Ba é an chéad chomhartha nach raibh cúrsaí rómhaith ná an litir a fuair mé ón mbanc. Thréaslaigh an bainisteoir bainc liom de bharr an chuntais nua a d’oscail mé. Ach an t-aon fhadhb a bhí ann nár oscail mé cuntas nua, gan trácht ar chuntas nua i Houston, Texas! Agus mise i mo chónaí i gCalifornia!  Bhí a fhios agam ansin go raibh mé i dtrioblóid. Chuir mé glaoch ar an mbanc ar an bpointe agus dúirt an gníomhaire i gceist liom go raibh mé sa bhrainse i dTexas le déanaí agus gur oscail mé an cuntas leo ansin. Dúirt mé nach mise a bhí ann, ach duine a ligean air gur mise, duine a raibh a lán eolas aige fúm, m’uimhir slándáil shóisialta san áireamh. Dúirt an gníomhaire ansin gur athraigh an duine sin mo sheoladh don chuntas sin. Ar an dea-uair, chonaic mé an litir cláraithe sin, agus bhí mé in ann an cuntas a dhúnadh ar an láthair. Ach rith sé liom nach raibh ann ach a chuid is lú den scéal. Ar an drochuair, bhí an ceart agam.  Rinneadh bradaíl aitheantais orm agus chaith mé go leor ama i rith na bliana sin ag dul i ngleic leis an fhadhb sin, rud a bhí an-deacair a dhéanamh. Osclaíodh cártaí creidmheasa i m’ainm agus úsáideadh iad chun airgead a chaitheamh. Fuair mise na billí agus bhí orm a chruthú gur calaois a bhí i gceist. Bhí mé i dteagmháil an t-am go léir leis na gardaí, na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus fiú amháin an FBI le linn an phróisis casta a bhí orm a thabhairt faoi. Ní ghuífinn an t-eispéireas uafásach sin ar mo dheargnamhaid! Cén chaoi sa diabhal ar tharla a leithéid? Gan dabht, fuair buíon coirpeach mo shonraí príobháideach tar éis cibirionsaí a dhéanamh ar chomhlacht éigin a raibh mo shonraí sábháilte acu ar a chóras ríomhaireachta.  Braithim ar chomhlachtaí mo shonraí a chosaint, agus sa chás seo chlis siad orm. Níos measa ná sin, ní raibh aon cheart cúitimh faoin dlí, mar ní raibh a fhios agam cén comhlacht a bhí freagracht!

Tharla an ghadaíocht sin sa bhliain 2016, agus is ar éigean a bhí ligthe i ndearmad agam ná gur léigh mé faoin cibirionsaí ar chórais ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS nó HSE as Béarla) ar an 14 Bealtaine. Ansin, tháinig na cuimhní ar ais go tréan agus rith sé liom nach amháin an FSS a bhí i dtrioblóid, ach na daoine duine ar ghoideadh a sonraí leighis príobháideacha uathu gan rabhadh. Níl iontu ach fichillíar chlár na cibir-sceimhlitheoirí ‘Wizard Spider. Chriptigh an bhuíon coirpeach sin na sonraí a bhí stóráilte ar chóras ríomhaireachta an FSS agus iad ag iarraidh dúmhál a chur orthu díchriptóidh siad na sonraí céanna má íocann an FSS 20 milliún euro dóibh leis an airgeadra digiteach Bitcoin.   ghéillfidh an rialtas d’éileamh mar sin, agus seasfaidh siad an fód.

.

Bealach chun tosaigh?

Sa ghearrthréimhse, cuireadh ar ceal go leor cruinnithe a bhí ag othair FSS.   Agus beidh ar an FSS na deicheanna milliún euro a chaitheamh chun rudaí a chur i gceart. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid go bhfuil próiseas fadálach fós rompu leis an scéal a leigheas. Dúirt sé freisin go bhféadfadh sonraí bainteach le hothair a bheith faighte ag an lucht haiceála.   Feictear dom nach bhfuil cosaint ar bith ag aon duine a bhfuil a shonraí ar chóras ríomhaireachta an FSS. Beidh an lucht haiceála sin ag iarraidh airgead a shaothrú aon slí is féidir leo, agus is cosúil go ndéanfaidh siad iarracht na sonraí sin a dhíol ar an ngréasán dorcha. Tá súil agam nach dtarlóidh rud mar sin, ach is buíon neamhthrócaireach í ‘Wizard Spider a dhéanfaidh aon rud chun airgead a fháil.  Má tá do shonraí féin i gceist, molaim duit go láidir dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag iarraidh uimhir phearsanta seirbhísí poiblí (PSP) nua uathu de dheasca an cibirionsaithe a tharla.

Beidh an rialtas agus an FSS ag obair i gcomhar leis na Gardaí, leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, le Europol agus le Interpol ag iarraidh an scéal a réiteach. Gan dabht, freisin, beidh an FSS ag uasghrádú a gcóras ríomhaireachta ó thaobh cibearshlándála de. Beidh sé daor é seo a dhéanamh, ach an té nach gcuirfidh greim cuirfidh sé dhá ghreim, mar a déarfá.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

  

.

en_USEnglish