.

Rúin Athbhliana !

Peadar Bairéad

.

(An tráth sin bliana tagtha arís…New Year Resolutions Time )

.

Scáile na Rún

.

Ag caint ar Rúin Athbhliana, déarfainn go bhfuil mé fhéin beagáinín ró-aosta anois do nós sin na Rúin Athbhliana, ach ní hionann sin is a rá nach raibh mé tugtha don nós céanna sin, blianta ó shoin, nó bhí agus thar a bheith tugtha. Chaithinn seal chuile bhliain ag déanamh mo mharana ar an nós céanna sin, agus mé ag iarraidh teacht ar rúin a bheadh oiriúnach don bhliain úr. Theastaigh uaim seo a dhéanamh, agus theastaigh uaim siúd a dhéanamh, i rith na bliana a bhí romham amach, ach tríd is tríd, shocraíodh mé fáil réidh le droch-nósanna, agus nósanna suáilceacha, nua, a chleachtadh feasta. Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a chur i ngníomh? Is deacair a bheith cinnte anois, ach tríd is tríd, ba é saol an fhata i mbéal muice a bhí i ndán dá mbunús, ach sin ráite, ní déarfainn go mba am amú, amach is amuigh, é nós na Rún Athbhliana céanna sin, nó bíodh go mbrisinn corr-cheann acu, ag an am gcéanna, chaitheadh siad uilig a scáile thar m’iompar, uaidh sin amach.

An ndearna n ar bith don bhliain atá romhainn amach anois, an ea?

or dhein, muis! ach tá nós nua fionnta agam leis an mbearna sin a líonadh dhom, agus in áit Rúin Athbhliana, is amhlaidh a thugaimse Guíonna Athbhliana orthu, nó in áit ualach na rún sin a cheangal aniar orm fhéin, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt rudaí, ar mhaith liom go ndéanfaí iad, i rith na bliana úire.

Guíonna Athbhliana

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom, i rith na bliana seo, go gcuirfí deireadh le marú agus le mugáil, le foréigean agus le héigniú de chuile shaghas, le mí-úsáid agus le hainriail agus le brúidiúlacht de chuile chineál, agus go bhfillfeadh daoine arís ar shíocháin, ar charthannacht, agus ar chomharsunúlacht. Dá ndéanfaí a leithéid, nár mhór go deo an difir a dhéanfhadh sé i saol an ghnáthdhuine? Sea, agus i ndáiríre, nach féidir a rá, nach mbeadh sa mhéid sin fhéin ach filleadh ar na dlíthe atá fite fuaite i smior na gcnámh istigh ionainn uilig go léir?

Leagfaidh mé Gui amháin eile os do chomhair amach anseo agus sin go dtabharfaí aire faoi leith, dóibh siúd atá ar an imeall, sa bhliain seo ár dTiarna 2015. Is é atá i gceist agam anseo, nó na daoine uilig sin, a tháinig chun na tíre seo, ar thóir oibre nó tearmainn, go dtabharfaí spás agus éisteacht dóibh, i rith na bliana seo, sa tslí go mbeadh ar ár gcumas, a mbunús a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s’againne. Is daoine daonna iad, is comharsanna iad, agus is cairde iad, nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu fós. Ba mhaith liom dream amháin eile a chur isteach sa Rún seo freisin, agus sin iad an lucht siúil, a bhfuil a mbunús imeallaithe againn, leis na blianta, sea, agus cá bhfágfá an dream úd a chodlaíonn amuigh, ar thaobh ár sráideanna, nó ar thaobh ár mbóithre?

Diúltachas!

Tá Guí amháin eile agam don bhliain atá romhainn amach agus sin go n-éireodh linn uilig, agus lenár bpolaiteoirí ach go háirithe, guaim eicínt a chur orainn fhéin feasta, agus críoch a chur le diúltachas ar mhaithe le bheith diúltach. Agus ar thug tú faoi deara an nós atá ag lucht an Fhreasúra, bhuel! ag cuid acu ach go háirithe, Páirtithe an Rialtais a cháineadh as a ngeallúintí toghchánaíochta a bhriseadh, ach ag an am gcéanna tá geallúintí do-chomhlíonta á ndéanamh, as éadan, acu fhéin. ‘Ná déan mar a déanaimse, ach déan mar adeirim.     

Athbhliain faoi mhaise agus faoi bhláth dhaoibh go léir, agus ná cuireadh an braon anuas isteach nó amach oraibh fhéin, nó ar bhur gcúram, i rith na bliana atá rómhainn amach.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

en_USEnglish