Éiginnteacht!

Ar an drochuair, tá éiginnteacht ag baint leis na tumchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i 2022. Is fadhb é sin, go háirithe do dhaoine as tíortha eile a bhfuil orthu socruithe taistil a dhéanamh roimh ré. Déanann sé dhá uair chomh deacair d’eachtrannaigh freastal ar thumchúrsaí. Is dócha go bhfuil sé deacair do dhaltaí agus a dtuismitheoirí freisin, mar níl siad in ann plean deimhin a chur in áit. Mar gheall ar sin, níl aon dabht ach go mbeidh níos lú daoine ag foghlaim agus ag caint Gaeilge sna Gaeltachtaí i mbliana ná mar is iondúil. Agus is trua mhór é sin.

Calafort Ros a Mhíl

D’fhógair an Rialtas go mbeidh infheistíocht €25 milliún ar fáil chun calafort Ros a Mhíl a fhorbairt. Cé gur chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue an bhéim ar na deiseanna nua a thabharfaidh cé domhainfharriage ó thaobh tionscail bia mara de, bhí Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ag dúil go mór le hearnáil nua an fhuinnimh in-athnuaite a fhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe. Pé scéal é, mar a dúirt Anna Ní Ghallachair: is fógra suntasach é seo ní amháin don Ghaeltacht ach don tír ar fad.

Caoga bhliain ó Dhomhnach na Fola

féidir aon leithscéal a dhéanamh don sléacht gan trua gan taise a rinne Paratrúpaí Arm na Breataine i nDoire 50 bliain ó shin. Mharaigh siad ceithre dhuine dhéag agus ghoin siad ceithre dhuine dhéag eile chomh maith. Dúirt Príomh-Aire na Breataine, David Cameron i 2010 go raibh an slad sin ‘unjustified and unjustifiable’, tar éis tuairisc Saville a léamh. Bhí sé soiléir sa tuairisc nach raibh na Paratrúpaí in aon bhaol ón lucht máirseála ar chor ar bith ar an lá a scaoil siad os cionn céad urchar leo gan cúis ar bith.

Tá sé dochreidte nach bhfuil aon duine ciontaithe fós as uafáis an lae sin.  Is iompar do-ghlactha do Rialtas na Breataine agus iad ag iarraidh bac a chur ar fhiosruithe ag baint leis na Trioblóidí, nuair ba cheart dóibh na fiosruithe céanna a bhrú ar aghaidh chomh tapa agus is féidir.

Tá na Rúisigh ag teacht!

Ghéill na Rúisigh d’iarratas Rialtas na ireann agus Eagraíocht Onnmhaireoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann a ndruileanna míleata a bhogadh amach laistigh de limistéar eisiach eacnamaíochta na hÉireann.  D’fhógair Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise Sergey Shoigu go n-athlonnófar na cleachtaí míleata mar chomhartha dea-thola, ionas nach gcuirfidh siad iascairí Éireannacha i mbaol.

Go luath tar éis na fógartha sin, chonacthas aerárthaí míleata an RAF ag eitilt inár gcrios eisiach eacnamaíochta. Ní dhearna Rialtas na hÉireann gearán in éadan an ionraidh sin, mar níor chuir siad ár n-iascairí i mbaol, agus is rud maith é súil a choimeád ar na Rúisigh i gcónaí.

Is ábhar imní é nach bhfuil sé ar chumas na tíre monatóireacht a dhéanamh ar ár gcrios eisiach eacnamaíochta, gan trácht ar ár gcumas é a chosaint!

Tá Cabhlach na hÉireann ar aon mhéid le Cabhlach na hÍoslainne! Tá fadhb amháin leis sin – tá i bhfad níos mó daoine i gContae Chorcaí san Íoslainn!  Níl ach ocht n-ingearán inár bhfórsaí cosanta sa tír!  I dtíortha neodracha eile thart ar an méid céanna le hÉirinn, tá 61 ingearán ag an Ostair, 39 ag an Fhionlainn agus 21 ag Nua Shéalainn! Agus cé go bhfuil ingearáin na tíortha eile sin in ann éirí agus tuirlingt ar shoithí chabhlaigh, níl an cumas sin againn.

Níl aon leithscéal dúinn anois ach ár gcosaint a neartú ionas go mbeimid in ann monatóireacht a dhéanamh ar ár gcrios eisiach eacnamaíochta agus níos fearr, é a chosaint.

.

Boris i dtrioblóid

Bréagadóir cruthanta is ea príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, agus níos mór fianaise ag teacht leis gach lá, grianghraif san áireamh. Nuair a tháinig tuarascáil Sue Gray amach, faoi na hócáidí sóisialta i Sráid Downing le linn na dianghlasála, chuir sé sin tairne eile ina chónra. Dúirt an tuarascáil go raibh sé deacair aon leithscéal a dhéanamh mar gheall ar na cóisi sin, agus neamhaird ag na baill ar na srianta a bhí i bhfeidhm. Ba é tátal na tuarascála gur teip mhór a bhí ann, ó thaobh na ceannaireachta de i Sráid Downing. Níor scaoil Boris a ghreim ar an gcumhacht fós, ach an brú air ag méadú, agus b’fhéidir go mbeidh vóta rún mímhuiníne ina choinne sula i bhfad, agus go mbeidh air éirigh as ansin feicfimid!

Is dóigh liom gurb é sin é don tseachtain seo!

.

.

en_USEnglish