Bhí mé mearaithe ar fad le déanaí nuair a d’fhoghlaim mé go raibh an rialtas ag smaoineamh ar lá saoire bainc nua a chruthú, agus go raibh Lá an Altaithe san iomaíocht chomh maith le Lá Fhéile Bríde. Cén saghas substainte sa diabhal a bhí á chaitheamh ag lucht Fhine Gael, meas tú? Tá sé ina scéal reatha gur bhuaigh Naomh Bríd, buíochas le Dia! Ní bheadh bun ná barr le Lá an Altaithe a roghnú mar lá saoire bainc in Éirinn. Chuirfeadh sé teachtaireacht láidir amach a bheadh ag teacht salach ar na hidéil agus na mianta bunúsacha atá mar bhunchloch againn sa tír seo.

Ach nach deas an scéal é – an bhfuil mé as mo mheabhair, an ea? Bhuel, níl ach scéal amháin le hinsint faoi Lá an Altaithe, agus mar Éireannach caithfidh mé dóchas a chur i mionlaigh atá faoi leatrom. Seo an scéal coitianta ar dtús agus ansin an scéal atá ag treibh de chuid Indiach Mheiriceá darb ainm Wampanoag agus a peirspictíocht mar gheall ar an gcaidreamh leis na ‘Pilgrims’ sin a tháinig i dtír i 1620.

An Scéal Coitianta

Sheol grúpa Piúratánaigh ó Shasana go Meiriceá agus iad ag éalú ón ngéarleanúint reiligiúnach, agus chuir siad fúthu i bPlymouth Rock. Tar éis geimhreadh crua a bheith acu sa chéad bhliain, thug siad fómhar fairsing isteach i 1621. Bhí ceiliúradh mór acu lena gcomharsana nua, na hIndiaigh Mheiriceá.  Ócáid iontach a bhí ann, agus ba é sin an chéad Lá an Altaithe!

An Scéal dar leis na ‘Wampanoag’

Dar leis na Wampanoag, ní Lá an Altaithe atá i gceist ach Lá Dobróin!

Tháinig grúpa oilithrigh i dtír agus chuir siad fúthu i bPatuxet.  Thug Wampanoag darb ainm Tisquantum (a raibh leasainm Squanto air) cúnamh dóibh leis an bhfeirmeoireacht, le cead ó Massasoit – taoiseach na Wampanoag. Bhí Béarla ag Squanto mar chaith sé roinnt blianta mar sclábhaí ag na Sasanaigh.  Thug na hoilithrigh fómhar fairsing isteach a bhuí leis an gcabhair a fuair siad ó Squanto agus a threibh, agus bhí ceiliúradh mór acu. Níor thug siad cuireadh do Squanto nó a threibh freastal ar an bhféile mhór. Ach nuair a chuala siad na muscaeid á chaitheamh ag na hoilithrigh, bhí siad scanraithe agus chuir siad a laochra isteach go tapa chun a fháil amach cad a bhí ar siúl. Nuair a chonaiceadar gur féile a bhí ar siúl, thug siad cúig fia agus thosaigh siad ag ceiliúradh leis na hoilithrigh.  Ach eisceacht ba é an lá sin, agus botún mór freisin.

Dearcadh na Wampanoag  

Dar le gníomhaí ar son chearta na Wampanoag darb ainm Frank James, rinne na Wampanoag an botún is mó riamh nuair a chuir siad fáilte chroíúil roimh na hoilithrigh. “Chuireamar fáilte agus fiche roimh na daoine gile sin. Ach ní raibh a fhios againn gurb é sin tús an deiridh dúinn. Laistigh de 60 bliain, ní bheimis saor inár dtír féin,” a dúirt James i 1970, nuair a chruthaigh sé Lá Dobróin chun aird a tharraingt ar an scéal ó thaobh na nIndiach Mheiriceá faoi theacht na n-oilithreach agus cad a tharla ó shin i leith sna Stáit Aontaithe.

Tar éis tamaill, tháinig Sasanaigh eile go Sasana Nua agus mhéadaigh an daonra ó 3,000 sa bhliain 1630 suas go dtí 33,000 i 1660. Leis an bhfás sin, bhí tuilleadh talaimh ag teastáil uathu, agus diaidh ar ndiaidh brúdh na hIndiaigh Mheiriceá as a dtailte féin. Ansin, thosaigh na hIndiaigh Mheiriceá ag troid chun a dtailte a choimeád, agus i 1675 thosaigh cogadh fuilteach idir na Wampanoag (agus cuid treibheanna eile) agus na Sasanaigh. Cogadh fuilteach a bhí ann, ar a dtugtar Cogadh Rí Philip, agus chaill na hIndiaigh Mheiriceá an cogadh sin, cé gur baineadh caillteanais ollmhóra don dá thaobh. Ba mhac le Massasoit é Philip -Metacom a ainm ina theanga féin – agus cosúil lena athair, bhí sé ina thaoiseach.

Tar éis an chatha, crochadh, tarraingíodh, agus rinneadh ceathrúna de Philip. Ansin, bhí sé dícheaptha agus cuireadh a cheann ar taispeáint i bPlymouth ar feadh fiche bliain!

Dóchas?

Ach bhí bua beag ag na Wampanoag nuair a chuir an tUachtarán Obama fearann 300 acra i seilbh iontaobhaithe dóibh i 2015. Rinne an tUachtarán Trump damáiste don socrú sin, agus tá na Wampanoag ag fanacht fós le cinneadh nua ón Aire Gnóthaí Baile, Deb Haaland. Is í Deb an chéad Indiach Mheiriceá sa ról lárnach seo, agus tá dóchas mór ann go ndéanfaidh sí an rud ceart! B’fhéidir ansin go mbeidh na Wampanoag in ann Lá an Altaithe féin a bheith acu ar a dtailte féin (píosa beag de, i ndáiríre!) tar éis 400 bliain ag streachailt!

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish