Rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar pobalbhreith do Chonradh na Gaeilge le déanaí, agus foilsíodh na príomhthorthaí ar líne ar an suíomh www.tuairisc.ie. Seo achoimre bheag ag baint le torthaí ón Deisceart agus ansin cúpla smaoineamh fúithi.
Roinnfidh mé na torthaí ina dhá chatagóir ar leith: úsáid agus foghlaim na teanga agus tacaíocht don teanga ón Stát. Bhí an suirbhé éasca go leor: tar éis gach ráiteas a léamh, bhí ar an bhfreagróir ceann amháin de na trí rogha seo a thiceáil: ag aontú, ag easaontú nó ní fios.
Catagóir: Úsáid agus foghlaim na teanga
Ráiteas: Tá mé muiníneach as mo chuid Gaeilge labhartha.
Toradh: D’aontaigh 21% leis. Sa bhliain 2017, d’aontaigh 31% leis. Is ábhar buartha an titim shuntasach sin ar líon na ndaoine a bheadh muiníneach an teanga a labhairt.
Ráiteas: Tá mé muiníneach gur féidir liom Gaeilge a thuiscint.
Toradh: D’aontaigh 30% leis. Sa bhliain 2017, d’aontaigh 40% leis. Tá an toradh seo cosúil leis an gceann thuas.
Ráiteas: I rith na dianghlasála thug mé faoi deara gur bhain mé úsáid as níos mó Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta, i rang Gaeilge nó eile.
Toradh: Thug 15% de dhaoine faoi deara go raibh siad ag úsáid/foghlaim Gaeilge ar líne níos mó le linn na pandéime. Toradh tábhachtach é seo, a léiríonn go bhfuil suim ag daoine an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim, má tá an fhaill agus an acmhainn acu.
Ráiteas: Ba bhreá liom deis a fháil Gaeilge a labhairt níos minice.
Toradh: D’aontaigh 45% leis, nó dhá thrian má fhágann tú amach na daoine nach bhfuil tuairim acu faoin ráiteas sin. Tuar dóchais é an toradh seo, a léiríonn an méid spéise atá ag an bpobal Gaeilge a úsáid.
Catagóir: Tacaíocht ón Stát
Ráiteas: Ba chóir don Stát seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu.
Toradh: D’aontaigh 73% leis. Tá sé soiléir go bhfuil easpa seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge, agus go bhfuil formhór an phobail ag iarraidh ón rialtas dul i mbun gnímh láithreach bonn.
Ráiteas: Ba chóir don Stát tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge.
Toradh: D’aontaigh 65% leis. Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer: “Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil gá seirbhísí a chur ar fáil don phobal atá ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus beidh reachtaíocht láidir ag teastáil leis na seirbhísí sin a chinntiú.”
Ráiteas: Ba chóir don Rialtas córas tacaíochta a chur ar fáil chun a chinntiú go dtiocfaidh earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeltachta trí ghéarchéim an Covid-19.
Toradh: D’aontaigh 67% leis. Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, bainisteoir abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge: “Chabhródh seo le todhchaí na teanga a chinntiú do na glúine atá le teacht. Anois an t-am leis na gníomhartha sin a dhéanamh.”
Ráiteas: Ba chóir go mbeadh tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge, amhail tacaíocht airgeadais, oideachais nó seirbhísí sláinte.
Toradh: D’aontaigh 48% leis. Tá deacrachtaí ag baint le do theaghlach a thógáil trí Ghaeilge sa lá atá inniu ann, agus is fiú infheistíocht a dhíriú i dtreo na chéad ghlúine eile!
Ráiteas: Ba cheart don Rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa Ghaeltacht chun tacú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail.
Toradh: D’aontaigh 58% leis. Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha: “Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil tacaíocht de dhíth ar an Ghaeltacht, ar phobal na Gaeltachta, má tá an teanga ag dul a’ leanstan ar aghaidh ann. Sin an fáth a bhfuil polasaí cuimsitheach don phleanáil teanga sa Ghaeltacht de dhíth a chinnteoidh todhchaí an phobail áitiúil ina gceantar féin trína dteanga féin.”
Cúpla Smaoineamh
Tá formhór na ndaoine sa tír i bhfábhar níos mó deiseanna a bheith ar fáil acu chun Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Tá géarghá le hinfheistíocht chiallmhar sa Ghaeilge sa tír ar fad, ach go háirithe sa Ghaeltacht, mar gan na Gaeltachtaí, ní teanga bheo í an Ghaeilge níos mó! Tá formhór na ndaoine ag éileamh go ndéanfaidh an rialtas an infheistíocht sin, chomh luath agus is féidir, chun ár dteanga a chaomhnú.
Tá toil an phobail ann agus ceapaim go bhfuil an toil pholaitiúil ann freisin maidir le caomhnú agus athbheochan na teanga. Ach tá an rud is tábhachtaí ar iarraidh fós agus is é sin infheistíocht sa Ghaeilge a dhéanamh go práinneach.
Is furasta a bheith ag caint, áfach, agus sin an áit ina bhfuilimid inniu. Caithfimid ár mbrú ar an rialtas a mhéadú, ag éileamh go ndéanfar an infheistíocht i gceist láithreach, sula mbeidh sé ródhéanach!