontach don chomhionannas atá ann.

Níl aon dabht ach go bhfuil athrú déimeagrafach tagtha sa Tuaisceart agus beidh daonra na gCaitliceach níos ná daonra na bProtastúnach sula i bhfad, b’fhéidir cheana féin! Ach athrú suntasach eile ar siúl sa Tuaisceart atá níos tábhachtaí, b’fhéidir.  Uair amháin sa Tuaisceart, agus go háirithe le linn na dTrioblóidí, bhí dhá rogha agata bheith i daontachtaí i do náisiúnaí, sin é. Ach diaidh ar ndiaidh, d’aithin daoine nár ghá dóibh smaoineamh ach amháin sa tslí sheicteach sin, agus thosaigh siad ag díriú ar chúrsaí polaitiúla tábhachtacha eile ag baint le gach duine, beag beann ar a gcreideamh.   go leor le déanamh go práinneach sa Tuaisceart mar gheall ar chúrsaí oideachais, sláinte, fostaíochta agus araile.

haon ionadh é, mar sin, go raibh bua suntasach ag Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) sa toghchán, a chuir sa tríú háit iad anois. Murab ionann na páirtithe eile, lucht tacaíochta éagsúla ag Alliance, idir Chaitliceach, Phrotastúnach agus aindiachaí. I gcomparáid leis na páirtithe traidisiúnta, oideachas níos fearr ar

lucht leanúna Alliance agus siad níos óige freisin. Gan dabht, dearcadh úr, oscailte acu ar chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta sa Tuaisceart. I mo thuairim, na daoine seo ar thús cadhnaíochta i nua sa Tuaisceart agus is ardeiseamláirí iad na ceannródaithe seo go léir. Cuireann siad an bhéim ar a gcosúlachtaí seachas a ndifríochtaí agus comhoibríonn siad le chéile chun todhchaí níos fearr a chur i ngeall do chách. Guímid gach rath orthu!

.

.

.

.

.

.

  

.

Tuairisc ó Mheiriceá – Éisteachtaí Roghchoiste Eanáir 6 – Éisteachtaí 2 agus 3.

Tuairisc ó Mheiriceá: Bréagadóirí agus Séantóirí!

Níl aon údar gaisce ag an bPáirtí Poblachtánach sna Stáit Aontaithe maidir le heitic, agus an uile chosúlacht air nach cuma leoÉiríonn an scéal sin níos soiléire le gach a théann thart, agus d’fhág na samplaí is deireanaí a tháinig chun solas i mo staic .

Bréagadóir

Níl róshásta go bhfuil dúchas Éireannach ag ceannaire an fhreasúra i dTeach na nIonadaithe, fear darb ainm Kevin McCarthyIs mór an trua é go ndearna McCarthy dearmad ar na himircigh ina chlann féin agus an tairbhe a bhain a dtír nua astuAr an drochuair, McCarthy go mór i bhfách leis an eite dheas, agus go mór in aghaidh inimirce anoisNíos measa sin, is bréagadóir críochnaithe é, nach bhfuil spéis leis ach é féin a chur chun cinn, ar ais ar éigean

Dar le halt saNew York Times’ le déanaí, tar éis an éirí amach sa Chaipeatól ar 6 January, 2021, bhí McCarthy ag gur cheart don Uachtarán Trump éirí as a phost de dheasca sin, agus go raibh chun é sin a le TrumpShéan McCarthy go ndúirt a leithéid ar chor ar bithDíreach tar éis sin, áfach, d’fhoilsigh anNew York Times’ gearrthóg fuaime mar fhianaise comhthacaíoch raibh McCarthy in ann é a shéanadh níos , agus chonaiceamar go léir go bhfuil McCarthy chomh bréagach leis an diabhal féinIn ainneoin é sin, gach cosúlacht ar an scéal go dtoghfar é mar sheanadóir arís hamháin sin, ach fhaigheann a pháirtí móramh sa Seanad, seans mór go mbeidh mar Spéicéir Theach na Comhdhála, an tríú ról is tábhachtaí i rialtas na Stáit AontaitheDia ár sábháil, an saol ina chadás!

 

Séantóir

Ansin, cad faoin Ionadaí Marjorie Taylor Greene, baill de chuid an Pháirtí PhoblachtaighCreideann go diongbháilte sna teoiricí comhcheilge atá ag dul timpeall ar an idirlíon, agus go háirithe ar na meáin sóisialta, scaipthe ag an mbrat eagraíocht darb ainm QAnonCreideann lucht leanúna QAnon go bhfuil drong diabhaladhraitheoirí i gceannas ar chúrsaí an domhain, go háirithe baill an Pháirtí Dhaonlathaigh agus a lucht leanúnadaoine cosúil le Joe Biden, Hilary Clinton, Barack Obama agus an PápaIs bocht an scéal é gur toghadh chun a post í, go raibh a fhios ag gach duine faoi sin.

Bhí Taylor Green an-ghníomhach maidir leis an éirí amach freisin, agus breith ar a haiféala aici faoi cad a dúirt timpeall 6 January, 2121.  Thóg dream vótálaí ina toghcheantar (i dtuaisceart Georgia) cás dlí ina haghaidh, ag maíomh gur sháraigh an Cheathrú Leasú Déag de bhunreacht na Stáit Aontaithe, a chuireann cosc ar ionadaí a bheith páirteach in aon éirí amach, a chabhraíonn leis a leithéid in aon slí bhuann siad an cás, bheidh cead ag Taylor Greene seasamh sa toghchán meántréimhse an mhí seo chugainn

Bhí Taylor Greene go mór trí chéile toisc go raibh uirthi dul os comhair na cúirte in AtlantaChuir dlíodóirí na ngearánaithe ceisteanna uirthi faoina ról ag gríosú lucht leanúna Trump chun feirge, roimh an éirí amach

Tháinig rud ait nuair a bhí Taylor Greene i d’fhinnéchaill a cuimhne go huile agus go hiomlánNuair a cuireadh ceisteanna uirthi, ba é an freagra is coitianta (níos caoga uair) a thug : “ cuimhin liom!”

Chuir dlíodóir na ngearánaithe an cheist seo ar Taylor Greene, faoin am díreach roimh an éirí amach: “An ndúirt nár cheartaistriú cumhachta síochánta’ a ligean dul ar aghaidh?”

cuimhin liom,” a d’fhreagair Taylor Greene.

Ansin, chuir an dlíodóir fístaifeadadh ar siúl, agus é seo le ag Taylor Greene roimh an éirí amach:

Níor chóir dúinn ligean an t-aistriú cumhachta síochánta dul ar aghaidh, rud atá ag teastáil ag Joe Biden, mar níor bhuaigh an toghchán.”

raibh le ag Taylor Greene ach nach raibh sa ráiteas sin ach leathráiteas ar thóg an dlíodóir é as comhthéacsTabhair suaimhneas dom!   

Conclusion

Vótáladh isteach in oifig na cneámhairí thuasluaiteIs cúis imní é seo, mar léiríonn déine na géarchéime polaitiúla atá ar siúl sna Stáit Aontaithe faoi láthairNíos measa sin, gach seans go vótálfar isteach iad arís an mhí seo chugainn, in ainneoin a mí-iompar uafásach atá díreach in aghaidh na bprionsabal daonlathais ar bunaíodh na Stáit Aontaithe orthu sa chéad áitNíl aon rud eile le déanamh dúinn anois ach guí ar son míorúilte polaitiúla!

 

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish