I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Theodore Boone…………………..£12.99

By

John Grisham……Céadchló……..2010

Cineál eile Leabhair

Faoi mar a scríobh mé thuas, cineál eile leabhair ar fad, ar bhealach, atá sa leabhar seo ó pheann John Grisham. Tá a fhios ag chuile dhuine anois, gur bhunaigh an Grishamach bunús a scéalta ar chúrsaí dlí, ar chúirteanna, ar dhlíodóirí, agus ar choirpigh. Cinnte, rinne sé cupla iarracht cheana, thar na blianta, cineál eile scéil a ríomh dúinn, nó nach cuimhin libh uilig go mba chineál eile leabhair a bhí sa “Painted House,” i “Skipping Christmas,” i “Playing for Pizza,” agus freisin san “Innocent Man,” sa mhéid go raibh an leabhar deiridh sin bunaithe ar an bhfírinne, chomh fada is a bhí na scéalta eile uaidh bunaithe ar fhinscéalaíocht. Is dócha gur chóir dom a lua anseo, gur thug sé faoi ghearrscéalta freisin, sa leabhar úd, “Ford County,” ach, sa chás seo anois, iompaíonn sé a aire go hiomlán ar lucht léite nua, ar an gcéad ghlún eile léitheoirí. Anois, bíodh gur bheartaigh sé ar fhócas a scile a dhíriú ar ghlún nua, ní hionann sin is a rá, gur fhág sé taobh thiar de, a dhúil i scéalaíocht dírithe ar dhlí is ar dhlíodóirí, ar chúirteanna is ar chleasaíocht, ach má sea fhéin, bhí air a mhodh inste, a chur chuige, agus a stíl, a chur in oiriúint do dhearcadh, do chleachtadh agus do chumas tuisceana a lucht léite nua. Sea, agus ní beag ná suarach iad na hathruithe céanna sin, ach b’in a chuir an t-údar ildánach seo roimhe a dhéanamh sa tionscnamh nua seo a chuir sé roimhe.

Ar éirigh leis?

Ar éirigh leis sin a dhéanamh? Bhuel, táid ann adéarfadh nár éirigh go huile is go hiomlán leis sa bheart sin, ach, ar an dtaobh eile den scéal, déarfainn nach bhfuil sa leabhar seo ach an tús, agus san iarracht seo, d’éirigh leis, an príomhcharachtar a chur ina steillebheatha os ár gcomhair amach, ar leathanaigh chorraitheacha an leahbair seo, agus chomh maith le sin, shocraigh sé leagan amach an troscáin i seomraí éagsúla na sraithe nua seo scéalta. Anois, mo chuidse de, léigh mé an leabhar ó chlúdach go clúdach, agus caithfidh mé a rá, gur thaitin idir leagan amach is stíl; chur chuige agus teanga; thar barr liom, sea, agus chomh maith le sin, tá mé meáite ar an gcéad leabhar eile sa tsraith seo, a fháil, is a léamh. Sea, mh’anam, ní haon dóithín é ár bpríomhcharactar, Theodore Boone, nó, faoi mar adeirtear ar chlúdach cosanta an leabhair seo… “Half the man, twice the lawyer”…

Ach fillimis ar an scéal fhéin….

An Dlíodóir Óg

Is é, Theodore Boone, nó Theo, an príomhcharactar sa scéal. Tá cónaí air i gcathair Strattenburg, agus níl sé ach trí bliana déag d’aois, ag am an scéil. Dlíodóirí is ea a thuismitheoirí, Marcella, agus Woods, Boone, beirt dlíodóir atá i bpáirtíocht le chéile i gComhlacht “Boone and Boone”. Tá suim, agus dhá shuim, ag an mBoone óg sa dlí, agus i ngach rud a bhaineann le cúirteanna, le breithiúna, agus le cúiseanna dlí. Ní haon ionadh mar sin, go bhfuil an-aithne aige ar lucht dlí na dúiche. Tá an oiread sin eolais aige ar an ndlí fhéin go bhfuil oifig dá chuid fhéin aige in oifigí dlí “Boone agus Boone,” agus go ligeann sé air gur dlíodóir é, agus dá chomhartha sin, tagann daoine óga chuige ag lorg eolais, cabhrach, agus fios fátha gach scéil uaidh, agus sé mian chroí an ógánaigh dlíthíoch seo, ná bheith ina Aturnae mór-le-rá. Mar sin, ní haon dóichín é Theodore s’againne, chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí dlí. Ach, crochann Grisham a scéal ar dhúnmharú a tharla sa dúiche sin. Maraíodh Myra Duffy, agus fágadh an milleán ar a fear céile. Dúradh gur thacht sé í, ar mhaithe le milliún dolar árachais a fháil le huacht, ina diaidh. Cuireadh an dlí ar Pete Duffy, agus bhí chuile chosúlacht ar an scéal go siúlfadh sé, nó go scaoilfí saor é i ndiaidh an iomláin. Ach ansin, tháinig ógánach bocht chuig Theodore, agus chuir ar a shúile dó é, go raibh fianaise thábhachtach ag cara leis, ach ó tharla go mba eachtrannach aindleathach é, an té sin a raibh an fhianaise sin aige, bhí faitíos air go ruaigfí as na Stáit é, da bhfaigheadh na póilíní greim air.

Fadhb le scaoileadh

B’in an fhadhb a bhí le scaoileadh ag ar ndlíodóir óg anois. Conas a d’fhéadfaí an finne súl sin a thabhairt os comhair na cúirte, ar choiníoll nach gcuirfí an dlí air fhéin, ar ball. Bhuel, chuaigh Theo i gcomhar le, Ike, uncail leis, agus lena thuismitheoirí, agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBreitheamh Gantry, tháinig siad ar shocrú a scaoilfeadh an fhadhb dóibh.

Anois níl fúmsa an cat sin a ligint as a mhála dhaoibh, ach b’fhéidir gur mhaith libh fhéin fios fátha gach scéil a fháil amach daoibh fhéin. Más amhlaidh atá, bhuel, níl le déanamh agaibh ach an leabhar seo, “Theodore Boone” le John Grisham, a fháil is a léamh. Déarfainn gur maith is fiú do dhuine, sin a dhéanamh. Mo chuidse de, caithfidh mé a admháil arís, gur bhain mé taitneamh as an scéal, agus déarfainn, go mbeidh mé sásta an chéad leabhar eile sa tsraith sin a léamh, freisin. Bhuel, tá chuile leabhar dár scríobh Grisham, go nuige seo, léite agam cheana, agus ceapaim go bhfuil sé ró-dhéanach agam anois bheith ag iompó ina choinne!

Leabhar taitneamhach, spéisiúil. Bain taitneamh agus toit as!

en_USEnglish