Cruachás na Navachóch

Cruachás na Navachóch

An tseachtain seo chaite, bhíomar ag caint faoin Náisiún Choctaw sna Stáit Aontaithe agus faoin síntiús airgid ar thug siad dúinn le linn an Ghorta Mhóir. Thosaigh sé sin sraith imeachtaí atá ar siúl fós, agus is é an ceann is deireanaí ná an lámh chuidithe atá muintir na hÉireann ag tabhairt do bhundúchasaigh Navachóch agus Hopi chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.  Nuair a léigh mé alt a scríobh Nicholas Kristoff sa ‘New York Times’ le déanaí, cheap mé go mbeadh sé oiriúnach cuid amháin den alt a roinnt leat, a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá sé cuidiú leis na treibheanna bundúchasacha sin in am a ngátair, go háirithe mar tá neamhaird thubaisteach tugtha ag rialtas feidearálach na Stáit Aontaithe orthu. Anois, seo scéal Shawna Gonzalez.

Is as Chinle, in Arizona, ar dhúiche na Navachóch í Shawna. Tá seachtar páiste aici, agus iad go léir ina gcónaí i dteach traidisiúnta na Navachóch darb ainm ‘hogan’. Níl ach seomra amháin ann, agus níl uisce reatha acu.  Inimirceach mídhleathach Meicsiceach is é a fear céile, ach díbríodh é tamall ó shin.  Ní bheadh Shawna in ann leanúint ar aghaidh murach cabhair óna máthair, ach níorbh fholáir í a chur san ospidéal le déanaí nuair a bhí sí ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas.  Tar éis sin, ní raibh an dara rogha aici ach rudaí a choinneáil ar siúl ar bhealach éigin, cé go ndeachaigh cúrsaí in olcas di.

Gan aon uisce reatha, bíonn ar Shawna tiomáint i bhfad i gcéin go minic chun seasca lítear uisce a fháil.  Ní foláir di an t-uisce a úsáid go barainneach ansin.  Caithfidh Shawna dul go dtí Oifig a Phoist chun a post a fháil, mar níl aon seachadadh poist ar fáil di. Ní mór di dul go dtí ionad níocháin chun éadaí an teaghlaigh a ní freisin.  Tá rioscaí go dtolgfaidh Shawna an coróinvireas ag baint leis na turais sin, mar bíonn go leor daoine eile bailithe le chéile sna háiteanna sin. Ach níl an dara rogha ag aon duine acu, i ndáiríre.

De ghnáth, bíonn Shawna ag obair ar leoraí bia a dhíolann fulachtaí fia. Le linn na pandéime, áfach, ní théann an leoraí amach ach go hannamh. Cé go raibh sí ar ioncam íseal roimh na pandéime, níl ach fíorbheagán airgid ag teach isteach anois. Dá dheasca sin, bíonn sí ag streachailt chun a clann a chothú. Deir sí go bhfuil go leor imní uirthi faoi sin.

As ábharaí an tsaoil, tá eagraíocht dheonach in Chinle darb ainm ‘Chinle Planting Hope’. Tá feachtas Gofundme acu anseo: https://www.gofundme.com/f/support-for-elderly-on-navajo-nation. Tá siad ag déanamh obair iontach in Chinle le linn na géarchéime, ag seachadadh bia do theaghlaigh bhochta, Shawna agus a páistí san áireamh.  Is seirbhís éigeantach é seo freisin do dhaoine nár cheart dóibh a bheith gar do dhaoine eile; daoine atá i bhfíorchontúirt ón gcoróinvíreas.  Is oibrí deonach í Shawna ag banc bia, mar is maith léi an comhar a íoc leis an bpobal.

Cé go bhfuil sé go hiontach go bhfuil daoine ar fud an domhain ag cabhrú leis na Navachóch agus treibheanna eile, níl aon leithscéal don easpa tacaíochta a bhfaigheann siad ó Rialtas Feidearálach na Stáit Aontaithe, atá ag déanamh neamairt iontu le fada.  Déanta na fírinne, bhí siad in umar na haimléise cheana féin, agus chuaigh siad in olcas le teacht an choróinvíris ar an bhfód.

Chuir rialtas na Stáit Aontaithe an tarcaisne i gceann na héagóra maidir le dáileadh an airgid éigeandála a bhí curtha ar leataobh acu do threibheanna bundúchasaí. Bhí an rialtas ag iarraidh cuid den airgead sin a thabhairt do chomhlachtaí in Alasca nach bhfuil cáilithe mar threibheanna. Mar sin, bhí ar na Navachóch agus treibheanna eile caingean dlí a thabhairt i gcoinne an rialtais chun stop a chur leis sin, agus chun an t-airgead ceart a fháil dóibh féin. Faoi dheireadh – sé seachtaine níos déanaí ná mar ba cheart – fuair siad $600 milliún ón rialtas chun dul i ngleic leis an bpandéim. Is fearr déanach ná riamh, agus idir an dá linn, bhí an t-airgead a fuair siad go dtí seo ón Éireann an-úsáideach ar fad, agus tá an Náisiún Navachóch an-buíoch dúinn as.  Níl aon dabht faoi sin, mar ghabh Ard-Aighne an Náisiún Navachóch Doreen McPaul buíochas dúinn in Éireann, ag rá freisin go bhfuil dúchas Éireannach aici a bhfuil sí an-bródúil as. Is as Éireann a seanaithreacha, agus tá déshaoránacht ag a hathair. Nach é an domhan atá beag!

.

.

.

.

    .

.

.

.

  .

.

.

Cruachás na Navachóch

Scéalta ón bPailistín

Tharraing alt i dTuairisc.ie m’aird le déanaí, mar rinne sé cur síos ar mhalartú scéalta idir Palaistínigh agus Gaeil. Togra ceannródaíoch is ea é idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Birzeit (atá lonnaithe ar an mBruach Thiar sa Phalaistín). Tá sé mar phríomhchuspóir ag an tionscadal seo go mbeadh páistí an dá thír in ann a scéalta a mhalartú i bhfoirm leabhair, agus sa bhealach sin tuiscint a fháil ar chultúr a chéile. Is é an rud is suntasaí domsa ná gur aistrigh siad na scéalta Phalaistínigh ón Araibis go Gaeilge agus ár scéalta as Gaeilge go hAraibis!

Is iad an Dochtúir Eithne Ó’ Connell agus an Dochtúir Mahmoud Adbel-Fattah a thosaigh an comhfhiontar stairiúil seo sa bhliain 2014. Ní raibh siad in ann an tionscadal seo a dhéanamh gan chabhair ó dhaoine eile – daoine cosúil le Máire Uí Dhufaigh, údar agus foilsitheoir leabhair Gaeilge ó Inis Oírr a bhí freagrach leis na scéalta féin; Máire Ní Mhaoileoin agus Gráinne Ní Ghillín a bhí i mbun eagarthóireachta, gan ach roinnt bheag a lua ar thaobh na Gaeilge de. Ar ndóigh, bhí foireann Phalaistíneach ag obair ar thaobh na hAraibise de freisin.

Ba í an chéad chéim ná aistriúcháin a dhéanamh ar na scéalta ó Ghaeilge go hAraibis.  Foilsíodh dhá leabhar san Araibis, ceann amháin le trí scéal cháiliúla – Clann Lir, Labhraidh Loingseach agus Oisín agus Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg, agus an ceann eile le scéalta comhaimseartha. Scríobh Eithne Ó’ Connell na scéalta traidisiúnta, agus scríobh Máire Uí Dhufaigh (le cabhair ó pháistí óga) na scéalta comhaimseartha. Aistríodh go Béarla iad mar chéim idirmheánach roimh aistriúchán go hAraibis, mar bhí an fhoireann Éireannach agus an fhoireann Phalaistíneach araon in ann Béarla a thuiscint, agus bhí sé níos éasca comhoibriú le chéile sa tslí sin ar an chéim dheireanach, an t-aistriúchán ó Bhéarla go hAraibis agus ansin an leabhar a fhoilsiú. Dáileadh cóipeanna den dá leabhar ar scoileanna I nGáza agus ar an mBruach Thiar sa bhliain 2018.  Nach iontach é go bhfuil páistí i bPailistín ag léamh scéalta traidisiúnta agus nua-aimseartha as Éirinn!

Bheadh páistí in Éirinn in ann scéalta ón bPailistín a léamh freisin, murach géarchéim an choróinvíris! Tá míle cóip den leabhar ‘Scéalta ón bPailistín sean agus nua’ á stóráil i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach chomh luath agus is féidir, cuirfear cóipeanna chuig daltaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Idir an dá linn, tá an leabhar seo ar fáil ar líne saor in aisce ar an suíomh www.fada.birzeit.edu (téigh isteach sa suíomh sin agus ansin déan cuardach ar an bhfocal: scéalta). Fuair mo shrón an ceann is fearr orm, agus d’íoslódáil mé an leabhar ón suíomh thuasluaite. Thosaigh mé á léamh, agus níor stad mé go dtí go raibh an leabhar ar fad léite agam. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as an leabhar.

Leabhar álainn is ea é le seacht scéal ann, ceithre scéal traidisiúnta agus trí scéal comhaimseartha, agus léaráidí den scoth ar beagnach gach leathanach.  Tá an Ghaeilge furasta a thuiscint, ach mar sin féin tá teachtaireacht dhomhain i mbeagnach gach scéal. I mo thuairim, is é an cheathrú scéal’, darb ainm ‘M’éide Scoile’ an ceann is fearr, mar tiomáineann sé an tairne isteach ar fad ar an gcúlra difriúil atá idir an dá thír – is é sin, an difríocht idir cogadh agus síocháin, idir beatha agus bás. Insítear an scéal seo trí shúile cailín bhig agus í ar tí dul ar scoil den chéad uair agus éide scoile nua aici a cheannaigh a mháthair di. Athraíonn gach rud nuair a bhriseann saighdiúirí Iosraelacha isteach sa teach. Cuireann stíl bheoga na léaráidí gné chumhach leis an scéal seo.

Scéal traidisiúnta is ea ‘Amhránaí na Báistí’ a bheadh suimiúil do pháistí in Éirinn. Sa scéal seo, faigheann asal amach go bhfuil bua ar leith aige nach bhfuil ag aon ainmhí eile. Ní bheadh an bua sin an-úsáideach in Éirinn, mar tá ár ndóthain báistí againn cheana féin! Is dócha gur coincheap ait é easpa fearthainne do pháistí na hÉireann!

Tá na scéalta eile ar fheabhas freisin, agus má tá páiste agat sa bhunscoil, molaim duit an leabhar seo go léir a phriontáil amach, agus a léamh le chéile.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Cruachás na Navachóch

Pionós an tSamáraigh Mhaith!

An tseachtain seo caite, rinne mé achoimre ar dhaoine a rinneadh éagóracha móra orthu faoi lámh gnó ar an mórscála. Tá a fhios agam gur gheall mé scéal duit freisin, ach tar éis réamhrá fada, ní raibh spás agam don scéal! Gabh mo leithscéal agus gan a thuilleadh moille, seo é scéal an tSamáraigh Mhaith agus cad a tharla!

.

Thosaigh an scéal ar Oíche Nollag, 2019, i bPortland, Oregon, sna Stáit Aontaithe. Bhí fear darb ainm Marc Eugenio ag stáisiún peitril ag iarraidh tanc folamh a athlíonadh. Ní raibh ach fadhb amháin aige leis sin. Ar an drochuair, fadhb mhór a bhí ann – bhí a iarmhéid cuntais folamh. Ach lóisteáil sé a seic pá sa bhanc cúpla lá ó shin, agus níor ghlan siad a sheic go fóill. Bhí sé tréigthe ar fad. Ní raibh sé in acmhainn íoc as braon peitril, agus bhí sé rófhada dó siúl abhaile san fhuacht.

Bhí sé ag an mbanc níos luaithe an lá céanna, ag iarraidh an fhadhb a réiteach, agus dúirt fostaí an bhainc leis go mbeadh a chuid airgid ar fáil i gceann tamaillín. B’fhéidir go ndúirt an fostaí é sin ionas go bhfágfadh Marc!

Ar aon nós, chuir sé glaoch ar uimhir saor in aisce a bhí ag an mbanc, ag súil go mbeadh sé in ann teacht ar réiteach ar an gceist. Emily James a d’fhreagair an fón, oifigeach sinsearach ag ionad glaonna an bhainc i bPortland. Bhí sí ag iarraidh cabhair a thabhairt dó ar feadh uair a chloig, nuair a rith sé léi nach mbeadh an t-airgead ar fáil dó lá ar bith feasta.

De ghnáth, chríochnódh an scéal ag an tráth seo, agus ní bheadh a fhios againn cad a tharlódh do Mharc, ach go deimhin bheadh sé i gcruachás.  Ach tharla eachtra neamhghnách ag an bpointe sin, b’fhéidir mar aimsir na Nollag a bhí ann!

D’airigh Emily go dona mar bhí a custaiméir i bponc ceart agus thairg sí cúnamh a thabhairt dó. Thiomáinfeadh sí ón ionad glaonna go dtí an stáisiún peitril agus thabharfadh sí fiche dollar dó. Ar dtús, dhiúltaigh sé don tairiscint. Níor mhaith leis cur isteach uirthi. Ach dúirt sí go dtabharfadh sí sos ón obair chun an t-airgead a sheachadadh dó, agus d’aontaigh sé go drogallach ansin.

Fuair Emily cead óna maoirseoir agus thiomáin sí achar gearr go dtí an stáisiún peitril ina raibh Marc ag fanacht. Ghuigh sí beannachtaí na Nollag ar Mharc, agus í ag tabhairt an t-airgead dó. Scéal deas spreagúil é sin dá gcríochnódh sé anseo, ach arís, níl sé críochnaithe fós!

Dúirt Emily níos déanaí nach ndéanfadh fiche dollar a lán difríocht di, ach dhéanfadh sé an-difríocht do Mharc, mar bheadh sé in ann dul abhaile go dtí a theaghlach.  Ach ní raibh an banc ar aon intinn léi faoi! Is é fírinne an scéil gur thug an banc an bhóthair di agus dá maoirseoir freisin. Dúirt an banc léi gur bhris an bheirt acu na rialacha agus gur chuir siad an banc agus iad féin i mbaol nach gá. Ní bhfuair Emily aon phá scarúna, cé go raibh sí ag obair ann le breis is dhá bhliain anuas.  Níl Emily pósta, ach d’úsáid sí a seic pá deireanach chun bia a fháil dá madraí.  Fágadh beo bocht í, agus bhí uirthi a plasma fola a dhíol le leanúint ar aghaidh.

Tá ráiteas físe ag an mbanc i gceist – U.S. Bank – ina maíonn siad: Tá ár bhfostaithe cumasaithe an rud ceart a dhéanamh.

Nuair a rinne Nicholas Kristoff iarracht ceist a chur ar príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhainc, níor fhreagair Andrew Cecere an fón. Ach nuair a d’fhoilsíodh a cholún, fuair Kristoff glao gutháin ó Cicere féin.

“Nílimid mar sin – tá botún déanta againn” a dúirt Cicere go doilíosach. ‘Glacaim úinéireacht ar an drochghníomh sin agus cuirfidh mé i gceart é!’

Fuair Emily glao gutháin ó Cicere, agus bhí sé soiléir go raibh Cicere buartha i dtaobh Emily agus a maoirseoir.  Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an mbanc ar an gcás seo anois, agus is dócha go ndéanfar athruithe i bpolasaithe an bhainc ar ball beag. B’fhéidir go dtabharfar a bpoist ar ais don bheirt fhostaithe!.  Rinne Cicere rud amháin ceart faoi dheireadh, ach is dócha nach dtarlódh fiú amháin é sin, mura nochtadh an fhírinne i gcolún Kristoff sa chéad áit!  

.

Cruachás na Navachóch

Contúirt Dhúbailte!

Aon uair a bhíonn tú ag déanamh trua duit féin agus don ár dtír, bog siar nóiméad agus smaoinigh ar an bpictiúr mór.  Go minic, d’fhéadfaí cúrsaí a bheith i bhfad níos measa. Inniu tá scéal agam faoi thír bheag a bhfuil an dearg-mhí-ádh uirthi.  Tar éis an scéil seo a léamh, is dócha go mbeidh tú in ann rudaí a fheiceáil go difriúil agus a bheith buíoch as an saol iontach atá againn sa tír álainn seo.  Ach beidh rabhadh dúinn sa scéal freisin.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ghabh na Stáit Aontaithe seilbh ar an gcuid is mó den Mhicrinéis i lár an Aigéin Chiúin, lonnaithe idir Havaí agus an Astráil.  Tá níos mó ná dhá mhíle oileán sa Mhicrinéis agus tá an tír i gceist (Poblacht na hOileáin Marshall) sa ghrúpa seo. Tá na tíortha seo saor anois.

An Chéad Chontúirt – Radaíocht

Tá fiche naoi n-atall coiréil agus cúig oileán coiréil sa tír, scaipeadh amach tríd leathmhilliún ciliméadar cearnach san aigéan, le timpeall is seasca céad daoine ina gcónaí ann.  Is í ceann de na tíortha is iargúlta ar an domhan. Is chuige sin go díreach gur roghnaigh na Stáit Aontaithe í chun tástáil núicléach a dhéanamh tar éis an chogaidh. Idir 1946 agus 1958, pléascadh seasca seacht mbuama adamhacha sa tástáil seo, buamaí hidrigine san áireamh.  Cé go n-aslonnaítear muintir na háite ó láthair thástála go dtí oileán eile, ina ainneoin sin fuair a lán daoine tinneas radaíochta agus ailse. Rinneadh damáiste géiniteach dóibh freisin, ionas go raibh neamhghnácha galair ag go leor naíonáin nuabheirthe. Ní fhéadfaí cónaí ar chuid de na hoileáin sin anois agus le tamall fada sa todhchaí, de bharr truailliú radaighníomhach ó phlútóiniam-239 agus caeisiam-137. 

Tá sé dochreidte go raibh a fhios ag Rialtas na Stáit Aontaithe go mbeadh na hoileánaigh ina gcónaí in áiteanna a bhí éillithe ag radaighníomhaíocht.  Rinne muca guine dóibh chun taighde a dhéanamh ar an dochar a dhéanann radaíocht núicléach mar sin do dhaoine. Ba é sin Tionscadal 4.1 a bhí leagtha amach ag Rialtas na Stáit Aontaithe, agus tionscadal uafásach ba ea é a lean ar aghaidh ar feadh tríocha bliana.  Deirtear go bhfuil áiteanna sa réigiún ina bhfuil an leibhéal radaíochta chomh hard le Searnóbail nó Fukishima fós. 

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe críochnaithe leis an tástáil núicléach seo, chuir siad an smionagar núicléach (ochtó míle méadar ciúbach) isteach i gcruinneachán clúdaithe le díon coincréite ar oileán Runit agus d’imigh siad abhaile, ag fágáil léirscrios na timpeallachta ina ndiaidh.

Tá na hOileáin Marshall fós ag lorg níos mó cabhrach ó na Stáit Aontaithe, ach deir na Stáit Aontaithe go bhfuil siad cothrom leo cheana féin ó thaobh tacaíocht de. 

Séanann na Stáit Aontaithe go ndearna siad aon rud mícheart, agus gur leis na hOileáin Marshall aon fhadhbanna atá acu a réiteach, maidir le cúrsaí radaíochta agus an cruinneachán Runit (nó an ‘Tuama’ mar a thugtar air) san áireamh.

An Dara Contúirt – Uisce

D’fhógair rialtas na nOileán Marshall géarchéim aeráide náisiúnta le déanaí, ag iarraidh ar an bpobal idirnáisiúnta fhreagairt don ghéarchéim seo agus iad ba chúis leis sa chéad áit.

Níl na hOileáin Marshall ach cúpla méadar in airde os cionn leibhéal na farraige ar an meán, agus toisc go bhfuil an leibhéal uisce ag ardú, tá damáiste ag tarlú ann anois, agus ag éirí níos measa gach bliain.  Tá seans mór, mura ndéantar aon rud, nach bhféadfaí daoine maireachtáil sa tír tar éis 2050.

Tarlaíonn triomaigh fada agus neamhshéasúrach níos minice anois ann, agus tá sáile ag meascadh isteach le fíoruisce.  Is é a dúirt Michael Gerrard, ó Ollscoil Columbia ná: “Traein earraí is í an t-athrú aeráide ag réabadh díreach i dtreo na hOileáin Marshall.  Níl cúis chomh láidir ag aon tír eile géarchéim a fhógairt!”

Contúirt Dhúbailte – Rabhadh

Sna hoileáin mhí-ámharacha seo, tá an riosca núicléach agus an riosca athrú aeráide ceangailte le chéile i dtaispeántas marfach a léiríonn na contúirtí mar gheall ar easpa gníomhaíochta tíortha an domhain – go háirithe na Stáit Aontaithe.  Má thógtar neamhaird do na rioscaí sin, beidh orainn aghaidh a thabhairt ar an scéal sin luath nó mall. 

Ar an drochuair, níl an dara rogha ag muintir na hOileáin Marshall – caithfidh siad rud éigin a dhéanamh anois roimh thubaiste núicléach nó roimh bhá a dtír.

.

.

  .

Cruachás na Navachóch

Greta Thunberg !

Nuair a bhí ár dtír níos boichte i bhfad, roimh ré an fhóin cliste, ní saol gan locht a bhí againn. Ag an am sin, cheapamar dá mbeadh an tír níos saibhre, go réiteofaí ár gcuid fadhbanna. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus i mbun flúirse an Tíogair Cheiltigh agus arís sa lá atá inniu ann, cuireadh an mhíthuiscint sin ina ceart, agus fuaireamar amach nach raibh chomh simplí is a cheaptar.

Is é céard a tharla ná gur mhalartaíomar sraith amháin fadhbanna ar shraith eile! Sa domhan thiar, déanann gach tír iarracht a eacnamaíocht a neartú, mar is tuairim é a bhfuil glacadh forleathan leis. Ach tá fadhb mhór le fás eacnamaíoch gan srian! De ghnáth, is é an rud is tábhachtaí do chomhlachtaí uasmhéadú brabúis. Agus má thagann cuid den bhrabús sin le dochar a dhéanamh do leas an phobaildon phláiad, bíodh sé mar sin!  Nuair nach bhfuil an córas rialála láidir go leor, bíonn borradh eacnamaíoch ar feadh tamaill. Ach chomh cinnte is atá grian sa spéir, bíonn géarchéim eacnamaíochta ina dhiaidh. Ar an lámh eile, má bhíonn an córas rialála róláidir, bhíonn na comhlachtaí náisiúnta in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí i dtíortha eile nach bhfuil faoi shrianta chomh láidir.

Inniu, díreoidh mé an spotsolas ar an dochar millteanach a dhéanann a lán comhlachtaí don timpeallacht. Cuireann an dochar sin go mór isteach ar dhaoine, go minic ar fud an domhain!  Fadhb mhór is ea ár rósplchas ar bhreoslaí iontaise. Aithníodh tamaill ó shin gurbh é ba chúis le go leor den truailliú aeir agus den téamh domhanda freisin.

Sna tíortha saibhre, go háirithe, de chúram morálta orainn an chine dhaonna agus an timpeallacht a chaomhnú, cé gur athchiontóirí go leor againn!

Ní mór dúinn go léir bealach a fháil chun na cleachtaí éillithigh mar sin a laghdú roimh dhíothú an phláinéid agus an chine dhaonna féin. Tá sé an-tábhachtach a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, ionas go mbeimid in ann brú a chur ar gach Rialtas na hathruithe molta a dhéanamh. Tá sé an-tábhachtach, freisin, ár n-airgead a chaitheamh go freagrach chun drochchleachtaí a laghdú agus dea-chleachtaí a mhéadú ó thaobh an mhaitheas de.

Faraor, cuireann tíortha saibhre, Éire san áireamh, leis na fadhbanna sin, in ionad iad a réiteach. B’fhéidir gur thosaigh casadh na taoide mar sin féin, i gcás daoine óige, go háirithe. Féach ar an difríocht atá á dhéanamh ag an Suallanach Greta Thunberg. Níl sí ach sé bliana déag d’aois, ach tá aithne ag beagnach gach duine uirthi, agus tá go leor lucht leanúna aici ar fud an domhain. Tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí polaitíochta domhanda, agus spreagann sí a lán daoine eile agus go háirithe daoine óga, seasamh docht a ghlacadh ar chaomhnú na timpeallachta. Thosaigh sí gluaiseacht gnáthdhaoine óga atá cumhachtach ar an stáitse domhanda. Dá bhrí sin, bíonn daoine óga an-ghnóthach. Mar shampla, eagraíonn siad léirsithe sráide idirnáisiúnta go minic, ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar rialtais ar fud an domhain na fadhbanna timpeallachta a réiteach cé chomh tapa agus is féidir leo, sula mbeidh sé ródhéanach.  Tá an ceart acu, mar níl sé ceart todhchaí an phláinéid a chur i ngeall, chun pócaí daoine saibhre a líonadh le hairgead anois. Is drochmhargadh é sin don phláinéad agus do gach duine a mhaireann air, agus go háirithe do na daoine óga, mar tá an téamh domhanda ag éirí níos measa gach nóiméad!

Íomhá íocónach an ré seo ná Greta Thunberg ag stánadh ar Trump agus an bheirt acu ag freastal ar chruinniú na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac le déanaí. Dúirt sí ag an gcruinniú, ag caint dhíreach go dtí na ceannairí:

“Ghoid sibh ár naislingí agus ár n-óige dúinn leis na focail fholmha atá le rá agaibh! súile na nglún atá ag teacht ag féachaint oraibh anois, agus má roghnaíonn sibh theip orainn, ní mhaithfidh muid go deo é! Ní ligfimid é sin libh! Anois díreach, anseo díreach tá na sceana géaraithe!

Is mór an t-ugach é go bhfuil an-ghean ag daoine óga ar an timpeallacht dhomhanda, agus go bhfuil siad ar iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi!

Is comhartha dóchais é sin, go deimhin!

.

Cruachás na Navachóch

Sacar na mBan!

Ar an bpáirc!

Ní raibh a fhios agam ar an lá breá gréine sin i mí Iúil sa bhliain 1999 gur lá stairiúil a bheadh ann, ar thaobh sport na mban de. Bhí mé ag tiomáint ó San Diego go dtí an Rose Bowl i bPasadena, chun cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan a fheiceáil. Bhí na Stáit Aontaithe ag imirt in aghaidh na Síne, agus bhí cluiche iontach eatarthu.

Bhí nócha mile i láthair, agus bhí coimhlint ghéar sa chluiche go dtí an deireadh. Tar éis an chluiche choithroim agus am breise gan aon scór, chuaigh sé go ciceanna pionóis. Nuair a chuir Liu Ying as an tSín cic pionóis ar seachrán, thug sé buntáiste do na Stáit Aontaithe. Sa deireadh, ní raibh ach cic amháin fágtha, agus an scór 4-4. Chiceáil Brandi Chastain leis an gcos chlé, cé gur imreoir deasach í. Scóráil sí ceann iontach, agus lig an slua gáir áthais astu! Chaith sí í féin ar a glúine, agus bhain sí di a geansaí agus í ag céiliúradh an bua mór seo sa bhaile. Bhí na grianghraif den radharc sin ar chlúdaigh irisí cáiliúla cosúil le ‘Newsweek’, ‘Sports Illustrated’, agus ‘Time Magazine’. Agus leis sin, bhain an spórt leibhéal nua amach, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Fiche bliain ina dhiaidh sin, agus an iomaíocht i bhfad níos géire, bhuaigh na Stáit Aontaithe an Corn Domhanda in aghaidh na hOllaine i gcluiche thar barr. Rugadh laochra nua sa Chorn Domhanda seo, cosúil le Megan Rapinoe, Alex Morgan, Tobin Heath agus Rose Lavelle (Stáit Aontaithe), Sam Kerr (an Astráil), Wendie Renard (an Fhrainc), Lieke Martens agus Vivianne Miedema (an Ollainn), Marta (an Bhrasaíl) agus Fran Kirby (Sasana), gan ach roinnt bheag a lua!

Agus, cosúil le fiche bliain ó shin, bhain an spórt leibhéal nua amach arís, an t-am seo mar spórt mór ar an stáitse domhanda. Meastar go raibh níos mó ná billiún lucht féachana i mbliana agus iad ar bís.

Cé gur éirigh thar cionn leo ar an bpáirc, níor éirigh chomh maith céanna leo as an bpáirc!

.

As an bpáirc!

Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar coinníolacha do mná sa sport seo, tá bóthar fada rompu fós!

Cé go bhfuil sé deacair a chreidiúint gur chuir na Cumainn Sacair in alán tíortha cosc ar mná a bpáirceanna shacair a úsáid le thart ar caoga bliain go dtí 1971, tá sé dochreidte cé chomh fada agus a tháinig socar na mban sna beagnach caoga bliain eile ó shin.

Ach níl said críochnaithe fós. Tá sé an-suimiúil gurb é an gártha lucht sacar tar éis an cluiche ceannais i mbliana ná: “pá comhionann, pá comhionann.”  Is cinnte go bhfuil argóint láidir ag na mná, go háirithe ag foireann na Stáit Aontaithe (USWNT) ina dtír féin. Tá an argóint níos láidre fós dóibh tar éis an Corn Domhanda a bhuachan gan dua den cheathrú huair.

Ar na saolta seo féin tá níos mó á shaothrú ag na fir. Mar shampla, bhí duachiste $30 milliún le Corn Domhanda na mBan i mbliana. Is mór idir é seo agus an duachiste Corn Domhanda na bhFear an bhliain seo caite – $400 milliún. Déantar argóint nach bhfuil sé sin éagórach, mar rátaí lucht féachana teilifíse i bhfad níos mó i gcás sacar na bhfear. Cuireann FIFA an airgead seo ar fáil, agus dúirt siad, i gcás duachiste sacair na mban, go gcuirfidh siad $60 milliún ar fail don chéad Corn Domhanda eile.

Agus fiú má ghlacaimid leis go bhfuil an argóint sin fíor i gcás sacar idirnáisiúnta, tá sé i bhfad níos deacra an argóint sin a chosaint sna Stáit Aontaithe, go háirithe le tamall de bhlianta. Idir 2016 agus 2018, ghin sacar na mban (USWNT) $50.8 milliún, agus ghin sacar na bhfear (USMNT) $40.9 milliún. Sa bhlian 2015, shaothraigh Carli Lloyd $240K, an bliain a bhuaigh USWNT an Corn Domhanda. Ach sa bhliain 2014, fuair Clint Dempsey $428K agus díbríodh an USMNT roimh na babhtaí ceathrú ceannais.

I mbliana, thóg an USWNT cás in aghaidh Cónaidhm an tSacair sna Stáit Aontaithe, ag maíomh go raibh siad ag úsáid cleachtas idir dhealaitheacha de réir pá.  Feicfimid cad a tharlóidh, ach ceapaim go bhfuil cás láidir acu.  Tar éis foireann na mban a fheiceáil ar an bpáirc, ní chuirfinn geall ina n-aghaidh as an bpáirc!

.

.

.

.

.

.

   .

en_USEnglish