Cuairt Phapuil eile ?

Peadar Bairéad

(This week we consider another Papal Visit to Ireland)

Bliain an Phápa

Bratacha geala in airde,

Is Crois ard an Phápa go buach

Ar thulach geal aerach an Aifrinn,

Nuair a thiocfaidh a Naofacht ar chuairt.

Scéal an Phápa scéal gach éinne, na laethe seo, agus ní taise dúinn fhéin é, nó nach cuimhin le roinnt mhaith daoine fós, 1979, Bliain an Phápa’, , nuair a thug a Naofacht, Eoin Pól a Dó, cuairt ar Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Fanann cuimhne na cuairte sin glé, glan, im chuimhne fhéin fós, nó nach raibh sé de phribhléid agam Comaoin Naofa a ghlacadh ó láimh an Phápa fhéin, i bPáirc an Fhionnuisce, ar an ócáid stairiúil chéanna sin.

Tháinig na cuimhní sin thar nais ina rabharta chugam, nuair a léigh mé gur dhearbhaigh an pa Proinsias, go dtionólfaí an chéad chruinniú eile de Chruinniú Domhanda na gClann, i gCathair Átha Cliath, i gcionn trí bliana eile, sa bhliain 2018. Anois, glactar leis, go bhfuil sé de nós ag an bPápa bheith i láthair ag ócáidí dá leithéid, agus dá bharr sin, táthar den tuairim, go bhfuil socruithe ag an bPápa Proinsias, bheith i láthair ag an gcéad chruinniú eile den eagraíocht sin, i gCathair Átha Cliath, sa bhliain 2018. Cuireadh ceist ar Dhiarmaid Mairtin, Ardeaspag Átha Cliath, faoi chuairt sin an Phápa, ach ba é adúirt seisean mar fhreagra ar an gceist sin, nó go raibh sé ró-luath fós le socrú dá leithéid a dhearbhú, nó nach ndéanfaí socruithe dá leithéid go dtí go mbeifí i bhfad níos cóngaraí don sprioc-dháta, ach, i ndiaidh an iomláin, is léir, go bhfuiltear i ngeall le bheith cinnte, go bhfuil an Pápa fhéin meáite ar chuairt a thabhairt ar Éirinn, thart ar an am sin, más é toil Dé é.  l dabht ar domhan ach go mbeidh aird an tsaoil mhóir dírithe ar thír seo na hÉireann, má tharlaíonn a leithéid.

An Pápa sna Stáit

Breathnaigh ar ar tharla le linn a chuairte ar na Stáit Aontaithe. Chuir Meáin chumarsáide an domhain suim, agus dhá shuim, sa chuairt chéanna sin, agus bhí le tuigbheáil ón aischothú go raibh lucht éisteachta, ‘thar a bheith aireach’, ag éisteacht le chuile cheo dá ndúirt sé. Féach ar an éisteacht a thug Seanad agus Comhdháil Mheiriceá dó, nuair a tháinig an dá Theach sin le chéile, le deis a thabhairt dó labhairt le ceannairí polaitíochta Mheiriceá. Tuigeadh dóibh uilig, go raibh siad ag éisteacht le fear a raibh machtnamh doimhin déanta aige ar chúrsaí domhanda. Cuireadh spéis in a raibh le rá aige faoi thruailliú ár dtimpeallachta, faoi na hathruithe atá á ndéanamh ar ár dtuiscint ar ábhair, cosúil le pósadh, géilleagar, dídean, pionós an bháis, agus tuilleadh d’ábhair thromchúiseacha dá leithéid. Tugadh cluas aireach dá raibh le rá aige, agus tógadh na gártha molta lena spreagadh agus a mhisniú, nuair a léirigh sé go raibh sé ag tochrais ar an gceirtlín céanna lena bPáirtí fhéinig. I Philadelphia dó, chuaigh sé chun cainte le roinnt daoine ar thug baill den chléir mí-úsáid ghnéis dóibh, le linn a n-óige. Ba sa chathair sin freisin, a dhein sé tagairt don chéad chruinniú eile de ‘Chruinniú na gClann’ sa bhliain 2018, agus shocraigh sé, go dtionólfaí an cruinniú sin in Áth Cliath. Níl dabht dá laghad, ach go raibh sé ag tabhairt leide do na ‘cognoscenti’, go raibh sé meáite ar chuairt a thabhairt ar Éirinn don Chruinniú céanna sin, agus tráthúil go leor, tá Ambasáid na hÉireann chun na Vatacáine i mbun gnó arís, le freastal ar fhiontar dá leithéid sin. Ba mhór an onóir don tír seo, dá dtarlódh a leithéid, nó faoin am sin, beidh an Pápa ag sleamhnú iseach sna hochtóidí, ach tá sé beo, bríomhar, fós, bail ó Dhia air.

Mar phobal an Silva Focluti,

Ag glaoch ar Phádraig trí shuan,

Impímis ar Pápa na Róimhe

Filleadh, is siúl linn, athuair.

.

en_USEnglish