.

Mór idir inné agus inniu

.

Faoi Chuing na hEaglaise

.

Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbhísí eaglasta, i dtriochaidí na haoise seo caite, glacadh leis ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhfód in éineacht leat, ar ócáidí dá leithéid. Ó cinnte, bheadh an corrsheanduine fanta sa bhaile, de bharr tinnis nó a leithéid, agus bheadh ar dhuine as chuile theach, b’fhéidir, agus ar a sheal, fanacht sa mbaile freisin, le haire a thabhairt do na rudaí beaga, ach thairis sin, d’fhéadfá cnaipe a chur le duine ar bith, go mbeadh an chuid eile den daonra i láthair sa tSéipéal do na seirbhísí céanna sin. Ba é cúis a bhí le sin nó go raibh chuile dhuine acu gafa faoi chuing na hEaglaise, agus é umhal dá rialacha. Dá bharr sin, bhíodh chuile shéipéal acu ag cur thar maoil, chuile bhabhta, agus minic go leor d’fheicfeá scuaine fiú, taobh amuigh den doras, toisc, de ghnáth, nach raibh spás dóibh ar an dtaobh eile den doras céanna sin.

D’imigh sin, áfach

D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, is beag an baol atá ann go mbeadh séipéal ar bith acu sin ag cur thar maoil, nó mórán thar leath-lán fhéin fiú. Is cuimhin liom fhéin, nuair a tháinig mé go Cill Chainnigh den chéad uair, i lár na seascaidí, bhíodh na séipéil lán go scóig ag na hAifrinntí, chuile Dhomhnach. Sa lá atá inniu ann, is annamh a d’fheicfeá a leithéid, taobh amuigh de na Féilte móra Eaglasta, cosúil leis an gCáisc agus an Nollaig. Nílim ag rá anois go bhfuil titim uafásach tagtha ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann chuile Dhomhnach anseo sa Chathair s’againne, mar nil, agus tá aithne agam ar bhailte móra, thíos faoin tír, agus tá an scéal i bhfad Éireann níos measa iontusan, ó thaobh freastal ar Aifrinntí. Níl fúm baile mór ar bith acusan a lua anseo, ach tá cuid de na bailte sin i gcuid den tír, ina mbeifeá ag súil lena mhalairt uathu.

Meath mall

Céard a tharla in aon chor, má sea? nó céard ba chúis leis an dtitim tubaisteach sin i bhfreastal ar Aifreann sa lá atá inniu ann? Is dócha nach bhfuil freagra cruinn ag duine ar bith ar an gceist chéanna sin, ach nach féidir linn uilig, buille faoi thuairim a thabhairt?

Ar an gcéad dul síos, ní fás, nó meath, aon oíche atá i gceist anseo. Ní hea, mh’anam, ach cosúil le meirg, is amhlaidh a thosaigh sé, de réir a chéile, agus d’fhás go mall réidh, sa chaoi gur tháinig sé aniar aduaidh orainn uilig, nó bhíomar ag ceapadh go n-athródh cúrsaí, agus go dtosódh daoine ag filleadh ar na séipéil arís, ach tá faitíos orm go mba “Shúil Uí Dhubhda le hArd na Rí” againn é.

Bhí fórsaí ollmhóra ag obair inár measc, mar phobail, faoin am sin, fórsaí cosúil le teilifís, raidió, nuachtáin, agus irisí, cumarsáid ar an toirt, mar a déarfá, rud a d’fhág gurbh iad na guthanna ba challánaí, agus ba bhagraí, a chuaigh i gcionn ar an slua, agus go hiondúil, ba dhaoine iad sin freisin, a raibh greim docht daingean acu ar na modhanna nua-aoiseacha cumarsáide. Níor leor a rá le daoine feasta, go raibh daoine oilte, léannta, naofa, cosúil le Tomás Aquinas, nó Albertus Magnus, nó Aibhistín, nó Treasa Naofa fiú, den tuairim, go raibh bealach cinnte slánaithe le fáil san Eaglais s’againne. Sea, ach déarfaidís leat, nár aontaigh an láithreoir teilifíse seo, nó an t-iriseoir úd, leis an gcineál sin réasúnaíochta. Diaidh ar ndiaidh, tharla gur lagaíodh údarás múinte na hEaglaise, agus de réir mar a fuair chuile dhuine sláimín eicínt den oideachas, tháinig daoine den tuairim, go raibh níos mó ná bóithrín amháin go Dún an Rí. Bhí fórsa eile ag dul i gcionn ar an bpobal freisin, agus b’in an sparán teann, nó nuair a bhreathnaíonn tú air, tabharfaidh tú faoi deara, go maolaítear ar chleachtadh an chreidimh, de réir mar a mhéadaítear ar fháltas na muintire.

Athshoiscéalú

Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Tharla a leithéid. Ní féidir linn cúl a chur ar na blianta. Tá muid mar a bhfuil muid, faoi láthair, agus níl le déanamh againn feasta, ach ár mbealach a dhéanamh, fan bhóithrín an Oilithrigh. Ach an méid sin ráite agam, is féidir a rá freisin, go bhfuil na mílte is na mílte Oilithreach amuigh ansin, agus gan uathu ach gaoth an fhocail, le filleadh ar chleachtadh a gcreidimh.

Bhreathnaigh na caoirigh ocracha suas

Ach níor beathaíodh iad.

Sea, ach céard is féidir a dhéanamh leis an dtréad sin a mhealladh ar ais?

Bhuel, is é an chéad rud atá le déanamh againn nó breathnú ar na daoine atá ag freastal ar na hAifrinntí, faoi láthair, agus chuile iarracht a dhéanamh, a fháil amach, céard é go díreach a mheallann chun na hEaglaise iad, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.

An Chéad Chéim

Dá mbeinnse fhéin im Shagart Pobail anois, dhéanfainn mar a rinne an tAthair Ó Conaola linne, blianta fada ó shoin, ag Misean i bParóiste na Cille Móire, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, agus b’in chuile bheart a dhéantar le linn an Aifrinn a mhíniú don phobal, agus chomh maith le sin, a chur i dtuiscint dóibh, céard ba cheart dóibhsean a dhéanamh, le tairbhe iomlán a bhaint as ceiliúradh an Aifrinn.

An dara rud a dhéanfainn nó, uimhir áirithe iomainn a chur á gcanadh, le linn an Aifrinn. Ní roghnóinn ach trí, nó ceithre cinn, agus bhainfinn úsáid as na hiomainn chéanna sin, chuile bhabhta, ar feadh bliana, nó mar sin. Bheadh iomann áirithe againn á chanadh agus an sagart ar a bhealach chun na haltóra. Dhéanfadh véarsa nó dhó cúis. ansin, bheadh iomann eile againn i ndiaidh an Choisricthe, ag fáiltiú roimh an Tiarna in ár measc, agus bheadh ceann eile againn, a chanfaí agus an sagart ar a bhealach chun an éardaimh, i ndiaidh an Aifrinn. Taobh amuigh de sin, d’fhéadfaí iomann eile a chanadh le linn na Comaoineach, nó fiú, d’fhéadfaí ceol oiriúnach a sheinm, in áit iomainn, ag an am sin.

Ní dóigh liom, go gcabhraíonn sé le héinne, rás a dhéanamh den cheiliúradh, ach oiread, nó thuigfeadh an pobal óna leithéid, nár ró-dháiríreach an ceiliúradh a bhí ar siúl agam, agus chaillfinn cuid acu dá bharr, b’fhéidir.

Obair i gcomhar

Agus sa tríú háit, chuirfinn an pobal i mbun gnímh, chuile Dhomhnach. Dhéanfadh cuid acu fáilte a chur roimh an bpobal, bhaileodh cuid eile acu na bailiúcháin, léifeadh na léitheoirí na ceachtanna, agus thabharfadh Ministrí na hEochairiste an Chomaoineach don phobal, agus chuirfeadh daoine eile ceann ar phaidreacha an phobail, sea, agus ghlacfadh siadsan uilig páirt sa mhórshiúl chun na hAltóra, agus chaithfidís éide faoi leith, sa chaoi go mbeadh a fhios ag cuile dhuine cén gnó a bhí le déanamh acu le linn an cheiliúrtha, agus nach teaspántas faisin a bhí ar siúl acu.

Agus le críoch a chur leis an mbeartas seo, dhéanfainn rud amháin eile, agus sin cuairt a thabhairt ar chuile theach sa pharáiste, ar a sheal, ach chomh minic is a d’fhéadfainn, ar mhisean soiscéalaithe. D’fhágfainn cúrsaí airgid faoi ghrúpa faoi leith, agus mar an gcéanna le tógáil, le hathnuachan, agus le maisiú séipéil agus scoileanna, nó is graithí iad sin don phobal frí chéile, mar nach leosan an paráiste? agus ní bheadh ionnamsa ach seirbhíseach, le buanna agus beannachtaí na hEaglaise a bhronnadh agus a dháileadh orthu. Sa tslí sin, bheinn ag súil go dtiocfadh méadú ar ghrásta Dé i measc an phobail, agus dá dtarlódh a leithéid, níl dabht ar domhan ach go dtiocfadh fás agus bisiú ar phobal an pharáiste freisin. Fiannaíocht, nó Fianaise? Cur i gcéill, nó croí na dáiríreachta? Caithfimid rogha a dhéanamh feasta, nó tá an iomarca daoine sásta fanacht ar an gclaí, sa lá atá inniu ann. Fútsa atá sé feasta a Chríostaí……………

    .

Peadar Bairéad

en_USEnglish