Baineadh stangadh asam le déanaí nuair a chonaic mé mo sheanchara Dónal i gCill Chainnigh. Ní fhaca mé le fada é mar tar éis dó a chéim a bhaint amach, chuaigh sé thar lear chun post a fháil i Meiriceá. De réir gach tuairisce, bhí an-rath air thall ansin. Fuair mo shrón an ceann is fearr orm agus rith mé suas agus bhuail mé buille beag sa droim air. Chas sé, agus d’aithin sé mé a luaithe a chonaic sé mé.
“A Mhichíl, a chara, is fada nach bhfaca mé thú!” ar seisean. “Cá raibh tú?”
“Ó, anseo is ansiúd,” arsa mise. “Tá cónaí orm i gCalifornia le fada, agus anois bíonn an t-am agam a bheith anseo cúpla mí gach bliain, agus taitníonn an socrú sin go maith liom, caithfidh mé a rá. Agus céard fútsa – nach bhfuil cónaí ort i Meiriceá freisin?”
“Bhí mé i mo chónaí i Nua Eabhrac go dtí cúpla bliain ó shin, nuair a bhog mé abhaile go Cill Chainnigh. Chuaigh mé trí cholscaradh deacair achrannach agus ansin chaill mé mo phost. Chomh maith leis sin, toghadh amadán mar Uachtarán na tíre. Mar sin, ní raibh aon chúis fanacht i Nua Eabhrac, agus chinn mé go raibh sé in am dom dul ar scor agus ansin teacht abhaile. Tá mé thar a bheith sásta leis an gcinneadh sin.”
“Tuigim go díreach cad atá á rá agat, a Dhónal. Bhuel, an bhfuil an t-am agat cupán caife a fháil? Bheadh sé níos compordaí dreas comhrá a dhéanamh agus muid inár suí!” arsa mise, ag iarraidh é a mhealladh. Déanta na fírinne, níor ghá é a mhealladh ar chor ar bith.
“Bheadh sé sin go deas! Cén áit ab fhearr leat?” arsa Dónal.
“An Smugairle Róin, b’fhéidir?” arsa mise, “tá sé in aice láimhe!”
“Go hiontach!” arsa Dónal, agus laistigh de chúpla nóiméad, bhíomar suite go compordach ag ól bolgam caife latte.
“Nach aisteach an rud é, a Mhichíl, go bhfuil an bheirt againn ag casadh i gCill Chainnigh arís, tar éis tamall fada ag obair i Meiriceá. Nach colúir frithinge muid?”
“Tá an ceart agat, a Dhónal. Nuair a d’fhágamar an tír seo, ní raibh an dara rogha againn ach dul ar imirce chun obair a fháil. Anois, is a cheart mhalairt atá ann, agus tá daoine ag teacht go hÉirinn chun obair a fháil. Nach ait an mac an saol?”
“’Sea, rinneamar céard ba ghá dúinn a dhéanamh!” arsa mise. “Tá go leor tar éis athrú sa tír seo ón am a d’fhágamar. Is maith liom go bhfuil dearcadh an-nua-aimseartha agus forásach anseo anois freisin. Bhí sé mar sin i Meiriceá nuair a chuamar ann ar dtús, ach anois tá sé tar éis éirí i bhfad níos coimeádaí thall ansin, i mo thuairim – gan trácht ar an bPáirtí Poblachtánach agus go háirithe an t-amadán místuama sin – an Trumpadóir Trump!”
“Aontaím leat go hiomlán, a Mhichíl, agus bhí tionchar mór ag an bpolaitíocht sin i Meiriceá ar mo chinneadh teacht abhaile go hÉirinn. Ach céard fútsa? An mbeidh tú ag teacht ar ais go buan?”
“Ní cheapaim é, mar tá ár mac socraithe síos gar dúinn i Meiriceá, agus níl fonn air féin dul ar imirce,” arsa mise.
“Ach an bhfuil sibh in ann cuir suas leis an bpolaitíocht thall ansin?” a d’fhiafraigh Dónal díom.
“Ní thaitníonn cúrsaí polaitíochta i Meiriceá linn faoi láthair, gan dabht,” a d’fhreagair mé. “Déanta na fírinne, dúirt ár mac dá dtoghfaí an Trumpach arís mar uachtarán, bheadh sé réidh dul go hÉirinn.”
Chroith Dónal a chloiginn go tréan ansin. “Bhuel, beidh sibh ag bogadh anseo i 2024 mar sin!”
Phléasc an bheirt againn amach ag gáire ansin, cé nach rud greannmhar a bhí i gceist! Ach is fearr gáire ná caoineadh!
Faoin am seo, bhí an caife ólta againn agus bhí sé in am dul abhaile.
“Ná fágaimis chomh fada é an chéad uair eile – seans mór nach mbeimid beo!” arsa Dónal, agus é ag gáire.
“Tá an ceart agat – céard faoin tseachtain seo chugainn, ag an am céanna anseo arís?” arsa mise.
“Ceart go leor!” arsa Dónal, agus d’imíomar ar ár mbealach féin abhaile.
Bhí áthas an domhain orm a bheith i dteagmháil le mo sheanchara arís, agus tá mé ag tnúth le bualadh leis go luath arís, chun leanúint leis an dreas cainte seo leis!