“Múineadh scoile ab obair dom laethe….

.

Peadar Bairéad

.

Ag dul le múinteoireacht….

Bhí deireadh go deo leis na seanlaethe, nó bhí saol nua tosaithe agam i dtús na gcaogaidí. Ní raibh gá ar bith feasta bheith dom ullmhú fhéin don saol a bheadh romham ar na Misin san Aifric, nó bhí a mhalairt de ród roghnaithe agam le taisteal feasta. Chuir mé isteach ar phost i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, agus bhí an t-ádh orm go bhfuair mé post sa Choláiste céanna sin.

Scoil chónaithe ba ea Coláiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, agus ba scoláirí cónaithe bunús na ndaltaí a bhíodh againn sa Choláiste céanna sin, an tráth úd. Théadh na daltaí isteach ansin i dtús Mheán Fómhair, agus ní raghaidís abhaile arís go dtí an Nollaig. Nár chrua an cás é ag dalta chéad bliana, agus gan é ach thart ar dhá bhliain déag d’aois, ag an am? Ach caithfear a chur san áireamh, agus an scéal seo idir chamáin ag duine, go raibh an saol mór fhéin, a bhí thart orainn, dian go maith ar óg agus ar aosta, i bhfichidí na haoise seo caite. Bíodh sin fíor bréagach, ba bheag an sólás é sin don ghasúr óg, agus é cumhach, deorach, i ndiaidh a mhuintire. Le himeacht aimsire áfach, d’imíodh an cumha deorach céanna sin, agus shnadhmadh na gasúir sin caradas lena gcomhaoisigh, agus dár ndóigh, bhíodh deis ag na tuismitheoirí teacht ar chuairt chucu, anois agus arís, lena gcroí a thógáil, agus le hualach asail de dheasa deasa a iompar isteach chucu!

Tábhacht na gcluichí

Ach, nach mbíodh cluichí le himirt? agus gan dabht ar domhan, ba chuid tábhachtach de shaol an scoláire iad na cluichí céanna sin, agus lena scileanna sna cluichí sin a chruthú, bhíodh cluichí comórtais acu le Coláistí eile. Uaireanta thagadh siadsan chugainne, lena bhfoireann agus lena lucht leanúna, idir mhúinteoirí agus daltaí, agus geallaimse dhuit é go mbíodh spórt agus spraoi againn ag na cluichí céanna sin, ach má bhí fhéin, níor dhada é sin i gcomórtas leis an bhféasta a bhíodh againn i ndiaidh an chluiche chéanna sin. Bhíodh nua gach bidh agus sean gacha dí ar bord againn, gan gorta gan dochma, sea, agus múchadh ár dtart go fial is go flaithiúil dúinn, freisin. Ba é an nós a bhí ag Coláiste Mhuireadhaigh, ag an am sin, nó gan aon pháirt a ghlacadh sna Comórtaisí Oifigiúla, nó dár leo, mharódh comórtas dá leithéid spiorad an spóirt i gcroí na ndaltaí, agus tuigeadh d’Údaráis an Choláiste, go mba olc an margadh é sin ag aonach ar bith. Tuigeadh dóibhsean, gurbh é an ghné is tábhachtaí den imirt, nó taitneamh a bhaint as, agus má bhuann tú, bhuel sin rud sa bhreis, ach is é an chuid is tábhachtaí nó srian a ligint le do scileanna imeartha, agus led’ shamhlaíocht, i spiorad an chluiche fhéin. Agus cé déarfadh nach raibh cuid mhaith den cheart acu?

Ag feitheoireacht in Áth Cliath

Ag deireadh mo chéad bhliain sa Choláiste, chuir mé isteach ar Fheitheoireacht a dhéanamh ar na Scrúduithe Teistiméireachta. Fuair mé an post sin, agus cuireadh i mbun oibre mé i Scoileanna Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Anois, bíodh gur thaistil mé trí Bhaile Átha Cliath cupla babhta roimhe sin, b’in an chéad uair agam cur fúm tamall sa chathair sin. Fuair mé lóistín i ngar don Scoil, agus bhí mé ar an bhfód go breá luath, chuile mhaidin, le dul i mbun mo dhualgais mar Fheitheoir. Ba ghearr gur thug mé faoi deara an difríocht ollmhór a bhí idir an Scoil seo, agus an cineál meánscoile, a raibh cleachtadh agamsa orthu. Tuigeadh dom, nár ró-spéis le húdaráis na Scoile mé, dubh, bán, nó riabhach, agus níor mhothaigh mé go raibh aon ró-dhifir idir na húdaráis sin, agus na daltaí a bhí faoina gcúram acu. Tuigeadh dom freisin, go raibh an rogha ceart déanta agam, nuair nár thóg mé post múinteoireachta sa chathair, go dtí go mbeadh tuilleadh taithí agam ar cheird na múinteoireachta!

Daoine cráifeacha

Sea, agus rud eile a thug mé faoi deara, nó an oireadh sin daoine a théadh ar Aifreann, chuile mhaidin, sa Ardchathair, an tráth úd. Ba bheag nach mbíodh na séipéil ag cur thar maoil, ag Aifrinntí na maidine. Caithfidh mé a rá leat, gur thaitin na Bleácliathaigh go mór liom, an tráth úd, nó dár liomsa, ba dhream soineanta, lách, cabhraitheach, iad, agus dream a bhí foighdeach, agus iad ag iarraidh méar an eolais a dhéanamh do lucht na tuaithe, tráth gcaillfidís a slí sa Chathair, agus b’in rud a tharlaíodh, minic go leor, an tráth úd. Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu.

Le críoch a chur le gála na seachtaine seo, ba chóir dom a lua, go ndeachaigh mé go mullach Bhinn Éadair i rith na tréimhse sin freisin. Ar an dTram, is ea chuaigh mé, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhain mé taitneamh agus tairbhe as an lá breá, gréine, a chaith mé amuigh ansin, nó chaith mé seal freisin ag bádóireacht, thíos ag an gCé. Ba lá dem’ shaol é, gan aon agó.

en_USEnglish