Preasráiteas

Peadar Bairéad

Ba é adúirt mo seanchara, Séimí an Droichid, liom an lá cheana, nó go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal go dteastaíonn ón Rialtas s’againne cloch sa mhuinchille a úsáid agus iad ag deighleáil leis an Eaglais agus le lucht na Gaeilge, feasta, agus nach bhfuil daoine ann adéarfadh, gurbh iad an dá mhar a chéile iad an chuingir chéanna sin, sna seanlaethe. Ba é a chuir ag ceol ar an dtéad sin é nó cinneadh úd an Rialtais, go gcuirfí deireadh leis an deontas d’ábhair oidí ag freasatal ar chúrsaí tumoideachais sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht, feasta.

Ach, nach bhfuil na seanlaethe thart anois, agus nach gcaithfidh muid aghaidh a thabhairt ar shaol an lae inniu, le dearcadh níos suas-chun-dáta ná mar a bhíodh acu fadó.

Cuireadh sin ar mo shúile dhom, an lá cheana, nuair a fuair mé cóip den Phreasráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ar an 6ú Feabhra, 2012. Bíodh sin fíor bréagach, ach is féidir linn a dhearbhú anois, nach bhfuil an Conradh, nó Guth na Gaeltachta, sásta, nó leath-shásta fhéin, le cinneadh seo an Rialtais. Dár leis na hEagraíochtaí céanna sin, tá an cinneadh céanna seo scannalach, agus cheapfainn fhéin go n-aontódh bunús lucht na Gaeilge leo, sa bhreith sin.

Straitéis Fiche Bliain

Breis agus bliain ó shoin anois, mholamar Straitéis úr an Rialtais s’againne, tráth sheol siad Straitéis Fiche Bliain 2010 – 2030, nó ba mhór, agus ba mhisniúil, an chéim chun tosaigh a bhí sa Straitéis sin i leith na teanga, agus deir na hEagraíochtaí thuasluaite, gur moladh sa Straitéis sin go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht, agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc, agus freastail, d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta. Leanann an Preasráiteas…”Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d’eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na Coláistí Oiliúna, moladh: “Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoincheapaithe, a cur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán, agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí” Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

Thuig Uachtarán an Chonartha, Julian de Spáinn, go mba mhór na céimeanna chun tosaigh a bhí sa dá mholadh sin chun feasacht, agus scileanna cumarsáide Gaeilge, ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl, má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileannana deontais ó na mic léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta. Má tá muid i ndáiríre faoi athbheochan na Gaeilge, agus má thuigtear dúinn gur chuid riachtanach dár n-oidhreacht í, bhuel! ansin, níl an dara rogha againn ach brú chun tosaigh leis an Straitéis Fiche Bliain, le féachaint chuige, go mbeidh soláthar sásúil, oilte, sciliúil, múinteoirí ar fáil, leis an oidhreacht sin a chur ar fáil don chéad ghlún eile, nó má bhristear sine amháin i slabhra teanga na hoidhreachta sin, brisfear an slabhra, agus dár lena lán, beidh an briseadh sin do-dheisithe, agus d’fhéadfadh lucht na Gaeilge ansin dul ag feadaíl! Tuigtear freisin don dá eagras thuasluaite, gur chóir go ndéanfaí na cúrsaí Gaeltachta seo ag tús a gcúrsaí céime, ionas go mbeadh ar a gcumas feasta, leanúint leis an gcaidreamh lena gcomhleacaithe, trí Ghailge, i ndiaidh an chúrsa.

“Tíos na pingine….”

Dár le hÉamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, dá mba shábháil airgid a bhí mar aidhm ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deonais do na cúrsaí Gaeltachta sin, gurbh é a mhalairt ar fad a bheadh mar thoradh air, nó go gcosnódh sé i bhfad níos mó, ar ball, leis an dochar a dhéanfaí anois, a leigheas amach anseo, agus lena chois sin, níor chóir dearmad a dhéanamh ar an gcúnamh a thugann na cúrsaí seo do ghéilleagar na Gaeltachta, ó thaobh mhná tí, siopaí áitiúla, múinteoirí, agus fostaithe eile na gColáisatí Gaeilge de. Tá an easpa comhordú idir chodanna éagsúla den Rialtas, i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge ina chúis dhíomá dár le Mac Niallais. Tá an Straitéis ag moladh cur leis na cúrsaí, agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am gcéanna, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá a ar siúl acusan. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpairtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair.

l dabht ar domhan ach go ndéanfaidh cinneadh seo an Rialtais dochar do chur chun cinn na Gaelige, sna blianta atá romhainn amach, ach tráthúil go leor, tá dóthain ama fós ag na darais chéanna le breith ar a n-aithreachas. Súil againn go ndéanfaidh siad amhlaidh.

.

en_USEnglish