.

A r n a M i s i n . 11.

***********************

……What a Guesthouse !…..

Bhí Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na dála. Bhí na céimeanna iomadúla sin, a luaigh mé cheana, curtha dínn againn, agus muid ansin i bplás deas leibhéalta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoirí amach, áit a raibh radharc fíor-álainn againn ar dhúiche agus ar rainse San Simeon. Tar éis dúinn seal a chaitheamh ansin, ag breathnú ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag áilleacht chlasaiceach na timpeallachta agus na háite sin, tógadh muid ansin, le spléachadh a fháil ar cheann de na Tithe Cuairteoirí. Sna Tithe sin, a thug Hearst lóistín, agus bheith istigh, dá chuairteoirí agus dá aíonna, sé sin le rá, dóibh siúd ar thug seisean cuireadh chun an Chaisleáin dóibh, agus ag breathnú ar liosta na gcuairteoirí sin, b’ionann is bheith ag breathnú ar liosta maithe agus móruaisle na linne é. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile shórt sna Tithe Cuairteoirí (Guest Houses) céanna sin.

….Showers for all!…

“En Suite” curtha ar fáil do chuile aoi acu, ach san “En Suite” sin, ní raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, – ina n-ionad, – is amhlaidh a chuir sé cithfholcthaí isteach ina n-áit, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus dá chruthú sin, b’iomaí aoi a rinne a dhícheall, nó a dícheall, folcadh a tógail i gcupla orlach uisce, ar urlar an chithfholctha chéanna! Rud a thaitneodh go mór le Hearst fhéin, nó is cosúil gur le bob a bhualadh ar a aíoanna ardnósacha a chuir sé na cithfholcthaí (Showers) céanna sin isteach, a chéaduair.

Chun tosaigh linn ar ball, chuig an “Casa Grande” fhéin, nó an Teach Mór, sé sin, an Caisleán fhéin, bíodh nach bhfuil cuma caisleáin air, in aon chor, is cosúla é, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, ná le caisleán ar bith! Is fiú tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisleán dé-thúrach (twin-towered) álainn sin.

….Treasures, old and new….

Is beag nach mbainfeadh an saibhreas áilleachta agus ealaíona atá ar teaspaint don turasóir os comhair an Chaisleáin Draíochta sin, an anáil díot. Tá ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia Éigipteach an chogaidh, agus is fiú cupla nóimeat a chaiathemh ag bbreathnú orthusan, nó is iad na seoda is ársa i gCaisleán Hearst ar fad iad, nó deirtear gur dealbhaíodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chríost!

I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisleáin, agus tú ag breathnú in airde ar ghréas, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh álainn sin, tthabharfá faoi deara an cúram cruinn ceart a deineadh den ornáidíocht, agus den mhaisiú ealaíonta i leagan amach aghaidh an chaisleáin chéanna sin. Arís, chuirfeadh ársacht na ndealbha a bhí sa timpeall siar ar do chosa deiridh thú. Ar ball, nuair a bhí muid sásta go raibh cuid eicínt den áilleacht sin taiscithe againn i gcófraí do-scriosta na cuimhne, threoraigh ár dtreoraithe isteach sa “Casa Grande” fhéin sinn.

….Talk about style!…

Bí ag caint ar shaibhreas, ar ársacht, ar áilleacht! Bhí sin le tabhairt faoi deara i ngach coirnéal. Bhí sé os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh díot, agus ar an urlár thíos fút freisin. I gcás na n-urlár, bhí a mbunús clúdaithe le cairpéid, rugaí urláir, agus mataí, a bailíodh ó chuile choirnéal den domhan thiar agus den domhan thoir. Ba é an scéal céanna é i gcás na síleálacha (ceilings) os do chionn in airde, nó bailíodh cuid acu sin freisin ó Mhainisteacha agus ó Thithe Móra, cuma cá raibh siad suite, ach bheadh ort a admháil go raibh áilleacht thar na bearta ag baint lena mbunús. Dúradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, síleáil áirithe a fháil do sheomra a n’oiriúnfhadh sí dó, ansin chuirfeadh sé saineolaithe (experts) i mbun oibre, le cóip ceart cruinn a dhéanamh de, nó b’in an cineál duine é.

…..Wall Coverings…..

I gcás na bhfallaí timpeall orainn, bhainfeadh a n-áilleacht an anáil díot, nó ar fhalla anseo, bheadh tíleanna áille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla áirithe sin, agus ansiúd bheadh falla eile clúdaithe le tíleanna a tógadh isteach ón iasacht, toisc gur theasaigh a leithéid uathu, don ionad áirithe sin. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó méid agus uimhir na dtaipéisí (tapestries) áille, ildaite, ealaíonta, a bhí crochta ar fud an chaisleáin. Cuma cá raghfá, sa “Casa Grande”, bhí na fallaí clúdaithe le taipéisí ollmhóra de chuile chineál, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaipéis bhunaidh, Chuamar ó Halla go Halla sa Chaisleán ollmhór sin, agus de réir mar a chuamar ó cheann go ceann acu, b’amhlaidh a mhéadaigh ar ár n-ionadh, nó ní chreidfeá go bhféadfaí teacht ar an oireadh sin de shaibhreas sa saol mór ar fad, ach d’éirigh le William Randolph Hearst teacht orthu! Nó b’fhéidir gur chóra dhom a rá gur éirigh leis iad a bhailiú, nó a cheannacht, ó bhailitheoirí cáiliúla i gcathracha móra Mheiriceá, nó i Londain Shasana freisin.

Compulsive Collector .

Tuigeadh do lucht díolta seandachtaí, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meiriceá, ar bhailitheoir éigeantach é, agus ní hé amháin go gceannaíodh sé a dtaitníodh leis, ach cheannaíodh sé na seandachtaí sin ar theist na mbailitheoirí cáiliúla i Londain, i Nua Eabhrac, nó i Los Angeles, nó in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu. I ndáiríre, bhí na céadta agus na céadta earraí dá leithéid ceannaithe aige, sular tógadh Caisleán Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in áirithe do sheandachtaí speisialta. Nuair a smaoiníonn tú ar chúrsaí ar an mbealach sin, d’fhéadfá a rá gur tógadh an Caisleán uilig, sa chaoi go mbeadh dánlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiriúnach a chur ar fáil dá sheandachtaí ársa, stairiúla, áille. Nuair a chonaic mé fhéin an méid uafásach seoda, de chuile shórt, a bailíodh ó shibhialtachta na cruinne, ba é a rith liom i dtosach, nó go mba robálaí é Hearst, a d’úsáid a chuid airgid, le saibhreas ealaíona dá leithéid a bhailiú chuige, bíodh gur fhág sé tíortha eile i bhfad Éireann níos boichte, dá bharr, agus go mba chosúla le hionad folaigh ag robálaithe é an Caisleán seo ná le Dánlann dáiríreach (a real Art Gallery).

A Safe Haven.

Ach, nuair a bhreathnaíonn tú air ó thaobh eile, d’fhéadfá a rá, gur bhailigh sé seandachtaí agus earraí ealaíonta dá leithéid chuige, le hIarsmalann daingean sabhálta a chur ar fáil dóibh ansin ar Rainse San Simeon, sa chaoi go dtabharfaí cúram ceart dóibh, feasta, agus sa tslí sin, go gcoinneofaí slán sábhálta iad, do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, nó ní bhréag ar bith é a rá, gur chuid dílis d’oidhreacht an chine dhaonna iad. Sa tslí sin, ghlac mé leis, nár réabadh reilge (desecration), amach is amuigh, a bhí déanta ag William Randolph Hearst, ach go mba chineál caomhnnóra é, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisleán fhéin a mhaisiú! Agus leis na seoda sin a chaomhnú, ag an am gcéanna, do na glúnta a bhí le teacht in ár ndiaidh.

Bí liom arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá agam faoi Hearst Castle.

*************

Peadar Bairéad.

*************

.

.

en_USEnglish