Geimhreadh eile chugainn
Geimhreadh eile an doras isteach chugainn,
Is na laethe ag cailleadh a ré,
Mar nach follas lámh in uacthar na hoíche
Is í ag ramhrú ar sheangú an lae.
.
Tá crainn anois fágtha gan folach,
Is fálta nocht, gan snáithe, gan scáth,
Tá na blátha seargtha, sioctha,
Is talamh féarach fágtha ina bhlár.
.
Tá muid tréigthe ag cuach is ag fáinleog,
Ag na héin úd a sheol chugainn le fonn,
Is gan fanta anois timpeall an gharraí,
Ach an spideog bhocht, an druid, is an lon.
.
Tá cúl curtha ag éin ar a gcanadh,
Is ní fhógraíonn spideog a dúshlán,
Ní chloistear ón dreoilín a rí-phort,
Nó cágaíl ó phréachán nó ó chág.
.
Tá tost tite ar éan is ar ainmhí,
Is maoile lom ar thor is ar chrann,
Ach ná caillimis dóchas, nó misneach,
Mar nach bás ach aiséirí a ndán.
.
.