Is í Cassidy Hutchinson an finné a rabhamar ag fanacht léi, gan dabht ar bith! Ní raibh a fhios ag aon duine go mbeadh éisteacht gan choinne eagraithe ag an roghchoiste le Cassidy i gclár na mionn, agus na ceisteanna á gcur ag leaschathaoirleach an roghchoiste Liz Cheney. Ní háibhéil é a rá nach bhfaca mé a leithéid ar an teilifís riamh! Thug Cassidy rudaí uafásacha agus fiú dochreidte chun solais maidir le chúrsaí Eanáir 6 i Washington DC.  Tá laoch Eanáir 6 againn anois, a chairde – duine nach bhfuil ach cúig bliana is fiche slánaithe aice!

Bhí sí ina cúntóir feidhmeannach ag ceann foirne Trump –Mark Meadows.

Chonaic sí gach rud, chuala sí gach rud, agus d’inis sí gach rud don roghchoiste!

Thug Cassidy fianaise dochreidte, idir fhístaifeadadh agus bheo, a thug léargas domhain dúinn faoi Trump agus a chomhpháirtithe timpeall Eanáir 6, nuair a bhí na madaidh scaoilte agus clocha ceangailte!

.

An fhírinne shearbh, dar le Cassidy Hutchinson!

Ar Eanáir 2, chuaigh Cassidy in éineacht le dlíodóir Trump, Rudy Guliani, do dtí a charr. D’iarr Giuliani di: “Cass, an bhfuil sceitimíní ort faoi Eanáir 6? Lá iontach a bheidh ann! Tá muid ag dul go dtí an Caipeatól!

Nuair a chuir Cassidy ceist ar a bas, Mark Meadows, ag iarraidh cad a bhí i gceist ag Giuliani, d’fhreagair sé: “Tá go leor ar siúl, Cass, ach níl a fhios agam. Seans go rachaidh cúrsaí chun donais ar fad ar Eanáir 6!”

Dúirt Cassidy leis an roghchoiste: “Ba é sin an chéad uair ar chuimhin liom gur mhothaigh mé scanraithe agus neirbhíseach faoi cad a d’fhéadfadh tarlú ar Eanáir 6. Agus bhí an-imní orm faoi, ó thaobh na pleanála de.

Thug Mark Meadows neamhaird ar na foláirimh ar thug Cassidy agus an leascheann foirne sa Teach Bán, Tony Ornato, dó. Dúirt siad le Meadows go raibh uirlisí troda ag cuid den slua a bhí ag freastal ar shlógadh Eanáir 6 – gunnaí, sceana, armúr colainne, sprae éagumasaithe, fiú crainn brataí le sleánna ar a mbarr. Ach níor fhéach Meadows aníos óna chathaoir, arsa Cassidy, agus ní raibh le rá aige ach: “Maith go leor, aon rud eile?”

“Bhí sé amhail is go raibh mé ag féachaint ar thaisme chairr chun tarlú gan a bheith in ann aon rud a dhéanamh faoi. Is cuimhin liom go raibh an smaoineamh agam: Caithfidh Mark an cantal a chur de!”

Taobh thiar den stáitse ag a shlógadh, bhí fearg ar Trump, mar ní raibh cuid dá lucht leanúna in ann teacht isteach, de bharr na mbrathadóirí miotail curtha in airde ag an rúnseirbhís. Bhí airm ar iompar ag na daoine sin, agus níor theastaigh uathu scaradh leo.

Dar le Cassidy, dúirt Trump: “Is cuma sa foc liom go bhfuil uirlisí troda acu. Níl siad anseo chun mé a ghortú!”

Bhí Cassidy i láthair níos déanaí nuair a bhí an -t-éirí amach ar siúl ag an gCaipeatól. Chuala sí abhcóide an Tí Bháin, Pat Cipollone ag impí ar Mark Meadows idirghabháil a dhéanamh le Trump chun stop a chur leis an éirí amach. Dúirt Pat le Mark gur gá rud níos mó a dhéanamh mar bhí lucht leanúna Trump sa Chaipeatól ag glaoch amach “Croch Mike Pence!” D’fhreagair Meadows: “Chuala tú é, a Phat. Ceapann sé (Trump) go bhfuil sé tuillte ag Mike. Ceapann sé nach bhfuil aon rud mícheart á dhéanamh acu.”

Nuair a dhiúltaigh buíon an rúnseirbhís Trump a thiomáint go dtí an Caipeatól tar éis an tslógaidh, chuala Cassidy go ndeachaigh an t-Uachtarán ar mire, agus dúirt sé leo: “Is mise an focain Uachtarán! Tóg go dtí an Caipeatól mé anois!” Ansin, rinne sé iarracht breith ar an roth stiúrtha, agus nuair a tharraing Bobby Engel (ceannaire na buíne) a lámh ar ais, rug Trump greim scornaí air.

Bhí Cassidy sa Teach Bán freisin, nuair a fuair Trump amach go ndúirt Ard-Aighne William Barr le tuairisceoir gur chaill Trump an toghchán. Tháinig racht feirge ar Trump, agus chaith a lón trasna an tseomra bia. Chonaic Cassidy anlann trátaí ar an mballa agus smidiríní de phláta ar an talamh sa seomra. Thug Cassidy cabhair don ghiolla an seomra a ghlanadh.

Dúirt Cassidy nárbh é sin an chéad uair a rinne Trump praiseach mar sin ach an oiread! Agus bhí ar daoine eile glanadh suas!

Nuair a bhí Cassidy níos óige dúirt sí go raibh sé mar sprioc aici difríocht thábhachtach a dhéanamh i gcúrsaí poiblí.

Comhghairdeas di! Níl mórán daoine a bhaineann a spriocanna amach chomh luath ina saol!

.

.

en_USEnglish