Éisteacht 5

San éisteacht seo, dhírigh an roghchoiste isteach ar an mbrú a chur Donald Trump ar Roinn Bhreithiúnais na Stáit Aontaithe agus é ag iarraidh fanacht mar uachtarán na tíre, gur bhuail Joe Biden é sa toghchán uachtaránachta.  Rinne an t-ionadaí Poblachtach Adam Kinzinger ceistiú na finnéithe ón Roinn Bhreithiúnais a bhí i láthair – An t-iarArd-Aighne Jeffrey Rosen, an t-iarLeasard-Aighne Richard Donoghue, agus an t-iar-Ardoifigeach Steven Engel. Taispeánadh fístaifeadtaí freisin, le finnéithe eile ag tabhairt fianaise.

Pardún Uachtaránachta le do thoil!

D’fhoghlaimíomar níos luaithe go raibh pardún uachtaránachta á lorg ag dlíodóir Trump John Eastman. San éisteacht seo, luaigh an roghchoiste ionadaithe Poblachtánaigh a bhí i dteagmháil le Cassidy Hutchinson, sainchabhróir Mark Meadows (ceann foirne Trump), agus pardúin á lorg acu ón Uachtarán.  Seo a n-ainmneacha: Mo Brooks (Alabama), Matt Gaetz (Florida), Andy Biggs (Arizona), Louie Gohmert (Texas), Marjorie Taylor Greene (Georgia) agus Scott Perry (Pennsylvania). Cé nach gcruthaíonn a n-iarratais gur ciontach iad, ardaíonn sé ceisteanna móra faoin údar a bhí acu!

Feileonacht

Arís agus arís eile sna héisteachtaí go dtí seo, chualamar fianaise go ndúradh leis an uachtarán agus a lucht comhcheilge go raibh siad ar tí an dlí a bhriseadh. Chualamar faoi sin arís cúpla uair san éisteacht seo. Chuir Trump brú ar Rosen cabhair a thabhairt dó chun fanacht in oifig, ach dhiúltaigh sé a thoil a dhéanamh. Ní raibh Trump sásta agus bhí sé ar tí bata agus bóthar a thabhairt dó agus duine eile a insealbhú mar Ard-Aighne duine dílis dó, duine a dhéanfadh aon rud a d’iarrfadh airduine darb ainm Jeffrey Clark.  Bhí Clark i dteagmháil le hEric Herschmann, dlíodóir Trump, ar roinn sonraí plean Trump leis, ina n-imreodh an Roinn Bhreithiúnais a thionchar ar cheist an toghcháin. Tar éis dó an plean a chloisteáil, is é an freagra a thug Herschmann do Clark ná: “Comhghairdeas, tá tú tar éis a admháil go ndéanfaidh tú feileonacht mar do chéad chéim mar Ard-Aighne. Is tú an t-iarrthóir is fearr don ról seo!”

Nuair a ceapadh Rosen mar Ard-Aighne tar éis imeacht Bill Barr, dúirt sé le Trump nach bhfaca sé aon fhianaise go raibh calaois toghcháin forleathan ar siúl.  Dúirt Richard Donoghue an rud céanna le Trump agus le Clark. Thug Clark neamhaird ibh agus lean sé ar aghaidh dá ainneoin sin. Dúirt Trump leis: “Tá mé ag iarraidh go ndéarfaidh tú go raibh calaois toghcháin i gceist, agus fág é ansin fúmsa agus faoin gComhdháil Poblachtaigh!”

An Litir

Dúirt Adam Kinzinger, ball den roghchoiste:

D’iarr Trump ar an Roinn Bhreithiúnais a rá gur tharla calaois toghcháin, cé go raibh a fhios aige go maith nár tharla a leithéid. Ba chuma leis an Uachtarán faoi na fíricí. Bhí sé ag iarraidh go dtabharfadh an Roinn Bhreithiúnais a bheannacht dá chuid bréaga!

Scríobh Clark litir ar son na Roinne ag rá go raibh cúis imní acu faoin toghchán. Ach dhiúltaigh Rosen agus Donoghue an litir a shíniú.  Ar Eanáir 3, dúirt Clark le Rosen gur thairg Trump post dó mar Ard-Aighne, agus gur ghlac sé leis.  D’eagraigh Rosen cruinniú san Oifig Ubhach an oíche chéanna chun dul i ngleic le Trump ar an gcinneadh sin. Chomh maith le Trump, Rosen agus Donoghue, d’fhreastail Engel agus Pat Cipollone (abhcóide an Tí Bháin) ar an gcruinniú deacair sin.

Cruinniú suntasach sa Teach Bán ar Eanáir 3

Sa chruinniú, bhí Trump ag iarraidh Clark a chur in ionad Rosen mar Ard-Aighne. Bhí díospóireacht acu faoi na cáilíochtaí agus taithí a bheadh ag teastáil sa ról, agus cé acu a bhí ag Clark.  Bhí cuimhne ag Donoghue go ndúirt sé é seo le Trump ar an ábhar: “Tá tú ag caint ar dhuine a chur sa ról nár thriail sé cás cóiriúil riamh, nach ndearna fiosrúchán cóiriúil riamh. Tá sé ag rá go bhfuil sé chun dul i gceannas ar Roinn le 115,000 fostaithe, an FBI iomlán san áireamh, agus ansin fiosrúcháin chóiriúla a dhéanamh ar fud na tíre agus torthaí a fháil i gceann cúpla lá. Tá sé dodhéanta! Agus áiféiseach! Ní tharlóidh sé agus teipfidh sé!”

D’iarr Trump air: “gceapfainn Clark mar Ard-Aighne, cad a dhéanfá?”

D’fhreagair Donoghue: “D’éireoinn as mo phost! Ní oibreoidh mé nóiméad amháin don fhear sin!”  Chríochnaigh sé: “Bheadh Clark fágtha mar cheannaire reilige!”

Faoi dheireadh, d’athraigh Trump a intinn, agus d’fhág sé Rosen mar Ard-Aighne!

Gan dabht, sheas ceannairí cróga na Roinne Breithiúnais suas chun daonlathas na Stáit Aontaithe a chosaint, agus rinne siad sár-jab! Maidir le Trump – níl deireadh déanta fós!

.

.

en_USEnglish