Táimid go léir chomh tógtha suas leis an gcoróinvíreas nár thóg roinnt mhaith dúinn faoi deara lá cuimhneacháin Hiroshima agus Nagasaki le déanaí! Seachtó cúig bliana ó shin chaith Aerfhórsa SAM buamaí adamhach ar Hiroshima agus ansin ar Nagasaki. Rinneadh ár agus slad sna cathracha sin, agus leis sin thosaigh rás na n-arm núicléach atá ar siúl fós.  

Dar le Nikolai Sokov, saineolaí i gcúrsaí dí-armála núicléiche “Is ar éigean a thugtar faoi deara bagairt tubaiste móire núicléiche.  Tá dearmad déanta againn ar uafáis chogaidh eithnigh agus mura bhfuil eagla orainn fúthu, ní féidir iad a sheachaint!”

Le déanaí, thug Státrúnaí Stáit na Náisiún Aontaithe António Gutteres rabhadh dúinn i mír fhíse, nuair a dúirt sé: “Níl ach deighilt, amhras agus easpa idirbheartaíochta le feiceáil maidir le hairm núicléacha, agus mar sin tá bagairt mhór go bhfillfimid ar ais go rás núicléach.” I mo thuairim, tá an rás sin agus an iomaíocht ag baint leis ar siúl cheana féin, gan seans mór go mbeidh socrú ann inniu nó amárach!

Gearrchuntas Stairiúil

Sa bhliain 1962, tar éis Géarchéime Diúracán Chúba, nuair ba bheag nár thosaigh cogadh eithneach idir na Stáit Aontaithe agus iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, shínigh siad conradh teoranta in aghaidh tástáil airm núicléacha.

Ansin, i 1968, tháinig Uachtarán an Stáit Aontaithe Lyndon Johnson ar chomhréiteach leis na tíortha núicléacha eile agus shínigh siad an Conradh in aghaidh iomadú núicléach.

Sna hochtóidí, bhí cruinnithe mullaigh idir Ronald Reagan agus Mikhail Gorbachev, agus rinne siad dul chun cinn suntasach. Shínigh siad conarthaí tábhachtacha – an comhaontú Fórsa Núicléach Idirmheánach san áireamh – chun deireadh a chur le diúracáin núicléacha, idir ghearr-raoin agus meánraoin.

Chuir George H.W. Bush agus Mikhail Gorbachev an chéad chomhaontú START (a sheasann don Bhéarla: Strategic Arms Reduction Treaty) le chéile i 1991. Laghdú i ráta táirgthe na n-arm núicléach a bhí i gceist sa chonradh sin. Lean an obair ar aghaidh agus i 1993 shínigh George W. Bush agus Boris Yeltsin comhaontú START 2. Chuir an comhaontú sin dualgas ar an dá thaobh laghdú a dhéanamh de dhá thrian ar stórais diúracán fadraonach ilbhuamaí núicléacha.  Dhaingnigh na Stáit Aontaithe an conradh seo i 1996, agus ansin an Rúis i 2000.  

Shínigh Barack Obama agus Dmitri Medvedev an comhaontú START nua i 2010, inar cuireadh teorainn (800) leis an méid diúracáin straitéiseacha agus buamadóirí troma ar féidir leo a bheith acu. Chuaigh an comhaontú sin i bhfeidhm i 2018.

Sa bhliain 2015 síníodh comhaontú idir an Iaráin, An Aontas Eorpach agus an cúig bhall buan i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chun cosc a chur leis a clár núicléach.

Gan dabht, caithfimid na hiarrachtaí sin a bhí ar siúl ar feadh níos mó ná leathchéad bliain a mholadh go hard.  Tá domhan níos sábháilte againn go léir a bhuí le hiarrachtaí na gceannairí cróga a bhí i gceannas i rith an ama sin.

Dearcadh Éiginnte

Tar éis an dul chun cinn sásúil sin, cén fáth nach mbeinn ródhóchasach faoin ábhar núicléach?

I bhfocal amháin – TRUMP!  Tharraing sé amach as beagnach gach comhaontú a bhí sínithe agus i bhfeidhm – an comhaontú Fórsa Núicléach Idirmheánach agus an comhaontú leis an Iaráin san áireamh. Níos measa fós, theip air an comhaontú START nua a shíneadh amach mar, seachas sin, rachaidh sé in éag an bhliain seo chugainn. Agus tá Trump ag caitheamh a lán airgid chun cumhacht núicléach na Stáit Aontaithe a nuachóiriú.

Mar sin, tá Uachtarán na Stáit Aontaithe ag ullmhú le haghaidh cogadh uafásach, in ionad a bheith ag comhoibriú i dtreo síocháin. Cad is féidir linn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbunfhadhb? Cúpla rud! Sna Stáit Aontaithe, tá dualgas ar an bpobal Trump a chaitheamh amach mar uachtarán i dtoghchán na huachtaránachta! Agus tá dualgas ar na tíortha nár dhaingnigh an conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha fós é a dhéanamh gan mhoill.

Le déanaí, toghadh Éire mar bhall sa Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus ar ‘Lá Hiroshima’ 2020, dhaingnigh ár dtír an Toirmeasc ar Airm Núicléacha.  Rachaidh an Toirmeasc i bhfeidhm tar éis é a bheith daingnithe ag 50 tír agus is muidne an tríú thír is daichead! Ar an drochuair, táimid fós ag fanacht le tír núicléach chun an Toirmeasc a dhaingniú.

B’fhéidir go bhfuil mé ag brionglóideach go neamhréalaíoch faoin todhchaí, ach tá súil agam go mbeidh na Stáit Aontaithe, faoi cheannas agus faoi stiúir Joe Biden, ar an chéad tír núicléach é a dhaingniú.  Tús ré nua dóchasach a bheadh ann ansin, gan dabht ar bith!

.

.

.

.

en_USEnglish