Tháinig mé ar chomhad bosca le déanaí a bhí curtha i bhfolach ag m’athair tamall ó shin.  I measc na ráitis bhainc, polasaithe árachais, admhálacha agus cáipéisí dlí, bhí cuimhneacháin éagsúla agus go háirithe cuimhneacháin teaghlaigh. Bhí idir ghrianghraif, thorthaí scrúdaithe agus litreacha ann. Turas draíochta ón aimsir anallód a bhí ann, scaoileadh saor ón mbosca sin ar nós ginid an lampa ag éalú.  Bhí mé ag taistil siar ar bhóithrín na smaointe ansin, gan aon rogha agam!  

Bhí mo thorthaí scrúdaithe ón meánscoil ann, beagnach iad go léir, agus thóg sé cúpla nóiméad dom taistil ar ais go dtí mo laethanta mar scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin i bhfad ó shin. Is maith is cuimhin liom na laethanta sin, nuair a bhí m’athair agus mé féin ag freastal ar an gColáiste ársa sin – mise mar scoláire agus m’athair mar mhúinteoir Gaeilge. cur síos ar chúpla cuimhne ón ré sin i leabhar m’athair darb ainm ‘Doirse Dé’, agus mura bhfuil an leabhar iontach sin léite fós agat, molaim go hard duit é a léamh go luath – tá sé ar díol sa Siopa Leabhar ar líne ag www.siopaleabhar.ie.

Ba é ceann amháin de na cuimhní atá luaite sa leabhar sin ná an ‘visitation’. Is maith is cuimhin liom an ‘visitation’ céanna a ndearna m’athair tagairt dó. Tar éis gach scrúdú, thagadh an tUachtarán agus duine de na déin ar cuairt do gach rang, chun athbhreithniú mion a dhéanamh ar an scrúdú sórt scrúdú iarbháis a bhí ann. Tar éis measúnú an Uachtaráin, d’iarradh sé ar an an pionós a chuir ar dhaltaí nach raibh torthaí maithe faighte acu. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na daltaí mí-ámharaigh agus iad ag scréachach le gach paltóg chrua a fuaireadar. Nach nós ait agus cruálach a bhí ann? Rith sé liom agus mé ag féachaint ar mo thorthaí féin, go raibh an t-ádh dearg orm, mar ní bhfuair torthaí dona riamh agus mar sin ní bhíodh aon suim ag an Uachtarán ionam!  

Is cuimhin liom gach múinteoir a bhí agam i gColáiste Chiaráin, agus múinteoirí den scoth beagnach iad go léir. Spreag siad mo shuim i ngach sórt eolas, agus thug siad bunús iontach dom i ngach ábhar a bhí á staidéar agam.  Níl aon dabht ach go raibh an-tionchar ag cúpla dóibh go háirithe orm.

Thug Micheál Ó’Duibhir an chéad bhlaiseadh den fhisic dom, ag míniú na coincheapa iontacha dúinn agus ag cur turgnaimh i gcrích chun beocht a chur iontu.  D’oscail an rang sin doirse domhain nua dom, domhan iontach dofheicthe á rialú ag dlíthe fisice agus go háirithe á dtiomáint ag samhlaíocht na fisiceoirí saoithiúla anuas na cianta.     

Chuaigh paisean an mhúinteora iontaigh seo i bhfeidhm go mór orm. Faoi dheireadh bhain mé amach máistreacht in innealtóireacht leictreachas agus ríomhaireachta. Bhain mé slí bheatha amach mar innealtóir ag déanamh taighde ar chumarsáid dhigiteach gan sreang, agus bhain mé an-taitneamh as.

Nuair a bhí mé ag staidéar don Ardteistiméireacht, bhí múinteoir Gaeilge den scoth agam. Bhí máistreacht ag Mick Ó’Diarmada ar an teanga agus níos tábhachtaí, bhí grá mór aige don teanga agus don chultúr. Bhí gach rang ar mhúin sé spreagúil, spraoiúil agus difriúil ag an am céanna. Sa tslí sin, choinnigh Micheál ár n-aird air an t-am go léir. Bhíomar ag foghlaim gan fhios dúinn agus muid go léir ag tnúth go mór leis a chéad rang Gaeilge eile. In éindí le m’athair, chothaigh Mick grá agus paisean don teanga agus don chultúr ionam nár chaill mé riamh é!

Agus céard faoi Art Anglin! Cúram dúshlánach é múinteoireacht na matamaitice de ghnáth, ach ní gnáthmhúinteoir a bhí in Art! Mhínigh Art na coincheapa a bhí taobh thiar de phrionsabail na matamaitice ar dtús, agus ansin na sonraí beachta ag baint leo. Faoi dheireadh, thaispeáin Art dúinn conas a úsáidtear an t-eolas sin chun fadhbanna matamaitice a réiteach.   Chaith Art am linn lasmuigh den rang freisin, ag freagairt ceisteanna dúinn, ag obair linn ar fhadhbanna matamaitice agus ag ullmhú do scrúduithe. B’aoibhinn liom Art agus ná rudaí ar fhoghlaim mé ina rang iad – rudaí cosúil le calcalas agus uimhreacha coimpléascacha. D’úsáidinn a lán rudaí ar fhoghlaim mé ó Art beagnach gach lá i rith mo bhlianta ag obair!

Ó! Agus dála an scéil! Ní fhaca mé aon mhúinteoir thuasluaite ag leagan lámh ná méar ar dhalta riamh!

.

.

.

.

en_USEnglish