Ní h-aon ionadh go bhfuil a lán rudaí ag bagairt ar an saol comhaimseartha!

Ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (FED) gach bliain, déantar liostaí de na bagairtí is measa agus is dóichí a bheith os ár gcomhair amach sa chéad deichniúr eile..  Foilsítear tuarascáil ar na rioscaí domhanda sin gach bliain. Tá an tuarascáil seo an-spéisiúil, mar cabhraíonn sé linn na príomhcheisteanna domhanda a fheiceáil ina gcheart.  Chun na torthaí a fháil, déantar suirbhé gach bliain, ina bhfreagraíonn míle baill den bFhóram ceisteanna faoi thríocha rioscaí tábhachtach sa domhan anois. Tá cúig chatagóir riosca ann: eacnamaíoch, timpeallachta, geopholaitiúil, sochaíoch agus teicneolaíoch.    

Bunaíodh an FED sa bhliain 1971 i Geneva chun tarraingt le chéile príomhshaineolaithe ó earnálacha éagsúla cosúil le rialtas, tionscal, neamhrialtas (NGO), acadúil agus na healaíona, chun plé ar na cúrsaí is tábhachtaí agus chun réitigh éifeachtacha a chur chun cinn.  Rinneadh eagraíocht idirnáisiúnta de sa bhliain 2015 agus tá ardmheas air ar fud an domhain le fada.  

Níl spás chun athbhreithniú a dhéanamh ar tuarascáil FED 2019 go léir anseo.  Dá bhrí sin, dírím m’aird ar chúpla rud is suntasaí atá le foghlaim ón tuarascáil.  Ach má tá fonn ort tuilleadh a fháil amach, téigh go dtí an suíomh www.weforum.org.   

Is é an chéad rud a d’fhoghlaim mé ná go bhfuil an chuid is mó de na dúshláin is mó atá againn casta agus idirnáisiúnta, agus mar sin is é an comhoibriú idirnáisiúnta an cur chuige atá i réim.  Ar an drochuair, tá rudaí ag fuarú idir tíortha an domhain ag an am seo, agus mar sin, tá sé an-deacair comhoibriú le chéile a chur i bhfeidhm..

Is é an dara rud a d’fhoghlaim mé ná má leanann cúrsaí ag dul an bealach céanna, beimid i dtrioblóid mhór taobh istigh de dhá bhliain déag!  Ba chóir dúinn a bheith faiteach!

Deir siad sa tuarascáil go bhfuil géarchéim ag teannadh linn agus go bhfuil muid dall ar fad uirthi!  Ag an am díreach a bhfuil comhoibriú as faisean, tá an gá chuige níos mó ná riamh! Seachas sin, ní bheimid in ann dul i ngleic leis na fadhbanna a chuireann muid go léir i gcontúirt.

Is é an tríú rud a d’fhoghlaim mé ná go bhfuil triuch mór ann maidir leis na cineálacha fadhbanna a mheasaimid tábhachtach le blianta anuas.  Nuair a chuirim san áireamh na rioscaí is measa agus is doichí, tá an patrún an-soiléir! Tá na rioscaí timpeallachta ag méadú bliain i ndiaidh bliana, mar tá siad ag éirí i bhfad níos dóichí gach bliain nach ndéanann muid aon rud chun iad a réiteach.  Sa tuarascáil is deireanaí, ba iad rioscaí timpeallachta trí de na cúig riosca is dóichí, agus ceithre cinn de na rioscaí is measa.

Is é an cheathrú rud a d’fhoghlaim mé ná gurb é an t-athrú aeráide an riosca bunúsach atá os ár gcomhair anois, agus nach bhfuil ach dhá bhliain déag againn leis an mheánteocht domhanda a choimeád faoi 1.5 ºC níos airde ná mar a bhí sa ré réamhthionsclaíoch.  Tá sé 1.0 ºC níos airde cheana féin. Is mór an tábhacht a bhaineann le 0.5 ºC, maidir lena dhrochthionchar ar an aimsir agus ar an gcine daonna. Cé go mbeadh ardú de 0.5 C dona go leor, bheadh ardú fiú amháin de 2 C i bhfad níos measa fós,, mar tá an éifeacht easpónantúil!  Mura ndéanfaimid aon rud, beidh ardú teocht timpeall 3 ºC faoi 2100, agus bheadh iarmhairtí tubaisteacha ag baint leis.

Tharla Comhaontú Páras ar an aeráid i 2015, inár shocraigh beagnach gach tír go gcaithfimid oibriú as lámha a chéile feasta, leis an bhfadhb seo a réiteach, agus céard iad na céimeanna atá orainn a thógáil.

Ach nuair a toghadh Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe, dúirt sé go dtarraingeodh sé as an gcomhaontú tábhachtach seo.  Is uafásach an cinneadh é seo, mar caithfimid obair le chéile chun na torthaí a fháil,

Ach coinnigh do mhisneach fós!

Bhí slógadh agóide ag daoine óga ar fud an domhain ar Márta 15, i níos mó ná céad tír, ag cur brú ar na ceannairí polaitiúla gníomh a dhéanamh feasta faoin athrú aeráide.  Tá fuinneog bheag dóchais infhoscailte againn fós, ach caithfimid go léir gníomhú anois, sula mbeidh sé ró-dhéanach!

.

en_USEnglish