I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

…Is buaine gach rud ná an duine…

B’in an seanfhocal a rith liom, an lá cheana, agus mé ag smaoineamh ar shaol agus ar shaothar Dhónaill Mhic Amhlaigh. Tharla go raibh mé ag léamh siar thar roinnt áirithe de na píosaí a scríobh mé sa Cholún seo, thar na blianta, agus tháinig mé ar phíosa a scríobh mé anseo, in eireaball na bliana 1986, sin breis is ceithre bliana fichead anois. Thosaigh mé ag smaoineamh ar Dhónall, agus ar an gclú, agus ar an gcáil, a bhain sé amach dó fhéin, ina lá, i litríocht na Gaeilge, lena leabhair iontacha, agus lena iriseoireacht chiallmhar, thuisceanach, géarchúiseach. An tráth áirithe úd, bhí a ainm i mbéal gach éinne, agus a fhios ag madraí an bhaile fhéin, go mba dheachair a shárú a fháil i measc údair sciliúla na Gaeilge. Sea, agus féach ar chúrsaí faoi mar atá inniu. Nach annamh a chloisteaar a ainm luaite i lúb chruinnithe Gaelacha? Sea, mh’anam! Is buaine gach rud ná an duine, adeir an seanfhocal. Ach, tá seanfhocal eile ann adeir go maireann an chraobh ar an bhfál, ach nach maireann an lámh a chuir. Cheapfá gurb é an dá mhar a chéile iad na seanfhocail sin, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó sa dara chás, dearbhaítear go maireann saothar an duine níos faide ná an duine fhéin. Saothar Dhónaill Mhic Amhlaigh a mheall mo smaointe fan bhóthar sin na smaointe.

Seoladh “Deoraithe”

Ba é an rud a tharla, nó go raibh mé ag léamh píosa a scríobh mé, sa bhliain úd 1986, faoi sheoladh leabhar le Dónall, ag Scoil Mherriman, a tionóladh anseo sa Chathair Álainn, an bhliain áirithe úd. Bhí mé fhéin ar an bhfód an lá sin, agus i láthair ansin, bhí daoine ar nós, Proinsias Mac Aonghusa, Seán Mac Réamainn agus Leon Ó Broin, agus dár ndóigh bhí Dónall fhéin linn an lá sin freisin. Ba é an leabhar a bhí á sheoladh ná “Deoraithe” le Dónall Mac Amhlaigh.

Anseo thíos beidh deis agat cuid dár scríobh mé, faoin ócáid sin, a léamh. Bhuel, seo chugat é………..

Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl scríbhneoir sa tír chomh spéisiúil, nádúrtha, corraitheach, le Dónall na scéalta Mac Amhlaigh. Bhí ‘Schnitzer O Shea’ críoichnaithe agam. Sea, agus léirmheas ar an úrscéal sin scríofa, agus curtha chun bealaigh agam, cheana féin. Tá an t-údar seo tagtha chun foirfeachta go mór le scathamh anuas. Tuigeann sé anois an difir atá idir iriseoireacht agus scríbhneoireacht chruthaíoch. Ní haon ionadh, mar sin, gurbh fhada liom go mbeinn ag léamh leabhar Dhónaill, le go ndiúgfainn sú na beatha as, le go mbainfinn pléisiúr as, mar tuigeadh dom go raibh a leithéid folaithe i dtobar doimhin na bhfocal ann. Luigh mé isteach ar an obair, an oíche sin.

Trí Shnáithe

Cuireann an t-údar duine dá phríomhcharachtair in aithne dúinn sa chéad leathanach. Luaitear a ainm cúig huaire sa leathanach tosaigh sin. Niall Ó Conaill, iarshaidhdiúir ón Rinn Mhór, an chéad charachtar a chuirtear in aithne dúinn. Trí shnáithe a úsáideann Dónall sa scéal seo, le taipéis ildathach a scéil a shníomh astu. Ceann de na snáitheanna sin is ea Niall. Luafaidh mé an péire eile, ar ball.

Is é bun agus barr an tsaothair seo nó an t-údar ar iarraidh scéal a shnníomh as tubaiste eacnamaíoch na gcaogaidí. Cad a tharla don phobal thiar nuair a thit an tóin as an saol thiar? An Niall seo, a luaigh mé thuas, ní ar an mbád bán a bhí a thriall, níorbh ea mh’anam, ach ar Chathair Chainnigh cois Feoiree. Áit a maolófaí, de réir a chéile, ar a dhíograis agus ar a mhisneach. Tharraing sé ar Chill Chainnigh, mar bhí beartaithe aige fhéin agus ag a pháirtí, Ciarán Buitléar, dul i bpáirt le chéile, le gnó beag a bhunú dóibh fhéin. Trí scéal Néill a leanúint, tá an t-údar ábalta an dá thrá a fhreastal, trí bhreathnú ar chúrsaí anseo in Éirinn, agus ag an am gcéanna, ar chúrsaí thall.

Nanó Mháire Choilm

Tarraingíonn Dónall snáithe eile chuige, sa dara caibidil. Bean óg a thug an bád bán uirthi fhéin an lá céanna sin ba ea Nanó Ní Chatháin, nó Nanó Mháire Choilm, mar a thugtaí uirthi thiar.

Bhí Nanó mór le Máirtín Bhid Antaine, agus ó tharla nach raibh Máirtín ag cur cuma ar bith pósta air fhéin, bheartaigh Nanó geábh a thabhairt ar an dtír thall, ó tharla go raibh sí sa bhealach ar a deartháir abhus. Fuair sí post mar bhanaltra neamhoilte, in Ospidéal Norwold. Is iomaí sin óigbhean dá leithéid a thréig an Ghaeltacht, thart faoin am sin, agus b’iomaí duine acu siúd a chuaigh le banaltracht. Mar sin, is snáithe fírinneach, inchreidthe, atá á sníoimh anseo ag an údar. Tógann Nanó lei anonn go Sasana, tréithe an tsaoil thiar, dílseacht dá creideamh, dá tir, agus dá buachaill bán fhéin, Máirtín Bhid Antaine. Níorbh aon Romeo ar rothaí é an Máirtín céanna sin, mar gan dabht ar domhan, ba é peata a Mhamaí é.

Oibríonn an t-údar ar chruachás seo Nanó. Ar chóir di fanacht dílis dá Máirtín? Nó ar chóir di saol nua a mhúnlú di fhéin thall? Is géar agus is fíochmhar mar a throideann Nanó chuile chathú a thagann ina treo, ach timpeall uirthi, bhí a lán eile nár throid chomh díograiseach céanna, ná chomh minic céanna, ach a ghlac le nósanna an tsaoil thall, ach tríd is tríd, bheadh trua agat do Nanó bhocht, cailín a bhí á tarraingt idir dhá chultúr.

Curadh Chonamara

I gCaibidil a Trí, léiríonn an t-údar an tríú snáithe dúinn. Treabhar Bheartla Bhillí atá air, agus cé go mba churadh Chonamara é an Treabhar céanna sin, arís, seo ag saothrú a choda ar shráideanna Londain é. An-chreidiúint ag dul do Chlóchamoar Teoranta, a chuir cló so-léite, ealaíonta, ar an leabhar breá seo. Ár mbuíochas tuillte ag an gComhairle Ealaíon, as ucht an deontais a chuir siad ar fáil dó. Rud eile a shásaíonn go mór mé, nó gurb é seo an chéad ghála de thriológ atá idir chamáin ag an údar ildánach seo. Sladmhargadh ar £4.00.

Iarscríbhinn…

Faraoir! níor mhair Dónall leis an dTriológ sin a chur ar fáil dúinn, agus fiú dá mairfeadh, ní dóigh liom go dtabharfadh sé faoi’n chuid eile den triológ a chur ar fáil don saol Gaelach, nó tuigeadh dó, go mba bheag meas a bhí ag saineolaithe na litríochta Gaeilge ar an gcéad ghála sin dá shaothar, “Deoraithe”, a seoladh anseo sa Chathair Álainn, ag Merriman na bliana 1986.

en_USEnglish