Nollaig eile chugainn
.
Oíche Nollag, croíthe tógtha,
Grásta is grá ina slaoda,
Cuimhní naofa i gcroí gach éinne,
Nollaig shona dár ngaolta.
.
Dánacht tréigthe, aithrí déanta,
peacaí maite ina dtréada,
Bréagáin bronnta ag tuistí gonta,
Síocháin ag sileadh go céadtach.
.
Cá bhfuair an daonnaí na buanna céanna,
Le cruatan an tsaoil seo a mhaolú?
Arbh é an grianstad riabhach no deireadh bliana
A bhog an croí bocht daonna?
.
Níorbh iad a chealaigh ár ndíomá cráite,
Nó a mhaolaigh gairbhe ár gclaonta,
Ach an mac a rugadh i mBeitheal ársa,
I stábla faoi dhion na réalta.
.
Anois an t-am, le breith ar aithrí,
Is le glún a fheacadh go híseal,
Ag admháil Diagacht an linbh Íosa,
I gcomhluadar aoirí is Ríthe.
.
****************************