Scéal casta
.
Peadar Bairéad
Let the Great World Spin………..ceadchló……….2009
le
Colum McCann…………………………………………€ 16.15
.
Saol an daonnaí i gcathair ollmhór Nua Eabhrac, agus an chaoi a gcastar na daoine ar a chéile i sochaí ilnáisiúnach dá leitheid, agus an chaoi, freisin, a fhítear ollsnáith ildualach as snáitheanna iomadúla daonna shochaí na cathrach céanna sin. Sin an gnó atá idir chamáin ag an údar, san úrscéal draíochta seo. Colum McCann a chuir an scéal i dtoll a chéile dúinn, agus caithfear a admháil, gur mór atá muid uilig faoi chomaoin aige as an leabhar cruthaíoch, spreagúil, lánteannasach, seo, a chumadh dúinn. Ní call dom a mhaíomh, gur Éireannach é Colum, fear a rugadh i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1965. B’ann a tógadh é freisin, agus chuaigh sé le hiriseoireacht leis an Irish Press, i dtosach báire. Ar ball, áfach, tar éis dó tamall a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, agus tar éis dó seal a chaitheamh ag taisteal, chuaigh sé fhéin is a bhean chun cónaithe i Nua Eabhrac, mar a bhfuil cónaí air faoi láthair. Bhain sé roinnt duaiseanna amach lena chuid scríbhneoireachta, agus tá fáil ar a shaothar i thart ar thriocha teanga.
Téadchleasaí
Ach le filleadh ar “Let the Great World Spin”, caithfear suntas a thabhairt don chaoi a gcuireann sé tús lena scéal, le cur síos ar eachtra Philippe Petit, sa bhliain 1974, nuair a shiúl an téadchleasaí sin trasna, ar théad rite, ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile………
“Those who saw him hushed. On Church Street. Liberty. Cortlandt. West Street. Fulton. Vesey. It was a silence that heard itself, awful and beautiful. Some thought at first that it must have been a trick of the light, something to do with the weather, an accident of shadowfall. Others figured it might be the perfect city joke….”
Céard déarfá faoi sin mar stíl?
Ach níorbh aon scéal grinn, nó “city joke,” a bhí i gceist sa tarlúint seo in aon chor, ach bhí duine thuas ansin, 110 stór os cionn leibhéal na sráide, agus é ar a bhealach ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile, agus é ag déanamh a shlí trasna ar théad rite. Sea, bhí fear thuas ansin, ar a bhealach trasna, agus é thuas ansin idir an dá shaol.
Baineann an t-údar leas as an tarlúint seo lenár n-aire a dhíriú ar chathair Nua Eabhrac, agus sníonn sé an eachtra chéanna sin isteach is amach tríd an scéal ar fad, le haontas ait a bhronnadh ar scéalta díchosúla charachtair an úrscéil uilíoch seo.
Manach buile!
Téann sé ar aghaidh ansin, le scéalta na gcarachtar éagsúil a ríomh. Tosaíonn sé le le hÉireannach buile, Corrigan, ar chineál manaigh é, manach a bhfuil móideanna crábhaidh glactha aige, sea agus manach a dhéanann beart de réir a bhriathair. I Nua Eabhrac dó, caitheann sé a dhúthracht ag cabhrú le striapacha bochta na cathrach sin.
Ar ball, caitheann an t-údar tamall ag cur síos ar bhuíon máitheacha a thagann le chéile in árasán i “Park Avenue”, le seal a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag caoineadh a muintir a cailleadh i gcogadh Viet Nam. Ar ball, cuireann an t-údar “Tillie” in aithne dhúinn, agus í ag saothrú a coda le striapachas, agus fiú nach dtógann sí a hiníon óg lei ar an ród céanna sin! Castar breitheamh orainn freisin, an fear a bhfuil air cúis an téadchleasaí a thriáil. Tuigtear dó fhéin go dtugann sé breith a raghadh sé dian ar Solomon fhéin é a shárú, bíodh gur Solomon a bhí ar an mBreitheamh céanna seo freisin! Ní gá a rá, gur bhain an t-údar úsáid as an mBreitheamh Soderberg, le ceangal a shníomh idir charachtair eile sa scéal. Ach, ní chuige sin atá mé, ach chuige seo. Bhí an Breitheamh seo chomh bródúil as a bhreith is a bheadh madra na gcúig gcos as a chos bhreise! Agus cén bhreith a thug an Solamh puncánach seo, an ea?
Pingin an Stór!
Bhuel, ghearr sé pingin an urlár ar ár dtéadchleasaí ildánach, agus ó tharla gur shiúl sé céad agus a deich n-urlár os cionn leibhéal na sráide, ghearr an Breitheamh Soderberg Dolar a deich air, mar fhíneál, agus lena chois sin, chuir sé iachall air seó eile, saor in aisce, a eagrú, sea, bheadh air siúl arís ar théad rite, ach an babhta seo, chaithfeadh sé an tsiúlóid dlite seo a dhéanamh i “Central Park”, le caitheamh aimsire a chur ar fáil don aos óg!
Sea, d’fhéadfá leanúint ar aghaidh ag cur síos ar eachtraí, agus ar charachtair éagsúla, an scéil seo, ach níl slí níos fearr leis an eolas sin uilig a bhailiú chugat fhéin ná an leabhar a fháil, is a léamh, ar do shuaimhneas.
An-leabhar, an-léamh, an-chumadóireacht. Ach, caithfidh mé a rá anois, go ndeachaigh an leabhar seo i gcionn go mór orm fhéin, agus gur bheag nár bhain cuid den scéal sin, deoir asam, nó dár liomsa, tá an scríbhneoireacht seo ag scríobadh beagáinín ró-chóngarach don chnámh, mar ar bhealach eicínt, d’éirigh leis an údar a scéal a shá isteach go smior na gcnámh ionam. Sea, féachann an t-údar seo isteach i gcroí na fírinne, agus na beatha, sa turas seo a thugann sé trí shochaí agus trí shaol anróiteach phobal an Úill Mhóir fhéin