Scríobh alt le déanaí ar theacht chun cinn na heite deise ailtéarnaí atá ag tarlú in a lán tíortha faoi láthair, na Stáit Aontaithe san áireamh.  Idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus timpeall 2005, bhí tréimhse fhada againn ina raibh síocháin i dtaca le holc óir an daonlathais. Tar éis sin, thosaigh roinnt mhaith tíortha ar an mbealach i dtreo údarásaíochais, agus níl an turas sin críochnaithe fós, is dócha. Tarraingíonn na hathruithe suntasacha sin ceist mhór bhunúsachcad ba chúis leo? Sa cholún seo, iarrfaidh an cheist chasta sin a fhreagairt.

Tar éis rugadh an iPhone sa bhliain 2007, raibh an domhan mar an gcéanna arís, mar d’athraigh an fón cliste sin an tslí ina maireann muid. beagnach gach rud ar bharr ár méara sa atá inniu ann, an nuacht san áireamh, agus an t-idirlíon ar fáil dúinn an t-am go léir. Bíonn ár laethanta faoi shíor-ionsaí gan sos ag brúfhógraí i mbun cogaíochta ag lorg ár n-airde.  Mar sin, is minic a mbíonn muid trí chéile, agus an iomarca eolais ag briseadh isteach orainn.

go gceapfá nach mbaineann an rud thuasluaite le chéile, haon timpiste é gur mhéadaigh na hathruithe i dtreo údarásaíochas tar éis teacht an fhóin cliste, i mo thuairim.  Toisc nach bhfuil an t-am againn smaoineamh go domhain faoin na rabhartaí eolais atá ag teacht isteach, in ionad sin úsáidimid ár n-iomas.  “Cén dochar? chuma?” An ea?

Scríobh alt tamaill ó shin ag caint faoi bheirt eolaithe sóisialta, Amos Tversky agus Daniel Kahneman. Fuair siad amach go bhfuil lochtanna nádúrtha orainn nuair a dhéanaimid breithiúnais tuar – ‘claonadh cognaíoch’ a bhaist siad air. Scríobh Kahneman leabhar iontach darb ainmThinking, Fast and Slow’, agus molaim go hard é.  Deir sa leabhar sin go bhfuil an t-iomas an-úsáideach nuair atá bagairt práinneach ann (mar shampla, leon sa tóir ort!), gan an t-am agat a bheith ag smaoineamh roimh rud éigin a dhéanamh.  Is córas fabhtach é sin, áfach, agus an réasúnaíocht i bhfad níos sofaisticiúla, níos cumhachtaí agus níos cirte an t-iomas. Nuair a bhíonn strus orainn, úsáidimid ár n-iomas in ionad na réasúnaíochta, ag déanamh dóighe mbarúil. Tagann claonadh cognaíoch agus go háirithe claontacht dearbhaithe isteach sa scéal ansin nuair atá iomas i gceist.

Le claontacht dearbhaithe, déanfaimid faisnéis a chuardach, a léirmhíniú, a fhabhar, agus a thabhairt chun cuimhne a dhearbhaíonn ár gcreideamh atá ann cheana féin.  Sin an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn muid báite le heolas an t-am go léir. Toisc go mothaíonn daoine faoi bhrú, dhéanann siad taighde ar fhoinsí an t-eolas, chun idirdhealú a dhéanamh idir foinsí iontaofa agus foinsí neamhiontaofa. Ansin, glacann siad na scéalta a dhearbhaíonn a gcreideamh, agus diúltaíonn siad scéalta eile, beag beann ar an fhírinne!

i bhfad níos measa sin fós, mar fhormhór an ama déanann algartaim na cinntí faoi céard a thaispeánfar duit, go háirithe ar na meáin sóisialta! Taispeántar duit an nuacht agus an t-eolas is ansa leat, ag iarraidh a choimeád ar líne chomh fada agus is féidir, mar ansin deis ann níos fógraí a thaispeáint duit, agus is é fógraíocht an rud a shaothraíonn airgid ar an idirlíon.  Ach, is cineál claontacht dearbhaithe é sin freisin, bunaithe ar na rudaí a dhéanann ar an idirlíon, go háirithe in áiteanna cosúil le Google agus Facebook. rud maith é sin, agus téarmaí speisialta ann as Béarla cosúil lefilter bubble’ agusecho chamber’ ag baint le tionchar na halgartaim sin orainn.

Úsáideann grúpaí éagsúla an t-idirlíongo háirithe na meán sóisialtamar arm, chun tionchar a imirt ar dhaoine, ar mhaithe leo féin. Mar sin, siad in ann cuir isteach ar an bpróiseas polaitiúil. Sa tslí sin, naimhde an domhain thiar ar iarraidh ár ndaonlathais a dhíchobhsú, agus na torthaí le feiceáil go soiléir, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Ach níl aon tír slán sábháilte ó ionsaithe mar sin, agus foláir dúinn go léir aghaidh a thabhairt ar an mbagairt mhór seo, sula mbeidh ródhéanach. Cad is féidir linn a dhéanamh? Bhuel, sin scéal eile do cholún eile.

.

.

.

.

  .

en_USEnglish