Cloch ar a Charn

Peadar Bairéad

.

Chuir mé aithne ar Mhicheál Ó Gabhláin mám maith blianta ó shoin anois, agus idir an dá linn, tharla roinnt chomhrá eadrainn ó am go chéile. Agus bíodh go raibh na ceithre scór sáraithe ag Micheál, ag an am gcéanna, ní raibh mé ag súil go síothlódh sé chomh tobann sin, agus go ndáilfí an chré leis in eireaball Mhí Eanáir na bliana seo, 2010.

Ba dhuine é Micheál a raghadh i gcionn ort ar an bpointe boise, nó bhí dáiríreacht, macántacht, agus cairdeas, ag baint leis, ó thús. Ba bhreá an comhráiteach é agus eolas leathan aige ar chúrsaí ó chian is ó chongar. B’innealtóir den chéad scoth é a rinne cion fir, tráth rabhthas ag iarraidh Cosaint Shibhialta a eagrú ar bhonn náisiúnta. Chuir sé spéis agus dhá spéis freisin, i gceist an Ghás Radóin.

Tacaí Mhaigh Eo

B’fhear é nár dhearmad riamh fód a dhúchais thiar, nó ba sa Tuairín a rugadh is a tógadh é, agus dá bharr sin, thug sé tacaíocht iomlán a chroí d’fhoireann peile Mhaigh Eo, agus ba bheag cluiche a d’imir an Contae céanna sin i ngan fhios dó, nó bheadh sé ar an bhfód i gcónaí, lena thacaíocht a chur in iúl do chách. Níorbh aon tacaí dea-aimsire é Micheál s’againne, ach é ag fanacht go foighdeach ar an lá nuair a d’ardódh Captaen Mhaigh Eo Corn Mhic Guidhir go hard, agus é ag ceiliúradh bua Chontae mórchroíoch Mhaigh Eo, sa chluiche a ghráigh sé ó laethe a óige i leith. Faraoir géar dóite! Níor mhair Micheál fada go leor leis an lá sin a cheiliúradh, ach ba é a thuairim láidir, go raibh seans maith ann, go dtarlódh sin i mbliana! B’fhear é Micheál freisin, a thug tacaíocht a chroí dá theanga Náisiúnta, don Ghaeilge bhinnbhriathrach. Cainteoir blasta den scoth ba ea é, sa teanga sin, agus ba dhuine é a bhaineadh úsáid aisti go rialta ina shaol laethúil.

Gan dabht ar domhan, b’fhíor dhuine uasal é Micheál, fear breá, scafánta, téagartha, fear deaiompair, deabhéasach, comharsanúil. Sea, ní chuile lá a chasfadh fear dá leithéid leat.

Ba mhaith liom mo comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean, Eibhlín, dá chlann, dá gharchlann, dá ghaolta, agus dá chairde iomadúla.

Ba mhór ag Micheál an Saol thall, agus dá bharr sin, guímis go raibh áit ag Bord an Tiarna, agus leaba i measc na Naomh aige, anocht agus i dtólamh.

Cloch ar a Charn

Mo shlán leat a Mhichíl na gile,

Anois agus d’oilithreacht slán,

Bail na gcúig n-arán ort feasta,

Is fuílleach maith fanta sa mheá.

Mothóimid uainn thú sa todhchaí

Do chúnamh, do thaca, is do bhá,

Cé thacóidh le Maigh Eo bocht feasta,

Nuair a bheifear go géar ina ghá?

.

Tá do thuras ar an saol seo anois críochnaith’,

Is bronnfar ort síoraíocht faoi shó,

Tá suaimhneas is sos agat saothraith’

Led’ shaothar i nGleann seo na nDeor.

.

Solas na soilse dod’ anam,

Is Leaba i dTeach Aíochta ár nDé,

Aoibhneas na bhFlaitheas dod chumhdach,

Uaidh seo go Luan léanmhar an Léin.

.

************************************

.

.

.

.

    

      

.

.

.

en_USEnglish