Ealta na mblianta

Mar ealta ag iníor go sásta leo fhéin

Ar bhogach lán beatha is bia,

Seasann na blianta ar thrá gheal na hóige

Lán misneach, is mórtas is brí.

.

Le himeacht na mblianta, i ngan fhios dom fhéinig,

Thosaigh an ealta dom thréigint,

Cé nár mhothaigh mé tada i gcaitheamh an ama,

Ach misneach is neart i mo ghéaga.

.

D’éalaíodh bliain, is d’imíodh bliain eile,

Is sciobadh an seabhac a sháith-sean

Is nuair a dhúisíos suas as suan úd mo laethe

Ba bheag a bhí fanta den ealta.

.

Cár imigh na blianta, ar chuid dílis dem ré iad?

Nó conas a d’imigh i ngan fhios dom?

Ach dá bhféadfainnse fhéin an fhadhb sin a scaoileadh,

Bheadh rún na beatha daonna agam scaoilte.

.

Ach bíodh nach bhféadfainn an fhadhb sin a fhuascailt,

Nó rún doilfe na beatha a scaoileadh,

Níl agam le déanamh ach an ghríosach a choigilt,

Is sásamh a bhaint as an dríodar.

.

.

.

.

en_USEnglish