Wordle ceannaithe ag an ‘New York Times’

Cheannaigh an ‘New York Times’ cluiche darb ainm ‘Wordle’ le déanaí. Díoladh Wordle leo ar phraghas seacht bhfigiúr! Cluiche tomhas focail atá ann, agus bíonn ort focal le cúig litir a thomhas i 6 iarracht. Le gach iarracht, feiceann tú aon litir san áit cheart (dath glas), aon litir atá ceart ach san áit mhícheart (dath buí), agus aon litir nach bhfuil san fhocal ar chor ar bith (dath liath). Tá sé chomh simplí sin!

Imrítear ar líne é, agus bíonn focal nua a thomhas gach lá. Bíonn tú in ann do thorthaí a roinnt le daoine eile, agus ansin ní thaispeántar ach amháin dathanna na litreacha i ngach tomhas déanta agat sa chluiche. Mar sin, bhíonn a fhios ag an duine ar roinn tú do thorthaí leis/léi cén focal atá i gceist, agus bíonn siad in ann an cluiche a imirt dóibh féin, más mian leo.

Bunús an Chluiche ‘Wordle’

Bhí a fhios ag Josh Wardle, innealtóir bogearraí in Brooklyn, Nua Eabhrac, gur thaitin cluichí focal go mór lena pháirtí, Palak Shah. Sa bhliain 2020, le linn na pandéime, chaith siad a lán ama ag imirt an ‘Spelling Bee’ agus an crosfhocal sa ‘New York Times’.

Mar bhronntanas do Phalak, dhear Josh cluiche focal di. Chuir sé an t-ainm Wordle air, mar bhí sé sin cosúil le Wardle, agus Ward athraithe go Word (focal). Ar dtús, ní raibh ach an bheirt acu ag imirt an chluiche. Nuair a roinn sé an cluiche lena ngaolta sa ghrúpa WhatsApp a bhí acu, bhí siad go léir róthógtha leis.  Mar sin, d’eisigh sé an cluiche ar líne. Ar an gcéad lá de mhí na Samhna, d’imir 90 duine. Dhá mhí tar éis sin ar an dara lá de mhí Eanáir, d’imir 300,000! Anois, tá an-tóir air ar fud an domhain.  Ba é an splanc inspioráide, dar le Josh, ná nach mbíonn ach focal amháin ar fáil gach lá. Ansin bíonn fonn mór ar dhaoine an chéad chluiche eile a imirt ach bíonn orthu fanacht go dtí an chéad lá eile.

Bhí Josh sásta go leor an cluiche a dhíol don ‘New York Times’, mar bhí tionchar mór ag an bpáipéar ar dhearadh an chluiche.a lán daoine ag súil nach mbeidh orthu íoc as an gcluiche a imirt as seo amach!

Bunús an Chluiche ‘Foclach’

Forbróir gréasáin is í Linda Keating agus mar sin bhí sí in ann suíomh idirlín a dhearadh go tapa. Chlónáil Linda cód ón stór a rinne forbróir eile darb ainm octokatherine, agus a bhí bunaithe ar an gcluiche Wordle, agus d’úsáid sí an cód sin chun Foclach a fhorbairt. Tógadh liosta na bhfocal ón liosta le Michal Měchura: michmech irish word frequency’ atá ar fáil ar líne.  Sa tslí sin, bhí Linda in ann an cluiche a fhorbairt tapa go leor!

  

Chuir Linda Foclach ar fáil den chéad uair i lár mhí Eanáir agus faoin am seo tá sé ag imirt i 90 tír, le suas go 40,000 imreoir! Ar dtús ní raibh an ghné laethúil ann, agus bhí daoine in ann imirt cluiche i ndiaidh cluiche. Ach fuair Linda aiseolas ag rá go mbeadh sé níos fearr gné laethúil a bheith ann, díreach cosúil le Wordle. Tar éis di modh laethúil a chur isteach chomh maith leis an modh cleachtadh a bhí ann roimh ré, tháinig fás fíorthobann ar an méid imreoirí!  

Cúpla focal ó Linda Keating

“Is aip beag bunúsach atá ann, agus sin an draíocht atá ag baint leis, agus sin an fáth a dtaitníonn sé le go leor daoine,” arsa Linda.  “Táim rud beag náirithe go bhfuil daoine ag cur na ceiste sin orm mar ní liomsa an cluiche, is le Josh Wardle an coincheap agus d’aistrigh mé é go Gaeilge.

“Ní liomsa na focail toisc gur thug daoine eile ar nós m’fhir iad agus na freagraí domsa. Is é an coincheap agus na focail an príomhrud leis an gcluiche,” a dúirt sí.

“Tá áit gur féidir le daoine cúpla punt a thabhairt don tionscnamh ionas nach bhfuil orm airgead a chailliúint, ar nós fón a cheannach ionas gur féidir liom téacsanna a fhreagairt mar nach raibh iPhone agam, agus freisin anailís a dhéanamh leis an chluiche a chur ar fáil agus na costais a chlúdach.”

Agus an rud is fearr: dúirt Linda nach mbeidh íocaíocht i gceist go deo le Foclach. Ar an drochuair, ní féidir an rud céanna a rá faoi Wordle! Anois, téigh go dtí foclach.com agus bí ag imirt!

en_USEnglish