Laoch Ciúin na hÉireann!

Laoch Ciúin na hÉireann!

Nuair a bhí Éire in ísle brí ina aonar go hiomlán agus leochaileach ar imeall na hEorpa, sheas ach duine amháin, Richard Hayes, idir Éire agus Ghearmáin na Naitsithe. Is í Éire tairseach an Atlantaigh, agus bhí an-tábhachtach mar líne soláthair idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain Mhór. Dúirt Stiúrthóir Fáisnéise (le linn an Dara Chogaidh Domhanda), Dan Bryan, go raibh bagairt mór go gcothódh cumhacht iasachta dea-chaidreamh leis an IRA, agus mura bpifeadh an Rialtas go práinneach leis, go dtosódh siad ag oibriú sa tír faoi rún.  Is é a bhí ag teastáil ag Bryan go mbeadh a rannóg, darb ainm G2 (cosúil le MI5) in ann gníomhairí rúnda a aimsiú.

Le linn blianta an chogaidh, tháinig na spiairí Naitsithe go hÉireann as éadan a chéile.  Bhí an-suim ag an Abwehr (rannóg fáisnéise na Gearmáine) in Éirinn, go bunúsach mar plean stráitéiseach chun an bonn a bhaint ón Ríocht Aontaithe. Cheap an Abwehr go raibh an IRA go láidir agus go mbeadh siad in ann é a úsáid in aghaidh na Ríochta Aontaithe.  Chum an IRA agus spiairí Naitsithe plean darb ainm ‘Plan Kathleen’, chun ionradh a dhéanamh ar an Tuaisceart le chéile. Chum na Naitsithe plean eile chun ionsaí a dhéanamh ar an Riocht Aontaithe ó Éirinn.   gur theip ar na iarrachtaí sin, mar raibh an IRA láidir ag an am sin, bhí Éire an-tábhachtach mar bunáit spiaireachta. Bhí stáisiún tarchuir i Leagáideacht na Gearmáine i mBaile Átha Cliath, agus sheoladh teachtaireachta ionchódaithe ó na spiai go dtí an Abwehr ón stáisiún sin. Nuair a bhraith an Ríocht Aontaithe na teachtaireachtaí tarchurtha sin, chuir siad brú ar Rialtas na hÉireann déileáil leo.  

Ag an am seo, d’iompaigh an Taoiseach ar an Coirnéal Dan Bryan agus G2, chun an fhadhb mór seo a réiteach. Agus d’iompaigh Bryan ar an Dochtúir Richard Hayes, Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, fear a d’oibrigh leo cheana, chun an cód a fhuascailt!

Duine éirimiúl ba ea Hayes, agus bhí Gearmáinis iontach aige.   Bhí Hayes ar fheabhas ag scaoileadh cód agus é ag obair ina aonar formhór an ama.

Mar shampla, bhí na spiairí Naitsithe ag úsáid cód amháin, darb ainm cód ‘microdot, agus bhí orthu micreascóp a úsáid chun teachtaireacht a léamh. Tháinig amhras ar Hayes nuair a chonaic go raibh micreascóp ag ceann de na spiairí, agus nuair a d’fhéach tríd an micreascóp ar páipéar a bhí ag an spiaire, chonaic teachtaireacht folaithe sa lánstad. Bhí MI5 agus Bletchley Park sa Bhreatain Mhór agus Oifig na Séirbhísí Straitéisigh sna Stáit Aontaithe an-tógtha leis an obair seo agus an fear seo freisin.

Ba é Hermann Goertz an spiare is dánséirí go mór fada a tháinig go hÉirinn agus níor ghabhadh é le tamall fada. Fiú amháin nuair a bhí i bpriosúin, bhí in ann teachtaireachtaí a sheoladh go dtí an Ghearmáin.

Bhí ar Hayes agus ar Ceannfort de Buitléar cód Goertz a bhriseadh. Thug siad teachtaireachtaí idircheaptha chun an bhrí a bhaint amach. bhfuair siad ach leathbhrí, agus raibh an-úsáideach dóibh. Ach bhí a fhios acu gur úsáid Goertz eochairfhocal chun an bhrí a bhaint amach, agus chuaigh siad ar thóir chun é a fháil. Rinne siad cuardach tríd a chuid cáipéisí pearsanta ach bhfuair siad aon rud. Bhí an t-ádh dearg ar de Buitléar nuair a chonaic páipéir dóite i gcillín Goertz, agus thug Hayes na píosaí páipéir sin go dtí Coláiste na Trionóide. Tar éis ceimiceáin speisialta a chur ar na píosaí páipéir bhí siad in ann iad a léamh. Bhí cuid de na páipéir ar iarraidh, ach tar éis a lán obair, bhí Hayes in ann an eochairfhocal a shocrú: KATHLEEN NI HOULIHAN. Nuair a d’idircheap G2 teachtaireachtaí Goertz tar éis sin, bhí siad in ann freagraí a thabhairt . Rinne G2 agus go háirithe Hayes jab iontach!

Tar éis an chogaidh, nuair a bhí siad ar Goertz a dhíbirt as Éirinn ar ais go dtí an Ghearmáin, chaith siar capsúl ciainíde, agus fuairbás.

ina ráfla go bhfuair Hayes féin bonn ó Churchill. Ar aon nós, laoch ciúin ba ea é, agus níor dúirt Rialtas na hÉireann rud ar bith faoin fear iontach seo, b’fhéidir mar thug cúnamh do na Chomhghuaillithe, gur tír neodrach an tír seo.

B’fhéidir go bhfuil thar am anois, áfach, don Rialtas buíochas a ghabháil leis an laoch ciúin seo, Richard Hayes Códscaoilteoir!

.

Laoch Ciúin na hÉireann!

Dea-Chleachtais Chosta Rica

Tír an-suimiúil is ea Costa Rica i Meiriceá Láir, agus tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim againn ón tír iontach seo.  Tá an tír dara domhanda seo beagán níos lú ná Éire, le daonra cosúil le hÉirinn.

Léiriú Gairid Staire

Nuair a tháinig Columbus i 1502, d’fháiltigh an pobal dúchais roimh na heachtrannaigh Spáinneacha  go croíúil. Bhí treibheanna ansin leis na mílte bliain, agus bhí sibhialtacht ársa acu. Ar an drochuair, tar éis colíniú Spáinneach na tíre, chuaigh cuid acu ar imirce, agus tháinig an bholgach ar an gcuid is mó de na daoine a bhí fágtha, agus fuair siad bás.  Bhí easpa oibrithe ina dhiaidh sin agus thug na Spáinnigh sclábhaithe Afraiceacha go Costa Rica chun an bhearna sin a líonadh. Anois, níl ach a dó, nó a trí faoin gcéad daoine ón phobal dúchais, ocht faoin gcéad de bhunadh na hAfraice, agus níos mó ná ochtó faoin gcéad de bhunadh na hEorpa.  Is í an Spáinnis an teanga náisiúnta ann.

Nuair a d’éirigh Mexico amach in aghaidh na Spáinne sa bhliain 1821,  rinne tíortha Mheiriceá Láir an rud céanna. Mar sin, tír neamhspleách is ea Costa Rica le beagnach dhá chéad bhliain anuas.  I gcomparáid leis na tíortha eile i Meiriceá Láir, tír chobhsaí atá ann. Bhí cogadh cathartha gairid ann sa bhliain 1948, agus tar éis sin scríobhadh Bunreacht nua.  D’ullmhaigh an Bunreacht sin an tír i gcomhair daonlathais láidir agus seirbhísí maithe poiblí. Sa Bhunreacht, fógraíodh deireadh leis an arm seasmhach náisiúnta! Rinneadh sin chun caiteachas ar shláinte agus ar oideachas a mhéadú!  Sin cinneadh misniúil, go háirithe nuair a aithnítear gur réigiún míshocair é Meiriceá Láir. Is dócha gurb é sin dlúthchuid den chúis go bhfuil sláinte and oideachas i gCosta Rica chomh maith is atá sé, go háirithe i dtír nach bhfuil saibhir.

Rangaithe idirnáisiúnta

Tá a lán tuairiscí a chuireann tíortha an domhain i gcomparáid maidir le critéir éagsúla.

Ní iontas ar bith go ndéanann Éire go han-mhaith i mbeagnach gach tuairisc idirnáisiúnta atá ann.  Is iontas é áfach go ndéanann Costa Rica go han-mhaith freisin; de ghnáth beagán níos measa ná Éire, ach i gcúpla cás, níos fearr.  Is iontach é freisin go mbíonn Costa Rica níos fearr ná na Stáit Aontaithe i mbeagnach gach tuairisc. Nach aisteach go bhfuil Costa Rica ar cheann den bhfiche daonlathas  iomlán (agus Éire ina measc) sa domhan, agus go bhfuil na Stáit Aontaithe i gcatagóir lochtach daonlathach. Sin as tuairisc a d’fhoilsigh ‘The Economist’ an bhliain seo caite.

Seo cúpla sampla de thuairiscí ina ndéanann Costa Rica níos fearr ná Éire agus na Stáit Aontaithe:  ‘World Happiness Report 2018’ agus, ‘Happy Planet Index ‘ (tagann Costa Rica sa chéad áit, Éire in áit 48 agus na Stáit Aontaithe in áit 108).  Déanann Éire níos fearr ná Costa Rica i ngach catagóir sna tuairiscí sin ach amháin sa chatagóir ‘lorg éiceolaíoch’!

Sa chatagóir sin, chuir Rialtas Costa Rica i bhfeidhm cinnteoireacht réamhghníomhach, agus b’iontach an t-eiseamláir í do thíortha eile ar fud an domhain, Éire san áireamh.  Sa bhliain 1983, ní raibh ach fiche faoin gcéad den tír faoin fhoraois (tar éis trí cheathrú i 1945). Ach anois tá níos mó ná leath na tíre faoin fhoraois!

Agus tá an ceathrú cuid den tír faoi chosaint mar pháirceanna agus tearmainn náisiúnta.

Úsáideann an tír foinsí in-athnuaite le giniúint a leictreachais ar fad, beagnach, agus tá sé mar aidhm ag an Rialtas deireadh a cur le húsáid d’aon bhreoslaí iontaiseach, faoi 2050.

Comhairle

Cad iad na ceachtanna atá le foghlaim anseo?

Bhuel, tá sraith tosaíochtaí ag Rialtas Costa Rica agus cé go bhfuil sé deacair iad a chur i bhfeidhm, ag an am céanna tá siad críonna.   Agus tá ‘díbhinn ghlas’ ag baint leo freisin, mar is é earnáil na turasóireachta an ceann is brabúsaí ann anois.

Tá sé an-soiléir gur rud maith do Rialtas aon tíre béim a chur ar Shláinte, Oideachas agus an Timpeallacht.  Tá sé ró-éasca airgead a chur i dtreo tosaíochtaí eile, cosúil le córais chosanta, fuinneamh neamh-inathnuaite agus gnó ar an mórscála.   Ach tá sé i bhfad níos fearr gníomhú ar mhaithe le Pobal agus le Tír. Tuigeann Pobal Costa Rica go maith an seanfhocal: “Is fearr an tsláinte ná an táinte”.  B’fhéidir gur cóir dár Rialtas féin athchuairt a thabhairt ar an nathán gaoise seo!

.

.

.

   .

.

Laoch Ciúin na hÉireann!

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

Dealbh donn sraoilleach

Ag síneadh a mhéarar Neamh

Ina sheasamh ar fhiarsceabha

Comharthaí nirt i bhfad siar

Dealramh dúilmhear dóchasach

Ar laoch cróga an ghainimh ghil

Ag fanacht go foighdeach

Le míorúilt a dhéanamh ar muir

Ag stánadh gan faiteadh na súl

Ar fharraige choipthe chontúirteach

Iarchuradh na ndaoine áitiúla

A chuir na tonnta chun suain

imithe i ndearmad anois

Gan láithreacht a chosantóirí

Leannán tréigthe na nglún

A chreid ina chumhacht fadó

Ach dóchas ina chroí fós

Ag súil le míorúilt féin

Nuair a nochtfadh a Chruthaitheoir Diaga

Misean tábhachtach nua

.

Mick Barrett

Is dócha gur dhein T.H. White, údar Sasanach, roinnt taighde ar chúrsaí Inis Géidh, tráth raibh ina chónaí in Iorras, le linn an chogaidh mhóir.  Ní raibh seisean sásta dul san arm thall, ag an am, agus is dócha nár theastaigh uaidh blianta a chaitheamh i bpríosún! Scríobh sé leabhar, ar ball, ar ar bhaist “The Blackamoor And The Godstone”.  Ba é an Blackamoor, nó Gormach a thagadh go rialta go Béal an Mhuirthead, ar laethe aonaigh, le cleasa de chuile chineál a dhéanamh, agus bhain an “Godstone” le hoileáin Inis Géidh. Ag caint ar “an Naomhóg”, a bhí , Naomhóg Inis Géidh.  Ní currach atá i gceist againn anseo, faoi mar a bheadh ag na Muimhnigh, ní hea, in aon chor, ach dealbh bheag, de chineál eicínt. Dealbh ársa, b’fhéidir, faoi mar a bhí coitianta go maith ar fud na Críostaíochta fadó, dealbh a raibh cumhachtaí áirithe aici, in am an ghátair.  B’ionann Naomhóg agus Naoimhín. B’féidir gurbh í Deirbhile fhéin, Colmcille, a d’fhág an Naoimhín céanna acu, mar chuimhneachán, fadó. De réir na scéalta, choinnítí an dealbh sin i dteach áirithe, ar feadh bliana, agus ansin, ag deireadh na bliana sin, tar éis do mhuintir an tí culaith nua flainín a chur uirthi, sheoladh siad ar aghaidh í go teach eile, agus mar sin dóibh, ó bhliain go chéile.  Bhí de bhua ag an “Naomhóg” chéanna sin, go gciúnódh sí an stoirm, nó ar ócáidí eile, go bhféadfadh sí stoirm a thógáil. Ba é a dhéanadh siad nó an dealbh a thógáil leo síos chun na farraige, agus ansin, agus na daoine timpeall uirthi i gciorcal, agus paidreacha áirithe á rá acu, agus an dealbh á thumadh san uisce acu, d’ísleodh an ghaoth, dá mba é sin a bhí á lorg ag na daoine. . Anois, b’in mar a bhaintí úsáid as “Naomhóg” Inis Géidh, ach dár le T.H. White, bhí baint eicínt ag an “Naomhóg” le torthúlacht, agus chaith sé roinnt mhaith ama, ag iarraidh cosa a chur faoin dearcadh sin.  Féach mar a chuireann an t-údar é….

“T.H. White thought that the naomhóg may have been used as a fertility symbol, and although this does not appear to have been the case, he pursued this concept throughout his research.”

Dá mbeadh an chumhacht sin uilig ag an “Naomhóg” sin Inis Géidh, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd, a shéid ar na farraigí thiar, i nDeireadh Fómhair na bliana sin 1927, nuair a báitheadh an deichniúr sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag?  Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an ndealbh, nó go raibh daoine ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidh. Feach mar a scriobh The Rev T.A. Armstrong,

“Still more gross superstition was practised in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies.”  

Is dócha gur spreag altanna leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire, gar go maith dá pobal dílis, mar a bhfanann i ndoimhneas na Farraige Móire go dtí an atá inniu fhéin ann, agus í ag fanacht go foighdeach ar an a bhfillfidh sí ar a muintir dhílis, oileánach arís, len iad a ullmhú do Lá Mór an tSléibhe…

.

en_USEnglish