Ganntan agus Gorta

.

Gan bhréag ar domhan, tá deireadh le laethe an Tíogair Cheiltigh, agus le laethe na Flúirse, in éineacht leo. Níl le déanamh agat ach súil a chaitheamh ar na nuachtáin, nó cluas a thabhairt do shaineolaithe na meán, le fáil amach, go bhfuil Conchúr Mór sa Chúinne ag roinnt mhaith tíortha, chomh maith leis an dtírín s’againne, na laethe seo. Ar an drochuair, níl an ganntan céanna sin teoranta do Mhór Roinn amháin, nó do thír amháin, mar tá ganntan agus gorta ag imeacht ina loscadh sléibhe ó cheann ceann na cruinne, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, tá na tíortha a bhíodh ar dhroim na muice, blianta ó shoin, tá siadsan freisin ar an ngannchuid, na laethe seo. Bhíodh an scéal dona go leor sna blianta seo chuaigh tharainn, ach ar a laghad, bhíodh a ndóthain mhór, agus fuíollach, ag roinnt áirithe tíortha, sa chaoi go bhféadfaí tarraingt ar na tíortha sin le pingneacha a shaothrú iontu, pingneacha a chuirfeadh cúl ar an ocras, agus a d’fhágfadh ar chumas an imircigh cúnamh eicínt a sheoladh chuig a mhuintir sa bhaile.

Airgead Mheiriceá

Nach maith an cleachtadh a bhíodh ag muintir na tíre seo ar an gcleas céanna sin thar bhlianta fada, nuair a choinníodh airgead Mheiricea goblach i mbéal na mhuintire sa bhaile. Ansin, chomh luath is a tháinig eacnamaíocht na tíre seo chuige fhéin, ba ghearr an mhoill go raibh muintir na tíre seo ar a míle dhícheall ag iarraidh cúnamh a chur ar fáil dóibh siúd a bhí go géar ina ghátar. Níl le déanamh agat, ach breathnú ar chúrsaí, faoi mar atá i láthair na huaire seo, sa tír s’againne. Tá mám eagraíochtaí ar a míle dhícheall ag tarraingt as tobar ár bhféile, ag iarraidh freastal ar phobal ar bith a dteastaíonn lámh chúnta go géar uathu. Eagraíochtaí cosúil le Trócaire, Goal, Gorta, Bóthar, An Chrois Dhearg, agus tuilleadh dá leithéid. Agus nach bhfuil an Stát s’againne fhéin páirteach san obair iontach, carthannach, comharsanúil seo, agus é sásta, agus réidh, leis na milliúin Euro a chaitheamh, ar mhaithe le lucht an ghátair, agus ní hamháin anois is arís, ach déanann sé an beart seo chuile bhliain, agus fiú sna laethe seo, nuair atá Conchúr Mór fhéin ag bualadh ar an ndoras s’acusan freisin. Is deacair locht a fháil orthu as a leithéid a dhéanamh, nó d’fhoghlaim an náisiún seo ceacht crua an ghanntain, tráth tháinig an Gorta Mór ar chuairt chugainne, agus ní hé sin amháin é, ach ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin freisin, nó, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, lean an drochshaol in éintíos linne isteach thar thairseach an fichiú haois fhéin, nó is maith is cuimhin liom fhéin, go raibh bia an ghorta mhóir á úsáid fós, fan chosta thiar na tíre seo, anuas go dtí triochaidí an ocrais, san aois seo chuaigh tharainn. Cén bia atá i gceist agam, an ea?

Stearaí an Ghorta Mhóir

An “Stirabout”, nó an “stearaí” faoi mar a thugtaí air i measc daoine ag an am, an leite úd a déantaí as an min bhuí, leite nach raibh ró-bhlasta, geallaimse dhuit é. Sea, is féidir glacadh leis, go raibh ganntan agus gorta coitianta go maith i measc mhuintir an chósta thiar, i dtús ré an Stáit s’againne, sea, agus b’fhéidir gur chóir a rá, gur bheag ní, i bhfoirm chúnaimh, a caitheadh chucu ó chian, nó ó chóngar, ag an am, agus chuile sheans nach mairfeadh na pobail scoite sin, murach go raibh ar a gcumas dul ar imirce, agus na puint, agus na dolair, a sheoladh abhaile, le cíosanna a dhíol, agus le goblach bia a chur i mbéal óg agus aosta sa bhaile. Ach, sin scéal eile ar fad, agus nach breá an rud é, go bhfuil ar chumas shliocht na ndaoine sin anois cúnamh agus cabhair a sheoladh chuig pobail scoite, i dtíortha i bhfad ó bhaile, le deis a thabhairt dóibhsean beatha daonna a chur ar fáil dóibh fhéin is dá sliocht, rud atá tuillte ag an uile dhaonnaí, a shaolaítear i ndomhan seo na flúirse agus an ghanntain.

Ní tráth cainte é feasta!

Ná bíodh leisce orainn, mar sin, teacht i gcabhair ar lucht an ghátair, cuma cá gcónaíonn siad, bíodh siad i mbéal an dorais againn, nó ar an dtaobh eile den chruinne, mar nach comharsa dúinn chuile dhaonnaí, cuma cá gcónaíonn sé, nó sí, agus ba chóir dúinn caitheamh leo, faoi mar ba mhaith linn go gcaithfeadh siadsan linne, nó ní tráth cainte feasta é, ach tráth gnímh.

.

Peadar Bairéad

en_USEnglish