Mar is eol duit, thug Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump, ‘Víreas na Síne’ mar ainm ar an gCoróinvíreas ar dtús. Stad sé an cleachtadh sin tar éis glao gutháin le hUachtarán na Síne, Xi Jinping. Tá cumhacht speisialta ag focail, go háirithe na focail a úsáideann Uachtarán na Stáit Aontaithe i lár géarchéime mar seo. Ba cheart don ár gceannairí sampla a thabhairt dúinn go léir maidir leis an mbealach is fearr déileáil leis. Caithfimid go léir a bheith go dubh i gcoinne an chiníochais an t-am ar fad. Ach is cúis díomá é go méadaíonn an ciníochas aon uair a tharlaíonn pandéim.
Le déanaí, rinneadh ionsaí danartha i Londain ar Jonathan Mok, mac léinn ó Singeapór. Gabhadh beirt dhéagóirí as an tromionsaí. Dar le Jonathan, bhí fearg ar a ionsaitheoirí agus dúirt ceann acu leis “Ní theastaíonn uaim do Choróinvíreas a bheith inár dtír.”
Meascann an tseineafóibe sin le polaitíocht freisin, agus tá tú in ann é sin a fheiceáil san Eoraip in iompar náireach páirtithe na heite deise. San Iodáil, chuir Matteo Salvini (ceannaire páirtí na heite deise darb ainm ‘Lega Nord’) an milleán ar lucht iarrtha tearmainn ón Afraic, ag rá gur thug siad an Coróinvíreas isteach sa tír, agus ag moladh a dteorainneacha a dhúnadh chun iad a choimeád lasmuigh den tír. Bhí sé mícheart an milleán a chur ar na daoine bochta sin agus níl aon fhianaise ann a thacódh leis an áitiú sin. Anois, tá teorainneacha dúnta ag beagnach gach tír, ach ní dhearnadar an cinneadh sin ar chúis chiníochais, ach chun scaipeadh an víris a mhoilliú.
Is é an príomhrud anseo ná go bhfuil dualgas orainn go léir ní amháin an víreas fisiciúil a troideadh, ach an víreas intinne a thagann leis a troideadh freisin. Is é an téarma a úsáideann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ar an víreas intinne seo ná ‘Stiogma’, a tharlaíonn nuair a chreidtear nach bhfuil duine nó grúpa daoine chomh maith leat féin. I gcónaí, eascraíonn leithcheal as an dearcadh sin, nuair a bhíonn deis ann. Ní mór dúinn bheith i gcónaí ar ár n-aire ar mhéadú an leithcheala sin, go háirithe in amanna mar seo nuair atá géarchéim ar siúl.
Dúirt Ardstiúrthóir an EDS é seo faoi: “Déanta na fírinne, tá Stiogma níos contúirtí ná an (Coróin)víreas féin!” Nach bhfuil an ceart aige agus nach trua mhór é nach bhfuil muid in ann deireadh a chur leis an víreas intinne sin, an Stiogma!
Ba cheart go bhféadaimis mar Éireannaigh, an Stiogma seo agus a iarmhairtí tubaisteacha a thuiscint níos éasca, mar bhíomar féin in áit na leathphingine ní rófhada ó shin. Tá scéal beag ábhartha agam chun é sin a chur i gcuimhne dúinn.
Rugadh agus tógadh Máire Ní Mhealláin i gCorr Chríochach, i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1869. Chuaigh sí go Nua Eabhrac i 1883. Fuair sí obair mar chailín aimsire, agus níos déanaí mar chócaire. Bhí seacht bpost aici mar chócaire thar thréimhse seacht mbliana. Sa phost deireanach, fuair seisear duine bás ó fhiabhras tíofóideach, agus d’fhostaigh an teaghlach imscrúdaitheoir eipidéimeolaíochta chun a dhéanamh amach céard a bhí ar siúl. Nuair a d’fhiosraigh an t-imscrúdaitheoir an scéal, fuair sé amach gur fhág Máire léirscrios tíofóidigh ina diaidh, i ngach áit ar oibrigh sí mar chócaire. B’éigean di tástáil a dhéanamh, agus fuarthas toradh deimhneach le haghaidh tíofóideach.
Coimeádadh ar leithlis í ansin ar feadh dhá bhliain ach tar éis í a bheith ag obair mar chócaire arís, fuair daoine eile an galar uaithi. Cuireadh ar ais ar leithlis í an chuid eile dá saol (23 bliana).
Cé gur aimsíodh na mílte iompróirí sláintiúil tar éis sin, ní bhfuair aon duine eile droch-cháil cosúil le Máire, agus níor choimeádadh ar leithlis aon duine eile in éadan a thola.
Cén fáth nach bhfuair Máire cothrom na Féinne? Stiogma – Bean bhocht Chaitliceach as Éirinn a bhí inti, agus ag an am sin i Meiriceá, sin ceithre stiogma! Nuair a tháinig sé amach gur scaip sí an tíofóideach, tháinig an leithcheal amach ansin! Chuir an ‘Journal of the American Medical Association’ an tarcaisne i gceann na héagóra, nuair a thug siad an ‘leasainm ‘Typhoid Mary’ uirthi!
Scéal forálach é seo dúinn go léir go gcaithfimid troid in aghaidh galair uafásaigh an leithcheala i gcónaí, go háirithe nuair a bhíonn rudaí bunoscionn. Táimid ag déanamh go maith in Éirinn óna thaobh sin de agus ag tabhairt sampla maith do thíortha eile. Ba cheart dúinn go léir a bheith bródúil as sin!
.