Cé nach duine de shliocht Maorach í Lorde, ceoltóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, is Nua-Shéalannach bródúil í. Is léir di, gan dabht, an tábhacht ag baint le teanga agus cultúr dúchasach na tíre sin. Bhain sí clú idirnáisiúnta amach ar dtús sa bhliain 2013 nuair a bhí sí ach sé bliana déag d’aois, leis an amhrán ‘Royals’. Tá a tríú halbam eisithe aici le déanaí darb ainm ‘Solar Power’ agus tá díol maith air go dtí seo. Ach an rud is iontaí ar fad ná gur eisigh sí cúig amhrán ón albam sin as teanga na Maorach – Maorais. Is é an teideal den albam sin ná “Te Ao Mārama (‘Domhan Solais’).

“Tá mé mar ionadaí na Nua-Shéalainne, agus mar sin bhí sé tábhachtach dom go mbeadh baint dhomhain ag an albam leis an áit dúchais seo!” a dúirt sí, agus í ag míniú cén fáth ar eisigh sí albam as Maorais.

Stair na Coilíneachta

Bhí ar Lorde cabhair a fháil chun a hamhráin a aistriú go Maorais. Ceann de na daoine a thug cabhair di ab ea an seinnteoir/léiritheoir darb ainm Dame Hinewehi Mohi. Chan Mohi amhrán náisiúnta Nua Shéalainn as Maorais ag Corn an Domhain 1999 sa Rugbaí. Bhí sé an-tábhachtach di a bheith ábalta a teanga a léiriú ar stáitse an domhain mar sin, go háirithe nuair a thuigeann tú a stair agus stair na Maoraigh.  Stair na coilíneachta atá i gceist anseo, agus cuireadh i bhfeidhm an t-acht millteanach, cruálach darb ainm ‘The Native Schools Act’ in 1867. Leis an Acht sin, ní raibh cead ag na daltaí Maorais a labhairt ar scoil, agus cuireadh pionós trom ar éinne a bhris an riail sin. Go minic, bualadh iadsan le slat nó strapa, nó bhí orthu a mbéil a ghlanadh amach le barra gallúnaí. Níor fhoghlaim Mohi Maorais go dtí go raibh sí deich mbliana d’aois.  Ní raibh a seantuismitheoirí ceadaithe a dteanga dhúchais a labhairt de bharr an achta thuasluaite. Dúirt Mohi faoin gcomhoibriú le Lorde: “Chaith sí í féin isteach sa togra go hiomlán. Agus d’fhostaíomar saineolaithe le sárscileanna sa Mhaorais mar bhí sé an-deacair aistriúchán fiúntach a dhéanamh, mar ní aistriúchán litriúil atá i gceist, ach aistriúchán spioradálta a léireodh cruinneshamhail na Maorach.”

Borradh Suntasach

Tá daonra timpeall 5 milliún i Nua Shéalainn, cosúil le daonra na hÉireann.  Is Maoraigh iad aon séú den daonra sin (855,000 duine).  Rinne leithcheal orthu le fada agus cé go bhfuil rudaí ag feabhsú dóibh de réir a chéile, tá a lán obair fós le déanamh ionas go mbeidh cothromaíocht deiseanna acu. Tá dul chun cinn iontach déanta mar gheall ar Maorais, agus sin ábhar dóchais do gach Nua-Shéalannach gur féidir leo cultúr agus teanga na Maorach a athbhunú.

Sna seachtóidí sa chéad seo chaite, rinne an teangeolaí darb ainm Richard Benton taighde ar Mhaorais, chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh hinmharthana agus a bhí an teanga ag an am sin. D’eascair reachtaíocht thábhachtach as an tuarascáil a scríobh Benton, agus i 1987, ritheadh an tAcht: ‘Māori Language Act of 1987’. Thug an tAcht sin aitheantas do Mhaorais mar theanga oifigiúil I Nua Shéalainn.  Uaidh sin amach, dar leis an teangeolaí aitheanta Hemi Dale ón Ollscoil in Auckland, tá dul chun cinn iontach déanta ó thaobh athbheochan na teanga de.

“Bhí sé soiléir i dtuarascáil Benton go raibh Maorais i mbaol a dhíothaithe,” arsa Dale. “Tá a lán buntáistí ag baint le Maorais (nó ‘Te Reo’ as Maorais) – buntáistí cultúrtha, eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla san áireamh. Mar sin, tá borradh suntasach le feiceáil in úsáid na teanga. Le déanaí, cloistear Maorais ar scoil, ar an teilifís agus an raidió, ar an eitleán agus san ionad oibre! Cé go bhfuil daoine ann nach n-aontaíonn leis an athbheochan, tá siad ag éirí níos sine agus níos ciúine! Níl ár dteanga as dainséar fós mar gheall ar líon na gcainteoirí, ach tá a lán ann a bheith dearfach faoi!”

Cé nach bhfuil gach duine sásta leis na taifid a rinne Lorde, nach ionadaí iontach í a bheith agat chun an teanga a scaipeadh ar fud na tíre agus ar fud an domhain? Agus b’fhéidir go bhfuil ceacht tábhachtach le foghlaim againn freisin! Tar éis an tsaoil, murab ionann agus na Maoraigh, níl Éireannaigh mar mhionlaigh sa tír seo. Mar sin, nach mbeadh sé éasca go leor dúinn ár dteanga féin a athbheochan, agus muid a bheith mar cheannródaithe i gceisteanna mar gheall ar athbheochan mionteangacha an domhain!  Ar aghaidh linn!    

.

en_USEnglish