Laoch eile ar lár

.

Peadar Bairéad

An Drochscéal

Tamall ó shoin, is ea chuala mé an drochscéal, go raibh ár gcara, Daithí ildánach Ó hÓgáin ar lár. Níorbh aon strainséar é sna bólaí seo, nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar ár nDaonscoil fhéinig, Daonscoil Osraí. Beidh cuimhne fós againn ar an mbliain seo, 2011, mar an bhliain ar sciob an bás laoch Gaelach eile uainn, Daithí ciúinbhriathrach, séimh, cneasta, na gile, Ó hÓgáin. Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh to maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo ag Daonscoil Osraí, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, bíodh nár rugadh sa dúthaigh seo é. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh Daithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge, agus lena chois sin, ba mhór aige chuile ghné dár mbéaloideas agus dár gcultúr mar chine a ndeachaigh a phréamhacha siar síos i gcré na cine s’againne. Bhí aithne mhaith ag scoláirí Dhaonscoil Osraí ar Dhaithí, agus meas dá réir sin acu air, nó ba charraig ar chuile ghné den teanga é, agus nuair a chuaigh sé chun oibre ar ábhar, bheadh a fhios agat láithreach go scalfadh sé tóirse a léinn agus a thaighde, ar chuile ghné den ábhar sin, agus nuair a bheadh deireadh ráite ag Daithí ar ábhar, bheadh a fhios agat go raibh an focal deiridh cloiste agat faoi. Ba leathan go deo é réimse a chuid scoláireachta, ó bhéaloideas go dírbheathaisnéis, agus ó fhilíocht go stair chorraitheach a chine. Ba chruinn é a chuid eolais, agus ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí blasta eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn. Sea, agus rinne sé an gnó crúógach sin agus miongháire ar a bhéal, gan aon chur i gcéill, nó gan madraí a chur i bhfuinneoga dúinn, nó le breathnú air, thabharfadh sé le fios do dhuine, go mba dhuine cúthail, lách, cneasta é, chuile lá riamh.

Tugtha don Léann

I mBrugh i gContae an Chláir, a rugadh Daithí, sa bhliain 1949, rud a d’fhág nár mhórán thar na trí scór dó, nuair a cailleadh é. Bhí sé tugtha don léann ó thús, agus ghnóthaigh sé scoláireacht i dtosach, le deis a thabhairt dó freastal ar mheánscoil, agus ar ball, ghnóthaigh sé scoláireacht eile, a d’oscail an tslí isteach san Ollscoil dó. Bhain sé leas as na scoláireachtaí céanna sin, agus d’éirigh thar barr leis sna fiontair sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur bhain sé Céim Dochtúrachta amach sa bhliain 1976. Chuir a thaighde agus a staidéar don Chéim chéanna sin ábhar leabhair ar fáil dó, leabhar ar bhaist sé, An File, air. Ina dhiaidh sin, chaith sé tréimhsí áirithe ar fán i ngoirt an léinn, ach i ndeireadh na dála, dhírigh sé a aire ar bhéaloideas, agus ar stair a chine, agus níor chríochnaigh sé go dtí gur shroich sé barr Dhréimire an Léinn, agus gur bhain sé amach aitheantas idirnáisiúnta dó fhéin sa ghort sin.

Ba fhile aitheanta é freisin, a chuir roinnt bhailiúchán dá shaothar ar fáil dúinn thar bhlianta a ré. Agus mar a luaigh mé thuas, ba mhór aige. chuile lá riamh, iarrachtaí na ndaoine ar Dhaonscoileanna agus ar Scoileanna Samhraidh a chur ar bun, le traidisiúin agus béaloideas áitiúil a chothú agus a fhorbairt, agus meas na muintire a dhíriú ar na gnéithe sin dá saol.

Chuir mé fhéin aithne ar Dhaithí, anseo i gCill Chainnigh, le linn blianta áirithe dár nDaonscoil áitiúil fhéin, Daonscoil Osraí. Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, ach ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an lasair áthais ag soilsiú trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise dostoptha, corraitheach, dáiríreach.

Cloch ar a Charn

Rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach fhéin a chur in iúl. Seo chugaibh anois é………………

Laoch eile ar lár

Trom anocht croí éigeas Osraí,

Millteach mór a chaill,

Fear dána eile sínte, caillte,

Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.

.

Tobar eolais, Foinse eagna,

Crann taca Gael go hiomlán

Laoch sa bhearna in am an ghátair,

Ar gcosaint tréan gach am is tráth.

.

Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,

Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?

Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,

Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.

.

Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí

In aimsir álainn ár nDaonscoile glé

Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta

Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin

Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,

Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,

Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,

Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.

.

Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh ag a amam uasal, anocht, agus i dtólamh.

.

.

en_USEnglish