Seo píosa oiriúnach le séasúr na Nollag, a scríobh m’athair blianta ó shin agus é ag cuimhneamh ar an saghas Nollag a bhí aige mar gasúr. Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir!

Christmas Greetings

Tá an tráth sin den bhliain linn arís, an tráth sin, nuair a thugaimid uilig, geall leis, aghaidh, uair amháin eile, ar bhóithrín geal, mealltach, na smaointe, le spléachadh amháin eile a fháil ar an gcineál saoil a bhí ann, nuair a bhíodh muidinne ag fanacht go foighdeach ar chuairt oíche ó Dhaidí na Nollag fhéin, sea, agus muid freisin ag súil le féirín eicínt, nó bronntanas, uaidh. Thuigeamar ag an am, go raibh neart spáis i mála an fhir mhóir chéanna sin, agus nach mothódh sé uaidh, an méidín beag suarach a líonfadh an stoca sin a d’fhág muid crochta ag cois na leapa thíos! Agus bíodh nach mbriseadh an fear mór groí sin a chroí leis an méid a bhronnadh sé ormsa, ach go háirithe, ag an am gcéanna, tuigeadh domsa, nach raibh éinne riamh a bhí leath chomh fial flaithiúil leis. Murab ionann is gasúir an lae inniu, bhíodh muidinne cleachtach ar an mbeagán, agus dá bhrí sin, shásódh an beagán sinn. Dá bhfaighinnse fhéin glac milseán, cupla úll, oráiste, agus gluaisteáinín, nó guinnín fhéin, ó Dhaidí na Nollag, cheapfainn go raibh bó bronnta aige orm. Ní bheinnse ag súil le mórán, agus dá bhrí sin, shásódh an beagán mé. 

Other things to do!

Sea, agus nach raibh rudaí eile ar ár n-aire againn freisin. Nach raibh orainn bheith sa séipéal, maidin Lae Nollag, le hAifreann na Nollag a éisteacht?  Sea, agus nach raibh tamall le caitheamh againn, roimh an dinnéar, ar thóir an dreoilín, nó bhíodh pleananna déanta againn na bailte timpeall a shiúl, lenár bhfortún a dhéanamh, agus muid amuigh leis an nDreoilín, Lá ‘le Stiofáin. Sea mh’anam! bhíodh rudaí le déanamh againn agus áiteacha le taisteal againn Lá Nollag, agus muid ag ullmhú do Lá úd an Dreoilín. 

That Christmas Carol!

Ag an bpointe seo áfach, ba mhaith liom nós eile dem’ chuid a leanúint, agus sin nós atá agam le blianta fada anois, sé sin, dáinín beag Nollag a chumadh don ócáid, mar bhronntanas beag uaimse don Naí sa Mháinséar, agus dá Mham, ach sul má leagain an dáinín sin os bhur gcomhair, ba mhaith liom Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine a léifidh an aiste seo, sea, agus guím Beannachtaí na Féile Beannaithe seo ar chuile dhuine dár muintir, is dár gcine, thall nó abhus dóibh, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine acu, bliain ó anocht…………..

Cuimhní na Nollag

Cuimhní na Nollag  ’na rás chugainn,

Is coinneall mhór dhearg ina chaor,

Gaineamh geal leata ar urláir

In onóir do Mhac Dé an Naí.

.

Cácaí na Nollag á mbácáil

Is a mboladh mar thúis gan locht.

Agus gé ramhar pioctha is bearrtha,

Feistithe san oigheann ina nocht.

.

Páistí ar rotha le gliondar

is a súile ag drithliú mar réalt’ 

Ag smaoineamh ar “Santy” is a fhianna

 Chucu thar Bhealach na Néall

.

Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,

Eidhean is cuileann go fras,

Is croíthe ‘na lasair mar choinnle

Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.  

.

Maidin amárach, más beo sinn,

Éireoimid le solas an Réalt’,

Is raghaimid go hAifreann na Gine

Ag comóradh breithlá ár nDé.

            

.

en_USEnglish