An tseachtain seo caite, rinne mé achoimre ar dhaoine a rinneadh éagóracha móra orthu faoi lámh gnó ar an mórscála. Tá a fhios agam gur gheall mé scéal duit freisin, ach tar éis réamhrá fada, ní raibh spás agam don scéal! Gabh mo leithscéal agus gan a thuilleadh moille, seo é scéal an tSamáraigh Mhaith agus cad a tharla!

.

Thosaigh an scéal ar Oíche Nollag, 2019, i bPortland, Oregon, sna Stáit Aontaithe. Bhí fear darb ainm Marc Eugenio ag stáisiún peitril ag iarraidh tanc folamh a athlíonadh. Ní raibh ach fadhb amháin aige leis sin. Ar an drochuair, fadhb mhór a bhí ann – bhí a iarmhéid cuntais folamh. Ach lóisteáil sé a seic pá sa bhanc cúpla lá ó shin, agus níor ghlan siad a sheic go fóill. Bhí sé tréigthe ar fad. Ní raibh sé in acmhainn íoc as braon peitril, agus bhí sé rófhada dó siúl abhaile san fhuacht.

Bhí sé ag an mbanc níos luaithe an lá céanna, ag iarraidh an fhadhb a réiteach, agus dúirt fostaí an bhainc leis go mbeadh a chuid airgid ar fáil i gceann tamaillín. B’fhéidir go ndúirt an fostaí é sin ionas go bhfágfadh Marc!

Ar aon nós, chuir sé glaoch ar uimhir saor in aisce a bhí ag an mbanc, ag súil go mbeadh sé in ann teacht ar réiteach ar an gceist. Emily James a d’fhreagair an fón, oifigeach sinsearach ag ionad glaonna an bhainc i bPortland. Bhí sí ag iarraidh cabhair a thabhairt dó ar feadh uair a chloig, nuair a rith sé léi nach mbeadh an t-airgead ar fáil dó lá ar bith feasta.

De ghnáth, chríochnódh an scéal ag an tráth seo, agus ní bheadh a fhios againn cad a tharlódh do Mharc, ach go deimhin bheadh sé i gcruachás.  Ach tharla eachtra neamhghnách ag an bpointe sin, b’fhéidir mar aimsir na Nollag a bhí ann!

D’airigh Emily go dona mar bhí a custaiméir i bponc ceart agus thairg sí cúnamh a thabhairt dó. Thiomáinfeadh sí ón ionad glaonna go dtí an stáisiún peitril agus thabharfadh sí fiche dollar dó. Ar dtús, dhiúltaigh sé don tairiscint. Níor mhaith leis cur isteach uirthi. Ach dúirt sí go dtabharfadh sí sos ón obair chun an t-airgead a sheachadadh dó, agus d’aontaigh sé go drogallach ansin.

Fuair Emily cead óna maoirseoir agus thiomáin sí achar gearr go dtí an stáisiún peitril ina raibh Marc ag fanacht. Ghuigh sí beannachtaí na Nollag ar Mharc, agus í ag tabhairt an t-airgead dó. Scéal deas spreagúil é sin dá gcríochnódh sé anseo, ach arís, níl sé críochnaithe fós!

Dúirt Emily níos déanaí nach ndéanfadh fiche dollar a lán difríocht di, ach dhéanfadh sé an-difríocht do Mharc, mar bheadh sé in ann dul abhaile go dtí a theaghlach.  Ach ní raibh an banc ar aon intinn léi faoi! Is é fírinne an scéil gur thug an banc an bhóthair di agus dá maoirseoir freisin. Dúirt an banc léi gur bhris an bheirt acu na rialacha agus gur chuir siad an banc agus iad féin i mbaol nach gá. Ní bhfuair Emily aon phá scarúna, cé go raibh sí ag obair ann le breis is dhá bhliain anuas.  Níl Emily pósta, ach d’úsáid sí a seic pá deireanach chun bia a fháil dá madraí.  Fágadh beo bocht í, agus bhí uirthi a plasma fola a dhíol le leanúint ar aghaidh.

Tá ráiteas físe ag an mbanc i gceist – U.S. Bank – ina maíonn siad: Tá ár bhfostaithe cumasaithe an rud ceart a dhéanamh.

Nuair a rinne Nicholas Kristoff iarracht ceist a chur ar príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhainc, níor fhreagair Andrew Cecere an fón. Ach nuair a d’fhoilsíodh a cholún, fuair Kristoff glao gutháin ó Cicere féin.

“Nílimid mar sin – tá botún déanta againn” a dúirt Cicere go doilíosach. ‘Glacaim úinéireacht ar an drochghníomh sin agus cuirfidh mé i gceart é!’

Fuair Emily glao gutháin ó Cicere, agus bhí sé soiléir go raibh Cicere buartha i dtaobh Emily agus a maoirseoir.  Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an mbanc ar an gcás seo anois, agus is dócha go ndéanfar athruithe i bpolasaithe an bhainc ar ball beag. B’fhéidir go dtabharfar a bpoist ar ais don bheirt fhostaithe!.  Rinne Cicere rud amháin ceart faoi dheireadh, ach is dócha nach dtarlódh fiú amháin é sin, mura nochtadh an fhírinne i gcolún Kristoff sa chéad áit!  

.

en_USEnglish