Chuaigh rudaí in aimhréidh ar an Uachtarán Biden ag an obair le déanaí.  Chonaiceamar go léir an taifead a thaispeáin go soiléir slua mór ar rúidbhealach in aerfort Kabul ag iarraidh dul ar bord eitleán C-17 a bhí ag inleadh.  Tar éis éirí in airde, ní raibh criú an eitleáin in ann an fearas tuirlingthe a tharraingt isteach, agus níos déanaí thángthas ar bhaill choirp sna loig rotha.  Sin an íomhá a mbeidh dóite i gcroí agus in aigne an phobail ar fud an domhain, aon uair a luafar an Afganastáin as seo amach.  Agus b’fhéidir aon uair a smaoineoidh daoine ar Joe Biden freisin – inseoidh an aimsir! 

Cuireann sé i gcuimhne dúinn íomhá eile ó Saigon sa bhliain 1975– héileacaptar ar bhloc árasán béal dorais le hAmbasáid na Stáit Aontaithe, agus dréimire ina sheasamh le balla an árasáin, agus é plódaithe le daoine ag iarraidh éalú ó Vítneam ag deireadh an chogaidh sin.

Cad sa diabhal a tharla an t-am seo, an ea?

Imbecilic!

Dar le daoine a raibh ról lárnach acu, is í an fhadhb is mó atá ann ná an tarraingt amach féin.  Mar shampla, chuir Iar-Phríomh-Aire na Breataine Tony Blair a thuairim láidir in iúl ag scríobh gur gníomh amaideach (Béarla: imbecilic) atá ann nach bhfuil aon straitéis fhadtéarmach ag baint leis, á dtiomáint ag an bpolaitíocht.

Worst Deal Ever

Nuair a bhí sé in oifig, bhris an tUachtarán Trump go leor comhaontuithe idirnáisiúnta, cosúil le NAFTA, comhaontú Pháras agus an comhaontú núicléach leis an Iaráin. Dúirt sé nach raibh ann i ngach cás ach an socrú is measa riamh. Bhí sé bródúil as a chumas mar idirbheartaí!  

Ach rinne Trump féin an socrú is measa riamh leis na Taliban ar an 29 Feabhra, 2020, nuair a shínigh a riarachán comhaontú leo. Tugtar comhaontú suíocháin air, ach ní raibh rialtas na hAfganastáine – ceann de na páirtithe sa chogadh san Afganastáin, mar shínitheoir an chomhaontaithe sin. Ní raibh sa chomhaontú céanna ach gealltanas ó na Meiriceánaigh tarraingt amach roimh mhí na Bealtaine 2021, agus ní bhfuair Trump aon rud suntasach ar ais.

Comhaontú dothuigthe é sin, gan dabht ar bith. Ní hamháin é sin, ach tar éis an ghéillte gan choinníoll sin, bhí cosa rialtas na hAfganastáine nite i gceart!  

.

Íomhá Cháinteach

Bhí Biden in aghaidh láithreach leantach airm SAM a bheith san Afganastáin le fada an lá. Nuair a bhí sé ina leas-Uachtarán, bhíodh sé ina raic idir Biden agus Obama faoin gcogadh na hAfganastáine i gcónaí.

Uair amháin, sa bhliain 2010, bhí easaontas géar idir an toscaire speisialta na hAfganastáine Richard Holbrooke agus an leas-Uachtarán Biden mar gheall ar an straitéis san Afganastáin. D’aontaigh an bheirt acu nach féidir le Meiriceá an cogadh a bhuachan, ach dúirt Holbrooke go raibh dualgas orthu fanacht ann chun tacaíocht a thabhairt don tír. Tháinig taom feirge ar Biden agus dúirt sé: “Níl mé chun mo mhac a chur ar ais ann i mbaol a bháis, ar son cearta na mban!” B’fhéidir gur imir a mhothúcháin láidre chomh maith leis a mhífhoighne ról sa chinneadh a ndearna sé tarraingt amach as an Afganastáin, ach más ea, ní rud maith é sin.

.

Praiseach dá dheis

Níl aon dabht ach go bhfuil argóintí ar an dá thaobh – fanacht nó imeacht. Níl sé éasca teacht ar réiteach, mar tá cúrsaí san Afganastáin chomh casta sin. Ach fiú má ghlacann tú le cinneadh Biden, rinne sé praiseach a phlean a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Thug sé an Afganastáin ar ais go dtí na Taliban, tar éis fiche bliain a bheith ann, ar chostas níos mó ná $2 trilliún, i gcogadh inár maraíodh timpeall 200,000 duine in iomlán. Níor thóg sé ach 10 lá don Taliban an tír go léir a ghabháil. Dealraíonn sé gur chuir sé sin an dú-iontas ar Biden agus a riarachán, agus is soiléir nach raibh siad réidh ar chor ar bith. Ní raibh aon phlean aslonnaithe inchreidte ann chun coimirce aistir a thabhairt do na daoine a bheadh i gcontúirt mhór ón Taliban. Ina ionad sin, tá go leor daoine a bhí dílis do Mheiriceá agus a chomhghuaillithe sáinnithe san Afganastáin, gan aon slí amach dóibh. Chonaic tú na daoine ar éirigh leo dul go dtí an t-aerfort i Kabul, agus a gcruachás.  I ndáiríre, tá gach duine san Afganastáin i mbaol anois, mar níl sé ar eolas ag éinne cad a dhéanfaidh na Taliban as seo amach agus iad i gceannas sa tír anois!  







.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

.

  .

  .

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish