New Year's Resolutions

Tá an tráth sin bliana linn arís! Na Gearróga dubha curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go cúramach i dtreo na Féile Bríde. Seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh. Seo an t-am le seolta a ardú arís agus le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a ní is a scóladh agus le bainne úr milis na beatha a scaoileadh isteach iontu, ar eagla a mhillte. Sea, gan dabht ar domhan, Seo an tráth le claíocha bearnaithe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamh ar fhiaile shantach, bharrphlúchtach ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoin ábhar thuasluaite.

A Thriochadú breithlá

Bliain faoi leith domsa isea bliain seo ár dTiarna, 2009, nó triocha bliain ó shoin go díreach, sea a thosaigh mé ar an gcéad alt dem Cholún, “I mBéal an Phobail”, a scríobh. B’in í bliain an Phápa, an bliain 1979, nuair a chuir mé tús leis an gColún seo. Tharla cupla uair, san idirlinn, gur cheap mé fhéin go gcuirfínn deireadh leis an gColún céanna sin, ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, tháinig sé slán, agus beidh sé ag ceiliúradh a thriochadú breithlá, am eicínt, amach anseo, i dtóin na bliana seo.

Ach le filleadh ar na rúin athbhliana sin………..

Deireadh leis an Mustar!

Tugann an bhliain áirithe seo deis faoi leith dúinn breathnú athuair ar chúrsaí an tsaoil s’againne. Is dócha go dtuigtear do chuile mhac a’ pheata againn anois, go bhfuil deireadh leis an mustar! nó bhailigh an Tíogar Ceilteach a chip is a mheanaithe leis anuraidh, agus thug Críocha Coimhthíocha Grianmhara Dofhála air fhéin, agus caithfidh muidinne é a thuiscint athuair, nach bhfuil Cathair bhuan ar bith againn ar an saol seo, agus nach bhfuil buaine ar bith ag baint le saol, le saibhreas, nó le gradam. Bliain ó shoin, bhíomar uilig ar dhroim na muice, agus féach orainn anois! Nár thapaidh a leagadh sa mhoirt sinn? Tá laethe anróiteacha romhainn amach, laethe an anró, agus an chruatain, nuair a bheidh dífhostaíocht forleathan go maith inár measc arís, agus nuair a bheidh ganntanas airgid ag cur as do roinnt mhaith daoine. Ach, faoi mar adeireadh an tseandream fadó, “an rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é,” agus b’fhéidir gurbh acusan a bhí an chiall, nó ní tagann olc i dtír nach fearrde duine eicínt é! agus mar sin, is é is lú is gann dúinn a dhéanamh, nó leas a bhaint as an anachain.

Sea, ach conas is féidir le duine a leithéid a dhéanamh?

Bhail! caithfidh sé dul ar a mharana agus leas a bhaint as na coinníollacha nua beatha a scaoiltear chuige. caithfidh muid breathnú ar na botúin a rinneamar, agus atá á ndéanamh fós againn, agus fáil réidh leosan feasta. Níl dabht ar domhan, ach go raibh airgead agus am á gcaitheamh go diomailteach againn, in áit iad a dhíriú ar an ngad ba ghiorra don scornach. Bhail! feasta, is féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó na dearmaid a rinneamar le linn laethe na flúirse, nuair a bhí saol na bhfuíoll á chaitheamh, ag íseal is ag uasal. Caithfidh muid cúbadh chugainn feasta, agus deireadh a chur le diomailt, le fábhraíocht, agus leis an teanga liom leat.

Athbhreithniú

Tabharfaidh na laethe seo deis dúinn freisin, féachaint ar na bealaí éagsúla a úsáidtear inár measc, le pá, teacht isteach, agus tuarastal, a mheas, agus a shocrú, sea, agus nár chóir breathnú freisin ar na liúntais éagsúla, a íoctar le hoibrithe áirithe, nó nach liúntais saor ó cháin a leitheid, gur fiú mórán d’oibrí ar bith iad, bíodh sé ina dhochtúir, ina theachta dála, nó ina iascaire. Nár chóir, ag an am áirithe seo freisin, breathnú arís ar na pinsin a íoctar do dhreamanna áirithe sa Stát s’againne, nó níl dabht ar domhan, ach go n-éiríonn le dreamanna áirithe an córas úd a chrú, ar mhaithe leo fhéin.

B’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, agus gur leor é, le daoine a chur ag cur is cúiteamh faoi na cúrsaí céanna sin. Má d’éirigh liom sin a dhéanamh, beidh mé breá sásta liom fhéin.

*******************************************

Peadar Bairéad.

en_USEnglish