Tá roinnt mhaith scéalta foilsithe agam faoin athbheochan mionteangacha atá ar siúl ar fud an domhain. Is scéalta spreagúla iad, a thaispeánann dúinn go bhfuil rogha againn mar gheall ar cén chinniúint atá i ndán dár dteanga féin. Tá an t-ádh dearg orainn, mar braitheann todhchaí na Gaeilge orainn amháin, agus níl cumhacht eile nó rialtas eile in ann a ladar a shá isteach sa cheist lárnach seo.

Ach níl an t-ádh dearg ar go leor mionlaigh, go háirithe iad atá faoi leatrom ina dtír féin.  Mar is eol dúinn go léir, rinne impireacht na Breataine an-dochar do go leor teangacha. Cé go bhfuil seal na himpireachta brúidiúla sin beagnach tugtha, ar an drochuair tá cinn eile i mbarr a réime, go háirithe an tSín.

Tá timpeall is 300 teanga labhartha sa tSín! Ach as na teangacha sin, dar le UNESCO, tá 136 dóibh i mbaol a ndíothaithe agus 26 dóibh siúd i mbaol criticiúil.  Ar an drochuair, tá cúrsaí ag dul in olcas agus tá na bagairtí ag méadú, mar tá rialtas na Síne ag cur polasaithe i bhfeidhm sna scoileanna, san ionad oibre agus sna meáin chun cosc a chur ar úsáid na mionteangacha iontu, agus chun Mandairínis a úsáid ina n-ionad.

.

Uigiúris

Tá cás na nUigiúrach go huafásach. Tá feachtas ag Páirtí Cumannach na Síne (CCP) in aghaidh foréigin sa tír agus a chuireann béim ar sceimhlitheoireacht, scarúnachas agus antoisceachas creidimh.  Braitheann siad ar aon léiriú cultúrtha mar bhagairt, mionteangacha san áireamh. Tá níos mó ná milliún Uigiúrach faoi choinneáil i gcampaí géibhinn agus bíonn orthu freastal ar dhianchúrsaí Mandairínise. Níl sé ceadaithe Uigiúris a úsáid i go leor scoileanna i gcúige Xinjiang. Cuireadh 500,000 dalta chuig scoil chónaithe agus go minic rinneadh ionsaí fisiciúil ar aon dalta a labhair Uigiúris ann.  Ar an drochuair, tá a leithéid feicthe i bhfad rómhinic againn i dtíortha eile, Éire san áireamh agus ní dea-scéal é.

.

Tibéidis

An bhliain seo caite, chuir rialtas na Síne cosc ar mhúinteoirí bunscoile Tibéidis a labhairt ar scoil. Dúirt an eagraíocht mhór idirnáisiúnta ‘Human Rights Watch’ gur sárú ar a mbunreacht féin a bhí ann – bunreacht a chosnaíonn cearta na mionteangacha. Tá múinteoirí nach bhfuil aon Tibéidis acu ag plódú isteach sa réigiún Tibéadach, faoi scéim atá á maoiniú ag an rialtas. De bharr sin, bíonn sé níos deacra do na páistí a bhfuil Tibéidis acu, í a labhairt ar scoil. Níl cead ag aon duine labhairt ar son cultúr nó teanga na dTibéadach. Sa bhliain 2018, gabhadh fear a bhí tiomanta don Tibéidis. Cúisíodh é as scarúnachas agus gearradh cúig bliana air!

.

Mongóilis

Mar bharr ar an donas, tá an Mhongóilis faoi ionsaí freisin, sa réigiún féinrialaitheach na hIon-Mhongóile, ina bhfuil cónaí ar 5 milliún Mongólaigh eitneacha. Tá níos mó Mongólaigh eitneacha sa réigiún sin ná mar atá sa Mhongóil (an tír)! Nuair a bhí sé ar tí don rialtas sa tSín leasú oideachais a dhéanamh a chuirfeadh deireadh le húsáid na Mongóilise sa scoil, bhí babhta léirsithe in aghaidh na bpolasaithe uafásaigh sin. Ach bhí an rialtas an-dian ar na Mongólaigh, agus ghabh na húdaráis triúr is fiche dóibh, agus ansin dúnadh go leor grúpaí Mongólach ar WeChat, agus ar na meáin sóisialta. Ansin, lean an rialtas ar aghaidh leis a pholasaithe, beag beann ar thoil na Mongólach! Chuir siad ainm ar an bhfeachtas sin: Foghlaim Mandairínis agus beidh tú ar dhuine den lucht sibhialta.

.

Cad is féidir linn a dhéanamh?

Scéalta uafásaigh iad go léir thuasluaite, ach cad é is féidir linn a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú?  Tá na litreacha cáinteacha ó na Náisiúin Aontaithe seolta cheana féin, agus ní dhearna siad difear ar bith. De réir tuairiscí, tá cúrsaí ag dul in olcas, agus i gcás na nUigiúrach, níl mórán dabht ach go bhfuil cinedhíothú ar siúl.  Tá sé soiléir nach bhfuil ár bhfocail ag obair agus mar sin caithfimid gníomhú ina leith seo chomh luath agus is féidir. Caithfimid trádbhaic a chur i bhfeidhm ar an tSín, san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe ar a laghad. Ach níl mórán dóchas agam go dtarlódh a leithéid, áfach – mar is fíric náireach é go bhfuil muid go léir ag brath go mór ar an tSín chun ár dtomhaltachas a chomhlíonadh ar an bpraghas is lú ar domhan. Gan athrú meoin a bheith againn faoi sin, ní athróidh an scéal, agus beimid comhpháirteach sa chinedhíothú uafásach seo, ina mbeidh grúpaí eitneacha agus a mionteangacha ag fáil bháis go rialta. Nach féidir linn déanamh i bhfad níos fearr ná sin?

.

.

.

.

en_USEnglish