Nach bhfuil gach duine ag éirí corrthónach anois tar éis tamall fada sáinnithe sa bhaile, a bhuí leis an gcoróinvíreas gránna? Cé go bhfuil sé deacair agus dainséarach taisteal thar lear, ag an am céanna tá deis againn sult a bhaint as ár dtír féin. Níl aon ghá dul thar lear nuair atá an tír is áille faoinár gcosa anseo!  Úsáidtear an focal ‘Staycation’ agus an haischlib #staycation as Béarla nuair a chaitheann tú do laethanta saoire sa bhaile, agus baintear úsáid as an haischlib #saoiresabhaile as Gaeilge. Gúgláil air, agus feicfidh tú a lán torthaí ar Facebook agus Twitter, ag caint faoi áiteanna saoire ar fud na tíre, ach go háirithe sna Gaeltachtaí!

Tá tionscal an fháilteachais i dtrioblóid mhór in Éirinn, d’uireasa na turasóirí idirnáisiúnta a mbraitheann sé orthu. Níl aon dabht ach go rachaidh roinnt mhaith comhlachtaí san earnáil as gnó tar éis an laghdaithe uafásaigh a tharla i líon a gcustaiméirí.  Agus rachaidh roinnt eile as gnó mura dtagann feabhas ar chúrsaí turasóireachta an bhliain seo chugainn. Tá súil againn go léir go mbeidh vacsaín ar fáil a luaithe is féidir, ionas go mbeidh an saol níos fearr againn arís. Is dócha, faraor, nach mbeidh an saol ar ais mar a bhí, mar tá go leor athruithe tar éis tarlú a bheidh ann feasta. Beidh i bhfad níos mó daoine ag obair ó bhaile, agus ag úsáid an idirlín chun freastal ar chruinnithe agus chun obair a dhéanamh. Beidh daoine níos cúramaí mar gheall ar shláinteachas pearsanta, agus níos neirbhísí a bheith i dteagmháil le daoine go fisiciúil. Beidh maisc agus díghalrán lámh le feiceáil go ceann tamall fada, go dtí go ligfimid i ndearmad an paindéim seo. Ach ní mór dúinn bealach a fháil as an bprácás seo – níl an dara rogha againn faoi sin.

I mo thuairim, tá dualgas orainn atá ag déanamh maith go leor sa saol, cuidiú le daoine agus comhlachtaí atá buailte go holc leis an bpaindéim.  Ní gá athruithe suntasacha inár stíl mhaireachtála a dhéanamh, ach an oiread, chun dea-thorthaí a bhaint amach a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann!  Nárbh é Einstein a dúirt “I measc gach géarchéim faightear deis iontach!”  Cloisim do cheist anois: “Tá sin maith go leor go teoiriciúil, ach nach caisleáin óir iad na smaointe neamhphraiticiúla seo?”  Ceist mhaith í sin, agus is é mo fhreagra ná “Is é tástáil na putóige a hithe!” Lig dom cúpla focal a rá faoi SaoireSaBhaile mar sin, chun mo phointe a léiriú.

Mar a dúirt mé cheana, níl sé éasca dul thar lear ar do laethanta saoire le linn na paindéime atá ar siúl. Ach tá sé éasca go leor do laethanta saoire a chaitheamh in Éirinn agus níl aon easpa cinn scríbe a bhfuil éileamh domhanda orthu ach an oiread. Toisc nach bhfuil mórán turasóirí ón gcoigríoch ag teacht, níl fadhb ar bith áirithintí taistil a dhéanamh don óstán, do bhialanna agus araile. Tá go leor tairiscintí speisialta ar fáil anois, agus beidh tú in ann fanacht in óstán iontach gan an banc a bhriseadh! Níl na bóithre róghnóthach faoi láthair, agus tá beagnach gach áit áisiúil le haghaidh páirceála. Más Gaeilgeoir tú, beidh am iontach agat ar saoire sa Ghaeltacht – agus cén áit eile a bheifeá in ann ár dteanga dhúchais a labhairt ar do laethanta saoire?  Caith do laethanta saoire in Éirinn i mbliana, agus b’fhéidir nach mbeidh an fonn céanna ort iad a chaitheamh thar lear as seo amach!  Cuideoidh sé an bhearna a líonadh freisin, ó thaobh thionscal na turasóireachta de! Tá ár spleáchas ar thurasóirí idirnáisiúnta le feiceáil go soiléir anois, agus bheadh sé i bhfad níos fearr dá laghdófaí an spleáchas sin go suntasach. Is é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ná líon na dturasóirí náisiúnta a mhéadú.  Tá buntáistí eile ag baint leis sin freisin. Níl sé chomh dochrach don timpeallacht, mar shampla, nuair a fhanann tú in Éirinn, mar tá lorg carbóin uafásach ag eitleáin.  B’fhéidir, freisin, nach mbeidh sé chomh héasca a bheith ag siúl na gceithre hairde as seo amach ar aon nós, mar chomh maith le seiceálacha slándála, tá gach seans go mbeidh seiceálacha sláinte i bhfeidhm freisin sular ligeadh duit eitleán a bhordáil.  

Saol eile ar fad atá againn go léir anois, agus seans mór nach mbeidh an saol ar ais mar a bhí go deo. Ach má dhéanaimid na cinntí cearta anois, b’fhéidir go mbeidh saol agus domhan níos fearr againn sula i bhfad ná mar a bhí againn riamh!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish